|
19.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 216/41 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Aibreán 2023 – Rochem Group v EUIPO – Rochem Marine (ROCHEM)
(Cás T-548/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach - Marc fíortha ROCHEM - Marc fíortha náisiúnta níos luaithe ROCHEM MARINE - Foras coibhneasta le neamhbhailíocht - Fianaise maidir le fíorúsáid an trádmhairc níos luaithe - Airteagail 15 agus 57(2) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 18 agus Airteagal 64(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois))
(2023/C 216/53)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Rochem Group AG (Zug, an Eilvéis) (ionadaí: K. Guridi Sedlak, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Walicka, i gcáil Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Rochem Marine Srl (Genova, an Iodáíl) (ionadaithe: R. Gioia agus L. Mansi, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 28 Meitheamh 2021 (Cás R 1546/2019-1) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2. |
Ordaítear do Rochem Group AG na costais a íoc. |