5.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 463/33


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Meán Fómhair 2022 – Grieger v an Coimisiún

(Cás T-517/21) (1)

(Seirbhís shibhialta - Oifigigh - Ar iasacht - Gealltanas d'athshannadh ar phost meánbhainistíochta ag deireadh na hiasachta - Iarraidh ar athshannadh - Leas na seirbhíse - Oibleagáid cúiseanna a lua - Ionchais dhlisteanacha - Dualgas cúraim)

(2022/C 463/45)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Vladimir Grieger (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Brauhoff agus L. Vernier, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go gcuirfear ar neamhní Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 29 Deireadh Fómhair 2020 lena ndiúltaítear dá iarraidh ar athshannadh ar phost meánbhainistíochta agus, a mhéid is gá, Cinneadh an 11 Bealtaine 2021 lena ndiúltaítear dá ghearán agus, ar an dara dul síos, go gcúiteofar an damáiste ábhartha a mhaíonn sé a bheith fulaingthe aige mar thoradh ar iompar an Choimisiúin.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Vladimir Grieger na costais a íoc.


(1)  IO C 422, 18.10.2021.