30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/52 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Samhain 2022 – Zeta Farmaceutici v EUIPO – Specchiasol (EUPHYTOS)
(Cás T-515/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cealaithe - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh EUPHYTOS - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe EuPhidra - Fianaise d’fhíorúsáid an trádmhairc níos luaithe - Airteagal 56(2) agus Airteagal 43(2) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 (anois Airteagal 64(2) agus Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001) - Tréimhsí ábhartha - Fianaise a thabhairt ar aird den chéad uair os comhair an Bhoird Achomhairc - Cumhacht mheasúnaithe an Bhoird Achomhairc - Aicmiú fianaise nua nó fianaise bhreise - Airteagal 95(2) de Rialachán 2017/1001 - Airteagal 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625)
(2023/C 35/61)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Zeta Farmaceutici SpA (Vicence, an Iodáil) (ionadaithe: F. Celluprica, F. Fischetti agus F. De Bono, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Scardocchia, J. Crespo Carrillo agus D. Hanf, i gcáil Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Specchiasol Srl (Bussolengo, an Iodáil)
Ábhar
Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Meitheamh 2021 (Cás R 2094/2019-1) a neamhniú agus a athrú.
An chuid oibríochtúil
1) |
Cuirtear cinneadh an Chéad Bhoird Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Meitheamh 2021 (Cás R 2094/2019-1) ar neamhní. |
2) |
Diúltaítear don chuid eile den chaingean. |
3) |
Ordaítear do EUIPO a chostais féin a íoc chomh maith leis na costais a thabhaigh Zeta Farmaceutici SpA. |