27.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 244/36 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – Saure v an Coimisiún
(Cás T-506/21) (1)
(Rochtain ar dhoiciméid - Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 - Conarthaí arna dtabhairt i gcrích ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát chun vacsaíní COVID-19 a sheachadadh - Cuirí ar ríomhphost chuig cruinnithe an Bhoird Stiúrtha - Diúltú rochtain pháirteach a dheonú - Eisceacht a bhaineann le cosaint príobháideachais agus iomláine an duine aonair - Easpa tarchur riachtanach sonraí pearsanta ar mhaithe le leas an phobail - Airteagal 9(1)(b) de Rialachán (AE) 2018/1725)
(2022/C 244/49)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Hans-Wilhelm Saure (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Partsch, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Herrmann, G. Gattinara agus A. Spina, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 9 Meitheamh 2021, lenar diúltaíodh go páirteach dó rochtain ar dhoiciméid áirithe.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don achomharc. |
2) |
Ordaítear do Hans-Wilhelm Saure na costais a íoc. |