5.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 463/31


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Meán Fómhair 2022 – G-Core Innovations v EUIPO – Coretransform (G CORELABS)

(Cás T-454/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh G CORELABS - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe CORE - Forais choibhneasta le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois))

(2022/C 463/43)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: G-Core Innovations Sàrl (Contern, Lucsamburg) (ionadaí: L. Axel Karnøe Søndergaard, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Nicolás Gómez agus D. Gája, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Coretransform GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaí: U. Hildebrandt, Dlíodóir)

Ábhar

Leis an gcaingean de bhonn Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Bealtaine 2021 (Cás R 22/2021-2) (“an cinneadh a chonspóidtear”) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do G-Core Innovations Sàrl na costais a íoc.


(1)  IO C 368, 13.9.2021.