31.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 418/28


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – Saure v an Coimisiún

(Cás T-448/21) (1)

(Rochtain ar dhoiciméid - Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 - Comhfhreagras leis an gCoimisiún maidir le cainníocht agus tréimhsí seachadta ar vacsaíní BioNTech in aghaidh COVID-19 - Caingean le haghaidh neamhniú - Cinneadh sainráite arna ghlacadh i ndiaidh cinneadh lena ndiúltaítear rochtain go hintuigthe - Easnamh lis pendens de dheasca do-ghlacthacht caingne eile - Diúltú rochtain pháirteach a dheonú - Eisceachtaí maidir leis an bpríobháideachas agus iomláine an duine aonair, comhairle dlí, próiseas cinnteoireachta agus leasanna tráchtála tríú páirtí a chosaint)

(2022/C 418/36)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Hans-Wilhelm Saure (Berlin, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Partsch, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Herrmann, G. Garrinara agus A. Spina, Gníomhairí)

Maidir le:

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear Cinneadh sainráite an Choimisiúin Eorpaigh an 2 Meitheamh 2021 lena ndeonaítear rochtain iomlán ar dhoiciméid áirithe agus rochtain pháirteach ar dhoiciméid eile.

An chuid oibríochtúil

1.

Déantar an chaingean a dhíbhe;

2.

Ordaítear do Hans Wilhelm Saure na costais a íoc.


(1)  IO C 412, 11.10.2021.