|
22.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 179/29 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Márta 2023 – ZR v EUIPO
(Cás T-400/21) (1)
(Státseirbhís - Oifigigh - Fógra folúntais - Iarratas ar aistriú idirinstitiúideach - An chéad mhír d’Airteagal 8 de na Rialacháin Foirne - Aistriú a dhiúltú - Ord fiúntas - Airteagal 29(1) de na Rialacháin Foirne - Cóir chomhionann - Oibleagáid cúiseanna a lua - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Dualgas cúraim - Ceartúchán)
(2023/C 179/41)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: ZR (ionadaithe: S. Rodrigues agus A. Champetier, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: G. Predonzani agus K. Tóth, Gníomhairí)
Ábhar:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 8 Meán Fómhair 2020 lena ndiúltaítear dá hiarratas ar aistriú chuig EUIPO, a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2. |
Ordaítear do ZR na costais a íoc. |