22.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 179/29 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Márta 2023 – Coinbase v EUIPO – bitFlyer (coinbase)
(Cás T-366/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach - Focalmharc “coinbase” - Dearbhfhorais neamhbhailíochta - Meoin mímhacánta - Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois))
(2023/C 179/40)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Coinbase, Inc. (Oakland, California, Stáit Aontaithe) (ionadaí: A. Nordemann, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Markakis, i gcáil Gníomhaire)
Páirtí eile sna hmeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: bitFlyer Inc. (Tóiceo, an tSeapáin)
Ábhar
Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 29 Aibreán 2021 (Cás R 1751/2020-4) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Cuirtear an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 29 Aibreán 2021 (Cás R 1751/2020-4) ar neamhní; |
2. |
Ordaítear do EUIPO na costais a íoc. |