|
20.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 63/40 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – Hotel Cipriani v EUIPO – Altunis (CIPRIANI FOOD)
(Cás T-358/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “CIPRIANI FOOD” - Fíorúsáid a bhaint as an trádmharc - Cineál úsáide - Airteagal 18(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Tábhacht a bhaineann le húsáid - Airteagal 58(1)(a) agus (2) de Rialachán 2017/1001)
(2023/C 63/49)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Hotel Cipriani SpA (an Veinéis, an Iodáil) (ionadaithe: M. Rieger-Jansen, D. Op de Beeck agus W. Pors, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Altunis-Trading, Gestão e Serviços, Sociedade unipessoal, Lda (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: M. Pomares Caballero, E. Salis agus T. Barber Giner, Dlíodóirí)
Maidir le
Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 27 Aibreán 2021 ar neamhní (Cás R 1599/2020-4).
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Hotel Cipriani SpA a chostais féin agus i gcomhthéacs na n-imeachtaí seo, na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus Altunis-Trading, Gestão e Serviços, Sociedade unipessoal, Lda a íoc. |