|
8.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 303/42 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Meitheamh 2022– Future Motion v EUIPO – El Corte Inglés (HYPERCORE)
(Cás T-356/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach - Focalmharc HYPERCORE - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh roimhe sin HIPERCOR - Foras coibhneasta le diúltú - Dóchúlacht go mbeadh mearbhall ann - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois)
(2022/C 303/52)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Future Motion, Inc. (Santa Cruz, California, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: F.-M. Orou, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas, i gcáil Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO is idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: El Corte Inglés, SA (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: J.L. Rivas Zurdo, Dlíodóir)
Maidir le:
Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an Chéad Bhoird Achomhairc de EUIPO an 26 Aibreán 2021 (Cás R 1229/2020-1), a bhaineann le himeachtaí freasúra idir El Corte Inglés agus Future Motion.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Cuirtear an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 26 Aibreán 2021 (Cás R 1229/2020-1) ar neamhní. |
|
2. |
Ordaítear do EUIPO, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag Future Motion, Inc. a íoc. |
|
3. |
Ordaítear do El Corte Inglés, SA a chostais féin a íoc. |