|
5.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 463/30 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Meán Fómhair 2022 – Oi Dromoi tis Elias v an Coimisiún
(Cás T-352/21) (1)
(Dlí institiúideach - Comhpháirtí a roghnú le haghaidh chur chun feidhme ghníomhaíochtaí Europe Direct (2021-2025) sa Ghréig - Nós imeachta maidir le glao ar thograí - Critéar incháilitheachta - Diúltú d’iarrthóireacht)
(2022/C 463/41)
Teanga an cháis: an Ghréigis
Páirtithe
Iarratasóir: Politistikos Organismos Oi Dromoi tis Elias (Kalamata, an Ghréig) (ionadaí: S. Vardalas, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Bouchagiar agus F. Erlbacher, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Leis an gcaingean de bhonn Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh Ares (2021) 2580204 a áirítear sa litir ón gCoimisiún Eorpach an 16 Aibreán 2021 lena gcuirtear in iúl dó gur diúltaíodh dá thógra mar chuid de nós imeachta roghnúcháin na gcomhpháirtithe a bhfuil freagracht na ceannaireachta orthu i leith ghníomhaíochtaí chlár Europe Direct sa Ghréig (ED-GREECE-2020).
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2. |
Ordaítear do Politistikos Organismos Oi Dromoi tis Elias a chostais féin a íoc chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach. |