20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/39


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 11 Eanáir 2023 – Hecht Pharma v EUIPO – Gufic BioSciences (Gufic)

(Cás T-346/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Gufic - Fíorúsáid an trádmhairc - Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Úsáid phoiblí agus amach - Tábhacht na húsáide - Cineál agus foirm na húsáide - Úsáid i ndáil leis na hearraí a bhfuil an trádmharc cláraithe ina leith)

(2023/C 63/48)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Hecht Pharma GmbH (Bremervörde, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Sachs agus J. Sachs, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Schäfer, D. Hanf agus A. Ringelhann, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Gufic BioSciences Ltd. (Mumbai, an India) (ionadaithe: A. Wehlau agus T. Uhlenhut, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 3 Meitheamh 2021 (Cás R 2738/2019-2) a neamhniú go páirteach agus a athrú go páirteach.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Hecht Pharma GmbH a chostais féin agus na costais sin arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc.

3)

Íocfaidh Gufic BioSciences Ltd as a chostais féin.


(1)  IO C 329, 16.8.2021.