17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 134/10


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Márta 2023 – Harley-Davidson Europe agus Neovia Logistics Services International v an Coimisiún

(Cás T-324/21) (1)

(Aontas Custaim - Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 - Tionscnamh neamhfhabhrach gluaisrothar áirithe arna monarú ag Harley-Davidson a chinneadh - Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena n-iarrtar go ndéanfar cinntí maidir le faisnéis cheangailteach i leith tionscnaimh arna nglacadh ag na húdaráis chustaim náisiúnta a chúlghairm - An coincheap “oibriú nó próiseáil nach bhfuil údar eacnamaíoch leo” - An ceart chun éisteacht a fháil)

(2023/C 134/12)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Harley-Davidson Europe Ltd (Oxford, an Ríocht Aontaithe), Neovia Logistics Services International (Vilvoorde, an Bheilg) (ionadaithe: O. van Baelen, G. Lebrun, Dlíodóirí, agus T. Lyons, KC)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: F. Clotuche-Duvieusart agus M. Kocjan, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Leis an gcaingean seo atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/563 ón gCoimisiún an 31 Márta 2021 maidir le bailíocht cinntí áirithe maidir le faisnéis cheangailteach i leith tionscnaimh (IO 2021 L 119, lch. 117, atá dírithe chuig Ríocht na Beilge, a chur ar neamhní. Leis an gcinneadh sin, d’iarr an Coimisiún Eorpach go gcúlghairfí dhá chinneadh maidir le faisnéis cheangailteach i leith tionscnaimh, arna nglacadh i bhfábhar Neovia thar cheann Harley-Davidson, maidir le catagóirí áirithe gluaisrothair arna monarú ag Harley-Davidson sa Téalainn a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach, tríd an mBeilg.

An chuid oibríochtúil

1)

Déantar an chaingean a dhíbhe.

2)

Ordaítear do Harley-Davidson Europe Ltd agus do Neovia Logistics Services International na costais a íoc.


(1)  IO C 297, 26.7.2021.