9.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 7/27 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Deireadh Fómhair 2022 – Castel Frères v EUIPO – Shanghai Panati (Léiriú ar charachtair Síneacha)
(Cás T-323/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ina léirítear carachtair Síneacha - Fíorúsáid an trádmhairc - Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Airteagal 58(1)(a) de Rialachán 2017/1001 - Athrú sainiúlachta)
(2023/C 7/34)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Castel Frères (Blanquefort, an Fhrainc) (ionadaí: T. de Haan, Dlíodóír)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Crespo Carrillo, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Shanghai Panati Co. (Shanghai, an tSín)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 22 Márta 2021 (Cás R 753/2020-5) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Castel Frères na costais a íoc. |