20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/37


Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – SU v ÚEÁPC

(Cás T-296/21) (1)

(Státseirbhís - Gníomhairí sealadacha - Conradh ar théarma seasta - Neamh-athnuachan - Próiseas athnuachana - Tuarascálacha meastóireachta a bhreithniú - Tuarascáil mheastóireachta neamhchríochnaithe - Cuntasacht - Damáiste airgid - Deis a chailleadh - Damáiste neamhábhartha - Dlínse neamhtheoranta - Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta a fhorghníomhú)

(2023/C 63/46)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: SU (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)

Cosantóir: An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ionadaithe: C. Coucke agus E. Karatza, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Wägenbaur, Dlíodóir)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar dtús, go gcuirfí cinneadh ón Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) an 15 Iúil 2020 nach ndearna a chonradh a athnuachan agus, a mhéid is gá, cinneadh an 11 Feabhra 2021 lenar dhiúltaigh ÚEÁPC dá ghearán, ar neamhní agus, anuas air sin, ar chúiteamh as an damáiste airgid agus neamhábhartha a líomhnaítear go bhfulaingíodh dá bharr.

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear cinneadh ón Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) an 15 Iúil 2020 nach ndearna conradh SU mar ghníomhaire sealadach a athnuachan ar neamhní.

2)

Cuirtear cinneadh ó ÚEÁPC an 11 Feabhra 2021 lenar diúltaíodh do ghearán SU ar neamhní.

3)

Ordaítear do ÚEÁPC EUR 10 000 a íoc mar chúiteamh ar an damáiste airgid a rinneadh do SU.

4)

Ordaítear do ÚEÁPC EUR 5 000 a íoc mar chúiteamh ar an damáiste neamhábhartha a rinneadh do SU.

5)

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

6)

Ordaítear do ÚEÁPC na costais a íoc.


(1)  IO C 320, 9.8.2021.