30.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 213/36


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – Daimler v EUIPO (Léiriú ar réalta thrírinneach ar chúlra dubh IV)

(Cás T-279/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar phatrúnmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Léiriú ar réalta thrírinneach ar chúlra dubh IV - Dearbhfhoras le diúltú - Easpa leithleachais - Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2022/C 213/51)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Daimler AG (Stuttgart, an Ghearmáin) (ionadaí: N. Siebertz, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Schäfer agus E. Markakis, Gníomhairí)

Maidir le:

Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an chúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 18 Márta 2021 (Cás R 1895/2020 – 5) maidir le hiarratas ar chlárú patrúnmhairc lena léirítear réalta thrírinneach ar chúlra dubh IV mar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Daimler AG na costais a íoc.


(1)  IO C 278, 12.7.2021.