17.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 134/9 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Feabhra 2023 – RH v an Coimisiún
(Cás T-175/21) (1)
(Ionstraim um chúnamh réamhaontachais - An Rialachán Airgeadais - Imscrúdú de chuid OLAF - Cinneadh ón gCoimisiún lena ngearrtar pionóis riaracháin - Eisiamh ó imeachtaí dámhachtana conarthaí poiblí agus deontais arna maoiniú le buiséad ginearálta an Aontais agus CEF - Clárú i mbunachar sonraí an chórais luathbhraite agus eisiata - Mí-iompar gairmiúil tromchúiseach - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Dliteanas neamhchonarthach - Sárú atá sách tromchúiseach ar riail dlí lena ndeonaítear cearta do dhaoine aonair)
(2023/C 134/11)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: RH (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J.Estrada de Solà, P. Rossi agus R. Pethke, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean, iarrann an t-iarratasóir, sa chéad áit, ar bhonn Airteagal 263 CFAE, go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 18 Feabhra 2021 lena n-eisiatar í ó pháirt a ghlacadh i nósanna imeachta dámhachtana conarthaí poiblí agus deontais mar chuid de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus den 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta mar aon le páirt a ghlacadh i nósanna imeachta dámhachtana cistí i gcomhthéacs Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus in nósanna imeachta maidir le páirt a ghlacadh in imeachtaí dámhachtana cistí faoin gCiste Eorpach Forbraíochta a rialaítear le Rialachán (AE) 2018/1877 agus, sa dara háit, ar bhonn Airteagal 268 CFAE, cúiteamh as an damáiste a bhain di mar thoradh air sin.
An chuid oibríochtúil
(1) |
Cuirtear ar neamhní an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 18 Feabhra 2021 lena n-eisiatar RH ó pháirt a ghlacadh i nósanna imeachta dámhachtana conarthaí poiblí agus deontais mar chuid de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus den aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag mar aon le páirt a ghlacadh i nósanna imeachta dámhachtana cistí i gcomhthéacs Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus i nósanna imeachta maidir le páirt a ghlacadh i nósanna imeachta dámhachtana cistí faoin gCiste Eorpach Forbraíochta a rialaítear le Rialachán (AE) 2018/1877; |
(2) |
Diúltaítear don chuid eile den chaingean; |
(3) |
Íocfaidh gach páirtí as a chostais féin. |