27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 244/32


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Kampete v an Chomhairle

(Cás T-110/21) (1)

(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha a rinneadh i dtaca leis an staid i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó - Reo na gcistí - Srianta le ligean isteach ar chríoch na mBallstát - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar na liostaí de na daoine atá i gceist - An ceart chun éisteacht a fháil - Cruthúnas gur cuí na hainmneacha a chuimsiú agus a choinneáil ar na liostaí - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Buanú gcúinsí fíorasacha agus dlíthiúla ba bhun le glacadh na mbeart sriantach)

(2022/C 244/43)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Alex Kande Mupompa (Kinshasa, Poblacht Dhaonlathach an Chongó) (ionadaithe: T. Bontinck, P. De Wolf, A. Guillerme agus T. Payan, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaí: B. Driessen agus H. Marcos Fraile, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí, sa chéad áit, Cinneadh (CBES) 2020/2033 ón gComhairle an 10 Nollaig 2020 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2020 L 419, lch. 30), agus, sa dara háit, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2021 ón gComhairle an 10 Nollaig 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm i dtaca le Poblacht Dhaonlathach an Chongó, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis an iarratasóir, a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean;

2.

Ordaítear do Ilunga Kampete na costais a íoc.


(1)  IO C 128, 12.4.2021.