27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 244/27


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Boshab v an Chomhairle

(Cás T-103/21) (1)

(An comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó - Cistí a reo - Srian le ligean isteach ar chríoch na mBallstát - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar na liostaí de na daoine i gceist - An ceart chun éisteacht a fháil - Cruthúnas gur cuí na hainmneacha a chuimsiú agus a choinneáil ar na liostaí - Earráid fhollasaithe measúnaithe - Buanú na gcúinsí fíorasacha agus dlíthiúla ba bhun le glacadh na mbeart sriantach)

(2022/C 244/36)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Évariste Boshab (Cinseasa, Poblacht Dhaonlathach an Chongó) (ionadaithe: T. Bontinck, P. De Wolf, A. Guillerme agus T. Payan, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaí: S. Lejeune, i gcáil Gníomhaire)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí, sa chéad áit, Cinneadh (CBES) 2021/2181 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2020, L 419, lch. 30), agus, sa dara háit, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2021 ón gComhairle an 10 Nollaig 2020, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm i dtaca le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2020, L 419, lch. 5), a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis an iarratasóir.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc.

2)

Ordaítear do Évariste Boshab na costais a íoc.


(1)  IO C 128, 12.4.2021.