31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/24 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meitheamh 2023 — Ryanair agus Airport Marketing Services Ltd v An Coimisiún
(Cás T-79/21) (1)
(Státchabhair - Comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leis an aerlíne Ryanair agus lena fhochuideachta Airport Marketing Services - Seirbhísí Margaíochta - Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear go n-aisghabhálfaí í - Buntáiste - Critéir maidir le riachtanas iarbhír - Airteagail 41 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha - An ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad - An ceart chun éisteacht a fháil)
(2023/C 271/34)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Ryanair DAC (Sord, Éire), Airport Marketing Services Ltd (Baile Átha Cliath, Éire) (ionadaithe: E. Vahida, F.-C. Laprévote, V. Blanc, S. Rating, I.-G. Metaxas-Maranghidis agus D. Pérez de Lamo, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, J. Carpi Badía agus C. Georgieva, Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: Maceroni agus A.-L. Meyer, Gníomhairí)
Ábhar
Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Cinneadh (AE) 2020/1671 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2019 maidir le Státchabhair SA.47867 2018/C (ex 2017/FC), arna cur chun feidhme ag an bhFrainc i bhfabhar Ryanair agus Airport Marketing Services ar neamhní (IO 2020 L 388, lch. 1).
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Ryanair DAC agus Airport Marketing Services Ltd a gcuid costas féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc; |
3) |
Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a cuid costas féin a íoc. |