27.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 244/26 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2022 – an Ungáir v an Coimisiún
(Cás T-57/21) (1)
(“CERT agus CETFT - Caiteachas arna eisiamh ó mhaoiniú - Oibleagáid chun seiceálacha ar an láthair a mhéadú - Airteagal 35 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 - Stádas dlí dhoiciméid oibre an Choimisiúin - Modhanna chun an méadú ar ráta na seiceálacha ar an láthair a ríomh”)
(2022/C 244/35)
Teanga an cháis: an Ungáiris
Páirtithe
Iarratasóir: an Ungáir (ionadaithe: M. Fehér agus G. Koós, Gníomhairí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Aquilina, A. Sauka agus Z. Teleki, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1734 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2020, lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe a thabhaíonn na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2020, L 390, lch. 10) a neamhniú, a mhéid amháin a d’eisiaigh an Coimisiún Eorpach suim EUR 4 334 068,02 ó mhéid na cabhrach airgeadais a dheonaigh an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) dó don bhliain airgeadais 2018 toisc nach ndearnadh líon leordhóthanach seiceálacha ar an láthair.
An chuid oibríochtúil
1) |
Déantar Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1734 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2020, lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe a thabhaíonn na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), a mhéid amháin a d’eisiaigh an Coimisiún Eorpach suim EUR 4 334 068,02 ó mhéid na cabhrach airgeadais a dheonaigh an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) dó don bhliain airgeadais 2018 toisc nach ndearnadh líon leordhóthanach seiceálacha ar an láthair, a chur ar neamhní. |
2) |
Ordaítear don Choimisiún na costais a íoc. |