23.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 207/25 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 – L’Oréal v EUIPO – Debonair Trading Internacional (SO COUTURE)
(Cás T-30/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarraidh ar fhocalmharc an Aontais Eorpaigh “SO COUTURE” - Focalmharc an Aontais Eorpaigh “SO…?” - Foras coibhneasta maidir le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [anois Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (UE) 2017/1001])
(2022/C 207/48)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: L’Oréal (Clichy, an Fhrainc) (ionadaithe: M. Treis agus E.-M. Strobel, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Gája, i gcáil Gníomahire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Debonair Trading Internacional Lda (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: J. Quirin agus J.-P. Jacquey, Dlíodóirí)
Maidir le:
Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an dara Bord Achomhairc de EUIPO an 3 Samhain 2020 (Cás R 158/2016-5), maidir le himeachtaí freasúra idir Debonair Trading Internacional agus L’Oréal.
Dispositif
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do L’Oréal na costais a íoc. |