|
18.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 329/20 |
Breithiúnas naCúirte Ginearálta an 12 Iúil 2023 – IFIC Holding v an Coimisiún
(Cás T-8/21) (1)
(Beartas tráchtála - Cosaint i gcoinne éifeachtaí cur i bhfeidhm seach-chríochach reachtaíochta arna glacadh ag tríú tír - Bearta srianta arna ndéanamh ag na Stáit Aontaithe i gcoinne na hIaráine - Smachtbhannaí tánaisteacha lena gcuirtear cosc ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha de chuid an Aontais caidreamh tráchtála a bheith acu leis na gnóthais atá faoi réir na mbeart sin - Toirmeasc ar reachtaíocht den sórt sin a chomhlíonadh - An dara fomhír d’Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 - Cinneadh ón gCoimisiún lena n-údaraítear do dhuine dlítheanach de chuid an Aontais an reachtaíocht sin a chomhlíonadh - Oibleagáid maidir le cúiseanna a thabhairt - Raon feidhme cúlghabhálach an údaraithe - Leas an ghnóthais ar a ndírítear le bearta sriantacha an tríú tír a chur san áireamh - An ceart éisteacht a fháil)
(2023/C 329/28)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: IFIC Holding AG (Düsseldorf, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Franz agus N. Bornemann, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaí: M. Kellerbauer, Gníomhaire)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Clearstream Banking AG (Eschborn, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Schmitt agus T. Bastian, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 2813 final ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2020 lena ndeonaítear údarú, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 ón gComhairle an 22 Samhain 1996 lena gcosnaítear i gcoinne éifeachtaí cur i bhfeidhm seach-chríochach reachtaíochta arna glacadh ag tríú tír, agus gníomhaíochtaí atá bunaithe air nó a eascraíonn as (IO 1996 L 309, lch. 1), don idiragraí, agus Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 3021 final ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2021 lena ndeonaítear údarú, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 2271/96, don idiragraí agus Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 2775 final ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2022 lena ndeonaítear údarú, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 2271/96, don idiragraí.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2. |
Ordaítear do IFIC Holding AG a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc. |
|
3. |
Ordaítear do Clearstream Banking AG a chostais féin a íoc. |