(Idiragairt – Airteagal 40 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh – Iarratas arna chur isteach ag Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála – Leas i dtoradh an cháis – Cead isteach)
I gCás C‑551/21,
CAINGEAN le haghaidh neamhniú faoi Airteagal 263 CFAE, a tionscnaíodh an 7 Meán Fómhair 2021, idir
an Coimisiún Eorpach, arna ionadú ag A. Bouquet, B. Hofstötter, T. Ramopoulos agus A. Stobiecka-Kuik, i gcáil Gníomhairí,
iarratasóir,
agus
Comhairle an Aontais Eorpaigh, arna hionadú ag A. Antoniadis, F. Naert agus B. Driessen, i gcáil Gníomhairí,
cosantóir,
arna thacú ag:
Poblacht na Seice, arna hionadú ag M. Smolek, O. Šváb, J. Vláčil agus K. Najmanová, i gcáil Gníomhairí,
Poblacht na Fraince, arna hionadú ag A.-L. Desjonquères agus J.-L Carré, i gcáil Gníomhairí,
An Ungáir, arna hionadú ag M.Z. Fehér agus K. Szíjjártó, i gcáil Gníomhairí,
Ríocht na hÍsiltíre, arna hionadú ag M.K. Bulterman agus J. Langer, i gcáil Gníomhairí,
Poblacht na Portaingéile, arna hionadú ag M. Pimenta, P. Barros da Costa agus J. Ramos, i gcáil Gníomhairí,
idiragraithe,
tugann UACHTARÁN NA CÚIRTE
ag féachaint don togra ó C. Lycourgos, Breitheamh is Rapóirtéir,
tar éis an tAbhcóide Ginearálta, J. Kokott, a éisteacht,
an tOrdú seo a leanas:
Ordú
1 |
Lena iarratas, iarrann an Coimisiún Eorpach Airteagal 2 de Chinneadh (AE) 2021/1117 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026) a neamhniú (IO 2021 L 242, lch. 3), mar aon le hainmniú Ambasadóir na Portaingéile, trína hUachtarán agus ar bhonn na forála sin, ag Comhairle an Aontais Eorpaigh mar an duine a bhfuil sé de chumhacht aige an Prótacal sin a shíniú. |
2 |
Chun tacú leis an gcaingean seo le haghaidh neamhniú, dearbhaíonn an Coimisiún, inter alia, go mbaineann cleachtas na Comhairle go n‑ainmneoidh a hUachtarán an duine a bhfuil sé de chumhacht aige comhaontú idirnáisiúnta a shíniú thar ceann an Aontais Eorpaigh an bonn de chúram an Choimisiúin, arna thabhairt le hAirteagal 17(1) CAE, chun ionadaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh a áirithiú in ábhair nach gcumhdaítear leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála (“CBES”). |
3 |
Le doiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 6 Eanáir 2022, d’iarr Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), ar bhonn Airteagal 40 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 130 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, cead chun idiragairt a dhéanamh sa díospóid chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gCoimisiún. |
4 |
Mar thaca lena iarratas ar idiragairt, áitíonn an tArdionadaí, go príomha, go bhfuil sé ar cheann de “institiúidí an Aontais” de réir bhrí na chéad mhíre d’Airteagal 40 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus, mar mhalairt air sin, nach mór a mheas gur “comhlacht, oifig nó gníomhaireacht” de chuid an Aontais Eorpaigh é de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 40 den Reacht sin agus go bhfuil “leas i dtoradh [an] c[h]áis” suite aige, de réir bhrí na forála sin. I ndáil leis sin, tugann an tArdionadaí dá aire go mbeidh feidhm, mutatis mutandis, ag na measúnuithe a dhéanann an Chúirt sa bhreithiúnas a thabharfar i ndáil leis an gcúram a bhfuil an Coimisiún ag agairt, maidir leis an gcúram comhfhreagrach atá air, faoi Airteagal 27(2) CAE, i réimse CBES. |
5 |
Le doiciméad a taisceadh ag Clárlann na Cúirte an 13 Eanáir 2022, d’iarr an Coimisiún an t‑iarratas sin ar idiragairt a cheadú. |
6 |
Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 21 Eanáir 2022, d’áitigh an Chomhairle gur cheart diúltú don iarratas sin ar idiragairt. |
7 |
Measann an Chomhairle nach “institiúid de chuid an Aontais” é an tArdionadaí de réir bhrí na chéad mhíre d’Airteagal 40 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus, d’ainneoin gur cheart a mheas go dtagann an tArdionadaí faoi chuimsiú an choincheapa de “chomhlacht, d’oifig nó de ghníomhaireacht de chuid an Aontais” de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 40 den Reacht sin, nár shuigh sé “leas i dtoradh an cháis” de réir bhrí na forála deiridh sin. |
8 |
Tugann an Chomhairle dá haire, go háirithe, nach mbaineann an díospóid, sa chás seo, le CBES agus nach féidir le réiteach na Cúirte, dá bhrí sin, difear a dhéanamh do staid dhlíthiúil an Ardionadaí. Ina theannta sin, ní hionann staid an Ardionadaí i dtaca le staid na Comhairle agus staid an Choimisiúin. Maidir leis sin, áitíonn an Chomhairle go bhfuil an tArdionadaí i gceannas ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, i gcomhréir le hAirteagal 27(1) CAE, agus go bhféadfaidh sé féin, dá bhrí sin, an duine a bhfuil sé de chumhacht aige comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích i réimse CBES a ainmniú. Dá bhrí sin, tá staid dhlíthiúil an Ardionadaí difriúil ón staid ina bhfuil an Coimisiún, i gcás ina dtugtar comhaontú idirnáisiúnta i gcrích, mar atá sa chás reatha, in ábhar nach dtagann faoi CBES. |
An t‑iarratas ar idiragairt
9 |
Foráiltear leis an gcéad mhír d’Airteagal 40 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhféadfaidh Ballstáit agus institiúidí an Aontais idiragairt i gcásanna os comhair na Cúirte Breithiúnais. |
10 |
Is iad institiúidí an Aontais, de réir bhrí na forála sin, na hinstitiúidí sin amháin a liostaítear go huileghabhálach in Airteagal 13(1) CAE (ordú Uachtarán na Cúirte an 29 Iúil 2019, an Coimisiún agus an Chomhairle v Carreras Sequeros agus páirtithe eile, C‑119/19 P, nár foilsíodh, EU:C:2019:658, mír 6 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
11 |
Dá bhrí sin, ós rud é nach bhfuil an tArdionadaí ar an liosta in Airteagal 13(1) CAE, ní féidir “institiúid de chuid an Aontais” a thabhairt air. Dá bhrí sin, ní féidir leis brath ar an gcáil sin chun ceart a éileamh idiragairt a dhéanamh sa chás seo (ordú Uachtarán na Cúirte an 29 Iúil 2019, ordú Uachtarán na Cúirte, an Coimisiún v Carreras Sequeros agus páirtithe eile, C‑119/19 P, nár foilsíodh, EU:C:2019:658, mír 7 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
12 |
Sna himthosca sin, is gá a dheimhniú an bhféadfar cead a dheonú don Ardionadaí, sa chás seo, idiragairt a dhéanamh sna himeachtaí, mar thaca leis an ordú atá á lorg ag an gCoimisiún, de bhun an dara mír d’Airteagal 40 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, mar mhalairt air sin. |
13 |
De réir na chéad abairte den dara mír d’Airteagal 40 den Reacht sin, tá ceart chun idiragairt a dhéanamh i gcás os comhair na Cúirte ag “comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus aon duine eile”, más féidir leo “leas a shuíomh i dtoradh cáis”. Eisiatar sa dara habairt den dara mír idiragairt “daoine nádúrtha agus dlítheanacha” i gcásanna idir Ballstáit, idir institiúidí de chuid an Aontais nó idir Ballstáit, ar thaobh amháin, agus institiúidí de chuid an Aontais, ar an taobh eile. Ar bhonn fhoclaíocht agus scéimre na forála sin, ní mór a mheas nach bhfuil feidhm ag an eisiamh sin maidir le “comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh” (ordú Uachtarán na Cúirte an 17 Meán Fómhair 2021, an Pharlaimint v an Coimisiún, C‑144/21, EU:C:2021:757, míreanna 6 go 8). |
14 |
Ag féachaint don chúram, atá nasctha go dlúth le feidhmiú an Aontais Eorpaigh, a thugtar don Ardionadaí in Airteagal 27 CAE, agus go háirithe don fhíoras go bhfuil sé, agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) de chúnamh aige, i gcomhréir le hAirteagal 27(3) CAE, leithleach uaithi ó thaobh dlí de, ní mór an tArdionadaí a chomhshamhlú le “comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais” chun críoch chur i bhfeidhm an dara mír d’Airteagal 40 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Dá dhroim sin, i bhfianaise an chásdlí dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, féadfaidh an tArdionadaí idiragairt sa díospóid idir an Coimisiún agus an Chomhairle, ar an gcoinníoll go léireoidh sé “leas i dtoradh [an] c[h]áis”. |
15 |
Maidir le leas den sórt sin a bheith ann, is ceart a choinneáil i gcuimhne, maidir leis an gcoincheap “leas i dtoradh [an] c[h]áis”, de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 40, nach mór a thuiscint mar leas díreach láithreach sa bhreith ar an ordú atá á lorg agus nach leas é i ndáil leis na saincheisteanna a ardaíodh ná i ndáil leis na hargóintí ar a bhfuiltear ag seasamh. Tagraíonn na focail “toradh [an] c[h]áis” don chinneadh críochnaitheach atá á lorg, mar a leagtar amach sa chuid oibríochtúil den bhreithiúnas atá le tabhairt (ordú ó Uachtarán na Cúirte an 17 Meán Fómhair 2021, an Pharlaimint v an Coimisiún, C‑144/21, EU:C:2021:757, mír 10). |
16 |
Maidir le hiarratais ar idiragairt ó ghníomhaireachtaí agus ó chomhlachtaí an Aontais, ní mór an coinníoll seo a bhaineann le leas díreach láithreach a bheith ann a chur i bhfeidhm ar bhealach a léiríonn sainiúlacht an chúraim a bhfuil ar iarratasóir den sórt sin a fheidhmiú faoi dhlí an Aontais (féach, chuige sin, Ordú Uachtarán na Cúirte an 17 Meán Fómhair 2021, an Pharlaimint v an Coimisiún, C-144/21, EU:C:2021:757, míreanna 11 agus 12). |
17 |
Sa chás seo, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go gcuirtear de chúram ar an Ardionadaí, le hAirteagal 27(2) CAE feidhmiú ar son an Aontais Eorpaigh in ábhair a bhaineann le CBES. |
18 |
Maidir leis an gCoimisiún, áirithíonn sé ionadaíocht sheachtrach an Aontais amach ó CBES agus ó chásanna eile dá bhforáiltear sna Conarthaí, i gcomhréir leis an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE. |
19 |
Sa chás seo, baineann an díospóid, go háirithe, le cé acu an gciallaíonn an cúram chun ionadaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh a áirithiú, dá dtagraítear sa séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, go bhfuil ainmniú an duine a údaraítear chun an comhaontú sin a shíniú de chúram ar an gCoimisiún agus ní ar Uachtarán na Comhairle, d’fhonn comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais Eorpaigh. |
20 |
Cinnfear le measúnú na Cúirte maidir leis an gceist sin faoin dlí institiúideach ní hamháin toradh an cháis idir lámha, ach beidh tionchar cinntitheach aige freisin, mutatis mutandis, maidir leis an rogha nós imeachta a leantar agus na cumhachtaí a fheidhmíonn an tArdionadaí nuair atá comhaontú idirnáisiúnta le síniú i réimse CBES. Ar nós an Choimisiúin maidir le cúrsaí amach ó CBES, cuirtear de chúram ar an Ardionadaí, maidir le hábhair a thagann faoi réim CBES, ionadaíocht an Aontais Eorpaigh a áirithiú. |
21 |
Is fíor, sa chás seo, go suíonn an tArdionadaí a leas i dtoradh an cháis ar an gcúram comhfhreagrach atá aige, a bhaineann le feidhmiú ar son an Aontais i gcúrsaí CBES, de bhun Airteagal 27(2) CAE, i ndáil le cúram an Choimisiúin, faoi Airteagal 17(1) CAE, chun ionadaíocht a dhéanamh ar son an Aontais Eorpaigh i réimsí nach dtagann faoi CBES, cé gurb é an dara cúram sin amháin atá i gceist sa chás seo. Ní mór a chur in iúl, áfach, nach bhfuil leas an Ardionadaí i dtoradh an cháis bunaithe ar an bhfíric go bhfuil sé sa staid chéanna leis an gCoimisiún i gcás amháin comhfhreagrach nó níos mó, ach, mar atá luaite sa mhír roimhe seo, ar an bhfíric go gcinnfear le toradh an cháis seo méid a róil agus na cumhachtaí atá aige faoin dlí príomha, maidir le síniú aon chomhaontaithe idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach i réimse CBES. |
22 |
I bhfianaise raon feidhme ginearálta sin an leasa a agraíonn an tArdionadaí, agus ós rud é gurb é an tArdionadaí, i bprionsabal, an t‑aon duine nó eintiteas ar féidir leis é a agairt, ní mór a mheas gur leas “díreach” agus “láithreach” é an leas sin. |
23 |
Maidir leis an leas díreach láithreach a d’fhéadfadh a bheith mar sin ag an Ardionadaí i dtoradh an cháis seo idir lámha, ní bheidh sé neamhbhailí de bharr an fhíorais, a luaigh an Chomhairle, go bhfuil an tArdionadaí i gceannas ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha faoi Airteagal 27(1) CAE. I ndáil leis sin, is leor a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, mar a luaigh an Chomhairle, nach í an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha ghlacann cinntí lena n‑údaraítear comhaontú idirnáisiúnta a shíniú i réimse CBES i gcónaí agus, ar an dara dul síos, go bhféadfar leis an soiléiriú a thabharfaidh an Chúirt ó thaobh an dlí de maidir le raon feidhme an mhisin ionadaíochta dá dtagraítear in Airteagal 17(1) CAE, go neamhspleách ar ról beacht an Ardionadaí i gcomhthéacs tabhairt i gcrích comhaontaithe idirnáisiúnta den sórt sin, an cúram ionadaíochta dá dtagraítear in Airteagal 27(2) CAE a shonrú. |
24 |
I bhfianaise na mbreithnithe uile thuasluaite, ní mór iarratas an Ardionadaí ar idiragairt chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gCoimisiún a cheadú, i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 40 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 131(3) de na Rialacha Nós Imeachta. |
Cearta nós imeachta an idiragraí
25 |
Ós rud é go gceadaítear an t‑iarratas ar idiragairt, seolfar chuig an Ardionadaí, de bhun Airteagal 131(3) de na Rialacha Nós Imeachta, na doiciméid nós imeachta go léir a sheirbheálfar ar na páirtithe. |
26 |
Tar éis an t‑iarratas sin a thíolacadh laistigh den tréimhse 6 seachtaine a leagtar síos in Airteagal 130 de na Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh an tArdionadaí, i gcomhréir le hAirteagal 132(1) de na Rialacha Nós Imeachta sin, ráiteas idiragartha a thaisceadh laistigh de mhí amháin ón seoladh dá dtagraítear sa mhír roimhe seo. |
27 |
Ar deireadh, féadfaidh an tArdionadaí barúlacha ó bhéal a thíolacadh má reáchtáiltear éisteacht. |
Costais
28 |
Faoi Airteagal 137 de na Rialacha Nós Imeachta, tá cinneadh maidir le costais le tabhairt sa bhreithiúnas nó san ordú lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí. |
29 |
Sa chás idir lámha, ós rud é gur ceadaíodh iarratas an Ardionadaí ar idiragairt, ní mór na costais a bhaineann lena idiragairt a fhorchoimeád. |
Ar na forais sin, ordaíonn Uachtarán na Cúirte mar seo a leanas |
|
|
|
|
Sínithe: |
( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.
( i ) Rinneadh leasuithe teanga (agus formáidithe) ar phointí 4, 7, 9, 12, 13, 14, 15, 16, 18, 19, 24, 26 tar éis dóibh a bheith foilsithe ar líne den chéad uair.