|
17.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 398/11 |
Achomharc arna thabhairt an 19 Nollaig 2021 ag Ioana-Felicia Rosca i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 20 Deireadh Fómhair 2021 i gCás T-434/19, Rosca v an Coimisiún
(Cás C-802/21 P)
(2022/C 398/12)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Ioana-Felicia Rosca (ionadaí: L.-O. Tufler, avocat)
Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach
Le hOrdú an 07/09/2022, dhiúltaigh an Chúirt Bhreithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) don achomharc toisc é a bheith do-ghlactha go follasach go páirteach agus a bheith gan bhunús go follasach go páirteach agus d’ordaigh an Chúirt do Ioana-Felicia Rosca a costais féin a íoc.