Eagrán sealadach
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)
18 Aibreán 2024 (*)
(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 102 CFAE – Prionsabal na héifeachtachta – Caingne i leith damáistí as sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta an Aontais – Treoir 2014/104/AE – Trasuí déanach Treorach – Cur i bhfeidhm ó thaobh ama de – Airteagal 10 – Tréimhse theorann – Socruithe dies a quo – Deireadh leis an sárú – Faisnéis riachtanach chun caingne le haghaidh damáistí a thionscnamh – Achoimre ar chinneadh ón gCoimisiún Eorpach lena gcinntear go ndearnadh sárú ar rialacha iomaíochta a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh – Éifeacht cheangailteach cinneadh ón gCoimisiún nach bhfuil tagtha chun bheith críochnaitheach go fóill – Cur ar fionraí nó briseadh na tréimhse teorann le linn imscrúdú an Choimisiúin nó go dtí an dáta a dtiocfaidh an cinneadh chun bheith críochnaitheach)
I gCás C‑605/21,
IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Městský soud v Praze (Cúirt Chathrach Phrág, Poblacht na Seice), trí bhreith an 29 Meán Fómhair 2021, a fuarthas ag an gCúirt an 30 Meán Fómhair 2021, sna himeachtaí
Heureka Group a.s.
v
Google LLC,
tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),
comhdhéanta de K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev (Rapóirtéir), A. Prechal, E. Regan, T. von Danwitz agus Z. Csehi, Uachtaráin Dlísheomra, J.-C. Bonichot, S. Rodin, J. Passer, D. Gratsias, M. L. Arastey Sahún agus M. Gavalec, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: J. Kokott,
Cláraitheoir: M. Krausenböck, Riarthóir,
ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus i ndiaidh éisteacht an 20 Márta 2023,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
– Heureka Group a.s., ag L. Duffek, L. Kačerová, J. Měkota, M. Olík agus V. Podešva, advokáti,
– Google LLC, ag R. Neruda, P. J. Pipková, J. Šturm, P. Vohnický agus M. Vojáček, advokáti, agus ag A. Komninos, dikigoros,
– an Coimisiún Eorpach, ag N. Khan, G. Meessen agus P. Němečková, i gcáil Gníomhairí,
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 21 Meán Fómhair 2023,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
1 Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 10, Airteagal 21(1) agus Airteagal 22 de Threoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le rialacha áirithe lena rialaítear caingne i leith damáistí faoin dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (IO 2014 L 349, lch. 1), agus prionsabal na héifeachtachta.
2 Rinne an iarraidh seo in imeachtaí idir Heureka Group a.s. (‘Heureka’), cuideachta de chuid na Seice atá ag feidhmiú ar an margadh i seirbhísí comparáide praghsanna díolacháin agus Google LLC maidir le díobháil a mhaítear a tharla de thoradh sárú a rinne Google agus a mháthairchuideachta, Alphabet Inc., ar Airteagal 102 CFAE agus a chinn an Coimisiún Eorpach a bheith ann i gcinneadh nach bhfuil críochnaitheach go fóill.
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
Rialachán (CE) Uimh. 1/2003
3 Foráiltear le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail [101 agus 102 CFAE] (IO 2003 L 1, lch. 1), dar teideal ‘Cur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí iomaíochta an Chomhphobail’ mar seo a leanas:
‘1. Nuair a thugann cúirteanna náisiúnta rialú ar chomhaontuithe, cinntí nó cleachtais faoi Airteagal [101] nó [102 CFAE] atá faoi réir cinneadh ón gCoimisiún cheana féin, ní féidir leo cinntí a ghlacadh a thagann salach ar an gcinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún. Ní mór dóibh freisin gan cinntí a thabhairt a bheadh ag teacht salach ar chinneadh atá beartaithe ag an gCoimisiún in imeachtaí atá tionscanta aige. Chuige sin, féadfaidh an chúirt náisiúnta a mheas an gá bac a chur ar a himeachtaí. Tá an oibleagáid sin gan dochar do na cearta agus na hoibleagáidí faoi Airteagal [267 CFAE].
2. Nuair a thugann údaráis iomaíochta na mBallstát rialú ar chomhaontuithe, cinntí nó cleachtais faoi Airteagal [101] nó faoi [102 CFAE] atá faoi réir cinneadh ón gCoimisiún cheana féin, ní féidir leo cinntí a dhéanamh a bheadh contrártha leis an gcinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
Treoir 2014/104
4 Foráiltear le hAirteagal 2 de Threoir 2014/104, arna leasú, dar teideal ‘Sainmhínithe’, don mhéid seo a leanas:
‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
[...]
(8) ciallaíonn “údarás iomaíochta”, an Coimisiún, údarás iomaíochta náisiúnta nó an dá cheann díobh, de réir mar a éilíonn an comhthéacs;
[...]
(11) ciallaíonn “cinneadh maidir le sárú” cinneadh ó údarás iomaíochta nó údarás achomhairc go ndearnadh sárú ar dhlí na hiomaíochta;
(12) ciallaíonn “cinneadh críochnaitheach maidir le sárú” cinneadh maidir le sárú nach féidir a achomharc ar ghnáthmhodhanna, nó nach féidir a achomharc ar ghnáthmhodhanna a thuilleadh.
[...]’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
5 Foráiltear le hAirteagal 9 den Treoir, dar teideal ‘Éifeacht cinntí náisiúnta’:
‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar sárú ar dhlí na hiomaíochta arna chinneadh le cinneadh críochnaitheach ó údarás iomaíochta náisiúnta nó cúirt athbhreithnithe a mheas mar shárú léirithe nach féidir a bhréagnú chun críoch caingne le haghaidh damáistí a thugtar os comhair a gcúirteanna náisiúnta faoi Airteagal 101 nó 102 [CFAE] nó faoin dlí iomaíochta náisiúnta.
2. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina nglacfar cinneadh críochnaitheach dá dtagraítear i mír 1 i mBallstát eile, go bhféadfar an cinneadh críochnaitheach sin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a chur faoi bhráid a gcúirteanna náisiúnta mar fhianaise prima facie ar a laghad go ndearnadh sárú ar an dlí iomaíochta agus, más iomchuí, go bhféadfar é a mheasúnú in éineacht le haon fhianaise eile arna tabhairt ar aird ag na páirtithe.
3. Tá an tAirteagal seo gan dochar do chearta agus oibleagáidí cúirteanna náisiúnta faoi Airteagal 267 [CFAE].’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
6 In Airteagal 10 den Treoir sin, dar teideal ‘Tréimhsí teorann’, sonraítear an méid seo a leanas:
‘1. Leagfaidh na Ballstáit síos, i gcomhréir leis an Airteagal seo, na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí teorann chun caingne le haghaidh damáistí a thionscnamh. Cinnfear leis na rialacha sin cathain a thosóidh an tréimhse theorann, fad na tréimhse sin agus na himthosca faoina mbrisfear nó faoina gcuirfear ar fionraí í.
2. Ní chuirfear tús le tréimhsí teorann go dtí go scoirfear den sárú ar an dlí iomaíochta agus go mbeidh an t‑éilitheoir ar an eolas nó go bhféadfar a bheith ag súil leis go réasúnta go bhfuil sé ar an eolas faoin méid seo a leanas:
(a) an t‑iompar agus gur sárú ar an dlí iomaíochta é;
(b) go ndearnadh díobháil dó de dheasca an tsáraithe ar an dlí iomaíochta; agus
(c) céannacht an tsáraitheora.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cúig bliana ar a laghad i gceist leis na tréimhsí teorann chun caingne i leith damáistí a thabhairt.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear tréimhse theorann ar fionraí nó, ag brath ar an dlí náisiúnta, go mbrisfear isteach uirthi, má dhéanann údarás iomaíochta beart chun críche imscrúdaithe nó ionchúisimh i leith sárú ar an dlí iomaíochta lena mbaineann an chaingean le haghaidh damáistí. Cuirfear deireadh leis an bhfionraíocht bliain amháin ar a luaithe tar éis don chinneadh maidir le sárú teacht chun bheith críochnaitheach nó tar éis na himeachtaí a fhoirceannadh ar dhóigh eile.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
7 Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 21(1) den Treoir sin:
‘Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 27 Nollaig 2016. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.
[…]’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
8 Foráiltear le hAirteagal 22 de Threoir 2014/104, dar teideal ‘Cur i bhfeidhm ó thaobh ama de’, mar seo a leanas:
‘1. Féachfaidh na Ballstáit chuige nach mbeidh feidhm go cúlghabhálach ag na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Airteagal 21 d’fhonn forálacha substaintiúla na Treorach seo a chomhlíonadh.
2. Féachfaidh na Ballstáit chuige nach mbeidh feidhm ag aon fhoráil náisiúnta a ghlacfar de bhun Airteagal 21, seachas iad siúd dá bhforáiltear i mír 1, maidir le caingne le haghaidh damáistí a cuireadh faoi bhráid cúirt náisiúnta roimh an 26 Nollaig 2014.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
Dlí Phoblacht na Seice
9 Foráiltear don mhéid seo a leanas i Mír 620(1) de zákon č. 89/2012 Sb., občanský zákoník (Dlí Uimh. 89/2012 maidir leis an gCód Sibhialta):
‘Áirítear ar na himthosca cinntitheacha chun go dtosóidh an tréimhse theorann don cheart chun damáiste a chúiteamh, eolas a bheith ar an damáiste agus ar [chéannacht] an duine a bhfuil air an damáiste sin a chúiteamh. Tá feidhm aige sin, mutatis mutandis, freisin chun críoch díobháil neamhábhartha a chúiteamh.’
10 Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 629(1) den Chód Coiriúil:
‘Tréimhse trí bliana a bheidh sa tréimhse theorann.’
11 Tháinig zákon č. 262/2017 Sb., o náhradě škody v oblasti hospodářské soutěže (Dlí Uimh. 262/2017 maidir le cúiteamh damáiste i réimse na hiomaíochta, ‘Dlí Uimh. 262/2017’), a beartaíodh chun Treoir 2014/104 a thrasuí i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017. Foráiltear le hAirteagal 9(1) go (3):
‘(1) Tréimhse 5 bliana a bheidh sa tréimhse theorann chun an ceart chun cúitimh as díobháil faoin Dlí seo a fheidhmiú; ní bheidh feidhm ag forálacha Mhíreanna 629 agus 636 den Chód Sibhialta.
(2) Cuirfear tús leis an tréimhse theorann ar an lá a bhfuil an duine lena mbaineann ar an eolas, nó ar cheart dó a bheith ar an eolas faoin damáiste, faoi [chéannacht] an duine atá faoi dhliteanas an damáiste sin a chúiteamh agus faoin srianadh ar iomaíocht, ach tráth nach luaithe ná an lá ar tháinig deireadh leis an srian ar iomaíocht.
(3) Stopfar an tréimhse theorann ar feadh ré an imscrúdaithe nó an nós imeachta os comhair an údaráis iomaíochta maidir leis an srian céanna ar an iomaíocht, agus ar feadh tréimhse bliana ón lá:
(a) a ndearnadh cinneadh críochnaitheach den chinneadh arna ghlacadh ag an údarás iomaíochta nó ag cúirt a chinn go bhfuil srian den sórt sin ann ar an iomaíocht, nó
(b) go bhfuil an t‑imscrúdú, an nós imeachta os comhair an údaráis iomaíochta nó an nós imeachta os comhair na cúirte foirceanta ar shlí eile.’
12 Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 36 den Dlí sin:
‘Leanfar na himeachtaí maidir le damáiste arna dhéanamh le srian ar an iomaíocht agus le himeachtaí maidir le réiteach, de bhun an Dlí seo, na n-éileamh idir déantóirí an damáiste a cheanglaítear orthu an damáiste a chúiteamh go comhpháirteach agus go leithleach, arna dtabhairt i ndiaidh an 25 Nollaig 2014, i gcomhréir leis an dlí seo; coimeádfar éifeachtaí dlíthiúla na ngníomhartha a rinneadh sna himeachtaí roimh theacht i bhfeidhm an dlí seo.’
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
13 An 30 Samhain 2010, thionscain an Coimisiún nós imeachta de bhun Airteagal 102 CFAE i gcoinne Google maidir le mí-úsáid fhéideartha ceannasachta i réimse an chuardaigh ar líne. An 30 Samhain 2010, d’eisigh an Coimisiún preaseisiúint lenar cuireadh an pobal ar an eolas faoi thionscamh an nós imeachta sin.
14 Le linn 2013, rinne Google gealltanais leis an gCoimisiún chun freagairt a thabhairt ar ábhair imní an Choimisiúin.
15 An 27 Bealtaine 2014, d’eisigh an Sdružení pro internetový rozvoj v České republice (SPIR) (Comhlachas um Fhorbairt Idirlín i bPoblacht na Seice), a bhfuil Heureka ina chomhalta de, preaseisiúint inar chuir sé a easaontas leis na gealltanais sin in iúl.
16 An 15 Aibreán 2015, ghlac an Coimisiún ráiteas agóidí a díríodh chuig Google, inar tháinig sé ar an gconclúid shealadach gur mí-úsáid ceannasachta a bhí i gcleachtais na cuideachta sin agus, dá bhrí sin, gur sháraigh siad Airteagal 102 CFAE.
17 An 14 Iúil 2016, ghlac an Coimisiún ráiteas forlíontach agóidí a díríodh chuig Google agus chuir sé tús le himeachtaí um shárú faoi Airteagal 102 CFAE i gcoinne Alphabet Inc, máthairchuideachta Google.
18 An 27 Meitheamh 2017, ghlac an Coimisiún Cinneadh C(2017) 4444 final a bhaineann le nós imeachta faoi Airteagal 102 [CFAE] agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE [Cás AT.39740 – Inneall cuardaigh Google (Shopping)]. Foilsíodh achoimre ar an gcinneadh sin an 12 Eanáir 2018 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IO 2018 C 9, lch. 11).
19 Leis an gcinneadh sin, chinn an Coimisiún gur bhain Google mí-úsáid as an staid cheannasach a bhí aige in 13 mhargadh náisiúnta le haghaidh seirbhísí cuardaigh ghinearálta laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), lena n‑áirítear margadh Phoblacht na Seice, trí thrácht ó leathanaigh torthaí cuardaigh ghinearálta go seirbhísí siopadóireachta comparáide iomaíocha a laghdú agus trí thrácht a mhéadú go dtí a sheirbhís siopadóireachta comparáide féin, rud a d’fhéadfadh éifeachtaí frithiomaíocha a bheith aige, nó ar dócha go raibh éifeachtaí frithiomaíocha aige, ar na 13 mhargadh náisiúnta chomhfhreagracha le haghaidh seirbhísí cuardaigh speisialaithe comparáide táirgí agus ar na margaí náisiúnta sin le haghaidh seirbhísí cuardaigh ghinearálta.
20 Dá réir sin, de réir an chinnidh sin, thug Google, go bunúsach, tús áite dá sheirbhís comparáide praghsanna féin, agus cuireadh seirbhísí comparáide praghsanna iomaitheoirí Google siar i liosta na dtorthaí.
21 Maidir le fad an tsáraithe atá inchurtha do Google ar chríoch Phoblacht na Seice, chinn an Coimisiún, i gCinneadh C(2017) 4444 final, gur thosaigh an sárú sin i mí Feabhra 2013 agus gur lean sé d’éifeachtaí a chruthú i gcónaí ar dháta glactha an chinnidh sin, eadhon an 27 Meitheamh 2017. Dá bhrí sin, d’ordaigh an Coimisiún do Google, in Airteagal 3 den Chinneadh sin, deireadh a chur lena iompar laistigh de 90 lá agus staonadh ó iompar den chineál céanna a bhfuil an cuspóir nó an éifeacht chéanna aige.
22 An 1 Meán Fómhair 2017, tháinig Dlí Uimh. 262/2017 lena trasuitear Treoir 2014/104 i ndlí na Seice i bhfeidhm.
23 Trí iarratas a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 11 Meán Fómhair 2017, thionscain Google agus Alphabet caingean i gcoinne Chinneadh C(2017) 4444 final.
24 An 26 Meitheamh 2020, thug Heureka caingean os comhair Městský soud v Praze (Cúirt Chathrach Phrág, Poblacht na Seice) ag lorg ordú i gcoinne Google an damáiste a mhaítear a bhain dó mar gheall ar chleachtas frithiomaíoch a chúiteamh, cleachtas a bhí ag an gcuideachta sin, de réir Chinneadh C(2017) 4444 final, i bPoblacht na Seice sa tréimhse ó mhí Feabhra 2013 go dtí an 27 Meitheamh 2017. Mhínigh Heureka go raibh Google tar éis a sheirbhís comparáide praghsanna díolacháin féin a chur agus a thaispeáint san áit is fearr is féidir i measc na dtorthaí ina sheirbhísí cuardaigh ghinearálta, rud a laghdaigh líon na gcuairteanna ar thairseach comparáide praghsanna díolacháin Heureka.cz.
25 Mar chosaint, d’áitigh Google inter alia, de bhun rialacha an obchodní zákoník (Cód Tráchtála) maidir le tréimhsí teorann, ar dá réir a thosaigh an tréimhse theorann ceithre bliana ón tráth a bhí an páirtí díobhálaithe ar an eolas nó go bhféadfadh sé a bheith ar an eolas faoin damáiste agus faoi chéannacht an duine a bhfuil air an damáiste sin a leigheas, go raibh cosc ama don tréimhse ó mhí Feabhra 2013 go dtí an 25 Meitheamh 2016 ar a laghad ar cheart Heureka chun cúitimh.
26 I ndáil leis sin, d’áitigh Google, i bhfianaise chineál na mí-úsáide ceannasachta a líomhnaítear, go bhféadfadh Heureka a bheith ar an eolas cé a rinne an sárú agus go ndearnadh díobháil dó i bhfad sular glacadh Cinneadh C(2017) 4444 final. Ní fhéadfadh Heureka gan bheith ar an eolas, go háirithe ar léamh na preaseisiúna ón gCoimisiún an 30 Samhain 2010 gurb é Google oibreoir an innill cuardaigh darb ainm ‘Google’. In aon chás, ba leor an phreaseisiúint ó SPIR an 27 Bealtaine 2014, dá dtagraítear i mír 15 den bhreithiúnas seo, inar chuir an comhlachas sin a easaontas in iúl maidir leis na gealltanais a chuir Google faoi bhráid an Choimisiúin, chun go dtosódh an tréimhse theorann sin.
27 Dá réir sin, tosaíodh an tréimhse theorann is infheidhme sa chás seo i mí Feabhra 2013, is é sin le rá, ó thús dhéanamh an tsáraithe líomhainte ar chríoch Phoblacht na Seice agus ó thús an damáiste líomhainte, nó, ar a dhéanaí, an 27 Bealtaine 2014, dáta foilsithe phreaseisiúint SPIR.
28 Dar le Google, ní raibh aon ní ann a chuir bac ar Heureka a chaingean le haghaidh damáistí a thionscnamh níos luaithe, agus é sonraithe, sa chás sin, go bhféadfadh an chuideachta sin an méid cúiteamh arna lorg ina iarratas a mhéadú de réir a chéile de réir mar a mhéadaigh an díobháil a bhain dó i gcaitheamh an ama.
29 Tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara, sa chéad áit, sa chás seo, gur thosaigh an t‑iompar frithiomaíoch féideartha roimh theacht i bhfeidhm Threoir 2014/104, eadhon an 25 Nollaig 2014, agus nár tháinig deireadh leis go dtí dul in éag an spriocdháta chun an Treoir sin a thrasuí, eadhon an 27 Nollaig 2016.
30 Tá an chúirt sin in amhras mar sin an bhfuil feidhm ag Airteagal 10 den Treoir sin maidir leis an damáiste go léir a tharla mar gheall ar an sárú ar Airteagal 102 CFAE atá i gceist sna príomhimeachtaí, nó maidir leis an damáiste a rinneadh i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach sin amháin, nó fiú an damáiste a tharla tar éis don spriocdháta do thrasuí na Treorach sin dul in éag.
31 Sa dara háit, tá an chúirt a rinne an tarchur in amhras an foráil shubstaintiúil é Airteagal 10 de Threoir 2014/104 de réir bhrí Airteagal 22(1) den Treoir sin nó an foráil nós imeachta atá ann.
32 Sa tríú háit, tá an chúirt a rinne an tarchur in amhras an bhfuil rialacha na Seice maidir le tréimhsí teorann a bhaineann le caingne le haghaidh damáistí i leith sáruithe ar dhlí na hiomaíochta, atá infheidhme go dtí teacht i bhfeidhm Dhlí Uimh. 262/2017 lena dtrasuitear Treoir 2014/104 i gcomhréir le hAirteagal 10 den Treoir sin agus, de réir mar is ábhartha, le hAirteagal 102 CFAE agus le prionsabal na héifeachtachta.
33 I ndáil leis sin, luann an chúirt a rinne an tarchur ar dtús nach iad rialacha an Chóid Tráchtála ach rialacha an Chóid Shibhialta na rialacha maidir le tréimhsí teorann a bhfuil feidhm acu sa chás sna príomhimeachtaí agus gurb iad na rialacha sin na seanrialacha maidir le tréimhsí teorann atá ábhartha sa chás seo. Faoi Mhír 620(1) den Chód Sibhialta, áfach, tosaíonn an tréimhse theorann trí bliana a luaithe atá céannacht an tsáraitheora agus an díobháil a bhain don pháirtí díobhálaithe ar eolas aige, nó a fhéadfadh sin a bheith ar eolas aige. Maidir leis an gcoinníoll a bhaineann le bheith ar an eolas go ndearnadh damáiste mar gheall ar an sárú atá i gceist, is léir ón léiriú ar Mhír 620(1) den Chód Sibhialta a rinne an Nejvyšší soud (an Chúirt Uachtarach, Poblacht na Seice) gur leor a bheith ar an eolas faoi dhamáiste páirteach chun go rithfidh an tréimhse theorann. Go háirithe i gcás sáruithe leanúnacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, tá an damáiste inroinnte sa chaoi gur féidir gach ‘teagmhas nua díobhála’ a agairt ar leithligh agus cuirtear tús le tréimhse theorann nua leis sin.
34 De réir na cúirte a rinne an tarchur, léiríonn an méid sin, sa chás seo, go mbeadh tréimhse theorann nua agus ar leithligh tosaithe le gach cuardach ginearálta a dhéantar ar shuíomh Google ónar léiríodh suíomh agus taispeáint torthaí atá níos fabhraí do sheirbhís comparáide praghsanna Google.
35 Sa cheathrú háit agus ar deireadh, tugann an chúirt sin faoi deara, ionas go dtosóidh an tréimhse theorann, nach gceanglaítear leis an gCód Sibhialta go mbeadh a fhios ag an bpáirtí díobhálaithe gur sárú ar dhlí na hiomaíochta é an t‑iompar i dtrácht. Ní cheanglaítear leis an gCód sin ach an oiread go mbeidh deireadh tagtha leis an sárú. Ar deireadh, níl rialacha sa Chód sin lena gceanglaítear an tréimhse theorann a fhionraí nó a bhriseadh le linn an imscrúdaithe a bhaineann leis an iompar sin.
36 Sna himthosca sin, chinn Městský soud v Praze (Cúirt Chathrach Phrág) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
‘1. An gcaithfear Airteagal 21(1) de [Threoir 2014/104] agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi go mbeidh feidhm ag Treoir 2014/104, go háirithe Airteagal 10 di, go díreach nó go hindíreach, maidir le díospóid lena lorgaítear cúiteamh i ndáil leis an díobháil go léir a rinneadh de dheasca sárú ar Airteagal 102 CFAE, a thosaigh roimh an dáta a tháinig Treoir 2014/104 i bhfeidhm agus ar tháinig deireadh leis tar éis dhul in éag an spriocdháta chun an Treoir sin a thrasuí, i gcás inar taisceadh freisin an chaingean le haghaidh damáistí tar éis dhul in éag na tréimhse don trasuí, nó sa chaoi nach mbeidh feidhm ag Airteagal 10 de Threoir 2014/104 ach amháin maidir leis an gcuid sin den iompar (agus an chuid den díobháil a thagann as sin) a tharla tar éis an dáta a tháinig Treoir 2014/104 i bhfeidhm, de réir mar a bheidh, tar éis dhul in éag an spriocdháta chun [an Treoir sin] a thrasuí?
(2) An gceanglaítear le brí agus cuspóir Threoir 2014/104 agus/nó Airteagal 102 CFAE agus prionsabal na héifeachtachta Airteagal 22(2) de Threoir 2014/104 a léiriú ionas gurb iad “na bearta náisiúnta arna nglacadh de bhun Airteagal 21, seachas na bearta dá dtagraítear in [Airteagal 22][(1)]” na forálacha sin den reachtaíocht náisiúnta trínar trasuíodh Airteagal 10 de Threoir 2014/104, is é sin le rá, an dtagann Airteagal 10 de Threoir 2014/104 agus na rialacha maidir le tréimhsí teorann faoi Airteagal 22(1) nó (2) de Threoir 2014/104?
(3) An bhfuil an reachtaíocht náisiúnta agus a léiriú i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Threoir 2014/104 agus/nó le hAirteagal 102 CFAE agus le prionsabal na héifeachtachta má nascann sí “eolas ar an bhfíoras go ndearnadh díobháil” – atá ábhartha do thús na tréimhse teorann suibiachtúla – le feasacht an pháirtí díobhálaithe “i dtaobh díobháil pháirteach [teagmhais de dhíobháil] aonair”, a tharlaíonn le himeacht ama le linn sárú leanúnach ar an dlí iomaíochta (mar go bhfuil cásdlí bunaithe ar an toimhde go bhfuil an t‑éileamh atá i gceist ar chúiteamh i leith díobhála, ina iomláine, inroinnte), ar díobháil pháirteach í lena gcuirtear tús le tréimhsí teorann neamhspleácha, beag beann air an raibh an páirtí díobhálaithe sin ar an eolas faoin sárú iomlán ar Airteagal 102 CFAE, eadhon reachtaíocht náisiúnta agus an léiriú a thugtar uirthi lena gceadaítear go dtosóidh an tréimhse theorann don cheart chun cúitimh i leith na díobhála de dheasca an iompair fhrithiomaíoch tráth a chuirtear deireadh leis an iompar arb é a sheirbhís comparáide praghsanna a chur chun tosaigh, de shárú ar Airteagal 102 CFAE?
(4) An gcuireann Airteagal 10(2), (3) agus (4) de Threoir 2014/104 agus/nó Airteagal 102 CFAE agus prionsabal na héifeachtachta bac ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear gur trí bliana a bheidh i dtréimhse theorann shuibiachtúil, i gcás caingne le haghaidh damáistí, agus go gcuirfear tús léi an lá a bhí an páirtí díobhálaithe ar an eolas nó a bhféadfadh sé a bheith ar an eolas faoi pháirtdíobháil agus faoi chéannacht an duine a cheanglaítear air a chúiteamh, ach nach gcuirtear san áireamh léi (i) an pointe a tháinig deireadh leis an iompar neamhdhleathach; (ii) eolas an pháirtí dhíobhálaithe gurb ionann an t‑iompar agus sárú ar na rialacha iomaíochta agus, ag an am céanna (iii) nach gcuireann an tréimhse theorann trí bliana sin ar fionraí agus nach mbristear í le linn na n‑imeachtaí os comhair an Choimisiúin maidir leis an sárú leanúnach ar Airteagal 102 CFAE; agus (iv) níl riail ann go dtiocfaidh deireadh le fionraí na tréimhse teorann tráth nach luaithe ná bliain amháin tar éis don chinneadh maidir leis an sárú a bheith críochnaitheach?’
Forbairtí i ndiaidh an ordaithe tarchuir agus an nós imeachta os comhair na Cúirte
37 Lena breithiúnas an 10 Samhain 2021, Google agus Alphabet v an Coimisiún (Google Shopping) (T‑612/17, EU:T:2021:763), dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta go bunúsach don chaingean arna tabhairt ag Google agus Alphabet i gcoinne Chinneadh C(2017) 4444 final trí anailís an Choimisiúin a fhormhuiniú a mhéid a bhaineann leis an margadh cuardaigh speisialaithe le haghaidh comparáid a dhéanamh idir táirgí. Mar sin féin, a mhéid a bhaineann le margaí náisiúnta cuardaigh ghinearálta, mheas an Chúirt Ghinearálta go raibh an Coimisiún ag brath ar bhreithnithe nach raibh beacht a ndóthain chun a léiriú go raibh éifeachtaí frithiomaíocha ann, fiú éifeachtaí féideartha, agus gur cheart glacadh leis an tsaincheist ó Google agus Alphabet bunaithe ar chineál tuairimeach amháin na hanailíse ar na héifeachtaí i ndáil leis na margaí sin. Dá réir sin, chuir an Chúirt Ghinearálta an cinneadh sin ar neamhní a mhéid amháin a chinn an Coimisiún go ndearna Google agus Alphabet sárú i 13 mhargadh náisiúnta don chuardach ginearálta laistigh de LEE ar bhonn éifeachtaí frithiomaíocha a bheith sna margaí sin agus dhiúltaigh sí don chuid eile den chaingean.
38 An 20 Eanáir 2022, rinne Google agus Alphabet achomharc i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Samhain 2021, Google agus Alphabet v an Coimisiún (Google Shopping) (T‑612/17, EU:T:2021:763). Tá an t‑achomharc sin fós ar feitheamh.
39 An 22 Meitheamh 2022, thug an Chúirt an breithiúnas in Volvo agus DAF Trucks (C‑267/20, EU:C:2022:494), inar thug sí rialú, inter alia, maidir le nádúr Airteagal 10 de Threoir 2014/104 agus maidir le hinfheidhmeacht na forála sin ó thaobh ama de.
40 Le litir an 28 Meitheamh 2022, sheirbheáil an Chúirt an breithiúnas sin ar an gcúirt a rinne an tarchur agus d’iarr sí ar an gcúirt sin, i bhfianaise an bhreithiúnais sin, ar mhian léi a hiarraidh ar réamhrialú a choimeád ar bun.
41 Trí theachtaireacht i scríbhinn a fuarthas ag an gCúirt an 27 Meán Fómhair 2022, chuir an chúirt a rinne an tarchur in iúl don Chúirt go raibh an chéad agus an dara ceist dá tarchur chun réamhrialú á dtarraingt siar aici ach gur choimeád sí a tríú agus a ceathrú ceist.
Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú
42 Leis an tríú ceist agus leis an gceathrú ceist, arb iomchuí iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 10 de Threoir 2014/104 agus/nó Airteagal 102 CFAE agus prionsabal na héifeachtachta le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta, mar a léiríonn na cúirteanna náisiúnta inniúla í, lena bhforáiltear do thréimhse theorann trí bliana is infheidhme maidir le caingne le haghaidh damáistí i leith sáruithe leanúnacha ar rialacha dhlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh, ar tréimhse í:
– a thosaíonn, go neamhspleách agus ar leithligh le haghaidh gach damáiste pháirtigh de thoradh sárú den sórt sin, ón tráth a bheidh an páirtí díobhálaithe ar an eolas nó a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta go mbeadh sé ar an eolas gur bhain díobháil pháirteach den sórt sin dó, mar aon le céannacht an duine a cheanglaítear air an damáiste sin a chúiteamh, gan an páirtí díobhálaithe a bheith ar an eolas gur sárú ar rialacha na hiomaíochta atá san iompar agus gan deireadh a bheith tagtha leis an sárú sin,
– nach féidir a chur ar fionraí ná a bhriseadh le linn imscrúdú an Choimisiúin maidir le sárú den sórt sin, agus
– nach féidir a chur ar fionraí ach an oiread, ar a laghad ar feadh bliain amháin tar éis an dáta a thiocfaidh an cinneadh ón gCoimisiún maidir leis an sárú sin chun bheith críochnaitheach.
43 Léiríonn an méid a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil go bhfuil an chúirt sin ag iarraidh a chinneadh inter alia an féidir le Heureka, lena chaingean a taisceadh an 26 Meitheamh 2020, a mheasann go ndearnadh damáiste dó mar gheall ar mhí-úsáid ceannasachta ar thaobh Google ar an margadh ábhartha i bPoblacht na Seice idir Feabhra 2013 agus an 27 Meitheamh 2017 agus arna chinneadh ag cinneadh ón gCoimisiún nach bhfuil tagtha chun bheith críochnaitheach go fóill, cúiteamh an damáiste a rinneadh le linn na tréimhse sin a iarraidh nó an bhfuil cosc ama ar a cheart chun cúitimh le haghaidh cuid den tréimhse sin.
44 I ndáil leis sin, luann an chúirt a rinne an tarchur, sular trasuíodh Treoir 2014/104 le Dlí Uimh. 262/2017, nár cheangail Mír 620(1) den Chód Sibhialta an túsphointe don tréimhse theorann, a socraíodh ag trí bliana le hAirteagal 629(1) den Chód sin, ach leis an damáiste sin agus déantóir an damáiste sin a bheith ar eolas. Rinneadh na forálacha sin a léiriú sa chaoi go raibh an damáiste go léir a thagann chun cinn le linn sárú leanúnach ar dhlí na hiomaíochta inroinnte i dteagmhais pháirteacha díobhála agus gur thosaigh tréimhse theorann ar leith ag baint le gach teagmhas páirteach díobhála. Dá bhrí sin, cuireadh cosc ama ar an gceart chun cúitimh ag pointí ama ar leith agus de réir a chéile.
45 Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, thairis sin, gur thosaigh an sárú atá i gceist sa chás seo roimh an 25 Nollaig 2014, dáta theacht i bhfeidhm Threoir 2014/104, ach nár tháinig deireadh leis go dtí i ndiaidh an 27 Nollaig 2016, an dáta a chuaigh an spriocdháta dá bhforáiltear in Airteagal 21 den Treoir sin in éag. Mar sin féin, ós rud é gur trasuíodh an Treoir sin i ndlíchóras na Seice go déanach, is cosúil gur tháinig deireadh leis an sárú sin roimh dháta theacht i bhfeidhm Dhlí Uimh. 262/2017, eadhon an 1 Meán Fómhair 2017. Os a choinne sin, tionscnaíodh an chaingean sna príomhimeachtaí i ndiaidh an dáta sin.
46 Sna coinníollacha sin, is gá, chun an tríú ceist agus an ceathrú ceist a fhreagairt, infheidhmeacht Airteagal 10 de Threoir 2014/104 ó thaobh ama de a fhíorú ar dtús, dá dtagraíonn na ceisteanna sin agus lena leagtar síos ceanglais áirithe i dtaca leis an tréimhse theorann is infheidhme maidir le caingne le haghaidh damáistí i leith sáruithe ar dhlí na hiomaíochta, trína chinneadh, go sonrach, fad íosta na tréimhse sin agus an tráth is luaithe a fhéadfaidh an tréimhse sin tosú chomh maith leis na himthosca ina mbeidh sé le cur ar fionraí nó le briseadh.
47 I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara gur foráil shubstainteach é Airteagal 10 de Threoir 2014/104 de réir bhrí Airteagal 22(1) den Treoir sin. De bhun na forála sin, ní mór do na Ballstáit féachaint chuige nach mbeidh feidhm go cúlghabhálach ag na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Airteagal 21 den Treoir sin chun forálacha substaintiúla na Treorach sin a chomhlíonadh (breithiúnas an 22 Meitheamh 2022, Volvo agus DAF Trucks, C‑267/20, EU:C:2022:494, míreanna 36 agus 47).
48 Mar sin féin, ní mór a thabhairt faoi deara, ón tráth a théann an spriocdháta chun treoir a thrasuí in éag, ní mór an dlí naisiúnta a léiriú ar bhealach atá i gcomhréir le haon fhoráil den treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 4 Iúil 2006, Adeneler agus páirtithe eile, C‑212/04, EU:C:2006:443, mír 115 agus an 22 Meitheamh 2022, Volvo agus DAF Trucks, C-267/20, EU:C:2022:494, míreanna 33 agus 77).
49 Dá bhrí sin, chun infheidhmeacht ama Airteagal 10 de Threoir 2014/104 a chinneadh, is gá a fháil amach ar tháinig an staid atá i dtrácht sna príomhimeachtaí chun cinn roimh dhul in éag an spriocdháta chun an Treoir sin a thrasuí nó an bhfuil éifeachtaí fós aici tar éis don spriocdháta sin dul in éag (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2022, Volvo agus DAF Trucks, C‑267/20, EU:C:2022:494, mír 48).
50 Chuige sin, i bhfianaise shaintréithe na rialacha maidir le tréimhsí teorann, i bhfianaise a gcineáil agus a sásra feidhmithe, go háirithe i gcomhthéacs caingean le haghaidh damáistí i leith sárú ar dhlí na hiomaíochta, ní mór a fháil amach, ar dhul in éag an spriocdháta chun Treoir 2014/104 a thrasuí, eadhon an 27 Nollaig 2016, an raibh an tréimhse theorann arna socrú ag an dlí náisiúnta, is infheidhme sa chás atá i dtrácht sna príomhimeachtaí go dtí an dáta sin, imithe in éag, rud a chiallaíonn gur gá an tráth a thosaigh an tréimhse theorann faoin dlí sin a chinneadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2022, Volvo agus DAF Trucks, C‑267/20, EU:C:2022:494, mír 49).
51 In éagmais reachtaíocht an Aontais ar an ábhar sin go dtí dáta dhul in éag an spriocdháta chun Treoir 2014/104 a thrasuí, is faoi dhlíchóras gach Ballstáit atá sé na rialacha maidir le cur i bhfeidhm an chirt chun cúitimh as an damáiste a leanann ó shárú ar Airteagail 101 agus 102 CFAE a leagan síos, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann le tréimhsí teorann, ar choinníoll gur urramaíodh prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta, agus ceanglaítear leis an bprionsabal deireanach sin nach bhfágfaidh na rialacha is infheidhme maidir le caingne atá beartaithe chun cearta atá ag daoine aonair faoi éifeacht dhíreach dhlí an Aontais a áirithiú go mbeidh sé nach mór dodheánta nó ródheacair na cearta a dheonaítear le dlíchóras an Aontais a fheidhmiú (féach, chuige sin, breithiúnais an 28 Márta 2019, Cogeco Communications, C‑637/17, EU:C:2019:263, míreanna 42 agus 43, agus an 22 Meitheamh 2022, Volvo agus DAF Trucks, C‑267/20, EU:C:2022:494, mír 50).
52 I ndáil leis sin, leanann sé ón bprionsabal deireanach sin, fiú roimh dhul in éag an spriocdháta chun Treoir 2014/104 a thrasuí, go raibh reachtaíocht náisiúnta lena socraítear an dáta a thosaigh an tréimhse theorann, fad na tréimhse agus na bealaí inar féidir an tréimhse sin a chur ar fionraí nó a bhriseadh le cur in oiriúint do shainghnéithe dhlí na hiomaíochta agus cuspóirí cur chun feidhme an dlí sin ag na daoine lena mbaineann, ionas nach gcuirfí ó mhaith lán‑éifeachtacht Airteagail 101 agus 102 CFAE (féach, chuige sin, breithiúnais an 28 Márta 2019, Cogeco Communications, C‑637/17, EU:C:2019:263, mír 47, agus an 22 Meitheamh 2022, Volvo agus DAF Trucks, C‑267/20, EU:C:2022:494, mír 53).
53 Sa chomhthéacs sin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil éifeachtaí díreacha ag Airteagal 102 CFAE sna caidrimh idir daoine aonair agus go gcruthaíonn sé cearta do dhaoine aonair, ar cearta iad nach mór do na cúirteanna náisiúnta a chosaint (breithiúnas an 28 Márta 2019, Cogeco Communications, C‑637/17, EU:C:2019:263, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).
54 Chuirfí as do lán‑éifeachtacht Airteagal 102 CFAE agus, go sonrach, d’éifeachtacht an toirmisc a leagtar síos san Airteagal sin, go háirithe, dá mba rud é, mar gheall ar reachtaíocht náisiúnta lena socraítear an dáta a thosaíonn an tréimhse theorann, fad na tréimhse sin agus na rialacha maidir leis an tréimhse sin a chur ar fionraí nó a bhriseadh go mbeadh sé nach mór dodhéanta nó ródheacair ar dhuine cúiteamh a lorg as damáiste a bhain dó mar gheall ar iompar frithiomaíoch gnóthais cheannasaigh a d’fhéadfadh an iomaíocht a shrianadh nó a shaobhadh. Go deimhin, neartaíonn an ceart atá ag gach duine cúiteamh a iarraidh as damáiste den sórt sin, cineál oibríochtúil rialacha iomaíochta an Aontais agus tá sé de chineál go ndéantar mí-úsáid ceannasachta lena bhféadfaí an iomaíocht a shrianadh nó a shaobhadh a dhíspreagadh, trí rannchuidiú le hiomaíocht éifeachtach san Aontas Eorpach a choimeád ar bun ar an gcaoi sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Márta 2019, Cogeco Communications, C‑637/17, EU:C:2019:263, míreanna 39 agus 41 agus an cásdlí dá dtagraítear).
55 Is léir ón gcásdlí go bhfágfaí go mbeadh sé nach mór dodhéanta nó ródheacair an ceart sin a fheidhmiú dá dtosódh na tréimhsí teorann is infheidhme maidir le caingne le haghaidh damáiste i leith sáruithe ar fhorálacha dhlí na hiomaíochta sular tháinig deireadh leis an sárú agus sula raibh an páirtí díobhálaithe ar an eolas nó go bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta go raibh an fhaisnéis riachtanach chun a chaingean le haghaidh damáistí a thionscnamh ar eolas aige (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2022, Volvo agus DAF Trucks, C‑267/20, EU:C:2022:494, míreanna 56, 57 agus 61).
56 Maidir leis an gcéad choinníoll a bhaineann le deireadh a bheith tagtha leis an sárú, ní mór a thabhairt faoi deara, sa chéad áit, gur léir ó chásdlí socair na Cúirte gur gá, chun caingean le haghaidh damáistí i leith sárú ar dhlí iomaíochta an Aontais, i bprionsabal, anailís fhíorasach agus eacnamaíoch chasta a dhéanamh (breithiúnas an 22 Meitheamh 2022, Volvo agus DAF Trucks, C‑267/20, EU:C:2022:494, mír 54 agus an cásdlí dá dtagraítear).
57 Sna díospóidí a bhaineann le sáruithe ar rialacha dhlí na hiomaíochta, áfach, bíonn éagothroime faisnéise chun dochair don pháirtí díobhálaithe, a fhágann go mbíonn sé níos deacra ar an bpáirtí sin an fhaisnéis sin a fháil ná mar atá ar na húdaráis iomaíochta an fhaisnéis is gá a fháil chun a gcumhachtaí i dtaobh chur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta a fheidhmiú (breithiúnas an 22 Meitheamh 2022, Volvo agus DAF Trucks, C‑267/20, EU:C:2022:494, mír 55).
58 Thairis sin, is minic a bhíonn sé an‑deacair ar an bpáirtí díobhálaithe a léiriú gurb ann do shárú den sórt sin agus méid an tsáraithe sin a léiriú, mar aon leis an díobháil a leanann as sula dtagann deireadh leis an sárú sin.
59 Sna coinníollacha sin, is gá an ceanglas nach bhféadfaidh an tréimhse theorann tosú sula dtagann deireadh leis an sárú lena mbaineann chun a chur ar chumas an pháirtí dhíobhálaithe an sárú féin agus a raon fheidhme agus a fhad agus méid an damáiste mar gheall ar an sárú agus an nasc cúisíoch idir an damáiste agus an sárú sin a shainaithint agus a léiriú agus a bheith in ann a cheart chun cúiteamh iomlán a lorg a fheidhmiú go héifeachtach, de bhun Airteagail 101 agus 102 CFAE.
60 Go sonrach, i bhfianaise a chasta atá sé an díobháil a chainníochtú i gcásanna a bhaineann le dlí na hiomaíochta i gcás ina bhfuil an sárú fós ar siúl, dá gceanglófaí ar pháirtí díobhálaithe méid an chúitimh arna éileamh a mhéadú de réir a chéile i gcomhréir leis na damáistí breise a eascraíonn ón sárú sin, d’fhágfaí go mbeadh sé nach mór dodhéanta nó ródheacair an ceart chun cúitimh iomláin a fheidhmiú.
61 Sa dara háit, ní mór a thabhairt faoi deara, ar aon dul le cur chun feidhme rialacha iomaíochta an Aontais Eorpaigh ag na húdaráis phoiblí (public enforcement), go bhfuil caingne le haghaidh damáistí i leith sárú ar na rialacha sin (private enforcement) mar chuid dhílis de chóras chur chun feidhme na rialacha sin, atá beartaithe chun iompar frithiomaíoch na ngnóthas a chosc agus na gnóthais sin a dhíspreagadh ó dhul i mbun iompar den sórt sin (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Sumal, C‑882/19, EU:C:2021:800, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).
62 I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, d’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar rialacha maidir le tréimhsí teorann lena bhforáiltear do thréimhse theorann trí bliana a bhfuil an dies a quo roimh dheireadh an tsáraithe aonair agus leanúnaigh agus nach féidir a chur ar fionraí ná a bhriseadh le linn imscrúdú an Choimisiúin go rachadh an tréimhse theorann sin in éag i bhfad roimh chinneadh an Choimisiúin lena gcinntear go bhfuil an sárú sin ann, rud a dhéanfadh difear go díreach d’fhéidearthacht an duine díobhálaithe caingean le haghaidh damáistí a thionscnamh i ndiaidh an chinnidh sin (follow-on damages action) agus, dá réir sin, bheadh siad de chineál go bhfágtar go bhfuil feidhmiú a chirt chun cúiteamh iomlán a lorg ródheacair. Go ginearálta, in éagmais cinneadh ón gCoimisiún nó údarás náisiúnta, bíonn sé deacair ar an duine sin a chruthú gur sáraíodh Airteagal 101(1) nó Airteagal 102 CFAE.
63 Ar an dara dul síos, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 118 dá Tuairim, féadfaidh éifeacht dhíspreagtha a bheith ag an gcoinníoll riachtanach go mbeidh deireadh tagtha leis an sárú chun go dtosóidh an tréimhse theorann agus féadfaidh sé go gcuirfidh déantóir an tsáraithe sin deireadh leis an sárú sin níos luaithe mar gheall air sin. Ní hamhlaidh atá i gcás rialacha, chun críoch caingean le haghaidh damáistí i leith sárú ar dhlí na hiomaíochta, nach gcuireann an coinníoll sin san áireamh, ach lenar féidir an tréimhse theorann a bhriseadh síos i roinnt dies a quo leantacha agus, dá bhrí sin, na tréimhsí teorann do chuid áirithe den damáiste arna dhéanamh ag an sárú lena mbaineann dul in éag le haghaidh cuid den damáiste arna déanamh ag an sárú lena mbaineann.
64 Maidir leis an dara coinníoll, mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 55 den bhreithiúnas seo, nach mór é a chomhlíonadh chun go dtosóidh an tréimhse theorann, eadhon go bhfuil an fhaisnéis atá riachtanach chun caingean le haghaidh damáistí i leith sárú ar rialacha dhlí na hiomaíochta a thionscnamh ar eolas ag an bpáirtí díobhálaithe, ní mór a thabhairt faoi deara go n‑áirítear ar an bhfaisnéis sin gurb ann do shárú ar dhlí na hiomaíochta, gurb ann do dhíobháil, go bhfuil nasc cúisíoch idir an díobháil agus an sárú sin agus céannacht dhéantóir na díobhála sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2022, Volvo agus DAF Trucks, C‑267/20, EU:C:2022:494, mír 60).
65 In éagmais faisnéis den sórt sin, tá sé thar a bheith deacair, mura bhfuil sé dodhéanta don páirtí díobhálaithe cúiteamh a fháil ar an damáiste a bhain dó mar gheall ar an sárú sin.
66 I ndáil leis sin, is faoin gcúirt náisiúnta a bhfuil an chaingean le haghaidh damáistí faoina bráid atá sé an tráth a chinneadh ónar féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go raibh an fhaisnéis sin ar eolas ag an bpáirtí díobhálaithe. Ní mór a thabhairt faoi deara gurb í an chúirt náisiúnta amháin atá inniúil chun na fíorais sa díospóid sna príomhimeachtaí a chinneadh agus a mheas (féach, chuige sin, breithiúnas an 31 Eanáir 2023, Puig Gordi agus páirtithe eile, C‑158/21, EU:C:2023:57, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear). Bíodh sin mar atá, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, agus í ag rialú ar tharchur chun réamhrialú tuilleadh sonraí a thabhairt chun treoir a chur ar fáil don chúirt sin sa scrúdú.
67 Dá réir sin, is léir ón gcásdlí sin, i bprionsabal, gurb ionann an tráth sin agus dáta foilsithe achoimre den chinneadh ón gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (féach, chuige sin, breithiúnas 22 Meitheamh 2022, Volvo agus DAF Trucks, C‑267/20, EU:C:2022:494, mír 71).
68 Ar an gcéad dul síos, trí ghníomh ó institiúid an Aontais a fhoilsiú i ngach teanga in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, áirithítear go bhféadfaidh daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha teacht air (féach, chuige sin, ordú an 6 Márta 2023 Deutsche Bank (Comhaontú – Táirgí díorthaithe den ráta úis in euro), C‑198/22 agus C‑199/22, EU:C:2023:166, mír 49 agus an cásdlí dá dtagraítear).
69 Ar an dara dul síos, i gcomhthéacs caingne maidir le dliteanas arna dtabhairt i ndiaidh cinneadh críochnaitheach ón gCoimisiún, má tá ceangal le gné oibiachtúil amhail foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh d’achoimre den chinneadh sin, rachaidh sin chun leas na deimhneachta dlíthiúla a mhéid a fhágann sin gur féidir a léiriú, a mhéid a bhfuil deireadh tagtha leis an sárú, i bprionsabal, cathain a thosaigh an tréimhse theorann, ar thaobh na ngnóthas a bhí páirteach sa chomhaontú agus na ndaoine díobhálaithe araon (féach, chuige sin, ordú an 6 Márta 2023 Deutsche Bank (Comhaontú – Táirgí díorthaithe den ráta úis in euro), C‑198/22 agus C‑199/22, EU:C:2023:166, mír 48).
70 Bíodh sin mar atá, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfaidh an fhaisnéis riachtanach chun caingean le haghaidh damáistí de thoradh sárú ar dhlí na hiomaíochta a thionscnamh a bheith ar eolas ag an bpáirtí díobhálaithe i bhfad roimh achoimre de chinneadh ón gCoimisiún a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (ordú an 6 Márta 2023, Deutsche Bank (Comhaontú – Táirgí díorthaithe den ráta úis in euro), C‑198/22 agus C‑199/22, EU:C:2023:166, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear).
71 Mar sin féin, is faoin duine a dtionscnaítear an chaingean le haghaidh damáistí ina choinne atá sé a léiriú gurb amhlaidh an cás.
72 Sa chás seo, tá ceist ann fós cad iad na héifeachtaí maidir le dies a quo na tréimhse teorann a bheadh ag achoimre den chinneadh ón gCoimisiún a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nach bhfuil tagtha chun bheith críochnaitheach go fóill, lena gcinntear go ndearnadh sárú ar dhlí na hiomaíochta. Murab ionann agus na cásanna inar tugadh breithiúnas an 22 Meitheamh 2022,
Volvo agus DAF Trucks (C‑267/20, EU:C:2022:494), agus ordú an 6 Márta 2023, Deutsche Bank (Comhaontú – Táirgí díorthaithe ón ráta úis in euro) (C‑198/22 agus C‑199/22, EU:C:2023:166), ina raibh na cinntí ón gCoimisiún tagtha chun bheith críochnaitheach, sa chás seo, mar is léir ó mhíreanna 37 agus 38 den bhreithiúnas seo, níl Cinneadh C(2017) 4444 final tagtha chun bheith críochnaitheach. Rinne Google agus Alphabet an cinneadh sin a chonspóid os comhair na Cúirte Ginearálta agus thug na cuideachtaí sin achomharc i gcoinne an bhreithiúnais a thug an Chúirt Ghinearálta, nár ghlac leis an gcaingean sin ach go páirteach, achomharc atá fós ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais.
73 I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil toimhde ann go bhfuil bearta institiúidí an Aontais Eorpaigh dleathach agus dá réir sin tá éifeachtaí dlíthiúla acu go dtí go ndéanfar iad a neamhniú nó a tharraingt siar (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Deireadh Fómhair 2004, an Coimisiún v an Ghréig, C‑475/01, EU:C:2004:585, mír 18 agus an cásdlí dá dtagraítear). Fágann an prionsabal sin freisin go bhfuil oibleagáid ar gach duine atá faoi réir dhlí an Aontais a aithint go bhfuil na bearta sin go hiomlán éifeachtach fad nár dhearbhaigh an Chúirt iad a bheith neamhbhailí agus a n‑infhorfheidhmitheacht a aithint mura rud é go bhfuil cinneadh déanta ag an gCúirt oibriú na mbeart sin a chur ar fionraí (féach, chuige sin, breithiúnais an 7 Meitheamh 1988, an Coimisiún v an Ghréig, 63/87, EU:C:1988:285, mír 10, agus an 21 Meán Fómhair 1989, Hoechst v an Coimisiún, 46/87 agus 227/88, EU:C:1989:337, mír 64).
74 Go sonrach, i gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 16(1) de Rialachán Uimh. 1/2003, nuair a thugann na cúirteanna náisiúnta rialú ar chomhaontuithe, cinntí nó cleachtais faoi Airteagal 101 nó 102 CFAE atá faoi réir cinneadh ón gCoimisiún cheana féin, ní féidir leo cinntí a dhéanamh a thagann salach ar an gcinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún. Ní cheanglaítear le hAirteagal 16(1) go mbeidh an cinneadh ón gCoimisiún tagtha chun bheith críochnaitheach chun go mbeidh ar an gcúirt náisiúnta cloí leis. Tá Airteagal 16 éagsúil le hAirteagal 9 de Threoir 2014/104, lena dtugtar luach cruthúnais do chinntí na n‑údarás iomaíochta náisiúnta i gcás inar cinntí críochnaitheacha na cinntí sin, agus sa chás sin amháin. Tá údar leis an difríocht sin idir an dá fhoráil sin mar gheall ar chineál ceangailteach na gcinntí a thugann institiúidí an Aontais Eorpaigh.
75 Is fíor gur mheas an Chúirt, i mír 42 de bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Sumal (C‑882/19, EU:C:2021:800), go bunúsach, chun a chinneadh go bhfuil aon eintiteas dlíthiúil in aonad eacnamaíoch faoi dhliteanas, ní mór don sárú ar na rialacha iomaíochta lena mbaineann a bheith cinnte i gcinneadh ón gCoimisiún atá tagtha chun bheith críochnaitheach nó a bheith cinnte go neamhspleách os comhair na cúirte náisiúnta lena mbaineann i gcás nár ghlac an Coimisiún aon chinneadh maidir le sárú (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Sumal, C‑882/19, EU:C:2021:800, mír 42). Ní bhaineann na breithnithe sin ach leis an dá chás is follasaí inar féidir caingean le haghaidh damáistí a thabhairt.
76 Sa chás seo, contrártha leis an díospóid inar tugadh breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Sumal (C‑882/19, EU:C:2021:800), a bhain le cinneadh críochnaitheach ón gCoimisiún, tugadh an chaingean le haghaidh damáistí sna príomhimeachtaí i ndiaidh cinneadh ón gCoimisiún nach bhfuil tagtha chun bheith críochnaitheach toisc gur tugadh caingean le haghaidh neamhniú ina choinne os comhair na Cúirte Ginearálta a bhfuil a breithiúnas faoi achomharc os comhair na Cúirte Breithiúnais.
77 Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 54 agus 62 dá Tuairim, tá éifeacht cheangailteach ag cinneadh ón gCoimisiún nach bhfuil tagtha chun bheith críochnaitheach cheana, inar chinn an Coimisiún go ndearnadh sárú ar dhlí na hiomaíochta, a mhéid nár cuireadh an cinneadh sin ar neamhní agus is faoin gcúirt náisiúnta atá sé éifeacht chuí a thabhairt don mhéid sin sna himeachtaí atá os a comhair. Féadfaidh an páirtí díobhálaithe brath ar na cinntí i gcinneadh den sórt sin chun tacú lena chaingean le haghaidh damáistí.
78 Dá bhrí sin, cibé acu an bhfuil an cinneadh ón gCoimisiún tagtha chun bheith críochnaitheach nó nach bhfuil, ó fhoilsiú na hachoimre den chinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus a mhéid atá deireadh tagtha leis an sárú, i bprionsabal, féadfar a bheith ag súil leis go réasúnta go bhfuil an fhaisnéis riachtanach go léir ag an bpáirtí díobhálaithe chun a chaingean le haghaidh damáistí a thionscnamh laistigh de thréimhse réasúnta, lena n‑áirítear an fhaisnéis is gá chun méid aon dochair a bhain dó mar gheall ar an sárú lena mbaineann a dhéanamh amach. Fágann an foilsiú sin, go ginearálta, gur féidir a chinneadh go bhfuil sárú ann. Thairis sin, féadfaidh an páirtí díobhálaithe méid na díobhála féideartha mar gheall ar an sárú sin a dhéanamh amach ar bhonn an chinnidh sin agus na faisnéise atá ar fáil dó.
79 Maidir leis an gceist an gceanglaítear le hAirteagal 102 CFAE agus le prionsabal na héifeachtachta go gcuirfear ar fionraí nó go mbrisfear an tréimhse theorann ar feadh thréimhse imscrúdaithe an Choimisiúin, ní mór a thabhairt faoi deara, mar is léir ó mhír 62 den bhreithiúnas seo, go bhféadfadh tréimhse theorann trí bliana a thosaíonn roimh dheireadh an tsáraithe aonair agus leanúnaigh lena mbaineann agus nach féidir a chur ar fionraí nó a bhriseadh le linn imscrúdú an Choimisiúin, dul in éag sula mbeadh nós imeachta an Choimisiúin críochnaithe fiú, rud a d’fhágfadh go mbeadh sé ródheacair nó dodhéanta fiú an ceart chun cúitimh iomláin a fheidhmiú trí chaingean le haghaidh damáistí arna tabhairt i ndiaidh cinneadh ón gCoimisiún. Is gá an tréimhse theorann a chur ar fionraí nó a bhriseadh le linn thréimhse imscrúdaithe an Choimisiúin, i bprionsabal, chun go bhféadfaidh an páirtí díobhálaithe, i ndiaidh an imscrúdaithe sin, a mheas an ndearnadh sárú ar dhlí na hiomaíochta, a bheith ar an eolas faoi mhéid agus fad an tsáraithe agus brath ar an gcinneadh sin i gcaingean le haghaidh damáistí níos déanaí.
80 Os a choinne sin, ós rud é, mar is léir ó mhír 77 den bhreithiúnas seo, go bhféadfaidh páirtí díobhálaithe, mar thaca lena chaingean le haghaidh damáistí, brath ar chinntí i gcinneadh ón gCoimisiún nach bhfuil tagtha chun bheith críochnaitheach, ní mór a chinneadh nach gceanglaítear le hAirteagal 102 CFAE agus le prionsabal na héifeachtachta go leanfaidh an tréimhse theorann de bheith ar fionraí go dtí go dtiocfaidh an cinneadh ón gCoimisiún chun bheith éifeachtach. Thairis sin, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta, go bunúsach, i mír 70 dá Tuairim, cé go bhféadfaidh an chúirt náisiúnta na himeachtaí os a comhair a chur ar fionraí go dtí go mbeidh an cinneadh ón gCoimisiún tagtha chun bheith críochnaitheach, nuair a mheasann sí gurb iomchuí sin i gcás faoi leith, ní cheanglaítear ar an gcúirt náisiúnta é sin a dhéanamh fad nach n‑imíonn sí ón gcinneadh sin.
81 I bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach i míreanna 51 go 80 den bhreithiúnas seo, ní mór a chinneadh go bhfágann rialacha maidir le tréimhsí teorann, amhail iad atá i gceist sna príomhimeachtaí, ar dá réir (i) a thosaíonn an tréimhse theorann trí bliana go neamhspleách agus ar leithligh le haghaidh gach damáiste pháirtigh mar gheall ar an sárú lena mbaineann ón tráth a bhíonn an páirtí díobhálaithe ar an eolas nó gur féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go raibh sé ar an eolas gur bhain damáiste páirteach dó agus go raibh céannacht an duine a cheanglaítear air an damáiste sin a chúiteamh ar eolas aige, agus gan gá go bhfuil deireadh tagtha leis an sárú ná go bhfuil an duine sin ar an eolas gur sárú ar rialacha na hiomaíochta atá i gceist agus (ii) nach féidir an tréimhse theorann sin a chur ar fionraí ná a bhriseadh le linn imscrúdú an Choimisiúin a bhaineann le sárú den sórt sin, go bhfuil sé nach mór dodhéanta nó ródheacair an ceart chun cúiteamh a lorg ar an damáiste a bhain dó a fheidhmiú.
82 Dá bhrí sin, is in éagmais na ngnéithe sin de na rialacha maidir le tréimhsí teorann atá ar neamhréir le hAirteagal 102 CFAE agus le prionsabal na héifeachtachta a chaithfear a chinneadh, ar dháta dul in éag an spriocdháta chun Treoir 2014/104 a thrasuí, eadhon an 27 Nollaig 2016, an bhfuil an tréimhse theorann arna socrú leis an dlí náisiúnta, a bhfuil feidhm aici sa chás atá i gceist sna príomhimeachtaí go dtí an dáta sin, imithe in éag.
83 Sa chás seo, foilsíodh an achoimre ar Chinneadh C(2017) 4444 final in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 12 Eanáir 2018 sa chaoi, faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, go bhféadfaí a mheas go réasúnta, ar an dáta sin, go raibh an fhaisnéis riachtanach go léir ag Heureka chun a chaingean le haghaidh damáistí a thabhairt. Má tá sé i gceist ag Google agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin trína áitiú go raibh an fhaisnéis seo ar eolas ag an gcuideachta i bhfad roimh an dáta sin, ní mór dó a léiriú os comhair na cúirte a rinne an tarchur gurb amhlaidh an cás.
84 Is léir, thairis sin, ó Airteagal 1 de Chinneadh C(2017) 4444 final gur thosaigh an sárú atá i gceist sna príomhimeachtaí i mí Feabhra 2013 agus nach raibh deireadh tagtha leis ar dháta glactha an chinnidh sin, eadhon an 27 Meitheamh 2017, agus níor chinn an Coimisiún gur briseadh isteach ar iompar Google le linn na tréimhse sin ach an oiread. Ar deireadh, d’ordaigh an Coimisiún do Google, in Airteagal 3 den chinneadh sin deireadh a chur lena iompar laistigh de thréimhse 90 lá.
85 I ndáil leis sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach i mír 91 dá Tuairim, is ionann an sárú líomhainte agus iompar leanúnach lena saothraítear cuspóir agus aidhm eacnamaíoch aonair, eadhon an suíomh agus an taispeáint níos fabhraí a choimeádann Google ina leathanaigh ghinearálta torthaí cuardaigh dá sheirbhís siopadóireachta comparáide féin d’fhonn trácht chuig an tseirbhís comparáide sin a mhéadú chun aimhleas seirbhísí comparáide siopadóireachta iomaíocha.
86 Sa chomhthéacs sin, gan beann ar an tráth a fhéadfar a mheas go raibh an fhaisnéis riachtanach ag Heureka chun a chaingean le haghaidh damáistí a thionscnamh, cibé acu an é an dáta sin tráth foilsithe na hachoimre ar chinneadh C(2017) 4444 final in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó roimh an dáta sin, ní fhéadfadh an tréimhse theorann tosú roimh an 27 Meitheamh 2017 de bhrí, mar is léir ó Airteagail 1 agus 3 de Chinneadh C(2017) 4444 final, nach raibh deireadh tagtha leis an sárú líomhainte atá i gceist sna príomhimeachtaí ar an dáta deireanach sin. In aon chás, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé an dáta baileach ar tháinig deireadh leis an sárú sin a chinneadh.
87 Dá bhrí sin, ar dháta dhul in éag an spriocdháta chun Treoir 2014/104 a thrasuí, eadhon an 27 Nollaig 2016, ní hamháin nach raibh an tréimhse theorann imithe in éag ach ní raibh sí tosaithe fiú.
88 Dá bhrí sin, ní raibh an staid atá i gceist sna príomhimeachtaí tagtha chun cinn roimh dhul in éag an spriocdháta chun an Treoir sin a thrasuí, sa chaoi go bhfuil feidhm ag Airteagal 10 den Treoir sin ratione temporis sa chás seo. Dá bhrí sin, ní mór an tríú ceist agus an ceathrú ceist a fhreagairt ar bhonn ní hamháin Airteagal 102 CFAE agus prionsabal na héifeachtachta, ach freisin Airteagal 10 de Threoir 2014/104.
89 I ndáil leis sin, is léir ó mhíreanna 51 go 81 den bhreithiúnas seo go bhfuil rialacha maidir le tréimhsí teorann, amhail iad lena mbaineann an tríú agus an ceathrú ceist ar neamhréir le hAirteagal 102 agus le prionsabal na héifeachtachta a mhéid (i) a thosaíonn an tréimhse theorann trí bliana go neamhspleách agus ar leithligh le haghaidh gach damáiste pháirtigh mar gheall ar an sárú lena mbaineann ón tráth a bhíonn an páirtí díobhálaithe ar an eolas nó gur féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go raibh sé ar an eolas gur bhain damáiste páirteach dó agus go raibh céannacht an duine a cheanglaítear air an damáiste sin a chúiteamh ar eolas aige, agus gan gá go bhfuil deireadh tagtha leis an sárú ná go bhfuil an duine sin ar an eolas gur sárú ar rialacha na hiomaíochta atá i gceist agus (ii) nach féidir an tréimhse theorann sin a chur ar fionraí ná a bhriseadh le linn imscrúdú an Choimisiúin a bhaineann le sárú den sórt sin.
90 Thairis sin, is léir ó fhoclaíocht shoiléir Airteagal 10(2) agus (4) de Threoir 2014/104 go bhfuil rialacha den sórt sin ar neamhréir leis freisin.
91 Go sonrach, ceanglaítear leis an dara habairt d’Airteagal 10(4) sin feasta go dtiocfaidh deireadh le fionraíocht tréimhse teorann i ndiaidh gníomh ó údarás iomaíochta chun sárú ar dhlí na hiomaíochta lena mbaineann caingean le haghaidh damáistí a imscrúdú nó a ionchúiseamh tráth nach luaithe ná bliain tar éis an dáta a thiocfaidh an cinneadh go bhfuil sárú ann chun bheith críochnaitheach nó lena gcuirtear deireadh leis an nós imeachta ar bhealach eile.
92 Ní mór a thabhairt faoi deara, de réir cásdlí socair, nach féidir le Treoir oibleagáidí a chruthú aisti féin do dhuine aonair agus nach féidir í a agairt mar sin ina choinne. Go deimhin, dá leathnófaí an fhéidearthacht chun foráil de Threoir nach bhfuil trasuite, nó nach bhfuil trasuite i gceart, chuig réimse na gcaidreamh idir daoine aonair, b’ionann sin agus a aithint go bhfuil sé de chumhacht ag an Aontas Eorpach oibleagáidí a chruthú a bhfuil éifeacht acu láithreach i leith daoine aonair, cé nach bhfuil an inniúlacht sin aici ach sna réimsí ina bhfuil sé de chumhacht aici Rialacháin a ghlacadh (breithiúnas an 22 Meitheamh 2022, Volvo agus DAF Trucks, C‑267/20, EU:C:2022:494, mír 76).
93 Is léir freisin ó chásdlí na Cúirte i gcás díospóid idir daoine aonair, amhail an díospóid atá i gceist sna príomhimeachtaí, go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gcúirt náisiúnta, i gcás inarb iomchuí, an dlí náisiúnta a léiriú, a luaithe a théann an spriocdháta le haghaidh Treoir nach bhfuil trasuite in éag, sa chaoi go mbeidh an staid atá i gceist i gcomhréir le forálacha na Treorach sin láithreach, gan léiriú contra legum ar an dlí náisiúnta a dhéanamh, áfach (breithiúnas an 22 Meitheamh 2022, Volvo agus DAF Trucks, C‑267/20, EU:C:2022:494, mír 77).
94 I bhfianaise an mhéid sin thuas, is é an freagra ar an tríú ceist agus ar an gceathrú ceist nach mór Airteagal 10 de Threoir 2014/104 agus/nó Airteagal 102 CFAE agus prionsabal na héifeachtachta a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta, mar a léiríonn na cúirteanna náisiúnta inniúla í, lena bhforáiltear do thréimhse theorann trí bliana is infheidhme maidir le caingne le haghaidh damáistí i leith sáruithe leanúnacha ar rialacha dhlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh, ar tréimhse í:
– a thosaíonn, go neamhspleách agus ar leithligh le haghaidh gach damáiste pháirtigh de thoradh sárú den sórt sin, ón tráth a bheidh an páirtí díobhálaithe ar an eolas nó a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta go raibh sé ar an eolas gur bhain damáiste páirteach den sórt sin dó, mar aon le céannacht an duine a cheanglaítear air an damáiste sin a leigheas, gan an páirtí díobhálaithe a bheith ar an eolas gur sárú ar rialacha na hiomaíochta atá san iompar agus gan deireadh a bheith tagtha leis an sárú sin, agus
– nach féidir an tréimhse theorann sin a chur ar fionraí ná a bhriseadh le linn imscrúdú an Choimisiúin maidir le sárú den sórt sin.
Thairis sin, cuirtear cosc le hAirteagal 10 de Threoir 2014/104 freisin ar reachtaíocht den sórt sin a mhéid nach bhforáiltear léi don tréimhse theorann a chur ar fionraí, ar a laghad, ar feadh bliain amháin i ndiaidh an dáta a bheidh an cinneadh maidir leis an sárú sin tagtha chun bheith críochnaitheach.
Costais
95 Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:
Maidir le hAirteagal 10 de Threoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le rialacha áirithe lena rialaítear caingne i leith damáistí faoin dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 102 CFAE agus prionsabal na héifeachtachta,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
cuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta, mar a léiríonn na cúirteanna náisiúnta inniúla í, lena bhforáiltear do thréimhse theorann trí bliana is infheidhme maidir le caingne le haghaidh damáistí i leith sáruithe leanúnacha ar rialacha dhlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh, ar tréimhse í:
– a thosaíonn, go neamhspleách agus ar leithligh le haghaidh gach damáiste pháirtigh de thoradh sárú den sórt sin, ón tráth a bheidh an páirtí díobhálaithe ar an eolas nó a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta go raibh sé ar an eolas gur bhain damáiste páirteach den sórt sin dó, mar aon le céannacht an duine a cheanglaítear air an damáiste sin a leigheas, gan an páirtí díobhálaithe a bheith ar an eolas gur sárú ar rialacha na hiomaíochta atá san iompar agus gan deireadh a bheith tagtha leis an sárú sin, agus
– nach féidir an tréimhse theorann sin a chur ar fionraí ná a bhriseadh le linn imscrúdú an Choimisiúin Eorpaigh maidir le sárú den sórt sin.
Thairis sin, cuirtear cosc le hAirteagal 10 de Threoir 2014/104 freisin ar reachtaíocht den sórt sin a mhéid nach bhforáiltear léi don tréimhse theorann a chur ar fionraí ar feadh bliain amháin i ndiaidh an dáta a bheidh an cinneadh maidir leis an sárú sin tagtha chun bheith críochnaitheach.
Sínithe
* Teanga an cháis: an tSeicis.