BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

5 Márta 2024 ( *1 )

(Achomharc – Rochtain ar dhoiciméid institiúidí an Aontais Eorpaigh – Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Airteagal 4(2) – Eisceachtaí – Diúltú rochtana ar dhoiciméad a bhainfeadh an bonn de chosaint leasanna tráchtála, lena n‑áirítear maoin intleachtúil, duine nádúrtha nó duine dlítheanach dá nochtfaí é – Leas sáraitheach poiblí i dtaca le nochtadh – Caighdeáin chomhchuibhithe arna nglacadh ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) – Cosaint bunaithe ar chóipcheart – Prionsabal an smachta reachta – Prionsabal na trédhearcachta – Prionsabal na hoscailteachta – Prionsabail an dea-rialachais)

I gCás C‑588/21 P,

ACHOMHARC de bhun Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a tionscnaíodh an 23 Meán Fómhair 2021,

Public.Resource.Org Inc., a bunaíodh in Sebastopol, California (Stáit Aontaithe Mheiriceá),

Right to Know CLG, a bunaíodh i mBaile Átha Cliath (Éire),

dá ndéanann J. Hackl, C. Nüßing, Rechtsanwälte, agus M. F. Logue, Aturnae, ionadaíocht,

achomharcóirí,

na páirtithe eile sna himeachtaí:

an Coimisiún Eorpach, dá ndéanann S. Delaude, G. Gattinara agus F. Thiran, i gcáil Gníomhairí, ionadaíocht,

cosantóir ag an gcéad chéim,

an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), a bunaíodh sa Bhruiséil (an Bheilg),

Asociación Española de Normalización (UNE), a bunaíodh i Maidrid (an Spáinn),

Asociaţia de Standardizare din România (ASRO), a bunaíodh i mBúcairist (an Rómáin),

Association française de normalisation (AFNOR), a bunaíodh in La Plaine Saint‑Denis (an Fhrainc),

Austrian Standards International (ASI), a bunaíodh i Vín (an Ostair),

British Standards Institution (BSI), a bunaíodh i Londain (an Ríocht Aontaithe),

Bureau de normalisation/Bureau voor Normalisatie (NBN), a bunaíodh sa Bhruiséil,

Dansk Standard (DS), a bunaíodh i gCóbanhávan (an Danmhairg),

Deutsches Institut für Normung eV (DIN), a bunaíodh i mBeirlín (an Ghearmáin),

Koninklijk Nederlands Normalisatie Instituut (NEN), a bunaíodh in Delft (an Ísiltír),

Schweizerische Normen‑Vereinigung (SNV), a bunaíodh in Winterthour (an Eilvéis),

Standard Norge (SN), a bunaíodh in Osló (an Iorua),

Suomen Standardisoimisliitto ry (SFS), a bunaíodh in Heilsincí (an Fhionlainn),

Svenska institutet för standarder (SIS), a bunaíodh i Stócólm (an tSualainn),

Institut za standardizaciju Srbije (ISS), a bunaíodh i mBéalgrád (an tSeirbia),

dá ndéanann K. Dingemann, M. Kottmann agus K. Reiter, Rechtsanwälte, ionadaíocht,

idiragraithe ag an gcéad chéim,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, E. Regan agus N. Piçarra, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič (Rapóirtéir), P. G. Xuereb, L. S. Rossi, I. Jarukaitis, A. Kumin, N. Jääskinen, N. Wahl, I. Ziemele agus J. Passer, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: L. Medina,

Cláraitheoir: M. Siekierzyńska, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 15 Márta 2023,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 22 Meitheamh 2023,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Lena n‑achomharc, iarrann Public.Resource.Org Inc., agus Right to Know CLG go ndéanfaí breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 14 Iúil 2021, Public.Resource.Org agus Right to Know v an Coimisiún (T‑185/19, EU:T:2021:445; ‘an breithiúnas atá faoi achomharc’) a chur ar neamhní, breithiúnas lenar dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta a gcaingean chun Cinneadh C (2019) 639 final ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2019 (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’) a chur ar neamhní, lenar dhiúltaigh an Coimisiún Eorpach a n‑iarratas ar rochtain ar cheithre chaighdeán chomhchuibhithe arna nglacadh ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) a dheonú.

An dlí lena mbaineann

Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001

2

Foráiltear seo a leanas le hAirteagal 1(a) agus (b) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43):

‘Is é aidhm an Rialacháin seo:

(a)

prionsabail, coinníollacha agus teorainneacha a shainmhíniú ar fhorais leasa phoiblí nó phríobháidigh a rialaíonn an ceart rochtana ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle [an Aontais Eorpaigh] agus an Choimisiúin (dá ngairtear “na hinstitiúidí” anseo feasta) dá bhforáiltear in Airteagal [15 CFAE] i gcaoi is go ndeonófar an rochtain is leithne agus is féidir ar na doiciméid sin;

(b)

rialacha a bhunú lena n‑áiritheofar feidhmiú an chearta seo sa tslí is éasca agus is féidir, [...]

[…].’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

3

Foráiltear an méid seo a leanas le míreanna 1 go 3 d’Airteagal 2, dar teideal ‘Tairbhithe agus raon feidhme’:

‘1.   Beidh sé de cheart ag gach saoránach den Aontas [Eorpach] agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn i mBallstát, nó a bhfuil a oifig nó a hoifig cláraithe aige nó aici i mBallstát, rochtain a fháil ar dhoiciméid na n‑institiúidí, faoi réir na bprionsabal, na gcoinníollacha agus na dteorainneacha a shainmhínítear sa Rialachán seo.

2.   Féadfaidh na hinstitiúidí, faoi réir na bprionsabal, na gcoinníollacha agus na dteorainneacha céanna, rochtain ar dhoiciméid a dheonú d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach nach gcónaíonn nó nach bhfuil oifig chláraithe acu i mBallstát.

3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na doiciméid uile atá i seilbh institiúide, eadhon, doiciméid arna dtarraingt suas aici nó arna bhfáil aici agus atá ina seilbh, i ngach réimse gníomhaíochta de chuid an Aontais Eorpaigh.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Foráiltear le míreanna 1, 2 agus 4 d’Airteagal 4 den Rialachán sin, dar teideal ‘Eisceachtaí’:

‘1.   Diúltóidh na hinstitiúidí rochtain a thabhairt ar dhoiciméad nuair a dhéanfadh nochtadh dochar do chosaint:

(a) leasa an phobail maidir leis an méid seo a leanas:

an tslándáil phoiblí;

cúrsaí cosanta agus míleata;

an caidreamh idirnáisiúnta;

beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch an Chomhphobail nó Ballstáit;

(b)

saol príobháideach agus sláine an duine, go háirithe i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail maidir le cosaint sonraí pearsanta;

2.   Diúltóidh na hinstitiúidí rochtain a thabhairt ar dhoiciméad sa chás go ndéanfadh nochtadh dochar do chosaint:

leasanna tráchtála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena n‑áirítear maoin intleachtúil,

imeachtaí breithiúnacha agus comhairle dlí,

chuspóir na gcigireachtaí, imscrúduithe agus iniúchtaí;

mura bhfuil leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh an doiciméid lena mbaineann.

[...]

4.   Maidir le doiciméid tríú páirtí, rachaidh an institiúid i gcomhairle leis an tríú páirtí d’fhonn a mheasúnú an bhfuil feidhm ag eisceacht dá dtagraítear i míreanna 1 nó 2, ach amháin más léir gur féidir nó más léir nach féidir an doiciméad a nochtadh.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Foráiltear le hAirteagal 7(2) den Rialachán sin, dar teideal ‘Iarratais tosaigh a phróiseáil’:

‘I gcás ina ndiúltaítear don iarratas go hiomlán nó go páirteach, féadfaidh an t‑iarratasóir, laistigh de 15 lá oibre ó fhreagra na hinstitiúide a fháil, iarratas deimhnitheach a dhéanamh, ag iarraidh ar an institiúid athmhachnamh a dhéanamh ar a seasamh.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Faoi Airteagal 12(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001, dar teideal ‘Rochtain dhíreach i bhfoirm leictreonach nó trí chlár’:

‘Go háirithe, ba chóir doiciméid reachtacha, is é sin le rá doiciméid arna ndréachtú nó arna bhfáil i gcúrsa nósanna imeachta um ghníomhartha atá ceangailteach de réir dlí sna Ballstáit nó do na Ballstáit a ghlacadh, ba cheart faoi réir Airteagail 4 agus 9, a bheith curtha ar fáil go díreach.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006

7

Foráiltear le hAirteagal 2(1)(d)(i) de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO 2006 L 264, lch. 13), dar teideal ‘Sainmhínithe’:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(d)

Ciallaíonn “faisnéis chomhshaoil” aon fhaisnéis i bhfoirm scríofa, i bhfoirm amhairc, i bhfoirm chloiste, i bhfoirm leictreonach nó in aon fhoirm ábhartha eile maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

staid ghnéithe an chomhshaoil, amhail an t‑aer agus an t‑atmaisféar, an t‑uisce, an ithir, an talamh, an tírdhreach agus láithreáin nádúrtha lena n‑áirítear an bogach, limistéir chósta agus mhuirí, an bhithéagsúlacht agus a cuid comhpháirteanna, lena n‑áirítear orgánaigh ghéinmhodhnaithe, agus an idirghníomhaíocht idir na gnéithe sin;

[...]’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Foráiltear leis an gcéad abairt d’Airteagal 6(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Eisceachtaí a bhaineann le hiarrataí ar rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a chur i bhfeidhm’:

‘1. Maidir leis an gcéad fhleasc agus an tríú fleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán [Uimh. 1049/2001], gan imscrúduithe a chur san áireamh, go háirithe na himscrúduithe sin a bhaineann le sáruithe féideartha ar dhlí an Chomhphobail, measfar gur ann do leas sáraitheach don phobal le nochtadh bheith ann i gcás ina mbaineann an fhaisnéis a iarrtar le hastaíochtaí sa chomhshaol.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006

9

Seo a leanas atá i bpointe 27 den tábla in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO 2006 L 396, lch. 1, agus ceartúchán IO 2007 L 136, lch. 3), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 552/2009 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2009 (‘Rialachán Uimh. 1907/2006’), maidir leis na coinníollacha chun nicil a shrianadh:

‘1.

[Ní cheadaítear a úsáid]:

a)

i ngach cóimeáil slaite a chuirtear isteach i gcluasa pollta agus i gcodanna pollta eile de chorp an duine mura rud é gur lú an ráta scaoilte nicile ó chóimeálacha slaite den sórt sin ná 0.2 μg[micreagram]/cm2[ceintiméadar cearnach]/seachtain (teorainn ascnaimh);

b)

in earraí a bheartaítear a bheith i dteagmháil dhíreach fhadtréimhseach leis an gcraiceann amhail:

fáinní cluaise,

muincí, bráisléid agus slabhraí, bráisléid murnáin agus fáinní méire,

cásanna uaireadóra, strapaí uaireadóra agus claspaí uaireadóra,

cnaipí seama, daingneoirí, seamanna, zipeanna agus marcanna miotail, nuair a úsáidtear iad sin in éadaí,

i gcás ina bhfuil an ráta scaoilte nicile ó na codanna de na nithe sin a thagann i dteagmháil dhíreach fhadtréimhseach leis an gcraiceann níos airde ná 0.5 μg/cm2/seachtain;

c)

sna cineálacha nithe a liostaítear i bpointe (b) de mhír 1, nuair atá sé brataithe le hábhar seachas nicil, ach amháin más leor an bratú sin chun a áirithiú nach mó ná 0.5 μg/cm2/seachtain an ráta scaoilte nicile ó na codanna sin de na nithe sin a mbíonn teagmháil dhíreach fhadtréimhseach acu leis an gcraiceann ar feadh tréimhse 2 bhliain ar a laghad ina mbaintear gnáthúsáid as an ní.

2.

Ní chuirfear nithe dá dtagraítear i mír 1(a) go (c) ar an margadh mura gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sna pointí sin.

3.

Úsáidfear na caighdeáin arna nglacadh ag CEN mar na modhanna tástála chun comhréireacht na dtáirgí le míreanna 1 agus 2 a léiriú.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012

10

Luaitear in aithris 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2012 L 316, lch. 12):

‘Tá ról an‑tábhachtach ag caighdeáin Eorpacha sa mhargadh inmheánach, mar shampla trí úsáid a bhaint as caighdeáin chomhchuibhithe ina thoimhdiú go bhfuil táirgí atá le cur ar fáil ar an margadh ar comhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a bhaineann leis na táirgí sin i reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le comhchuibhiú. Ba cheart na ceanglais sin a shainiú go beacht chun aon mhíléiriú ó thaobh na n‑eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú de a sheachaint.’

11

Sonraítear in Airteagal 2(1)(c) den Rialachán sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “caighdeán” sonraíocht theicniúil, arna glacadh ag comhlacht aitheanta um chaighdeánú, atá ceaptha lena fheidhmiú arís is arís nó ar bhonn leantach, sonraíocht nach bhfuil a comhlíonadh éigeantach, agus a thagann faoi réir ceann de na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(c)

ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán Eorpach arna ghlacadh ar bhonn iarrata ón gCoimisiún ar chur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú.’

12

Foráiltear le hAirteagal 10(1) den Rialachán, dar teideal ‘Iarrataí caighdeánúcháin chuig eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú’:

‘Féadfaidh an Coimisiún, laistigh de na teorainneacha ar na hinniúlachtaí a leagtar síos sna Conarthaí, a iarraidh ar chomhlacht Eorpach amháin um chaighdeánú nó roinnt díobh caighdeán Eorpach nó táirge Eorpach caighdeánúcháin a dhréachtú faoi spriocdháta a bheidh leagtha síos. Beidh na caighdeáin Eorpacha agus na táirgí Eorpacha caighdeánúcháin faoi thionchar an mhargaidh, tabharfaidh siad aird ar leas an phobail agus ar na cuspóirí beartais a bheidh luaite go soiléir san iarraidh ón gCoimisiún agus beidh siad bunaithe ar chomhthoil. Cinnfidh an Coimisiún na ceanglais maidir le hinneachar a bheidh le comhlíonadh leis an doiciméad iarrtha agus cinnfidh sé sprioc-am lena ghlacadh.’

13

Foráiltear in Airteagal 11(1) den Rialachán céanna sin, dar teideal ‘Agóidí foirmiúla i gcoinne caighdeán comhchuibhithe’:

‘Nuair a mheasann Ballstát nó Parlaimint na hEorpa nach ndéanann caighdeán comhchuibhithe na ceanglais is cuspóir dó a chomhlíonadh ina n‑iomláine, ar ceanglais iad atá leagtha amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le comhchuibhiú, cuirfidh sé nó sí an Coimisiún ar an eolas ina leith le míniú mionsonraithe, agus déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcoiste arna chur ar bun le reachtaíocht chomhfhreagrach an Aontais maidir le comhchuibhiú, más ann dó, nó tar éis cineálacha eile comhairliúcháin le saineolaithe earnálacha, a chinneadh:

(a)

na tagairtí don chaighdeán comhchuibhithe lena mbaineann a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó gan iad a fhoilsiú inti nó iad a fhoilsiú faoi shrianta inti;

(b)

na tagairtí don chaighdeán comhchuibhithe lena mbaineann a choimeád in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, iad a choimeád inti faoi shrianta nó iad a tharraingt siar ón Iris Oifigiúil sin.’

14

Rialaítear le hAirteagal 15 de Rialachán Uimh. 1025/2012 sin an fhéidearthacht go dtabharfar maoiniú ón Aontas do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú le haghaidh gníomhaíochtaí caighdeánaithe.

Treoir 2009/48/CE

15

Seo a leanas atá in Airteagal 13 de Threoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO 2009 L 170, lch. 1), dar teideal ‘Toimhde comhréireachta’:

‘Bréagáin atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais atá faoi chumhdach na gcaighdeán sin nó codanna díobh, dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Iarscríbhinn II.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Cúlra na díospóide

16

Leagtar cúlra na díospóide amach mar seo a leanas i míreanna 1 go 4 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.

17

Is eagraíochtaí neamhbhrabúsacha iad na hachomharcóirí arb é an príomhaidhm atá acu saor-rochtain ar an dlí a thabhairt do gach saoránach. Ar an 25 Meán Fómhair 2018, chuir siad iarraidh ar rochtain ar dhoiciméid atá ag an gCoimisiún ar bhonn Rialachán Uimh. 1049/2001 agus Rialachán Uimh. 1367/2006, faoi bhráid Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (‘an iarraidh ar rochtain’).

18

Bhain an iarraidh ar rochtain le ceithre chaighdeán chomhchuibhithe arna nglacadh ag CEN, i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1025/2012, eadhon caighdeán EN 71-5:2015, dar teideal ‘Sábháilteacht bréagán – Cuid 5: Bréagáin cheimice (foirne) seachas foirne turgnaimh i gcomhair ceimice’, caighdeán EN 71-4:2013, dar teideal ‘Sábháilteacht bréagán – Cuid 4: Foirne turgnaimh i gcomhair ceimice agus gníomhaíochtaí gaolmhara’, caighdeán EN 71-12:2013, dar teideal ‘Sábháilteacht bréagán – Cuid 12: N-nítreasaimíní agus substaintí N-nítreasáithithe’, agus caighdeán EN 12472:2005 + A 1:2009, dar teideal ‘Modh le haghaidh cnaí agus creimeadh a ionsamhlú chun nicil arna scaoileadh ó ítimí brataithe a bhrath’ (‘na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh’).

19

Le litir an 15 Samhain 2018, dhiúltaigh an Coimisiún géilleadh don iarraidh ar rochtain ar bhonn na chéad fhleisce d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001.

20

Ar an 30 Samhain 2018, chuir na hachomharcóirí, de bhun Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001, iarratas deimhnitheach faoi bhráid an Choimisiúin. Leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, dheimhnigh an Coimisiún gur diúltaíodh rochtain a thabhairt ar na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh.

An chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta agus an breithiúnas atá faoi achomharc

21

Leis an iarratas a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 28 Márta 2019, thionscain na hachomharcóirí caingean chun an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní.

22

Le hordú an 20 Samhain 2019, Public.Resource.Org agus Right to Know v an Coimisiún (T‑185/19, EU:T:2019:828), tugadh cead do CEN agus 14 chomhlacht náisiúnta um chaighdeanú, eadhon Asociación Española de Normalización (UNE), Asociaţia de Standardizare din România (ASRO), Association française de normalisation (AFNOR), Austrian Standards International (ASI), British Standards Institution (BSI), Bureau de normalisation/Bureau voor Normalisatie (NBN), Dansk Standard (DS), Deutsches Institut für Normung eV (DIN), Koninklijk Nederlands Normalisatie Instituut (NEN), Schweizerische Normen‑Vereinigung (SNV), Standard Norge (SN), Suomen Standardisoimisliitto ry (SFS), Svenska institutet för standarder (SIS) agus Institut za standardizaciju Srbije (ISS) (‘na hidiragraithe ag an gcéad chéim’), idiragairt a dhéanamh i gCás T‑185/19 chun tacú leis an gcineál ordaithe a bhí á lorg ag an gCoimisiún.

23

Mar thaca lena gcaingean, maíonn na hachomharcóirí dhá shaincheist dlí. Trína gcéad shaincheist dlí, mhaígh na hiarratasóirí, go bunúsach, go ndearna an Coimisiún earráidí dlí agus earráidí measúnaithe i gcur i bhfeidhm na heisceachta dá bhforáiltear sa chéad fhleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001 ar an bhforas, ar dtús, nach féidir cosaint cóipchirt a bheith infheidhme maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh agus, anuas ar sin, nár bunaíodh go ndearnadh dochar ar bith do leasanna tráchtála CEN ná dá chomhaltaí náisiúnta.

24

Leis an dara saincheist dlí, mhaígh na hachomharcóirí go ndearna an Coimisiún earráid dlí maidir le heaspa leas sáraitheach poiblí, de réir bhrí an choir dheireanaigh d’Airteagal 4(2), agus gur sháraigh sé an oibleagáid cúiseanna a lua, ós rud é gur mheas sé nach raibh aon leas sáraitheach poiblí ann, de réir bhrí na forála sin, lena dtugtar bonn cirt le nochtadh na gcaighdeán comhchuibhithe a iarradh agus gur mhainnigh sé cúiseanna leordhóthanacha a thabhairt lena dhiúltú a aithint gurb ann do leas sáraitheach poiblí den sórt sin.

25

Mar fhreagra ar an gcéad saincheist dlí, chinn an Chúirt Ghinearálta, i ndiaidh di a mheabhrú, i mír 29 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go bhfuil sé beartaithe le Rialachán Uimh. 1049/2001 go dtabharfar an ceart rochtana chomh leathan agus is féidir don phobal ar dhoiciméid de chuid institiúidí an Aontais agus, i gcomhréir le hAirteagal 2(3) den Rialachán sin, go gcumhdaítear leis an gceart sin na doiciméad arna dtarraingt suas ag na hinstitiúidí sin agus na doiciméid a fhaightear ó thríú páirtithe, lena n‑áirítear aon duine dlítheanach, araon, i míreanna 30 agus 31 den bhreithiúnas sin, go bhfuil an ceart rochtana sin faoi réir teorainneacha áirithe bunaithe ar fhorais leasa phoiblí nó phríobháidigh.

26

Sa chéad áit, maidir le sárú a d’fhéadfadh a bheith ann ar chosaint leasanna tráchtála le cóipcheart sna caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh agus maidir le hoiriúnacht na gcaighdeán comhchuibhithe sin maidir le cosaint cóipchirt cé gur cuid de dhlí an Aontais iad, chinn an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 40 go 43 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go bunúsach, gur faoin údarás a ndearnadh iarraidh ar rochtain ar dhoiciméid de thionscnamh tríú páirtithe atá sé fianaise oibiachtúil agus chomhsheasmhach óna bhféadfar tátal a bhaint aisti go raibh cóipcheart den sórt arna éileamh ag an tríú páirtí lena mbaineann.

27

I ndáil leis sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 47 agus 48 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go raibh an Coimisiún i dteideal a chinneadh, gan earráid a dhéanamh, gur sásaíodh an tairseach úrnuachta chun ‘saothar’ a mheas, de réir bhrí an chásdlí, agus dá bhrí sin go mbeadh na caighdeáin chomhchuibhithe lena mbaineann incháilithe don chosaint sin sa chás seo.

28

Ina theannta sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 54 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go ndearna na hachomharcóirí a argóint go mícheart, ós rud é gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais, i mbreithiúnas an 27 Deireadh Fómhair 2016, James Elliott Construction (C‑613/14,EU:C:2016:821), go raibh na caighdeáin chomhchuibhithe sin mar chuid de ‘dhlí an Aontais Eorpaigh’ gur cheart go mbeadh saor-rochtain ar na caighdeáin sin gan táille, agus mar thoradh air sin ní fhéadfadh aon eisceacht ar an gceart rochtana a bheith infheidhme maidir leo.

29

Sa dara háit, a mhéid a bhaineann leis an argóint nach raibh na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh faoi chosaint cóipchirt, in éagmais ‘cruthaíocht intleachtúil pearsanta’, de réir bhrí chásdlí na Cúirte Breithiúnais, atá riachtanach chun bheith in ann tairbhe a bhaint as an gcosaint sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, i mír 59 den bhreithiúnas faoi achomharc, nach raibh bunús leordhóthanach leis an argóint sin.

30

Sa tríú háit, maidir le hearráid measúnaithe a bheith ann i dtaobh ar baineadh an bonn de leasanna tráchtála cosanta, chuir an Chúirt Ghinearálta i bhfios, i míreanna 65 agus 66 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur cuid riachtanach den mhúnla gnó arna ghlacadh ag na comhlachtaí um chaighdeánú uile é caighdeáin a dhíol. A mhéid a bhí údar cuí ag an gCoimisiún lena chinneadh go raibh na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh faoi réir cosaint cóipchirt, agus dá bhua sin nach raibh rochtain ag páirtithe leasmhara orthu tar éis táillí áirithe a íoc, d’fhéadfadh a nochtadh saor in aisce ar bhonn Rialachán Uimh. 1049/2001 difear a dhéanamh go sonrach agus go hiarbhír do leasanna tráchtála CEN agus a chomhaltaí náisiúnta. Dúirt an Chúirt Ghinearálta freisin, i mír 71 den bhreithiúnas sin, nár athraigh an fíoras gur rannchuidigh na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú le feidhmiú cúraimí ar mhaithe le leas an phobail trí sheirbhísí deimhniúcháin a chur ar fáil a bhaineann le comhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme a stádas mar eintitis phríobháideacha atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch.

31

Dá réir sin, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta, i mír 74 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, don chéad saincheist dlí ina hiomláine.

32

Bhí dara saincheist dlí na n-achomharcóirí roinnte i dtrí chuid.

33

Maidir leis an tríú cuid den tsaincheist dlí sin, inar líomhnaíodh nár tugadh cúiseanna leordhóthanacha maidir le diúltú an Choimisiúin a aithint go raibh leas sáraitheach poiblí ann, thug an Chúirt Ghinearálta dá haire, ar an gcéad dul síos, i mír 86 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur luaigh an Coimisiún, sa chinneadh atá faoi chonspóid, nár cruthaíodh oibleagáid chun caighdeáin chomhchuibhithe a fhoilsiú go réamhghníomhach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus nár bunaíodh leas poiblí sáraitheach go huathoibríoch lena nochtadh le breithiúnas an 27 Deireadh Fómhair 2016, James Elliott Construction (C‑613/14, EU:C:2016:821). Ina dhiaidh sin, i míreanna 87 agus 88 den bhreithiúnas faoi achomharc, thug an Chúirt Ghinearálta dá haire freisin gur bhréagnaigh an Coimisiún éilimh na n‑achomharcóirí maidir leis na hoibleagáidí trédhearcachta comhshaoil, ar measadh go raibh leas sáraitheach poiblí acu ar mhaithe le leasanna tráchtála duine nádúrtha nó duine dlítheanach a chosaint, agus gur luaigh sí freisin nach raibh sé in ann aon leas sáraitheach poiblí a shainaithint a bheadh ina údar leis an nochtadh sin. Ar deireadh, i mír 91 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, dúirt an Chúirt Ghinearálta freisin, cé go raibh an Coimisiún faoi cheangal na cúiseanna a leagan amach sa chás seo a bhí ann maidir le ceann de na heisceachtaí ar an gceart rochtana dá bhforáiltear i Rialachán Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm, nach raibh sé faoi cheangal faisnéis a chur ar fáil a théann thar a raibh riachtanach don iarratasóir chun rochtain a fháil ar na cúiseanna lena chinneadh a thuiscint agus don Chúirt Ghinearálta athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chinnidh sin.

34

Ó thaobh leas sáraitheach poiblí lena n‑éilítear saor-rochtain ar an dlí a bheith ann, chinn an Chúirt Ghinearálta, ar an gcéad dul síos, i míreanna 99 go 101 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go raibh na hachomharcóirí, sa chás seo, ag iarraidh chatagóir na gcaighdeán comhchuibhithe a eisiamh go hiomlán ó infheidhmeacht chóras na n‑eisceachtaí substainteacha arna mbunú le Rialachán Uimh. 1049/2001, ach níor thug siad bunús, áfach, leis na cúiseanna sonracha lena dtabharfar údar le nochtadh na gcaighdeán comhchuibhithe a iarradh nó nár mhínigh siad a mhéid ba cheart forlámhas a bheith ag nochtadh na gcaighdeán sin ar chosaint leasanna tráchtála CEN nó a chomhaltaí náisiúnta.

35

Ar an dara dul síos, tá forlámhas ag leas an phobail maidir le feidhmiú cuí an chórais Eorpaigh um chaighdeánú a áirithiú, arb é is aidhm dó saorghluaiseacht earraí a chur chun cinn, agus íosleibhéal coibhéiseach sábháilteachta á ráthú i dtíortha uile na hEorpa, ar shaor-rochtain gan táille ar chaighdeáin chomhchuibhithe a áirithiú.

36

Ar an tríú dul síos, foráiltear go sainráite le Rialachán Uimh. 1025/2012 do chóras foilsithe atá teoranta do thagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe agus ceadaítear leis rochtain íoctha ar na caighdeáin sin do dhaoine ar mian leo leas a bhaint as an toimhde comhréireachta a ghabhann leo.

37

Ar an gceathrú dul síos, chinn an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 104 agus 105 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach raibh earráid déanta ag an gCoimisiún, sa chinneadh atá faoi chonspóid, nuair a mheas sé nach raibh aon leas sáraitheach poiblí ann lena dtugtar bonn cirt le nochtadh na gcaighdeán comhchuibhithe a iarradh de bhua an choir dheireanaigh d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001. Dúirt an Chúirt Ghinearálta chomh maith, i mír 107 den bhreithiúnas sin, ní hamháin nár thug na hachomharcóirí fhoinse bheacht ‘prionsabal bunreachtúil’ a d’fhágfadh go mbeadh saor-rochtain gan táille ar chaighdeáin chomhchuibhithe ach nach raibh bonn cirt tugtha acu ar bhealach ar bith leis an gcúis ar cheart do na caighdeáin chomhchuibhithe a bheith faoi réir an cheanglais maidir le poiblíocht agus inrochtaineacht a ghabhann le ‘dlí’, sa mhéid nach bhfuil na caighdeáin sin éigeantach, ós rud é go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu i leith na ndaoine lena mbaineann amháin agus ós rud é gur féidir dul i gcomhairle leo saor in aisce i leabharlanna áirithe de chuid na mBallstát.

38

Maidir le leas sáraitheach poiblí a eascraíonn as an oibleagáid maidir le trédhearcacht in ábhair chomhshaoil a bheith ann, chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 119 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go bhforáiltear leis an gCoinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil, arna shíniú in Aarhus an 25 Meitheamh 1998 agus arna fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle an 17 Feabhra 2005 (IO 2005 L 124, lch. 1), agus le Rialachán Uimh. 1367/2006 araon do rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil arna hiarraidh sin nó i gcomhthéacs scaipeadh ar bhealach gníomhach ag na húdaráis agus ag na hinstitiúidí lena mbaineann. Mar sin féin, a mhéid a fhéadfaidh na húdaráis agus na hinstitiúidí sin iarraidh ar rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú i gcás ina dtagann an iarraidh sin faoi raon feidhme eisceachtaí áirithe, níl na húdaráis ná na hinstitiúidí sin faoi cheangal an fhaisnéis sin a scaipeadh go gníomhach.

39

Tháinig an Chúirt Ghinearálta ar an gconclúid, i mír 129 den bhreithiúnas sin, nár tháinig na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh faoi raon na faisnéise a bhaineann le hastaíochtaí sa chomhshaol agus nach bhféadfadh siad, dá bhrí sin, tairbhe a bhaint as cur i bhfeidhm na toimhdean a leagtar síos sa chéad abairt d’Airteagal 6(1) den Rialachán sin, ar dá réir a mheastar gur leas sáraitheach poiblí é caighdeáin den sórt sin a nochtadh de réir bhrí Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001.

40

Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta, i mír 130 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, don dara saincheist dlí ina hiomláine, agus rinne sí an chaingean a dhíbhe.

Na horduithe atá á lorg ag na páirtithe san achomharc

41

Lena n‑achomharc, iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní agus rochtain a thabhairt ar na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh;

mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, agus

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

42

Iarrann an Coimisiún agus na hidiragraithe ag an gcéad chéim ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an t‑achomharc a scor agus

a ordú do na hachomharcóirí na costais a íoc.

An iarraidh an chuid ó bhéal den nós imeachta a atosú

43

Le doiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte Breithiúnais an 17 Lúnasa 2023, d’iarr na hidiragraithe ag an gcéad chéim go n‑atosófar an chuid ó bhéal den nós imeachta, i gcomhréir le hAirteagal 83 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.

44

Mar thaca lena n‑iarraidh, áitíonn siad go bhfuil Tuairim an Abhcóide Ghinearálta, a tugadh ar an 22 Meitheamh 2023, bunaithe ar thoimhdí iomadúla nach dtacaíonn fíricí leo nó atá mícheart fiú, rud a éilíonn, ar a laghad, plé níos doimhne. Thairis sin, measann siad gur mó an gá atá ann go ndéanfaidh díospóireacht dhomhain ós rud é go raibh an tAbhcóide Ginearálta ag brath ar thoimhdí míchearta agus go gcruthaíonn an cur chuige a ghlac sí ina Tuairim, go háirithe ‘nach n‑éilíonn córas an Aontais Eorpaigh um chaighdeánú rochtain íoctha ar [chaighdeáin theicniúla chomhchuibhithe] dá fheidhmiú’, baol d’fheidhmiú an chórais sin.

45

Faoi Airteagal 83 dá Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, tráth ar bith, tar éis di an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, a ordú go n‑atosófar an chuid ó bhéal den nós imeachta, go háirithe má mheasann sí nach bhfuil dóthain faisnéise os a comhair, nó i gcás, tar éis clabhsúr a chur leis an gcuid sin den nós imeachta, ina dtíolacfaidh páirtí fíoras nua a mbeidh a chineál ina thoisc chinntitheach ar bhreith na Cúirte Bhreithiúnais nó i gcás ina gcaithfear an cás a chinneadh ar bhonn argóint nár pléadh idir na páirtithe agus na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

46

Ní hamhlaidh atá sa chás seo. Ag an éisteacht, leag na hidiragraithe ag an gcéad chéim agus an Coimisiún amach a measúnú ar chúlra fíorasach na díospóide. Go háirithe, bhí deis acu a dtuairimí a chur in iúl maidir le cur i láthair na bhfíoras a leagtar amach sa bhreithiúnas atá faoi achomharc agus san achomharc, agus na cúiseanna a chur in iúl, dar leo, go n‑éilíonn an córas Eorpach um chaighdeánú go n‑íocfar táillí ar rochtain ar na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh. Dá bhrí sin, measann an Chúirt Bhreithiúnais, tar éis di an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, go bhfuil an fhaisnéis go léir aici is gá chun rialú a thabhairt.

47

Ina theannta sin, maidir leis an maíomh go bhfuil cur chuige i dTuairim an Abhcóide Ghinearálta a chuireadh feidhmiú an chórais Eorpaigh um chaighdeánú i mbaol, ba cheart a mheabhrú nach bhforáiltear i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ná sna Rialacha Nós Imeachta go bhféadfadh páirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach mar fhreagra ar Thuairim an Abhcóide Ghinearálta (breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2017, Polbud – Wykonawstwo, C‑106/16, EU:C:2017:804, mír 23 agus an cásdlí dá dtagraítear).

48

Thairis sin, faoin dara mír d’Airteagal 252 CFAE, tá ar an Abhcóide Ginearálta, ag gníomhú dó nó di le neamhchlaontacht agus le neamhspleáchas iomlán, aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i gcúirt oscailte ar chásanna ina n‑éilítear a rannpháirtíocht i gcomhréir le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, níl an Chúirt Bhreithiúnais faoi cheangal na tuairime sin ná na réasúnaíochta ar a mbunaíonn an tAbhcóide Ginearálta an tuairim. Dá bhrí sin, ní féidir le heasaontas páirtí le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta, beag beann ar na ceisteanna a scrúdaíonn an tAbhcóide Ginearálta ina Thuairim, a bheith ina fhoras ann féin a thugann údar le hatosú an nós imeachta ó bhéal (breithiúnas an 4 Meán Fómhair 2014, Vnuk, C‑162/13, EU:C:2014:2146, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear).

49

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Chúirt Bhreithiúnais nach gá a ordú go n‑atosófar an chuid ó bhéal den nós imeachta.

An t‑achomharc

50

Mar thaca lena n‑achomharc, maíonn na hachomharcóirí dhá shaincheist dlí. Leis an gcéad saincheist dlí deirtear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí sa chinneadh go dtagann na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh faoin eisceacht dá bhforáiltear sa chéad fhleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001, a bhfuil sé mar aidhm léi leasanna tráchtála duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, lena n‑áirítear maoin intleachtúil, a chosaint. Éilítear leis an dara saincheist dlí go bhfuil earráid dlí ann maidir le leas sáraitheach poiblí a bheith ann, de réir bhrí an choir dheireanaigh d’Airteagal 4(2), lena dtugtar bonn cirt do nochtadh na gcaighdeán comhchuibhithe sin.

51

Is ceart aghaidh a thabhairt ar an dara saincheist láithreach.

Argóintí na bpáirtithe

52

Leis an dara saincheist dlí, maíonn na hachomharcóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus cinneadh á dhéanamh aici nach raibh aon leas sáraitheach poiblí de réir bhrí an choir dheireanaigh d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001, a thugann údar maith leis na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh a nochtadh ann.

53

Sa chéad áit, cáineann na hachomharcóirí, go bunúsach, an Chúirt Ghinearálta ós rud é gur chinn sí, i míreanna 98 go 101 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach raibh cúiseanna sonracha a thug údar lena n‑iarratas ar rochtain léirithe acu, ar an bhforas go raibh leas sáraitheach poiblí ann i nochtadh na gcaighdeán comhchuibhithe a iarradh.

54

I ndáil leis sin, áitíonn siad, ar dtús, gur cuid de dhlí an Aontais iad na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh, agus nach mór go mbeadh rochtain gan bhac orthu. Chomh maith leis sin, deir siad go mbaineann na caighdeáin chomhchuibhithe sin le ceisteanna bunúsacha do thomhaltóirí, eadhon sábháilteacht bréagán. Ar deireadh, éilíonn siad go bhfuil na caighdeáin sin an‑tábhachtach freisin do mhonaróirí agus do gach rannpháirtí eile sa slabhra soláthair, ós rud é go bhfuil toimhde comhréireachta ann le rialacha an Aontais, is infheidhme maidir leis na táirgí lena mbaineann i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais atá leagtha síos sna caighdeáin sin.

55

Sa dara háit, cáineann na hachomharcóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, i míreanna 102 agus 103 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, agus cinneadh á dhéanamh aici go bhfuil tosaíocht ag an leas sáraitheach poiblí maidir le feidhmiú chóras an Aontais Eorpaigh um chaighdeánú a áirithiú thar shaor-rochtain gan táille ar chaighdeáin chomhchuibhithe.

56

Thairis sin, de réir na n‑achomharcóirí, ní thagann feidhmiú chóras an Aontais Eorpaigh um chaighdeánú laistigh den eisceacht faoin gcéad fhleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001, eisceacht a bhaineann le cosaint leasanna tráchtála daoine nádúrtha nó dlítheanacha, lena n‑áirítear an mhaoin intleachtúil. Ós rud é go dtagann leas an phobail maidir le feidhmiú chóras an Aontais Eorpaigh um chaighdeánú a áirithiú faoi raon feidhme na forála sin, chruthaigh an Chúirt Ghinearálta eisceacht go hearráideach nach bhforáiltear di sa Rialachán sin.

57

Sa tríú háit, cáineann na hachomharcóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, i míreanna 104 agus 105 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nuair a ghlac sí le measúnú an Choimisiúin nár cruthaíodh oibleagáid chun caighdeáin chomhchuibhithe a fhoilsiú go réamhghníomhach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus nár bunaíodh leas poiblí sáraitheach go huathoibríoch lena nochtadh le breithiúnas an 27 Deireadh Fómhair 2016, James Elliott Construction (C‑613/14, EU:C:2016:821).

58

I ndáil leis sin, ba cheart na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh a mheas mar dhoiciméid reachtacha ós rud é gurb ionann a nós imeachta glactha agus tarmligean ‘rialaithe’ reachtaíochta. Go háirithe, foilsítear tagairtí do chaighdeáin den sórt sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ceanglaíonn an Coimisiún ar na Ballstáit gach caighdeán comhchuibhithe a ghlacadh mar chaighdeán náisiúnta gan leasú, laistigh de shé mhí. Ina theannta sin, dá bhfoilseofaí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad, bheadh sé d’éifeacht ag an bhfoilsiú tairbhe na toimhdean comhréireachta le rialacha an Aontais a thabhairt do tháirgí atá cumhdaithe ag reachtaíocht an Aontais a chomhlíonann na ceanglais theicniúla a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe.

59

Sa cheathrú háit, maíonn na hachomharcóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, i mír 107 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nuair a luaigh sí go mbíonn éifeachtaí dlíthiúla ag na caighdeáin chomhchuibhithe maidir leis na daoine lena mbaineann amháin. Bheadh an chonclúid sin ag teacht salach ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais gur cuid de dhlí an Aontais iad na caighdeáin chomhchuibhithe.

60

Mar fhreagra air sin, deir an Coimisiún, le tacaíocht ó na hidiragraithe ag an gcéad chéim, mar réamhphointe, go bhfuil argóint na n‑achomharcóirí chomh ginearálta sin go bhféadfadh feidhm a bheith aige maidir le haon iarratas ar nochtadh a bhaineann le caighdeán comhchuibhithe.

61

Maidir leis na cúiseanna a bhfuil na hachomharcóirí ag brath go sonrach orthu, tugann an Coimisiún faoi deara, ar an gcéad dul síos, cé gur cuid de dhlí an Aontais iad na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh, ní chiallaíonn sé sin nach mór go mbeadh saor-rochtain orthu. Ar an dara dul síos, maidir leis an bhfíoras go mbaineann na caighdeáin sin le saincheisteanna bunúsacha do thomhaltóirí, tugann sé faoi deara go bhfuil an argóint sin róghinearálta chun tosaíocht a thabhairt ar na cúiseanna a thugann bonn cirt don diúltú na doiciméid atá i gceist a nochtadh. Ar an tríú dul síos, ní féidir tábhacht na gcaighdeán comhchuibhithe do mhonaróirí agus do rannpháirtithe eile sa slabhra soláthair chun críocha rochtain a fháil ar an margadh inmheánach a shainiú mar leas sáraitheach poiblí lena dtugtar bonn cirt do nochtadh na gcaighdeán comhchuibhithe sin.

62

Ina theannta sin, áitíonn sé go mbeadh éifeachtaí sistéamacha ag saor-rochtain gan táille ar chaighdeáin chomhchuibhithe ar na hidiragraithe ar an gcéad dul síos, ar a gcearta maoine intleachtúla agus ar a n‑ioncam tráchtála. I ndáil leis sin, ní féidir leis an gcóras Eorpach um chaighdeánú oibriú gan rochtain íoctha ar na caighdeáin sin, agus mar thoradh air sin tá an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001 infheidhme. In aon chás, níl aon leas sáraitheach poiblí ann lena dtugtar bonn cirt do nochtadh na gcaighdeán comhchuibhithe sin.

63

Ar deireadh, deir an Coimisiún nach le linn nósanna imeachta reachtacha a dhréachtaítear caighdeáin chomhchuibhithe, ach ar bhonn sainordú arna thabhairt ag an gCoimisiún do chomhlacht um chaighdeánú tar éis gníomh reachtach a ghlacadh. Thairis sin, a luaithe a ghlacfaidh comhlacht um chaighdeánú iad, ba cheart do chomhaltaí náisiúnta an chomhlachta sin caighdeáin chomhchuibhithe a thrasuí sna dlíchórais náisiúnta, agus é sin a dhéanamh i gcomhréir lena rialacha nós imeachta inmheánacha. Ar aon chuma, tá an rochtain dhíreach dá bhforáiltear in Airteagal 12(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001 faoi réir na heisceachta dá bhforáiltear sa chéad fhleasc d’Airteagal 4(2) den Rialachán sin freisin.

64

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart an dara saincheist dlí a dhiúltú.

Measúnú na Cúirte Breithiúnais

65

Leis an dara saincheist dlí, áitíonn na hachomharcóirí, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus cinneadh á dhéanamh aici nach raibh aon leas sáraitheach poiblí ann lena dtugtar bonn cirt le nochtadh na gcaighdeán comhchuibhithe a iarradh de réir bhrí an choir dheireanaigh d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001. Dar leo, de bhua phrionsabal an smachta reachta, lena gceanglaítear saor-rochtain ar dhlí an Aontais, tá leas sáraitheach poiblí ann lena dtugtar bonn cirt le rochtain ar na caighdeáin sin do gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a n‑oifig chláraithe i mBallstát, ar an bhforas gur cuid de dhlí an Aontais iad na caighdeáin sin.

66

Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú go ndéantar an ceart rochtana ar dhoiciméid de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, is cuma cén meán ina bhfuil siad, a ráthú d’aon saoránach den Aontas agus d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air nó a bhfuil oifig chláraithe aige i mBallstát le hAirteagal 15(3) CFAE agus le hAirteagal 42 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh_/1‘/2n Chairt’). Is é feidhmiú an chirt sin, a mhéid a bhaineann sé le rochtain ar dhoiciméid ón bParlaimint, ón gComhairle agus ón gCoimisiún, a rialaítear le Rialachán Uimh. 1049/2001, atá beartaithe, de réir Airteagal 1 de, inter alia, ‘prionsabail, coinníollacha agus teorainneacha’ an chirt sin ‘a shainmhíniú’ sa ‘[chaoi] is go ndeonófar an rochtain is leithne agus is féidir ar na doiciméid sin’ agus ‘rialacha a bhunú lena n‑áiritheofar feidhmiú an chirt chéanna sa tslí is éasca agus is féidir’.

67

Foráiltear go sonrach le hAirteagal 2(1) den Rialachán sin do cheart rochtana ar dhoiciméid ón bParlaimint, ón gComhairle agus ón gCoimisiún. De réir Airteagal 2(2) den Rialachán sin, féadfaidh na hinstitiúidí, faoi réir na bprionsabal, coinníollacha agus teorainneacha sin, rochtain ar dhoiciméid a dheonú d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach nach gcónaíonn nó nach bhfuil oifig chláraithe acu i mBallstát.

68

Faoin gcéad fhleasc agus faoin gcoir dheireanach d’Airteagal 4(2) den Rialachán céanna, diúltóidh na hinstitiúidí céanna rochtain a thabhairt ar dhoiciméad sa chás go ndéanfadh nochtadh dochar do chosaint ar leasanna tráchtála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena n‑áirítear maoin intleachtúil, mura bhfuil leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh an doiciméid lena mbaineann.

69

Dá bhrí sin, is léir ó fhoclaíocht na forála sin nach bhfuil an eisceacht dá bhforáiltear san fhoráil sin infheidhme i gcás ina bhfuil leas sáraitheach poiblí ann an doiciméad lena mbaineann a nochtadh.

70

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin go bhfuil caighdeán comhchuibhithe, a glacadh ar bhonn treorach agus ar foilsíodh na tagairtí dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ina chuid de dhlí an Aontais de bharr a éifeachtaí dlíthiúla (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Deireadh Fómhair 2016, James Elliott Construction, C‑613/14, EU:C:2016:821, mír 40).

71

Go háirithe, ar an gcéad dul síos, chinn an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin go bhféadfar caighdeáin chomhchuibhithe a dhéanamh infhorfheidhmithe i gcoinne daoine aonair i gcoitinne ar choinníoll gur foilsíodh iad féin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Stichting Rookpreventie Jeugd agus páirtithe eile, C‑160/20, EU:C:2022:101, mír 48).

72

Ar an dara dul síos, maidir leis an nós imeachta chun caighdeáin chomhchuibhithe a tharraingt suas, ba cheart a thabhairt faoi deara gur leag reachtas an Aontais an nós imeachta sin síos i Rialachán Uimh. 1025/2012 agus, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i gCaibidil III den Rialachán sin, go bhfuil ról lárnach ag an gCoimisiún sa chóras Eorpach caighdeánaithe.

73

Dá bhrí sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i bpointí 23 go 31 dá Tuairim, fiú má chuirtear dréachtú na gcaighdeán sin de chúram ar chomhlacht atá faoin dlí príobháideach, gurbh é an Coimisiún amháin a bhfuil an chumhacht aige iarraidh a dhéanamh go ndéanfaí caighdeán comhchuibhithe a fhorbairt d’fhonn Treoir nó Rialachán faoi leith a chur chun feidhme. Faoin abairt dheireanach d’Airteagal 10(1) de Rialachán Uimh. 1025/2012, cinnfidh an Coimisiún na ceanglais maidir le hinneachar a bheidh le comhlíonadh ag an gcaighdeán comhchuibhithe iarrtha a chinneadh agus cinnfidh sé sprioc-am lena ghlacadh. Is é an Coimisiún a dhéanann maoirseacht ar an ullmhúchán sin agus a chuireann maoiniú ar fáil freisin i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán sin. I gcomhréir le hAirteagal 11(1)(a) den Rialachán sin, cinnfidh an Coimisiún na tagairtí don chaighdeán comhchuibhithe lena mbaineann a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó gan iad a fhoilsiú inti nó iad a fhoilsiú faoi shrianta inti.

74

Ar an tríú dul síos, cé go bhforáiltear le hAirteagal 2(1) de Rialachán Uimh. 1025/2012 nach bhfuil comhlíonadh caighdeán comhchuibhithe éigeantach, baineann táirgí a chomhlíonann na caighdeáin sin tairbhe, mar is léir ó aithris 5 den Rialachán sin, as toimhde comhréireachta leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a bhaineann leo, arna mbunú le reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú. Tá an éifeacht dhlíthiúil sin, a thugtar leis an reachtaíocht sin, ar cheann de bhuntréithe na gcaighdeán sin agus fágann sí gur uirlis fhíor-riachtanach iad d’oibreoirí eacnamaíocha, chun an ceart chun saorghluaiseachta earraí nó seirbhísí ar mhargadh an Aontais a fheidhmiú.

75

Go háirithe, d’fhéadfadh sé a bheith deacair, mura bhfuil sé dodhéanta, d’oibreoirí eacnamaíocha próiseas a úsáid seachas comhlíonadh na gcaighdeán sin, amhail saineolas aonair, i bhfianaise na ndeacrachtaí riaracháin agus na gcostas breise a bhaineann leo (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Iúil 2012, Fra.bo, C‑171/11, EU:C:2012:453, míreanna 29 agus 30).

76

Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i bpointe 43 dá Tuairim, i gcás ina bhforáiltear le reachtaíocht an Aontais go n‑eascraíonn toimhde comhréireachta le ceanglais fhíor-riachtanacha na reachtaíochta sin as comhlíonadh caighdeáin chomhchuibhithe, ciallaíonn sé sin nach mór d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar mian leis agóid éifeachtach a dhéanamh in aghaidh na toimhdean sin i ndáil le táirge nó seirbhís a léiriú nach gcomhlíonann an táirge nó an tseirbhís sin an caighdeán sin nó go bhfuil an caighdeán lochtach.

77

Sa chás seo, déantar tagairt do Threoir 2009/48 le trí cinn de na ceithre chaighdeán chomhchuibhithe, eadhon caighdeán EN 71-5:2015, dar teideal ‘Sábháilteacht bréagán – Cuid 5: Bréagáin cheimice (foirne) seachas foirne turgnaimh i gcomhair ceimice’, caighdeán EN 71-4:2013, dar teideal ‘Sábháilteacht bréagán – Cuid 4: Foirne turgnaimh i gcomhair ceimice agus gníomhaíochtaí gaolmhara’, agus caighdeán EN 71-12:2013, dar teideal ‘Sábháilteacht bréagán – Cuid 12: N-nítreasaimíní agus substaintí N-nítreasáithithe’. Foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 13 Samhain 2015 (IO 2015 C 378, lch. 1). I gcomhréir le hAirteagal 13 den Treoir sin, maidir le bréagáin a táirgeadh i gcomhréir leis na caighdeáin sin, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin.

78

Déantar tagairt do Rialachán Uimh. 1907/2006 le caighdeán EN 12472:2005 + A 1:2009, dar teideal ‘Modh le haghaidh cnaí agus creimeadh a ionsamhlú chun nicil arna scaoileadh ó ítimí brataithe a bhrath’.

79

Cé gur léir ó mhír 74 den bhreithiúnas seo nach bhfuil comhlíonadh na gcaighdeán comhchuibhithe éigeantach go ginearálta, tá comhlíonadh na gcaighdeán comhchuibhithe sin éigeantach go follasach, sa chás seo, a mhéid a fhoráiltear i Rialachán Uimh. 1907/2006, i bpointe 27(3) den tábla in Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis, go bhfuil na caighdeáin arna nglacadh ag CEN, a mhéid a bhaineann le nicil, le feidhmiú mar nósanna imeachta tástála chun comhréireacht na dtáirgí lena mbaineann le míreanna 1 agus 2 agus de pointe 27 sin a léiriú.

80

I bhfianaise an mhéid thuas, ní mór a mheas, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 70 den bhreithiúnas seo, gur cuid de dhlí an Aontais iad na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh.

81

Ar an dara dul síos, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i bpointe 52 dá Tuairim, foráiltear le hAirteagal 2 CAE go bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe ar phrionsabal an smachta reachta, lena gceanglaítear saor-rochtain ar dhlí an Aontais do gach duine nádúrtha nó dlítheanach san Aontas Eorpach agus go bhféadfadh daoine aonair a gcearta agus a n‑oibleagáidí a fhionnadh go soiléir (breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Stichting Rookpreventie Jeugd agus páirtithe eile, C‑160/20, EU:C:2022:101, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear). Leis an saor-rochtain sin, ní mór, go háirithe, a chur ar chumas aon duine a bhfuil an dlí ag iarraidh a chosaint a fhíorú, laistigh de na teorainneacha a cheadaítear faoin dlí, go gcomhlíonann seolaithe na rialacha a leagtar síos leis an dlí sin na rialacha sin.

82

Dá bhrí sin, de bhua na n‑éifeachtaí a thugtar dó le reachtaíocht an Aontais, is féidir le caighdeán comhchuibhithe cearta a thugtar do dhaoine aonair agus oibleagáidí atá orthu a shonrú agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis na sonraíochtaí sin chun a fhíorú an gcomhlíonann táirge nó seirbhís ar leith ceanglais bhunriachtanacha na reachtaíochta sin i ndáiríre.

83

Ar an tríú dul síos, i bhfianaise phrionsabal na trédhearcachta, ba cheart a mheabhrú go bhfuil an prionsabal sin dlúthnasctha le prionsabal na hoscailteachta, atá cumhdaithe sa dara mír d’Airteagal 1, agus in Airteagal 10(3) CAE, in Airteagal 15(1) agus Airteagal 298(1) CFAE agus in Airteagal 42 den Chairt freisin. Fágann sé gur féidir, go háirithe, dlisteanacht, éifeachtúlacht agus cuntasacht níos fearr an riaracháin a áirithiú i leith na saoránach i gcóras daonlathach (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Stichting Rookpreventie Jeugd agus páirtithe eile, C‑160/20, EU:C:2022:101, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear).

84

Chuige sin, ráthaítear ceart rochtana ar dhoiciméid faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 15(3) CFAE agus leagtar an ceart sin amach in Airteagal 42 den Chairt, ceart a cuireadh chun feidhme, inter alia, le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, lena bhforáiltear in Airteagal 2(3) de go bhfuil feidhm aige maidir leis na doiciméid go léir atá i seilbh na Parlaiminte, na Comhairle nó an Choimisiúin (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Stichting Rookpreventie Jeugd agus páirtithe eile, C‑160/20, EU:C:2022:101, mír 36).

85

Sna himthosca sin, ní mór a mheas go bhfuil leas sáraitheach poiblí ann lena dtugtar bonn cirt le nochtadh na gcaighdeán comhchuibhithe a iarradh de réir bhrí an choir dheireanaigh d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001.

86

Dá réir sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí, i míreanna 104 agus 105 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach raibh aon leas sáraitheach poiblí ann, de réir bhrí na forála sin, lena dtugtar bonn cirt le nochtadh na gcaighdeán comhchuibhithe a iarradh

87

Dá bhrí sin, ní mór seasamh leis an dara saincheist dlí agus, gan é a bheith riachtanach an chéad saincheist dlí a scrúdú, an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní.

An chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta

88

De réir na chéad fomhíre d’Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcás ina bhfuil bunús leis an achomharc, neamhneoidh an Chúirt Bhreithiúnais breith na Cúirte Ginearálta. Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar má cheadaíonn staid na n‑imeachtaí a leithéid. Sin mar atá anseo.

89

Mar is léir ó mhíreanna 65 go 87 den bhreithiúnas seo, ba cheart go mbeadh sé aitheanta ag an gCoimisiún, sa chinneadh atá faoi chonspóid, go raibh leas sáraitheach poiblí de réir bhrí an choir dheireanaigh d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001 ann, ar leas sáraitheach poiblí é a eascraíonn as prionsabail an smachta reachta, na trédhearcachta, na hoscailteachta agus an dea-rialachais, agus a thugann bonn cirt do nochtadh na gcaighdeán comhchuibhithe a iarradh, caighdeáin chomhchuibhithe ar cuid de dhlí an Aontais iad mar gheall ar a n‑éifeachtaí dlíthiúla.

90

Sna himthosca sin, ní mór an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní.

Costais

91

Faoi Airteagal 184(2) de na Rialacha Nós Imeachta, i gcás ina bhfuil bunús maith leis an achomharc agus ina dtugann an Chúirt Bhreithiúnais féin breithiúnas críochnaitheach sa chás, tabharfaidh sí breith i dtaobh na gcostas.

92

Foráiltear le hAirteagal 138(1) de na Rialacha sin, is infheidhme maidir le himeachtaí achomhairc de bhua Airteagal 184(1) de na Rialacha céanna, go n‑ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí ar éirigh leis.

93

Sa chás seo, ós rud é go bhfuil ordú á lorg ag na hachomharcóirí go n‑íocfaidh an Coimisiún na costais agus ós rud é nár éirigh leis an gCoimisiún, ní mór a ordú don Choimisiún na costais a bhaineann leis na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus leis na himeachtaí achomhairc araon a íoc.

94

Faoi Airteagal 184(4) de na Rialacha Nós Imeachta, i gcás nach ndearna idiragraí ag an gcéad chéim an t‑achomharc, ní ordófar dó na costais sna himeachtaí achomhairc a íoc ach amháin má ghlac sé páirt sa chuid i scríbhinn nó ó bhéal den nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais. I gcás ina nglacfaidh idiragraí ag an gcéad chéim páirt sna himeachtaí, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a ordú go n‑íocfaidh sé as a chostais féin. Ós rud é gur ghlac na hidiragraithe ag an gcéad chéim páirt sa chuid i scríbhinn agus sa chuid ó bhéal de na himeachtaí achomhairc os comhair na Cúirte Breithiúnais, ní mór a ordú dóibh a gcostais féin a íoc.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Cuirtear breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 14 Iúil 2021, Public.Resource.Org agus Right to Know v an Coimisiún (T‑185/19, EU:T:2021:445), ar neamhní.

 

2.

Cuirtear Cinneadh C (2019) 639 final ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2019 ar neamhní.

 

3.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach na costais a bhaineann leis na himeachtaí os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh agus leis na himeachtaí achomhairc araon a íoc.

 

4.

Ordaítear don Choiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), do Asociación Española de Normalización (UNE), do Asociaţia de Standardizare din România (ASRO), do Association française de normalisation (AFNOR), do Austrian Standards International (ASI), do British Standards Institution (BSI), do Bureau de normalisation/Bureau voor Normalisatie (NBN), do Dansk Standard (DS), do Deutsches Institut für Normung eV (DIN), do Koninklijk Nederlands Normalisatie Instituut (NEN), do Schweizerische Normen‑Vereinigung (SNV), do Standard Norge (SN), do Suomen Standardisoimisliitto ry (SFS), do Svenska institutet för standarder (SIS) agus do Institut za standardizaciju Srbije (ISS) a gcostais féin ag an gcéad chéim agus sna himeachtaí achomhairc a íoc.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.