BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Deichiú Dlísheomra)

28 Aibreán 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Rialachán (AE) Uimh 549/2013 – An córas Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach – Iarscríbhinn A mír 20.15 – Rialú á fheidhmiú ag institiúid náisiúnta um chuntais ar údaráis a eagraíonn institiúidí oideachais i bhfoirm institiúidí neamhbhrabúis – Institiúidí oideachais arna maoiniú go poiblí agus a bhfuil saoirse oideachais acu a ráthaítear leis an mbunreacht – Iarscríbhinn A mír 20.15, dara habairt – An coincheap “idirghabháil phoiblí i bhfoirm rialachán ginearálta is infheidhme maidir leis na haonaid uile atá ag obair sa ghníomhaíocht chéanna” – Raon feidhme– Iarscríbhinn A, mír 20.15, an chéad abairt – Iarscríbhinn A, míreanna 2.39(b), 20.15(b) agus 20.309(h) – An coincheap ‘ró-rialú’ – Raon feidhme)

I gCás C‑277/21,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Conseil d’État (Comhairle Stáit, an Bheilg), trí bhreith an 31 Márta 2021, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 29 Aibreán 2021, sna himeachtaí

Secrétariat général de l’enseignement catholique ASBL (SeGEC) agus páirtithe eile

v

Institut des comptes nationaux (ICN),

Banque nationale de Belgique,

tugann AN CHÚIRT (an Deichiú Dlísheomra),

comhdhéanta de: I. Jarukaitis, Uachtarán Dlísheomra, M. Ilešič agus Z. Csehi (Rapóirtéir), Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Secrétariat général de l’enseignement catholique ASBL (SeGEC) agus páirtithe eile, ag D. Renders agus E. Gonthier, avocats,

an Coimisiún Eorpach, ag F. Blanc agus T. Materne, i gcáil Gníomhairí,

tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léiriú ar mhír 20.15, agus ar mhír 20.309(h), d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO 2013 L 174, lch. 1).

2

Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir Secrétariat général de l’enseignement catholique ASBL (SeGEC) agus sé chomhlachas neamhbhrabúis eile atá gníomhach i réimse an oideachais sa Bheilg (‘na comhlachais atá i gceist’) agus an Institut des comptes nationaux (‘ICN’) (Institiúid Náisiúnta na gCuntas) agus an Banque nationale de Belgique maidir le haicmiú, de réir ICN, na gcomhlachas atá i gceist in earnáil an rialtais ghinearálta, fo-earnáil rialtais an stáit, faoi Chóras Cuntas Eorpach 2010, arna bhunú le Rialachán Uimh. 549/2013 (‘CCE 2010’).

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

3

Tá na focail seo a leanas in aithrisí 1 agus 3 de Rialachán Uimh. 549/2013:

‘(1)

Tá faisnéis atá inchomparáide, cothrom le dáta agus iontaofa ar struchtúr gheilleagar gach Ballstáit nó réigiúin agus ar an bhforbairt ar staid eacnamaíoch gach Ballstáit nó réigiúin ag teastáil don cheapadh beartas san Aontas agus chun faireachán a dhéanamh ar gheilleagair na mBallstát agus ar an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA).

(3)

Teastaíonn cuntais eacnamaíocha ó shaoránaigh an Aontais mar uirlis bhunúsach chun anailís a dhéanamh ar staid eacnamaíoch Ballstáit nó réigiúin. Ar mhaithe le hinchomparáideacht, ba cheart cuntais den sórt sin a tharraingt suas ar bhonn tacar aonair prionsabal, ar prionsabail iad, nach féidir léirithe éagsúla a dhéanamh orthu. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis a chuirtear ar fáil chomh beacht, chomh hiomlán agus chomh tráthúil agus is féidir d’fhonn leibhéal uasta trédhearcachta a áirithiú do gach earnáil.

4

Áirítear le hIarscríbhinn A a ghabhann leis an rialachán sin, a bhaineann le modheolaíocht CCE 2010, Caibidil 1, dar teideal ‘Gnéithe ginearálta agus bunphrionsabail’, ina bhfuil míreanna 1.01, 1.19, 1.34 go 1.36 agus 1.57 den iarscríbhinn sin. Sonraítear sna míreanna sin:

‘1.01

Is éard atá sa Chóras Cuntas Eorpach [CCE 2010] creat cuntasaíochta atá comhoiriúnach go hidirnáisiúnta le haghaidh cur síos córasach agus mionsonraithe a dhéanamh ar gheilleagar iomlán (amhail réigiún, tír nó grúpa tíortha), ar a chomhpháirteanna agus ar an gcaidreamh idir é agus geilleagair iomlána eile.

1.19

Tá na figiúirí ón gcreat [CCE 2010] an‑tábhachtach don [Aontas Eorpach] agus dá Bhallstáit chun a mbeartais shóisialta agus eacnamaíocha a fhoirmliú agus faireachán a dhéanamh orthu.

1.34

Cruthaítear cuntais earnálacha trí aonaid a leithdháileadh ar earnálacha agus is féidir ar an gcaoi sin idirbhearta agus ítimí comhardaithe na gcuntas a thíolacadh de réir earnála. Léiríonn an tíolacadh de réir earnála go leor aonad tomhais tábhachtach chun críoch beartais eacnamaíoch agus fhioscaigh. Is iad na príomhearnálacha atá ann teaghlaigh, corparáidí (airgeadais agus neamhairgeadais), institiúidí neamhbhrabúis a fhónann do theaghlaigh (INBFTanna) agus an chuid eile den domhan.

Tá an t‑idirdhealú idir gníomhaíocht mhargaidh agus gníomhaíocht neamh-mhargaidh an‑tábhachtach. Aicmítear eintiteas arna rialú ag an rialtas, agus atá ina chorparáid mhargaidh, faoi earnáil na gcorparáidí, lasmuigh d’earnáil an rialtais ghinearálta. Ar an dóigh sin, ní bheidh leibhéil easnaimh agus fiachais na corparáide mar chuid d’easnamh agus d’fhiachas an rialtais ghinearálta.

1.35

Tá sé tábhachtach critéir shoiléire agus láidre a leagan amach i dtaca le heintitis a leithdháileadh ar earnálacha.

Is éard atá san earnáil phoiblí na haonaid institiúideacha uile atá cónaitheach sa gheilleagar agus atá á rialú ag an rialtas. Is éard atá san earnáil phríobháideach na haonaid chónaitheacha eile ar fad.

I dTábla 1.1, leagtar amach na critéir a úsáidtear chun idirdhealú a dhéanamh idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, agus san earnáil phoiblí idir earnáil an rialtais agus earnáil na gcorparáidí poiblí, agus san earnáil phríobháideach idir earnáil na INBFTanna agus earnáil na gcorparáidí príobháideacha.

Tábla 1.1.

Critéir

Faoi rialú an rialtais

(An earnáil phoiblí)

Faoi rialú príobháideach

(An earnáil phríobháideach)

Aschur neamh-mhargaidh

An rialtas ginearálta

INBFTanna

Aschur margaidh

Corparáidí poiblí

Corparáidí príobháideacha

1.36

Sainmhínítear rialú mar an cumas beartas ginearálta nó clár ginearálta aonaid institiúidigh a chinneadh. Tugtar tuilleadh sonraí maidir leis an sainmhíniú ar rialú i mír 2.35 go mír 2.39.

1.57

Is eintitis eacnamaíocha iad na heintitis institiúideacha ar féidir leo úinéireacht a fháil ar earraí agus ar shócmhainní, dliteanais a thabhú, agus dul i mbun gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus idirbheart eacnamaíoch le haonaid eile as a gceart féin. Chun críocha chóras CCE 2010, déantar na haonaid institiúideacha a ghrúpáil i gcúig earnáil institiúideacha intíre chomheisiatacha:

(a)

corparáidí neamhairgeadais;

(b)

corparáidí airgeadais;

(c)

an rialtas ginearálta;

(d)

teaghlaigh;

(e)

institiúidí neamhbhrabúis a fhónann do theaghlaigh.

Tá an geilleagar intíre iomlán comhdhéanta as na cúig earnáil seo le chéile. Foroinntear gach earnáil freisin i bhfo-earnálacha. Leis an gcóras CCE 2010, is féidir sraith iomlán cuntas sreafaí agus clár comhardaithe a thiomsú do gach earnáil, agus do gach fo-earnáil, agus don gheilleagar iomlán. Is féidir le haonaid neamhchónaitheacha idirghníomhú leis na cúig earnáil intíre seo, agus léirítear na hidirghníomhaíochtaí idir na cúig earnáil intíre agus séú hearnáil institiúideach: earnáil na coda eile den domhan.’

5

Áirítear i gCaibidil 2, dar teideal ‘Aonaid agus grúpálacha aonad’, den iarscríbhinn sin míreanna 2.12, 2.39, 2.113 agus 2.130 den iarscríbhinn, ina bhfuil na focail seo a leanas:

‘ 2.12

Sainmhíniú: is éard is aonad institiúideach ann eintiteas eacnamaíoch arb é an tsaintréith ann uathriail chinnteoireachta i bhfeidhmiú a phríomhfheidhme. Meastar go bhfuil aonad cónaitheach ina aonad institiúideach sa chríoch eacnamaíoch ina bhfuil a lárionad príomhleasa eacnamaíoch má tá uathriail chinnteoireachta aige agus má choimeádann sé sraith iomlán cuntas nó má tá sé in ann sraith iomlán cuntas a thiomsú.

Chun go mbeidh uathriail chinnteoireachta i ndáil lena phríomhfheidhm ag aonad, ní mór d’eintiteas a bheith:

(a)

i dteideal earraí nó sócmhainní a bheith faoi úinéireacht aige ina cheart féin; beidh sé ábalta úinéireacht earraí nó úinéireacht sócmhainní a mhalartú in idirbhearta le haonaid institiúideacha eile;

(b)

ábalta cinntí eacnamaíocha a dhéanamh agus dul i mbun gníomhaíochtaí eacnamaíocha a mbeidh sé freagrach astu agus cuntasach astu faoin dlí;

(c)

ábalta dliteanais a thabhú thar a cheann féin, oibleagáidí eile nó gealltanais bhreise a ghlacadh agus a bheith páirteach i gconarthaí; agus

(d)

ábalta sraith iomlán cuntas a tharraingt suas ina mbeidh taifid chuntasaíochta a chuimsíonn na hidirbhearta go léir a rinne sé le linn na tréimhse cuntasaíochta, chomh maith le clár comhardaithe sócmhainní agus dliteanas.

2.39

Maidir le hinstitiúidí neamhbhrabúis atá aitheanta mar eintitis dhlíthiúla neamhspleácha, is iad na cúig tháscaire seo a leanas atá le meas maidir le rialú:

(a)

oifigigh a cheapadh;

(b)

forálacha ionstraimí cumasaithe;

(c)

comhaontuithe conarthacha;

(d)

an leibhéal maoinithe;

(e)

an leibhéal neamhchosanta ar riosca don rialtas.

Amhail i gcás corparáidí, féadfaidh sé gur leor táscaire amháin chun rialú a bhunú i gcásanna áirithe, ach i gcásanna eile, féadfaidh líon áirithe táscairí leithleacha le chéile rialú a thabhairt le fios.

Rialtas ginearálta (S.13)

2.113 Foroinntear earnáil an rialtais ghinearálta i gceithre fho-earnáil:

b)

rialtas stáit (gan cistí slándála sóisialta a áireamh) (S.1312);

[INBFTanna] (S.15)

2.130

… Aicmítear INBFTanna neamh-mhargaidh faoi rialú an rialtais ghinearálta in earnáil an rialtais ghinearálta (S.13).

…’

6

Áirítear mír 3.31 i gCaibidil 3 den iarscríbhinn chéanna, ina bhfuil na focail seo a leanas:

‘I gcás táirgeoirí príobháideacha eile, déantar idirdhealú idir institiúidí neamhbhrabúis príobháideacha agus táirgeoirí príobháideacha eile.

Sainmhíniú: is é an sainmhíniú ar institiúid neamhbhrabúis phríobháideach (INB) eintiteas dlíthiúil nó eintiteas sóisialta a ghníomhaíonn chun earraí agus seirbhísí a tháirgeadh ach nach gceadaítear ina leith, de réir a stádais, go bhfaighidh na haonaid a rinne an institiúid a bhunú, a rialú nó a mhaoiniú ioncam, brabús ná gnóthachain airgeadais eile as na hearraí sin. I gcás ina ngineann a ngníomhaíochtaí táirgthe barrachais, ní féidir le haonaid institiúideacha eile na barrachais sin a leithreasú.

Déantar INB príobháideach a aicmiú faoi earnáil na INBFTanna más táirgeoir neamh-mhargaidh é, ach amháin i gcás ina bhfuil sé faoi rialú an rialtais. I gcás ina rialaíonn an rialtas INB príobháideach aicmítear é in earnáil an rialtais ghinearálta.

…’

7

Áirítear i gCaibidil 20, dar teideal ‘Cuntais an Rialtais’, in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013 míreanna 20.05, 20.13, 20.15, 20.18, 20.29, 20.306, 20.309 agus 20.310 den Iarscríbhinn, ina sonraítear an méid seo a leanas:

‘20.05

Is éard atá in earnáil an rialtais ghinearálta (S.13) na haonaid rialtais agus na hinstitiúidí neamhbhrabúis (INBanna) neamh-mhargaidh go léir atá faoi rialú aonad rialtais. …

INBanna atá aicmithe in earnáil an rialtais ghinearálta

20.13

Is aonaid de chuid earnáil an rialtais ghinearálta freisin iad institiúidí neamhbhrabúis (INBanna) ar táirgeoirí neamh-mhargaidh iad faoi rialú aonad rialtais.

20.15

Sainmhínítear rialú ar INB mar an cumas beartas nó clár ginearálta na hinstitiúide neamhbhrabúis a chinneadh. Maidir le hidirghabháil phoiblí i bhfoirm rialachán ginearálta is infheidhme maidir leis na haonaid uile atá ag obair sa ghníomhaíocht chéanna, ní bhaineann sí le hábhar agus cinneadh á dhéanamh faoina mbeidh aonad aonair faoi rialú an rialtais. Ba cheart na cúig tháscaire rialaithe seo a leanas a mheas le cinneadh an bhfuil institiúid neamhbhrabúis faoi rialú an rialtais:

(a)

ceapadh oifigeach;

(b)

forálacha eile na hionstraime cumasaithe, amhail na hoibleagáidí i reacht na hinstitiúide neamhbhrabúis;

(c)

comhaontuithe conarthacha;

(d)

méid an mhaoinithe;

(e)

neamhchosaint ar rioscaí.

Is féidir gur leor táscaire amháin chun rialú a bhunú. Mar sin féin, más rud é go leanann institiúid neamhbhrabúis arna maoiniú go príomha ag an rialtas de bheith ábalta a beartas nó a clár a chinneadh go pointe suntasach ar an dóigh a luaitear sna táscairí eile, ní mheasfar í a bheith faoi rialú an rialtais. I bhformhór na gcásanna, léirítear an rialú trí roinnt táscairí le chéile. Cinneadh daorbhreithiúnach a bheidh in aon chinneadh arna bhunú ar na táscairí sin.

Rialú poiblí

20.18

Is é an sainmhíniú ar eintiteas a rialú an cumas beartas nó clár ginearálta an eintitis sin a chinneadh. …

An tástáil mhargaidh/neamh-mhargaidh

20.29 …

Déanfar an cumas dul i mbun gníomhaíochta margaidh a sheiceáil go háirithe trí na gnáthchritéir chainníochtúla (an critéar 50 %), ag baint úsáide as an gcóimheas idir dhíolacháin agus chostais táirgthe (mar atá sainmhínithe i mír 20.30 agus mír 20.31). Chun a bheith ina tháirgeoir margaidh, cumhdóidh an t‑aonad poiblí 50 % dá chostais ar a laghad trína dhíolacháin thar thréimhse leanúnach ilbhlianta.

20.306

Gach aonad institiúideach san earnáil phoiblí, is aonaid chónaitheacha iad faoi rialú an rialtas, go díreach nó go hindíreach ag aonaid na hearnála poiblí ar bhonn comhiomláin. Sainmhínítear rialú eintitis mar an cumas beartas ginearálta an eintitis sin a chinneadh. Tá cuntas níos iomláine air sin thíos.

Rialú na hearnála poiblí

20.309

Sainmhínítear rialú aonad cónaitheach na hearnála poiblí mar an cumas beartas ginearálta an aonaid a chinneadh. Is féidir é sin a dhéanamh trí chearta díreacha aonad aonair de chuid na hearnála poiblí nó trí chomhchearta cuid mhór aonad. Ba cheart na táscairí rialaithe seo a leanas a mheas:

(a)

cearta chun tromlach na n‑oifigeach nó an bhoird stiúrthóirí a cheapadh, a chrosadh nó a chur as oifig srl. Is leor cearta chun tromlach bhord rialaithe an eintitis a cheapadh, a chur as oifig, a cheadú nó a chrosadh chun rialú a chinneadh. Féadfaidh aon aonad amháin de chuid na hearnála poiblí cearta den sórt sin a shealbhú go díreach nó féadfaidh aonaid na hearnála poiblí iad a shealbhú go hindíreach ar bhonn comhiomláin. Má tá an chéad sraith ceapachán á rialú ag an earnáil phoiblí ach mura bhfuil athcheapacháin ina dhiaidh sin faoi réir na rialuithe sin, fanfaidh an t‑eintiteas san earnáil phoiblí go dtí an t‑am nach ceapacháin rialaithe iad tromlach na stiúrthóirí;

(b)

cearta chun an príomhphearsanra a cheapadh, a chrosadh nó a chur as oifig. Más comhaltaí boird ag a bhfuil tionchar a chinneann rialú an bheartais ghinearálta tríd is tríd, amhail an príomhoifigeach feidhmiúcháin, an cathaoirleach, agus an stiúrthóir airgeadais, tugtar an‑suntas do na cumhachtaí chun an pearsanra seo a cheapadh, a chrosadh agus a chur as oifig;

(c)

cumhachtaí chun tromlach na gceapachán a cheapadh, a chrosadh nó a chur as oifig i gcás príomhchoistí an eintitis. Má tharmligtear príomhfhachtóirí an bheartais ghinearálta, amhail luach saothair na foirne sinsearaí, pá agus straitéis ghnó, chuig fochoistí, is deitéarmanant an rialaithe iad na cearta chun stiúrthóirí na bhfochoistí sin a cheapadh, a chur as oifig nó a chrosadh;

(g)

cearta chun rialú ó chomhaontuithe/cead chun iasachtaí a fháil. Is minic a fhorchuireann iasachtóirí rialuithe mar choinníollacha chun iasachtaí a dhéanamh. Má fhorchuireann an earnáil phoiblí rialuithe trí iasachtú, nó chun a neamhchosaint ar riosca a chosaint ó ráthaíocht, atá níos déine ná na cinn a mbeadh ar aonán na hearnála poiblí aghaidh a thabhairt orthu de ghnáth, is táscaire é seo go bhfuil rialú ann. Más gá d’eintiteas cead a fháil ón earnáil phoiblí iasachtaí a fháil is táscaire é go bhfuil rialú ann;

(h)

rialú trí ró-rialú. Nuair atá rialú chomh dian sin go leagann sé síos beartas ginearálta an ghnó i ndáiríre is féidir leis a bheith ina chineál rialaithe. I gcásanna áirithe, is féidir le húdaráis phoiblí ról cumhachtach rialála a bheith acu, go háirithe i réimsí amhail monaplachtaí agus fóntais phríobháidithe ina bhfuil gné seirbhíse poiblí. Is féidir ról rialála a bheith i réimsí tábhachtacha, amhail praghsanna a shocrú, gan a bheith ar aonad rialú an bheartais ghinearálta a ghéilleadh. Ar an gcaoi chéanna, tugann rogha dul isteach nó oibriú i gcúinsí ardrialaithe le fios nach bhfuil an t‑eintiteas á rialú;

(i)

cearta eile. Is féidir rialú a aimsiú freisin ó chumhachtaí reachtúla nó ó chearta atá i mbunreacht an aonáin mar shampla chun na gníomhaíochtaí, cuspóirí, agus gnéithe oibriúcháin a shrianadh, chun buiséid a fhormheas nó chun cosc a chur ar an aonán a bhunreacht a athrú, chun é féin a dhíscaoileadh, chun díbhinní a fhormheas, nó chun a ghaol leis an earnáil phoiblí a fhoirceannadh. Meastar go bhfuil eintiteas atá lánmhaoinithe nó beagnach lánmhaoinithe ag an earnáil phoiblí á rialú má tá na rialuithe ar shruth an chistithe sin sriantach go leor chun an beartas ginearálta sa réimse sin a leagan síos.

Ní mór gach cás aicmithe a bhreithniú ar a thuillteanas féin agus d’fhéadfadh sé nach mbainfeadh cuid de na táscairí seo le gach cás ar leith. Is leor táscairí áirithe, amhail (a), (c) agus (d) i mír 20.309 leo féin chun rialú a bhunú. Ach i gcásanna eile, d’fhéadfadh roinnt táscairí ar leith i dteannta a chéile rialú a léiriú.

Dlí na Beilge

8

Foráiltear le hAirteagal 24 den Bhunreacht:

‘1.   Beidh saoirse oideachais ann; toirmiscfear aon bheart lena gcuirtear cosc ar an tsaoirse sin; ní rialófar pionós na gcionta ach amháin le dlí nó le foraithne.

Áiritheoidh an Comhphobal saoirse rogha do thuismitheoirí.

Soláthróidh an Comhphobal oideachas neodrach. Is éard atá i gceist leis seo, go háirithe, urraim do thuairimí fealsúnacha, idé-eolaíocha agus reiligiúnacha na dtuismitheoirí agus na ndaltaí.

Go dtí deireadh na scolaíochta éigeantaí, cuirfidh scoileanna arna mbainistiú ag na húdaráis phoiblí rogha ar fáil idir teagasc i gceann de na reiligiúin aitheanta agus teagasc san eitic neamh-shainchreidmheach.

2.   Más mian le Comhphobal, mar údarás eagrúcháin, cumhachtaí a tharmligean chuig eintiteas uathrialach amháin nó níos mó, ní fhéadfaidh sé déanamh amhlaidh ach amháin trí fhoraithne arna glacadh le tromlach de dhá thrian.

3.   Tá an ceart chun oideachais ag gach duine, lena ndéantar cearta agus saoirsí bunúsacha a urramú. Beidh rochtain ar oideachas saor in aisce go dtí deireadh na scolaíochta éigeantaí.

Tá an ceart ag gach dalta d’aois na scolaíochta éigeantaí oideachas morálta nó reiligiúnach a fháil ar chostas an Chomhphobail.

4.   Beidh gach dalta, mac léinn, tuismitheoir, ball foirne agus institiúidí oideachais comhionann ó thaobh dlíthe agus foraitheanta de. Cuirfear san áireamh i ndlíthe agus i bhforaitheanta difríochtaí oibiachtúla, go háirithe tréithe a bhaineann go sonrach le gach údarás eagrúcháin, lena dtugtar údar maith le cóireáil iomchuí.

5.   Beidh eagrú, aitheantas nó fóirdheontas an oideachais ag an gComhphobal faoi rialú dlí nó foraithne.’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú

9

Is léir ón iarraidh ar réamhrialú, ó achtaíodh é in 1831, go bhfuil foráil déanta i mBunreacht na Beilge do phrionsabal na saoirse oideachais. Tá agus bhí eagrú an réamh-bhunoideachais, an bhunoideachais, an mheánoideachais agus ardoideachais neamh-Ollscoile ina ábhar do reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar idirdhealú idir forais oideachais a thagann faoin ‘oideachas oifigiúil’, atá comhdhéanta de líonra scoileanna eagraithe ag an Stát, cúigí, comúin, comhlachais común nó aon chorparáid dlí phoiblí, agus, agus faoin ‘oideachas neamhspleách fóirdheonaithe’, sainchreidmheach agus neamh-sainchreidmheach, atá comhdhéanta de líonra scoileanna a fhaigheann fóirdheontas ón gcomhlacht cónaidhme inniúil, sa chás seo an Comhphobal Fraincise, ach á bhainistiú ag corparáid dlí phríobháidigh. Tá na comhlachais atá i gceist mar chuid den líonra oideachais neamhspleách fóirdheonaithe agus is cónaidhmeanna iad, faoi seach, a dhéanann ionadaíocht ar údaráis eagrúcháin an oideachais Chaitlicigh, grúpáil d’údaráis eagrúcháin oideachais neamhspleách neamh-shainchreidmhigh agus cúig údarás eagrúcháin d’institiúidí oideachais neamhspleácha fóirdheonaithe sainchreidmheacha.

10

Sa Bheilg, tá ICN freagrach as an staidreamh a cheanglaítear le CCE 2010 a thiomsú agus as na hoibreoirí eacnamaíocha éagsúla a aicmiú chun na críche sin de réir earnálacha, sna catagóirí arna sainiú le Rialachán Uimh. 549/2013, agus is iad teaghlaigh, an rialtas ginearálta, corparáidí (airgeadais agus neamhairgeadais), INBFTanna agus earnáil na codanna eile den domhan na príomhearnálacha.

11

Le cinneadh an 28 Márta 2018, mheas Bord Stiúrthóirí ICN gur ‘aonaid institiúideacha ar leith’ iad na comhlachais atá i gceist, de réir bhrí mhír 2.12 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Rialachán sin, atá á rialú ag an rialtas ginearálta, go sonrach ag an gComhpobal Fraincise. Dá bhrí sin, mheas ICN gur cheart na húdaráis eagrúcháin, mar aonaid neamh-mhargaidh, a aicmiú in earnáil an rialtais ghinearálta, an rialtas stáit (earnáil S.1312), de réir bhrí mhír 2.113(b) d'Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Rialachán sin. Shonraigh an ICN inter alia go suitear rialú poiblí, de réir bhrí CCE 2010, ar institiúidí oideachais neamhspleácha fóirdheonaithe ós rud é, inter alia, go bhfuil gníomhaíocht oideachais á maoiniú go hiomlán nó beagnach go hiomlán ag an earnáil phoiblí agus go bhfuil an maoiniú sin faoi réir comhlíonadh caighdeán rialála.

12

An 14 Meitheamh 2018, thionscain na comhlachais i gceist caingean le haghaidh neamhniú i gcoinne an chinnidh aicmiúcháin sin os comhair na cúirte a rinne an tarchur, an Conseil d’État (Comhairle Stáit, an Bheilg). Cuireann siad i gcoinne go háirithe an measúnú de chuid ICN go bhfuil siad á rialú ag an gComhphobal Fraincise agus measann siad, mar INBFTanna, gur aicmíodh go héagórach iad in earnáil an rialtais ghinearálta.

13

Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, go bhféadfar údaráis eagrúcháin na mbunaíochtaí oideachais neamhspleácha fóirdheonaithe, a bhfuil an fhoirm dhlíthiúil de chomhlachais neamhbhrabúis acu, a mheas mar INBanna, de réir bhrí Iarscríbhinn A de Rialachán Uimh. 549/2013, agus go n‑easaontaíonn na comhlachais atá i gceist le ICN maidir le léiriú an choincheapa ‘rialú poiblí’, de réir bhrí na hIarscríbhinne sin, agus gur díríodh cinneadh an28 Márta 2018, chuige sin, ar thrí cinn de na cúig tháscaire rialaithe dá dtagraítear. i mír 20.15 den iarscríbhinn, eadhon an méid maoinithe, ‘forálacha eile na hionstraime cumasaithe’ agus neamhchosaint ar rioscaí.

14

Ina dhiaidh sin, measann an chúirt sin, cé go bhfuil oideachas neamhspleách fóirdheonaithe á mhaoiniú go príomha ag an gComhphobal Fraincise, údarás poiblí, nach féidir leis an gcritéar um maoiniú ann féin a shuíomh, áfach, go bhfuil rialú poiblí ar INB má tá an INB fós ábalta a bheartas nó a clár a chinneadh go pointe suntasach. Thairis sin, tá an chúirt sin, ag brath ar mhír 77 de bhreithiúnas an 11 Meán Fómhair 2019, FIG agus FISE, (C‑612/17 agus C‑613/17, EU:C:2019:705), den tuairim nach mbaineann an cheist maidir le rialú ar INB ag an rialtas leis an gceist cibé an bhfuil tionchar cinntitheach ag an rialtas ar chumas bainistíochta nó cinnteoireachta an aonaid institiúidigh i dtrácht, a bhfuil uathriail iomlán aige, de réir sainmhíniú, ina leith sin, ach go mbaineann sí leis an gceist cibé an bhfuil an rialtas ábalta, d’ainneoin an neamhspleáchais sin, an t‑aonad a bhainistiú agus a shrianadh i gcinneadh agus i gcur chun feidhme a chuspóirí, gníomhaíochtaí agus cur chuige straitéiseach.

15

Ar deireadh, de réir na cúirte a rinne an tarchur, tá an cinneadh ICN maidir le húdaráis eagrúcháin na mbunaíochtaí oideachais neamhspleácha fóirdheonaithe a aicmiú in earnáil an rialtais ghinearálta bunaithe go bunúsach ar na hoibleagáidí éagsúla a fhorchuirtear orthu chun cáiliú don mhaoiniú arna dheonú ag an gComhphobal Fraincise. Ba cheart anailís a dhéanamh ar na hoibleagáidí sin i bhfianaise an táscaire rialaithe dá bhforáiltear i mír 20.309(h) d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013, a bhaineann le ‘rialú trí ró-rialú’. Sa chás seo, áfach, de réir na cúirte sin, cé go léiríonn na píosaí éagsúla fianaise a chuir ICN ar aghaidh go bhfuil gníomhaíocht na gcomhlachas atá i gceist faoi réir rialáil náisiúnta shuntasach, is deacair a rá go bhfuil an rialú sin ina ‘ró-rialú’, de réir bhrí na forála sin, i bhfianaise na heaspa treorach ar an ábhar i gcásdlí na Cúirte. Is chun soiléiriú a fháil ar an ábhar seo a chuireann an chúirt a rinne an tarchur a céad cheist.

16

Ina theannta sin, sa dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur faoi raon feidhme mhír 20.15 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013 lena bhforáiltear, go bunúsach, ina chéad abairt, go sainmhínítear rialú ar INB mar an cumas beartas nó clár ginearálta na hinstitiúide neamhbhrabúis a chinneadh, ach lena bhforáiltear, sa dara habairt, maidir le hidirghabháil phoiblí i bhfoirm rialachán ginearálta is infheidhme maidir leis na haonaid uile atá ag obair sa ghníomhaíocht chéanna, nach mbaineann sí le hábhar agus cinneadh á dhéanamh faoina mbeidh aonad aonair faoi rialú an rialtais. Sa chás seo, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil an cinneadh ICN bunaithe freisin ar an bhfíoras go bhfuil na rialacha dlí is infheidhme maidir le baill foirne in oideachas neamhspleách fóirdheonaithe cosúil le rialacháin foirne múinteoirí san oideachas oifigiúil, atá cosúil le rialacháin na seirbhíse poiblí iad féin. Is gá, dá bhrí sin, a chinneadh an bhféadfaí na ‘rialacháin foirne’ is infheidhme maidir le baill foirne san oideachas neamhspleách fóirdheonaithe a mheas mar ‘rialacháin ghinearálta is infheidhme maidir leis na haonaid uile atá ag obair sa ghníomhaíocht chéanna’. Más amhlaidh atá, agus an ‘critéar diúltach’ sa dara habairt den fhoráil á chur i bhfeidhm, ní mór a mheas nach mbaineann na ‘rialacháin foirne’ sin a bheith ann chun a chinneadh go bhfuil ‘aonad institiúideach aonair faoi rialú’ an rialtais. Ach, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, áfach, más oideachas ann féin í an ‘ghníomhaíocht chéanna’ laistigh de bhrí an dara habairt sin, ní mór a thabhairt faoi deara, d’ainneoin na gcosúlachtaí idir an dá shraith de rialacha dlí faoi seach is infheidhme maidir leis an dá chatagóir fhoirne atá i gceist, ní bhaineann roinnt rialacha náisiúnta ach le baill foirne in oideachas neamhspleách fóirdheonaithe ach ní bhaineann siad go sonrach, áfach, le gach ceann dá ‘aonaid aonair’ atá comhdhéanta de na húdaráis eagrúcháin éagsúla.

17

Sna himthosca sin, chinn an Conseil d’État bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)

An bhfuil mír 20.309(h) d’Iarscríbhinn A a ghabhann le [Rialachán Uimh. 549/2013] le léiriú sa chaoi, más rud é go ndéanann an rialtas inniúil i réimse an oideachais:

curaclaim a fhaomhadh,

struchtúr an oideachais agus na cúraimí tosaíochta agus sonracha araon a chinneadh, scrúdú a eagrú ar choinníollacha clárúcháin agus díbeartha na ndaltaí, agus ar chinntí na gcomhairlí ranga agus ar an rannpháirtíocht airgeadais, grúpáil na scoileanna i líonraí struchtúrtha a eagrú agus a éileamh go ndéanfaí tionscadail oideachais, oideolaíocha agus scoile a fhorbairt chomh maith le tuarascáil ghníomhaíochta a chur isteach,

scrúdú agus cigireacht a eagrú go háirithe ar na hábhair a mhúintear, ar an leibhéal acadúil agus ar chur i bhfeidhm na ndlíthe teanga, ach ní ar mhodhanna múinte, agus

íoslíon daltaí a fhorchur in aghaidh an ranga, na coda, na céime nó na fo-roinne eile, mura bhfaightear díolúine ón Aire,

nach mór é sin a mheas mar “ró-rialú” de réir bhrí na forála sin, a mhéid a ordaíonn nó a cheanglaíonn sé go héifeachtach an beartas ginearálta nó clár na n‑aonad atá ag obair sa ghníomhaíocht lena mbaineann?

(2)

An bhfuil mír 20.15 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an rialachán sin le léiriú mar ní a fholaíonn i gcoincheap na rialachán ginearálta rialacha sonracha arb ionann iad agus “rialacháin foirne” is infheidhme maidir le baill foirne institiúidí neamhbhrabúis i réimse an oideachais arna maoiniú ag an rialtas?’

Na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist

18

Lena chéad cheist, is mian leis an gcúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, a fháil amach an bhfuil nó nach bhfuil mír 20.309(h) d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013 le léiriú ar bhealach go gcumhdaítear leis an gcoincheap de ‘ró-rialú’ rialacháin náisiúnta is infheidhme maidir le INBanna atá gníomhach i réimse an oideachais, cé go bhfuil siad fóirdheonaithe ag an údarás inniúil náisiúnta, a bhfuil saoirse oideachais acu arna ráthú leis an mBunreacht, i gcás ina dtugtar leis na rialacháin sin an cúram nó an ceart don údarás sin:

curaclaim a fhaomhadh;

struchtúr an staidéir agus na cúraimí tosaíochta agus sonracha araon a rialáil, scrúdú a eagrú ar choinníollacha clárúcháin agus díbeartha na ndaltaí, agus ar chinntí na gcomhairlí ranga agus ar an rannpháirtíocht airgeadais, grúpáil na scoileanna i líonraí struchtúrtha a eagrú agus a éileamh go ndéanfaí tionscadail oideachais, teagaisc agus institiúideach a fhorbairt chomh maith le tuarascáil ghníomhaíochta a chur isteach;

scrúdú agus cigireacht a eagrú go háirithe ar na hábhair a mhúintear, ar an leibhéal acadúil agus ar chur i bhfeidhm na ndlíthe teanga, ach ní ar mhodhanna múinte, agus

íoslíon daltaí a fhorchur in aghaidh an ranga, na coda, na céime nó na fo-roinne eile, mura bhfaightear díolúine ón Aire,

19

Ní mór a thabhairt faoi deara, ag an tús, go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur ag iarraidh ar an gCúirt, leis an gceist sin, go bunúsach, raon feidhme agus réim na n‑oibleagáidí sin a fhorchuirtear ar údaráis eagrúcháin an oideachais neamhspleách fóirdheonaithe faoi reachtaíocht na Beilge a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ar cheart iad a mheas mar ‘ró-rialú’ a mhéid a ordaítear nó a cheanglaítear leo go héifeachtach beartas ginearálta nó clár na n‑aonad atá ag obair sa ghníomhaíocht lena mbaineann i bhfianaise na gcritéar agus na dtáscairí a cheanglaítear faoi CCE 2010.

20

Tríd an méid sin a dhéanamh, is í iarraidh na cúirte a rinne an tarchur ina leith sin go ndéanfadh an Chúirt scrúdú ar an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme i bhfianaise mhéid an tionchair atá ag an gComhphobal Fraincise i réimse gníomhaíochta an oideachais fóirdheonaithe.

21

Chuige sin, ní mór a mheabhrú, i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, i gcomhthéacs an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, atá bunaithe ar scaradh soiléir feidhmeanna idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, nach bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais léiriú a thabhairt ar an dlí náisiúnta agus is iad na cúirteanna náisiúnta amháin a fhéadfaidh fíorais na díospóide a shuíomh agus a mheasúnú sna príomhimeachtaí agus raon feidhme beacht na ndlíthe náisiúnta, na rialachán náisiúnta nó na bhforálacha riaracháin náisiúnta a chinneadh (breithiúnas an 4 Márta 2020, Schenker, C‑655/18, EU:C:2020:157, mír 19 agus an cásdlí dá dtagraítear).

22

Mar sin féin, féadfaidh an Chúirt, a n‑iarrtar uirthi freagraí fónta a thabhairt don chúirt náisiúnta, treoir a sholáthar bunaithe ar na doiciméid a bhaineann leis na príomhimeachtaí agus ar na barúlacha i scríbhinn agus ó bhéal a cuireadh faoina bráid, chun a chumasú don chúirt náisiúnta breithiúnas a thabhairt (breithiúnas an 3 Deireadh Fómhair 2019, Fonds du Logement de la Région de Bruxelles-Capitale, C‑632/18, EU:C:2019:833, mír 49 agus an cásdlí dá dtagraítear).

23

Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, gur léir ó aithris 1 agus aithris 3 de Rialachán Uimh. 549/2013 agus ó mhíreanna 1.01 agus 1.19 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis, go mbunaítear le CCE 2010 creat tagartha chun cuntais na mBallstát a tharraingt suas, ar mhaithe le leasa shaoránaigh an Aontais agus an Aontais Eorpaigh é féin araon. Ba cheart na cuntais a tharraingt suas ar bhonn tacair aonair prionsabal nach féidir léiriú éagsúil a thabhairt orthu, ionas gur féidir torthaí inchomparáide a fháil (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2019, FIG agus FISE, C‑612/17 agus C‑613/17, EU:C:2019:705, mír 32).

24

Chun críocha cuntasaíochta faoi CCE 2010, ní mór do na haonaid institiúideacha go léir – a shainmhínítear, go bunúsach, i mír 1.57 agus i mír 2.12 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013, mar eintiteas eacnamaíoch arb é an tsaintréith ann uathriail chinnteoireachta i bhfeidhmiú a phríomhfheidhme – a leithdháileadh ar cheann de na sé phríomhearnáil a shainaithnítear i mír 1.34 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an rialachán sin, eadhon teaghlaigh, rialtas, corparáidí airgeadais, corparáidí neamhairgeadais, INBFTanna nó an chuid eile den domhan (breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2019, FIG agus FISE, C‑612/17 agus C‑613/17, EU:C:2019:705, mír 33).

25

I gcás na bpríomhimeachtaí, is ‘aonad institiúideach’ gach ceann de na comhlachais atá i gceist, de réir bhrí mhír 1.57 agus mhír 2.12 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013. Cé nach gcuireann siad i gcoinne a n‑aicmiúcháin, ag an gcúirt a rinne an tarchur, sa chatagóir ‘INBanna neamh-mhargaidh’ de réir bhrí mhír 3.31 agus mhír 20.29 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013, easaontaíonn na páirtithe sna príomhimeachtaí, áfach, an bhfuil nó nach bhfuil na comhlachais atá i gceist á rialú ag an rialtas.

26

Más rud é go bhfuil siad á rialú, déanfar an INB, mar tháirgeoir neamh-mhargaidh, a aicmiú in earnáil an rialtais ghinearálta ach, mura bhfuil, déanfar iad a aicmiú san earnáil INBFT. Tá an modh aicmiúcháin sin soiléir go háirithe ón léamh comhcheangailte ar mhíreanna 1.35, 2.130, 3.31, 20.05 agus 20.13 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013 (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2019, FIG agus FISE, C‑612/17 agus C‑613/17, EU:C:2019:705, mír 34).

27

Sainmhínítear an coincheap ginearálta de ‘rialú’ ar bhealach comhchosúil i míreanna 1.36, 20.15, 20.18, 20.306 agus 20.309 d'Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013 mar an chumhacht nó an cumas chun beartas ginearálta, straitéis nó clár ginearálta aonaid nó eintitis a chinneadh. I mír 20.309 den iarscríbhinn sin, sa roinn de Chaibidil 20 de, ina bpléitear an earnáil phoiblí, lena gcumhdaítear, inter alia, an rialtas ginearálta agus na haonaid nó na heintitis arna rialú aige, luaitear naoi dtáscaire ginearálta rialaithe chun a chinneadh an bhféadfaí nó nach bhféadfaí aonad cónaitheach a mheas mar aonad atá á rialú ag an rialtas chun críocha a aicmiúcháin in earnáil an rialtais ghinearálta. Mar sin féin, faoi mhír 20.310 den iarscríbhinn, d’fhéadfaí nach mbeadh cuid de na táscairí sin ábhartha don chás aonair (breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2019, FIG agus FISE, C‑612/17 agus C‑613/17, EU:C:2019:705, mír 35).

28

Baineann mír 20.15 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013 go sonrach le ceist rialú an rialtais ar INBanna agus leagtar amach inti cúig tháscaire rialaithe atá le cur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil nó nach bhfuil INB á rialú ag an rialtas. Déantar na cúig tháscaire sin a atáirgeadh freisin i mír 2.39 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013, faoi réir roinnt éagsúlachtaí dréachtaithe ag brath ar an leagan teanga. Ní mór a chinneadh, ós rud é go ndéileálann míreanna 2.39 agus 20.15 den iarscríbhinn sin leis an tsaincheist chéanna agus go bhfuil an cuspóir céanna á shaothrú acu, eadhon táscairí rialaithe is infheidhme maidir le INBanna a leagan amach, ní mór, in ainneoin na n‑éagsúlachtaí ina bhfoclaíocht, léiriú comhchoiteann a bheith acu agus iad a mheas mar fhoráil amháin agus an fhoráil chéanna (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2019, FIG agus FISE, C‑612/17 agus C‑613/17, EU:C:2019:705, mír 37).

29

Ina theannta sin, ós rud é go sainmhínítear i mír 20.309 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013 an coincheap ‘rialú’ chun críocha an earnáil phoiblí i gcoitinne a shainiú, agus ós rud é go sainmhínítear an coincheap sin le foráil aonair mhíreanna 2.39 agus 20.15 d’fhonn idirdhealú a dhéanamh idir INBanna a thagann faoi chuimsiú na hearnála poiblí ó na cinn nach dtagann, tá an aidhm chéanna á saothrú ag an dá shainmhíniú sin freisin agus féadfar iad a chur i bhfeidhm, dá bhrí sin, i gcás INBanna, maidir leis na heintitis chéanna. Ní mór a chinneadh, dá bhrí sin, go bhfuil an dá fhoráil sin comhlántach agus, mar sin, gur cheart iad a chur i bhfeidhm le chéile agus ar bhealach aonfhoirmeach nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh an dtagann aonad laistigh den earnáil phoiblí nó den earnáil phríobháideach agus, dá bhrí sin, i gcás INB, an dtagann nó nach dtagann sé faoi réim earnáil an rialtais ghinearálta, i gcomhréir le forálacha comhcheangailte mhír 3.31 agus mhír 20.13 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013, nó an INBFT é (breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2019, FIG agus FISE, C‑612/17 agus C‑613/17, EU:C:2019:705, mír 38).

30

Sa chás seo, d’fhonn a chinneadh an bhfuil na comhlachais atá i gceist faoi rialú an rialtais, roghnaigh an chúirt a rinne an tarchur, ag cur béime nach féidir leis an gcritéar maoinithe ann féin rialú a shuíomh, gan ach ceist a chur ar an gCúirt maidir le léiriú mhír 20.309(h) d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013 agus maidir leis an tsaincheist i dtaobh an bhfuil an tsraith ceart agus cúraimí a chuir an reachtas náisiúnta ar iontaoibh an Chomhphobail Fhraincigh le háireamh mar ‘rialú trí ró-rialú’, de réir bhrí na forála sin

31

Faoin bhforáil sin, ‘nuair atá rialú chomh dian sin go leagann sé síos beartas ginearálta an ghnó i ndáiríre is féidir leis a bheith ina chineál rialaithe’. Tá sé sonraithe ag an gCúirt go bhfuil an fhoráil sin mar chuid den táscaire rialaithe a bhaineann le ‘forálacha ionstraimí cumasaithe’ nó ‘forálacha eile na hionstraime cumasaithe, amhail na hoibleagáidí i reacht na hinstitiúide neamhbhrabúis’, dá dtagraítear, faoi seach, i mír 2.39(b) agus i mír 20.15(b) d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013, ós rud é go gcomhfhreagraíonn an táscaire sin do na samplaí éagsúla a luaitear i mír 20.309(a) go (c) agus (g) go (i) den Iarscríbhinn sin (breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2019, FIG agus FISE, C‑612/17 agus C‑613/17, EU:C:2019:705, mír 64).

32

Ina theannta sin, chinn an Chúirt gur léir ó mhír 20.309(h) d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013 go bhféadfaidh rannpháirtíocht rialála atá, is cuma cibé acu ginearálta nó fairsing ó thaobh nádúr é, sách ionsáiteach chun a chinneadh, de facto, beartas nó clár ginearálta aonaid nó na n‑aonad go léir a oibríonn sa ghníomhaíocht chéanna a bheith ina tháscaire de rialú (féach chuige sin, breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2019, FIG agus FISE, C‑612/17 agus C‑613/17, EU:C:2019:705, mír 48).

33

Ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil an coincheap ‘an cumas beartas nó clár ginearálta a chinneadh’ de INB, de réir bhrí na chéad abairte de mhír 20.15 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán 549/2013, sainmhínithe ag an gCúirt mar choincheap a thagraíonn do chumas an rialtais tionchar iarbhír substaintiúil a bheith aige, ar bhonn buan agus leanúnach, ar chinneadh agus cur chun feidhme na gcuspóirí de INB, ar a gníomhaíochtaí agus ar ghnéithe oibriúcháin na ngníomhaíochtaí sin, agus ar na cineálacha cur chuige agus na treoirlínte straitéiseacha atá INB le leanúint agus na gníomhaíochtaí sin á saothrú aici chomh maith (breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2019, FIG agus FISE, C‑612/17 agus C‑613/17, EU:C:2019:705, mír 90).

34

Mar sin féin, i bhfianaise na comhlántachta idir forálacha mhíreanna 20.15 agus 20.309 d'Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013, a chuirtear in iúl i míreanna 28 agus 29 den bhreithiúnas seo, ní mór an léiriú sin ar an gcéad abairt de mhír 20.15 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh 549/2013, mar a luann an Coimisiún Eorpach i gceart ina bharúlacha i scríbhinn, a chur i bhfeidhm freisin, mutatis mutandis, maidir leis an léiriú ar an dara habairt de mhír 20.309(h) d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Rialachán sin, lena bhforáiltear ‘nuair atá rialú chomh dian sin go leagann sé síos beartas ginearálta an ghnó i ndáiríre is féidir leis a bheith ina chineál rialaithe’.

35

Dá bhrí sin, ní mór a chinneadh go bhfuil mír 20.309(h) d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013, arna léamh in éineacht le mír 2.39(b) agus 20.15(b) den iarscríbhinn sin le léiriú ar bhealach a chiallaíonn go measfar rialacháin náisiúnta is infheidhme maidir le INBanna atá gníomhach i réimse an oideachais, cé go dtugann an t‑údarás inniúil náisiúnta fóirdheontais dóibh, a bhfuil saoirse oideachais acu arna ráthú leis an mBunreacht, mar rialacháin atá ina ‘ró-rialú’ de réir bhrí mhír 20.309(h) den Iarscríbhinn A, i gcás ina bhfuil na cúraimí agus na cearta a thugtar don údarás sin leis na rialacháin sin ionsáite a ndóthain chun an beartas ginearálta nó an clár de na bunaíochtaí oideachais lena mbaineann a chinneadh go héifeachtach, trí chumas a thabhairt chun tionchar réadach agus substaintiúil a fheidhmiú ar bhonn marthanach buan ar shainmhíniú agus ar bhaint amach na gcuspóirí atá ag na haonaid sin, a ngníomhaíochtaí agus a ngnéithe oibríochtúla, chomh maith leis na cineálacha cur chuige straitéiseacha agus na treoirlínte a bhfuil sé beartaithe ag na haonaid sin a shaothrú i bhfeidhmiú a ngníomhaíochtaí

36

Dá bhrí sin is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé, arb í amháin a bhfuil eolas díreach aici ar an díospóid sna príomhimeachtaí, na seiceálacha is gá a dhéanamh, i bhfianaise na gcúinsí ábhartha fíorasacha agus dlíthiúla go léir, chun a fhionnadh an bhfuil na cumhachtaí atá ag an gComhphobal Fraincise maidir leis na comhlachais atá i gceist, trí rialacháin náisiúnta, ionsáite a ndóthain chun beartas ginearálta nó clár ginearálta na gcomhlachas atá i gceist a chinneadh go héifeachtach, go háirithe toisc go gcuirtear de chúram ar an údarás sin curaclaim agus ábhar na gcúrsaí a shocrú agus, dá bharr sin, cinneadh a dhéanamh maidir leis na cuspóirí oideachais, nó ina ionad sin, an bhfuil éifeacht na gcumhachtaí sin teoranta, mar a éilíonn na comhlachais atá i gceist ina gcuid barúlacha i scríbhinn, do rialú simplí arna fheidhmiú a posteriori, nach bhfuil aon tionchar cinntitheach aige ar an mbeartas ginearálta nó ar an gclár scoile nó acadúil, ós rud é nach mbaineann sé leis an ábhar oideachais ar leith as a leanann go ndeonaítear teastas lena bhformhuinítear rath bliana scoile nó acadúla.

37

É sin a bheith amhlaidh agus, ar aon nós, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé measúnú a dhéanamh ar na táscairí go léir, lena n‑áirítear an ceann a bhaineann leis an méid maoinithe, ós rud é gur ‘cinneadh daorbhreithiúnach’ é an measúnú sin, de réir sainmhíniú, i gcomhréir leis an abairt dheireanach de mhír 20.15 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013 (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2019, FIG agus FISE, C‑612/17 agus C‑613/17, EU:C:2019:705, míreanna 87 agus 88). De réir mhír 20.310 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an rialachán sin, is gá gach cás aicmithe a scrúdú de réir a thuillteanais féin agus d’fhéadfaí nach mbeadh cuid de na táscairí sin ábhartha don chás aonair, agus, i gcásanna eile, d’fhéadfadh roinnt táscairí ar leith i dteannta a chéile rialú a léiriú. Bunaítear leis an abairt dheireanach de mhír 2.39 d’Iarscríbhinn A agus leis an séú habairt de mhír 20.15 den Rialachán sin an prionsabal céanna gur fíorú é ar shraith táscairí ar dóigh dó rialú a léiriú, i bhformhór na gcásanna.

38

I bhfianaise na mbreithnithe sin thuasluaite, ba cheart gurb é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór mír 20.309(h) d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013, arna léamh in éineacht le mír 2.39(b) agus mír 20.15(b), a léiriú ar bhealach a chiallaíonn go gcumhdaítear leis an gcoincheap de ‘ró-rialú’ rialacháin náisiúnta is infheidhme maidir le INBanna atá gníomhach i réimse an oideachais, cé go bhfuil siad fóirdheonaithe ag an údarás inniúil náisiúnta, a bhfuil saoirse oideachais acu arna ráthú leis an mBunreacht, i gcás ina dtugtar leis na rialacháin sin an cúram nó an ceart don údarás sin:

curaclaim a fhaomhadh,

struchtúr an staidéir agus na cúraimí tosaíochta agus sonracha araon a rialáil, scrúdú a eagrú ar choinníollacha clárúcháin agus díbeartha na ndaltaí, agus ar chinntí na gcomhairlí ranga agus ar an rannpháirtíocht airgeadais, grúpáil na scoileanna i líonraí struchtúrtha a eagrú agus a éileamh go ndéanfaí tionscadail oideachais, oideolaíocha agus scoile a fhorbairt chomh maith le tuarascáil ghníomhaíochta a chur isteach,

scrúdú agus cigireacht a eagrú go háirithe ar na hábhair a mhúintear, ar an leibhéal acadúil agus ar chur i bhfeidhm na ndlíthe teanga, ach ní ar mhodhanna múinte, agus

íoslíon daltaí a fhorchur in aghaidh an ranga, na coda, na céime nó na fo-roinne eile, mura bhfaightear díolúine ón Aire,

sa mhéid go bhfuil na cúraimí agus na cearta sin ionsáite a ndóthain chun an beartas ginearálta nó an clár de INBanna lena mbaineann a chinneadh go héifeachtach, trí chumas a thabhairt chun tionchar réadach agus substaintiúil a fheidhmiú ar bhonn marthanach buan ar shainmhíniú agus ar bhaint amach na gcuspóirí atá ag na INBanna sin, a ngníomhaíochtaí agus a ngnéithe oibríochtúla, chomh maith leis na cineálacha cur chuige straitéiseacha agus na treoirlínte a bhfuil sé beartaithe ag na INBanna sin a shaothrú i bhfeidhmiú a ngníomhaíochtaí, ar ábhar é atá le fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur.

An dara ceist

39

Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil nó nach bhfuil an dara habairt d’Iarscríbhinn A de mhír 20.15 de Rialachán Uimh. 549/2013 le léiriú sa chaoi go n‑áirítear leis an gcoincheap ‘rialachán ginearálta is infheidhme maidir leis na haonaid uile atá ag obair sa ghníomhaíocht chéanna’ rialacha náisiúnta arb éard iad rialacha dlí atá infheidhme maidir le baill foirne INBanna amháin atá gníomhach i réimse an oideachais arna maoiniú ag údarás poiblí.

40

Chuige sin, ní mór a thabhairt faoi deara gur chinn an Chúirt nach mór an coincheap sin a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear aon idirghabháil ó aonad earnála poiblí a achtaíonn nó a chuireann i bhfeidhm rialacha atá beartaithe chun na haonaid go léir a oibríonn sa ghníomhaíocht lena mbaineann a chur faoi réir go cothrom agus go haonfhoirmeach rialacha uileghabhálacha, leathana teibí nó treoir ghinearálta, gan an cumas a bheith ag rialacha den sórt sin, mar gheall ar a nádúr nó a gcarachtar ar ‘ró-rialú’ é, de réir bhrí mhír 20.309(h) d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013, beartas ginearálta nó clár na n‑aonad atá ag obair sa ghníomhaíocht lena mbaineann a leagan síos go héifeachtach (breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2019, FIG agus FISE, C‑612/17 agus C‑613/17, EU:C:2019:705, mír 54).

41

Tá sé sonraithe ag an gCúirt freisin nach mbaineann aidhm an dara habairt de mhír 20.15 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013, lena bhforáiltear go bhfuil ‘maidir le hidirghabháil phoiblí i bhfoirm rialachán ginearálta is infheidhme maidir leis na haonaid uile atá ag obair sa ghníomhaíocht chéanna, ní bhaineann sí le hábhar agus cinneadh á dhéanamh faoina mbeidh aonad aonair faoi rialú an rialtais’ le heisiamh ón gcoincheap ‘rialú’ aon idirghabháil ó aonad earnála poiblí a bhfuil sé beartaithe aici rialacha a leagan síos nó a chur i bhfeidhm atá ceaptha chun na haonaid go léir atá ag oibriú sa ghníomhaíocht lena mbaineann a chur faoi réir go cothrom agus go haonfhoirmeach rialacha uileghabhálacha, leathana teibí nó treoir ghinearálta (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2019, FIG agus FISE, C‑612/17 agus C‑613/17, EU:C:2019:705, míreanna 42 agus 43).

42

Sa chás seo, ní chuirtear ina choinne go leagtar síos sna ‘rialacháin foirne’ rialacha sonracha is infheidhme maidir le baill foirne institiúidí atá gníomhach i réimse an oideachais arna maoiniú ag an rialtas. Mar a thug an Coimisiún le fios i gceart ina bharúlacha i scríbhinn, ní bhaineann na rialacha atá infheidhme maidir le hoideachas neamhspleách fóirdheonaithe, lena n‑áirítear na ‘rialacháin foirne’ is infheidhme maidir le baill foirne, le scoileanna príobháideacha nach bhfaigheann maoiniú ón gComhphobal Fraincise. Mar an gcéanna, ina gcuid barúlacha i scríbhinn, chuir na comhlachais i gceist in iúl nach bhfuil an ‘riail atá i gceist’ infheidhme ach amháin maidir le baill foirne a bhfuil a bhfostaíocht fóirdheonaithe. Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ‘más oideachas é an ghníomhaíocht atá i gceist, ní mór a thabhairt faoi deara nach mbaineann roinnt rialacha a leagtar síos le foraithne ach le baill foirne in oideachas neamhspleách fóirdheonaithe’.

43

Sa chás seo, ní féidir réimse an oideachais neamhspleách fhóirdheonaithe a mheas mar réimse gníomhaíochta ar leith ó réimse an oideachais phoiblí nó an oideachais i gcoitinne sa Bheilg. Dá bhrí sin, tá na rialacha sonracha arb éard iad ‘rialacháin foirne’ nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le baill foirne san oideachas neamhspleách fóirdheonaithe beartaithe, ní le haghaidh réimse iomlán gníomhaíochta an oideachais, ach leis an gcuid sin amháin atá comhdhéanta den líonra neamhspleách fóirdheonaithe. Mar sin, ós rud é nach bhfuil feidhm ag na rialacha atá i gceist maidir leis na haonaid go léir sa réimse céanna gníomhaíochta, eadhon an t‑oideachas, ní féidir leis na rialacháin foirne a bheith faoi chuimsiú choincheap na ‘rialachán ginearálta’, de réir bhrí na dara habairte de mhír 20.15 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 549/2013.

44

I bhfianaise na mbreithnithe sin thuasluaite, is é an freagra ar an dara ceist ná nach mór an dara habairt d’Iarscríbhinn A de mhír 20.15 de Rialachán Uimh. 549/2013 a léiriú sa chaoi nach n‑áirítear leis an gcoincheap ‘rialachán ginearálta is infheidhme maidir leis na haonaid uile atá ag obair sa ghníomhaíocht chéanna’ rialacha náisiúnta arb éard iad rialacha dlí atá infheidhme ach amháin maidir le baill foirne INBanna atá gníomhach i réimse an oideachais arna maoiniú ag an rialtas.

Costais

45

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Deichiú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Ní mór Iarscríbhinn A mír 20.309(h) Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach, arna léamh i gcomhar le mír 2.39(b), agus mír 20.15(b) de, a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear leis an gcoincheap ‘ró-rialú’ rialachán náisiúnta a bhaineann le hinstitiúidí neamhbhrabúis (INBanna) atá gníomhach i réimse an oideachais agus, cé go dtugann an rialtas náisiúnta inniúil fóirdheontas dóibh, a bhfuil saoirse oideachais acu a ráthaítear leis an mBunreacht, i gcás ina dtugtar don rialtas sin, leis an rialachán sin, an cúram nó an ceart chun:

curaclaim a fhaomhadh,

struchtúr an staidéir agus na cúraimí tosaíochta agus sonracha araon a rialáil, scrúdú a eagrú ar choinníollacha clárúcháin agus díbeartha na ndaltaí, agus ar chinntí na gcomhairlí ranga agus ar an rannpháirtíocht airgeadais, grúpáil na scoileanna i líonraí struchtúrtha a eagrú agus a éileamh go ndéanfaí tionscadail oideachais, oideolaíocha agus scoile a fhorbairt chomh maith le tuarascáil ghníomhaíochta a chur isteach,

scrúdú agus cigireacht a eagrú go háirithe ar na hábhair a mhúintear, ar an leibhéal acadúil agus ar fheidhmiú na ndlíthe teanga, ach ní ar mhodhanna múinte, agus

íoslíon daltaí a fhorchur in aghaidh an ranga, na coda, na céime nó na fo-roinne eile, mura bhfaightear díolúine ón Aire,

sa mhéid go bhfuil na cúraimí agus na cearta sin ionsáite a ndóthain chun an beartas ginearálta nó an clár de INBanna lena mbaineann a chinneadh go héifeachtach, trí chumas a thabhairt chun tionchar réadach agus substaintiúil a fheidhmiú ar bhonn marthanach buan ar shainmhíniú agus ar bhaint amach na gcuspóirí atá ag na INBanna sin, a ngníomhaíochtaí agus a ngnéithe oibríochtúla, chomh maith leis na cineálacha cur chuige straitéiseacha agus na treoirlínte a bhfuil sé beartaithe ag na INBanna sin a shaothrú i bhfeidhmiú a ngníomhaíochtaí, ar ábhar é atá le fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur.

 

2.

Ní mór an dara habairt d’Iarscríbhinn A mír 20.15 de Rialachán Uimh. 549/2013 a léirmhíniú sa chaoi nach n‑áirítear leis an gcoincheap ‘rialachán ginearálta is infheidhme maidir leis na haonaid uile atá ag obair sa ghníomhaíocht chéanna’ rialacha náisiúnta arb éard iad réimeas dlí atá infheidhme ach amháin maidir le baill foirne institiúidí neamhbhrabúis atá gníomhach i réimse an oideachais arna maoiniú ag an rialtas.

 

[Sínithe]


( *1 ) Teanga an cháis: an Fhraincis.