Cás C-237/21
S.M.
v
Generalstaatsanwaltschaft München
(iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht München)
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Nollaig 2022
(Tarchur chun réamhrialú – Saoránacht an Aontais – Airteagail 18 agus 21 CFAE – Iarraidh arna déanamh ag tríú Stát ar Bhallstát maidir le heiseachadadh saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh, ar náisiúnach de Bhallstát eile é, a bhfuil a cheart chun saorghluaiseachta feidhmithe aige sa chéad cheann de na Ballstáit sin – Iarraidh chun críocha pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú – Cosc ar eiseachadadh a bhaineann le náisiúnaigh amháin – Srian ar shaorghluaiseacht – Bonn cirt bunaithe ar an gcuspóir go seachnófaí an baol go mbeadh saoirse ó phionós ann – Comhréireacht)
Saoránacht an Aontais – Forálacha an Chonartha – Raon feidhme pearsanta – Duine a bhfuil cónaí air i mBallstát agus a bhfuil náisiúntacht tríú Stát aige freisin – Ionchuimsiú
(Airteagail 18 agus 21 CFAE)
(féach mír 31)
Saoránacht an Aontais – ceart chun saorghluaiseachta agus chun cónaí ar chríoch na mBallstát – Iarraidh arna déanamh ag tríú Stát ar Bhallstát maidir le heiseachadadh saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh, ar náisiúnach de Bhallstát eile é, a bhfuil a cheart chun saorghluaiseachta feidhmithe aige sa chéad cheann de na Ballstáit sin – Iarraidh chun críocha pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú – Cosc ar eiseachadadh a bhaineann le náisiúnaigh an Bhallstáit iarrtha amháin – Srian ar shaorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais a bhfuil buanchónaí orthu sa Bhallstát iarrtha – Bonn cirt bunaithe ar an gcuspóir go seachnófaí an baol go mbeadh saoirse ó phionós ann – Comhréireacht – Ballstát iarrtha ag ceadú pianbhreith arna forchur i dtír iasachta a chur isteach ar a chríoch – Oibleagáid a ráthú go bhféadfaidh saoránaigh an Aontais a bhfuil buanchónaí orthu ar a chríoch a bpianbhreitheanna a chur isteach ar a gcríoch ar na coinníollacha céanna lena náisiúnaigh féin
(Airteagail 18 agus 21 CFAE)
(féach míreanna 33-36, 39-42)
Saoránacht an Aontais – an ceart chun saorghluaiseachta agus chun cónaí ar chríoch na mBallstát – Iarraidh arna déanamh ag tríú Stát ar Bhallstát maidir le heiseachadadh saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh, ar náisiúnach de Bhallstát eile é, a bhfuil a cheart chun saorghluaiseachta feidhmithe aige sa chéad cheann de na Ballstáit sin – Iarraidh chun críocha pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú – Ballstát iarrtha a chuireann cosc ar eiseachadadh a náisiúnach féin amháin chun críocha pianbhreith a fhorghníomhú agus a ligeann dóibh pianbhreith den sórt sin arna forchur i dtír iasachta a chur isteach ar a chríoch – Srian ar shaorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais a bhfuil buanchónaí orthu sa Bhallstát iarrtha – Bonn cirt bunaithe ar an gcuspóir go seachnófaí an baol go mbeadh saoirse ó phionós ann – Comhréireacht – Ballstát iarrtha ag ceadú pianbhreith arna forchur i dtír iasachta a chur isteach ar a chríoch – Oibleagáid a ráthú go bhféadfaidh saoránaigh an Aontais a bhfuil buanchónaí orthu ar a chríoch a bpianbhreitheanna a chur isteach ar a gcríoch ar na coinníollacha céanna lena náisiúnaigh
(Airteagail 18 agus 21 CFAE)
(féach mír 47)
Saoránacht an Aontais – ceart chun saorghluaiseachta agus chun cónaí ar chríoch na mBallstát – Iarraidh arna déanamh ag tríú Stát ar Bhallstát maidir le heiseachadadh saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh, ar náisiúnach de Bhallstát eile é, a bhfuil a cheart chun saorghluaiseachta feidhmithe aige sa chéad cheann de na Ballstáit sin – Iarraidh chun críocha pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú – Ballstát iarrtha a chuireann cosc ar eiseachadadh a náisiúnach féin amháin chun críocha pianbhreith a fhorghníomhú agus a ligeann dóibh pianbhreith den sórt sin arna forchur i dtír iasachta a chur isteach ar a chríoch – Srian ar shaorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais a bhfuil buanchónaí orthu sa Bhallstát iarrtha – Bonn cirt bunaithe ar an gcuspóir go seachnófaí an baol go mbeadh saoirse ó phionós ann – Comhréireacht – Ballstát iarrtha ag ceadú pianbhreith arna forchur i dtír iasachta a chur isteach ar a chríoch – Oibleagáid a ráthú go bhféadfaidh saoránaigh an Aontais a bhfuil buanchónaí orthu ar a chríoch a bpianbhreitheanna a chur isteach ar a gcríoch ar na coinníollacha céanna lena náisiúnaigh
(Airteagail 18 agus 21 CFAE)
(Féach míreanna 48-50, 56 agus an chuid oibríochtúil)
Saoránacht an Aontais – ceart chun saorghluaiseachta agus chun cónaí ar chríoch na mBallstát – Iarraidh arna déanamh ag tríú Stát ar Bhallstát maidir le heiseachadadh saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh, ar náisiúnach de Bhallstát eile é, a bhfuil a cheart chun saorghluaiseachta feidhmithe aige sa chéad cheann de na Ballstáit sin – Iarraidh chun críocha pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú – Ballstát iarrtha a chuireann cosc ar eiseachadadh a náisiúnach féin chun críocha pianbhreith a fhorghníomhú agus a ligeann dóibh pianbhreith den sórt sin arna forchur i dtír iasachta a chur isteach ar a chríoch – Neamhchomhlíonadh féideartha oibleagáidí an Bhallstáit iarrtha faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh de dheasca diúltú eiseachadta – Ceart uathoibríoch agus absalóideach ag an duine iarrtha nach n-eiseachadfaí ó chríoch an Aontais Eorpaigh é – Uireasa
(Airteagail 18 agus 21 CFAE; an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 19)
(Féach míreanna 53-55, 56 agus an chuid oibríochtúil)
Résumé
Tá cónaí ar S.M., ar de náisiúntacht na Cróite, na Boisnia agus na Seirbia é, sa Ghearmáin ó 2017 agus tá sé ag obair ann ó 2020 i leith. I mí na Samhna 2020, d’iarr údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine S.M. a eiseachadadh chun críocha pianbhreith choimeádta arna forchur air ag cúirt Bhoisniach a fhorghníomhú.
Agus tagairt á déanamh don bhreithiúnas in Raugevicius ( 1 ), d’iarr Generalstaatsanwaltschaft München (Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, München, an Ghearmáin) go ndearbhófaí go mbeadh eiseachadadh S. M. doghlactha.
Dar le Oberlandesgericht München (Ard-Chúirt Réigiúnach, München, an Ghearmáin), arb í an chúirt a rinne an tarchur sa chás seo í, tá bailíocht na hiarrata sin ag brath ar an gceist an gcaithfear Airteagail 18 agus 21 CFAE a léiriú amhail go bhforáiltear leo gan saoránach de chuid an Aontais a eiseachadadh fiú más rud é, i bhfianaise na gconarthaí idirnáisiúnta, go gceanglaítear ar an mBallstát iarrtha ( 2 ) dul ar aghaidh lena eiseachadadh.
Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, níor freagraíodh an cheist sin sa bhreithiúnas in Raugevicius, ós rud é, sa chás inar tugadh an breithiúnas sin, gur údaraíodh an Ballstát iarrtha, i bhfianaise na gconarthaí idirnáisiúnta is infheidhme, gan an náisiúnach Liotuánach a bhí i gceist a eiseachadadh amach ón Aontas Eorpach. Sa chás seo, áfach, ceanglaítear ar an nGearmáin, i ndáil leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, S.M. a eiseachadadh, de bhun an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Eiseachadadh, a síníodh i bPáras an 13 Nollaig 1957. I gcomhréir le hAirteagal 1 den choinbhinsiún sin, tá an Ghearmáin agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin faoi oibleagáid chómhalartach na daoine iarrtha a thabhairt suas d’údaráis bhreithiúnacha an Stáit iarrtha chun pianbhreith a fhorghníomhú. Chuige sin, déanann an dearbhú a rinne an Ghearmáin faoi Airteagal 6 den choinbhinsiún sin, maidir le cosaint in aghaidh eiseachadadh “náisiúnaigh” na Gearmáine, an téarma deiridh sin a theorannú do dhaoine a bhfuil náisiúntacht Ghearmánach acu, agus do na daoine sin amháin.
Dá bhrí sin, níor thug an Chúirt aghaidh in Raugevicius ar an gceist an bhféadfadh sé go ndéanfadh an Ballstát iarrtha sárú ar a chuid oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta mar gheall ar an ngá bearta nach bhfuil chomh sriantach céanna a mheas ná an t-eiseachadadh.
Dá bhrí sin, iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt Bhreithiúnais Airteagail 18 agus 21 CFAE a léiriú. Fiafraíonn sí, go bunúsach, an gcuirtear cosc leis na hairteagail sin i gcás ina bhfuil iarraidh ann ar eiseachadadh arna déanamh ag tríú Stát chun pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú i gcoinne náisiúnach de chuid Ballstáit eile a bhfuil buanchónaí air sa chéad Bhallstát, nach gcuirtear toirmeasc lena dhlí náisiúnta ach ar eiseachadadh a náisiúnach féin amach ón Aontas Eorpach agus lena bhforáiltear go bhféadfar an phianbhreith sin a chur isteach ar a chríoch, ar an mBallstát sin eiseachadadh a dhéanamh ar choinníoll go dtoilíonn an tríú Stát leis sin, i gcomhréir lena oibleagáidí faoi choinbhinsiún idirnáisiúnta, mura féidir leis dul i gcúram fhorghníomhú iarbhír na pianbhreithe sin in éagmais toiliú dá leithéid.
Ina breithiúnas, freagraíonn an Chúirt nach mór Airteagail 18 agus 21 CFAE a léiriú amhail:
– |
go gceanglaíonn siad ar an mBallstát iarrtha, in imthosca den sórt sin, toiliú an tríú Stát a rinne an iarraidh ar eiseachadadh a lorg go gníomhach chun pianbhreith náisiúnach de chuid Ballstáit eile, a bhfuil buanchónaí air sa Bhallstát iarrtha, a fhorghníomhú ar chríoch an Stáit sin, agus úsáid á baint as na sásraí go léir le haghaidh comhar agus cúnamh in ábhair choiriúla atá ar fáil dó i gcomhthéacs a chaidrimh leis an tríú Stát sin; |
– |
cheal toiliú den sórt sin, ní choisceann siad, sna himthosca sin, ar an mBallstát iarrtha an saoránach sin de chuid an Aontais a eiseachadadh, i gcomhréir lena oibleagáidí faoi choinbhinsiún idirnáisiúnta, ar choinníoll nach sáraíonn an t-eiseachadadh sin na cearta a ráthaítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ( 3 ). |
Breithniú na Cúirte Breithiúnais
Ar an gcéad dul síos, meabhraíonn an Chúirt gurb amhlaidh, sa bhreithiúnas in Raugevicius, a bhain, cosúil leis an gcás sna príomhimeachtaí, le hiarraidh ar eiseachadadh ó thríú Stát nach raibh comhaontú um eiseachadadh tugtha i gcrích aige leis an Aontas Eorpach, gur chinn sí, cé, in éagmais rialacha dhlí an Aontais lena rialaítear eiseachadadh náisiúnaigh na mBallstát chuig tríú Stáit, go bhfuil na Ballstáit inniúil chun rialacha den sórt sin a ghlacadh, ní mór an inniúlacht sin a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe Airteagail 18 agus 21(1) CFAE.
Mar náisiúnach Cróiteach a bhfuil cónaí go dleathach sa Ghearmáin air, tá S.M. i dteideal, mar shaoránach den Aontas, brath ar Airteagal 21(1) CFAE agus tagann sé faoi raon feidhme na gConarthaí de réir bhrí Airteagal 18 CFAE. Tá náisiúntacht an tríú tír a rinne an iarraidh ar eiseachadadh aige freisin, ach ní chuirfear cosc leis sin air na cearta agus na saoirsí a thugtar le stádas shaoránaigh an Aontais a dhearbhú, go háirithe na cearta agus na saoirsí a ráthaítear le hAirteagail 18 agus 21 CFAE.
Ar an dara dul síos, tugann an Chúirt dá haire, maidir le rialacha Ballstáit a bhaineann le heiseachadadh lena dtugtar isteach, mar atá sna príomhimeachtaí, difríocht sa chóireáil ag brath ar an duine iarrtha a bheith ina náisiúnach den Bhallstát sin nó ina náisiúnach de Bhallstát eile, d’fhéadfadh siad difear a dhéanamh do shaoirse náisiúnach Ballstát eile a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch an Stáit iarrtha, a mhéid gurb é an toradh a bhíonn ar na rialacha sin nach ndeonaítear an chosaint atá ag náisiúnaigh an Bhallstáit sin in aghaidh eiseachadadh do náisiúnaigh an Bhallstáit iarrtha.
Dá réir sin, i staid amhail an cás sin sna príomhimeachtaí, is srian ar an tsaoirse thuasluaite í an chóireáil neamh-chomhionann lena gceadaítear náisiúnach Ballstáit nach é an Ballstát iarrtha é a eiseachadadh, nach féidir údar a thabhairt léi ach amháin má tá sí bunaithe ar bhreithnithe oibiachtúla agus má tá sí i gcomhréir leis an gcuspóir dlisteanach atá á shaothrú leis an dlí náisiúnta.
Tugtar bonn cirt leis an gcuspóir dlisteanach maidir le baol na saoirse ó phionós a sheachaint i gcás daoine a rinne cion le beart lena gcuirtear srian ar an tsaoirse dá bhforáiltear in Airteagal 21 CFAE, ar choinníoll go bhfuil an beart sin riachtanach chun na leasanna dá bhfuil sé beartaithe lena áirithiú a chosaint, agus a mhéid sin amháin nach féidir na cuspóirí sin a bhaint amach trí bhearta nach bhfuil chomh sriantach céanna.
I gcás iarraidh ar eiseachadadh chun pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú, is beart malartach ar eiseachadadh í an fhéidearthacht, más ann di faoi dhlí an Bhallstáit iarrtha, go bhforghníomhófaí an phianbhreith is ábhar don iarraidh ar eiseachadadh i gcríoch an Bhallstáit iarrtha, ar lú dochar d’fheidhmiú an chirt saorghluaiseachta agus cónaithe atá ag saoránach den Aontas a bhfuil buanchónaí air sa Bhallstát sin. Dá bhrí sin, de bhun Airteagail 18 agus 21 CFAE, ba cheart go mbeadh náisiúnach den sórt sin de chuid Ballstát eile, a bhfuil buanchónaí air sa Bhallstát iarrtha, in ann a phianbhreith a chur isteach ar chríoch an Bhallstáit sin faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Bhallstáit sin.
Ar an tríú dul síos, cuireann an Chúirt in iúl, áfach, nár bhunaigh an cásdlí sa bhreithiúnas in Raugevicius ceart uathoibríoch agus absalóideach do shaoránaigh an Aontais nach n-eiseachadfaí ó chríoch an Aontais Eorpaigh iad. Sonraíonn an Chúirt freisin, i gcás riail náisiúnta lena dtugtar isteach, mar atá sna príomhimeachtaí, difríocht sa chóireáil idir náisiúnaigh an Bhallstáit iarrtha agus saoránaigh an Aontais a bhfuil buanchónaí orthu ann trí thoirmeasc a chur ar iarraidh ar eiseachadadh náisiúnaigh an chéad Bhallstáit amháin, tá an Ballstát sin faoi oibleagáid féachaint go gníomhach an bhfuil beart malartach ar eiseachadadh ann, nach ndéanann an oiread sin dochair d’fheidhmiú na gceart agus na saoirsí a eascraíonn ó Airteagail 18 agus 21 CFAE do shaoránaigh de chuid an Aontais, i gcás go bhfuil siad ina n-ábhar d’iarraidh ar eiseachadadh arna heisiúint ag tríú Stát.
Dá bhrí sin, nuair is é atá i gcur i bhfeidhm beart malartach den sórt sin ar eiseachadadh go bhféadfadh saoránaigh den Aontas a bhfuil buanchónaí orthu sa Bhallstát iarrtha a bpianbhreitheanna a chur isteach sa Bhallstát sin faoi na coinníollacha céanna lena náisiúnaigh, ach go bhfuil an cur i bhfeidhm sin faoi réir thoiliú an tríú Stát a rinne an iarraidh ar eiseachadadh, ceanglaítear le hAirteagail 18 agus 21 CFAE ar an mBallstát iarrtha toiliú an tríú Stát sin a lorg go gníomhach, agus úsáid á baint aige as sásraí uile an chomhair agus an chúnaimh uile in ábhair choiriúla atá ar fáil dó ina chaidreamh leis an tríú Stát sin.
Má thoilíonn an tríú Stát sin go gcuirfear an phianbhreith i bhfeidhm ar chríoch an Bhallstáit iarrtha, tá de chumas ag an mBallstát sin a cheadú do shaoránach an Aontais is ábhar don iarraidh ar eiseachadadh agus a bhfuil buanchónaí air ina chríoch an phianbhreith a forchuireadh air sa tríú Stát, a rinne an iarraidh ar eiseachadadh, a chur isteach ann agus an chóireáil chéanna a áirithiú dó mar a thugtar dá náisiúnaigh féin.
I gcás dá leithéid, d’fhéadfadh cur i bhfeidhm an bhirt mhalartaigh sin ar an eiseachadadh a chumasú freisin don Bhallstát iarrtha a chumhachtaí a fheidhmiú de réir a oibleagáidí conarthacha leis an tríú Stát sin. D’fhéadfadh sé go bhfágfadh toiliú an tríú Stát sin le forghníomhú na pianbhreithe iomláine dá dtagraítear san iarraidh ar eiseachadadh sa Bhallstát iarrtha, nach gá an iarraidh sin a fhorghníomhú.
Ar an taobh eile, mura bhfaighfear toiliú an tríú Stát sin, ní fhéadfaí an beart malartach ar eiseachadadh a cheanglaítear le hAirteagail 18 agus 21 CFAE a chur i bhfeidhm. Sa chás sin, féadfaidh an Ballstát sin an duine lena mbaineann a eiseachadadh, i gcomhréir lena oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh, ós rud é nach bhféadfaí an baol go mbeadh an duine sin saor ó phionós a sheachaint dá ndiúltófaí an t-eiseachadadh sin.
I gcás den sórt sin, ós rud é, i bhfianaise an chuspóra sin, gur beart riachtanach comhréireach é eiseachadadh an duine lena mbaineann, tá údar cuí leis an srian ar an gceart gluaiseachta agus cónaithe a eascraíonn as eiseachadadh chun pianbhreith a fhorghníomhú. Mar sin féin, ní mór don Bhallstát iarrtha a fhíorú nach ndéanfaidh an t-eiseachadadh sin dochar don chosaint a thugtar le hAirteagal 19(2) den Chairt i gcoinne aon bhaol tromchúiseach go gcuirfí pionós an bháis, céastóireacht nó íde nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach sa tríú Stát a rinne an iarraidh ar eiseachadadh.
( 1 ) I mbreithiúnas an 13 Samhain 2018, Raugevicius (C-247/17, EU:C:2018:898; "an breithiúnas in Raugevicius”), léirigh an Chúirt Airteagal 18 CFAE (ina bhfuil prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar bhonn náisiúntachta) agus Airteagal 21 CFAE (lena ráthaítear, i mír 1 de, an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát) amhail, i gcás iarraidh ar eiseachadadh, arna déanamh ag tríú Stát, ar shaoránach den Aontas a d’fheidhmigh a cheart chun saorghluaiseachta, chun críocha pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú, tá ar an mBallstát iarrtha, a dtoirmisctear lena dhlí náisiúnta eiseachadadh a náisiúnach féin amach ón Aontas Eorpach chun pianbhreith a fhorghníomhú agus lena bhforáiltear go bhféadfar pianbhreith den sórt sin arna forchur i dtír iasachta a chur isteach ar a chríoch, a áirithiú go bhfaighidh an saoránach sin den Aontas, i gcás ina bhfuil buanchónaí air i gcríoch an Bhallstáit atá i gceist, an chóireáil chéanna a thugann sé dá náisiúnaigh féin maidir le heiseachadadh (mír 50 agus an chuid oibríochtúil).
( 2 ) An Ballstát lena ndéantar iarraidh ar eiseachadadh.
( 3 ) An “Chairt”.