BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

22 Nollaig 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Saoránacht an Aontais – Airteagail 18 agus 21 CFAE – Iarraidh arna déanamh ag tríú Stát ar Bhallstát maidir le heiseachadadh saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh, a bhfuil a cheart chun saorghluaiseachta feidhmithe aige sa chéad cheann de na Ballstáit sin – Iarraidh chun críoch pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú – Cosc ar eiseachadadh a bhaineann le náisiúnaigh amháin – Srian ar shaorghluaiseacht – Bonn cirt bunaithe ar an gcuspóir go seachnófaí an baol go mbeadh saoirse ó phionós ann – Comhréireacht)

I gCás C-237/21,

Iarraidh ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Oberlandesgericht München (Cúirt Réigiúnach Uachtarach München, an Ghearmáin), trí bhreith an 9 Aibreán 2021, a fuarthas ag an gCúirt an 13 Aibreán 2021, in imeachtaí maidir le heiseachadadh

S.M.

Páirtí leasmhar:

Generalstaatsanwaltschaft München,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

comhdhéanta de K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, K. Jürimäe (Rapóirtéir), E. Regan, P. G. Xuereb, L. S. Rossi, Uachtaráin Dlísheomraí, M. Ilešič, I. Jarukaitis, A. Kumin, N. Jääskinen, N. Wahl, I. Ziemele, J. Passer agus O. Spineanu-Matei, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,

Cláraitheoir: D. Dittert, Ceann Aonaid,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 26 Aibreán 2022,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Generalstaatsanwaltschaft München, ag J. Ettenhofer, agus F. Halabi, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus M. Hellmann, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Seice, ag A. Edelmannová, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Spáinne, ag L. Aguilera Ruiz, i gcáil Gníomhaire,

Rialtas na Cróite, ag G. Vidović Mesarek, i gcáil Gníomhaire,

Rialtas na Liotuáine, ag K. Dieninis agus R. Dzikovič, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire,

an Coimisiún Eorpach, ag L. Baumgart, S. Grünheid agus H. Leupold, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 14 Iúil 2022,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagail 18 agus 21 CFAE.

2

Rinneadh an iarraidh i gcomhthéacs iarraidh ar eiseachadadh arna déanamh ag údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine chuig údaráis Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, maidir le S.M., ar náisiúnach de chuid na Cróite, na Boisnia agus na Seirbia é, chun críocha pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú.

An dlí lena mbaineann

An Coinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh

3

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 1 den Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh, a síníodh i bPáras an 13 Nollaig 1957 (“an Coinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh”):

“Geallann na Páirtithe Conarthacha go dtabharfaidh siad suas dá chéile, faoi réir na bhforálacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna forálacha seo a leanas, na daoine aonair a bhfuil údaráis bhreithiúnacha an Pháirtí Iarrthaigh ag dul ina n-aghaidh mar gheall ar chion nó atá á lorg ag na húdaráis sin chun pianbhreith nó ordú coinneála a chur i gcrích.”

4

Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún sin, dar teideal “Eiseachadadh náisiúnach”:

“1.   

a)

Beidh sé de cheart ag aon Pháirtí Conarthach eiseachadadh a náisiúnach a dhiúltú.

b)

Féadfaidh gach Páirtí Conarthach, trí dhearbhú a dhéanfar an tráth a shíneofar é nó an tráth a thaiscfear a ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais, an téarma ‘náisiúnaigh’ de réir bhrí an Choinbhinsiúin seo a shainiú a mhéid a bhaineann sé leis.

c)

Déanfar an náisiúntacht a chinneadh tráth an chinnidh maidir leis an eiseachadadh. [...]

2.   Mura n-eiseachadfaidh an Páirtí iarrtha a náisiúnach, cuirfidh sé an cás faoi bhráid a údarás inniúil, arna iarraidh sin ag an bPáirtí Iarrthach, ionas go bhféadfaí imeachtaí cúirte a thionscnamh má mheastar gur gá é. Chuige sin, déanfar na comhaid, an fhaisnéis agus na hábhair a bhaineann leis an gcion a tharchur saor in aisce trí na modhanna dá bhforáiltear in Airteagal 12(1). Cuirfear an Páirtí Iarrthach ar an eolas faoi thoradh a iarrata.”

5

Rinne Poblacht Chónaidhme na Gearmáine dearbhú, de réir bhrí Airteagal 6(1)(b) den Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh, nuair a taisceadh an ionstraim dhaingniúcháin an 2 Deireadh Fómhair 1976, sna téarmaí seo a leanas:

“Tá toirmeasc ar náisiúnaigh Ghearmánacha a eiseachadadh ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine chuig tír eachtrach faoin gcéad abairt d’Airteagal 16(2) [den Grundgesetz für die Bundesrepublik Deutschland (Dlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine) an 23 Bealtaine 1949 (BGBI, 1949 I, lch. 1)] agus ní foláir, dá bhrí sin, é a dhiúltú i ngach cás.

Folaíonn an téarma ‘náisiúnaigh’ de réir bhrí Airteagal 6(1)(b) den Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh gach Gearmánach de réir bhrí Airteagal 116(1) de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine.”

An Coinbhinsiún maidir le hAistriú Daoine faoi Phianbhreith

6

De bhun Airteagal 2 de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 21 Márta 1983 maidir le hAistriú Daoine faoi Phianbhreith (“an Coinbhinsiún maidir le hAistriú Daoine faoi Phianbhreith”), féadfar daoine a ciontaíodh i gcríoch Stáit a shínigh an Coinbhinsiún sin (an Stát ciontaitheach) a aistriú chuig críoch a dtíre tionscnaimh (an Stát forghníomhaitheach) chun an phianbhreith a fhorchuirtear orthu a chur isteach. Sa chás sin, faoi Airteagal 9(1)(b) den Choinbhinsiún sin, féadfar pionós dá bhforáiltear le dlí an Stáit fhorghníomhaithigh a chur in ionad an phionóis a forchuireadh sa Stát ciontaitheach i leith an chiona chéanna.

7

De réir na haithrisí a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin, is é an cuspóir atá le haistriú den sórt sin ná, inter alia, ath-imeascadh daoine ciontaithe sa tsochaí a chur chun cinn, trína chur ar chumas náisiúnach eachtrach a mbaintear a saoirse díobh mar gheall ar chion coiriúil a bpianbhreith a chur isteach ina dtimpeallacht shóisialta bhunaidh.

8

Ón 1 Samhain 1995 i leith, tá an Coinbhinsiún maidir le hAistriú Daoine faoi Phianbhreith ina cheangal ar Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh. Tháinig an Coinbhinsiún sin, atá ina cheangal freisin ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, i bhfeidhm sa Ghearmáin an 1 Feabhra 1992.

Dlí na Gearmáine

9

Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 16(2) de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine:

“Ní ceadmhach aon Ghearmánach a eiseachadadh go tír iasachta. Féadfar rialacha maolaitheacha a leagan síos leis an dlí maidir le heiseachadadh chuig Ballstát [den Aontas Eorpach] nó chuig cúirt idirnáisiúnta, ar chuntar go ráthófar prionsabail an smachta reachta.”

10

Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 116(1) de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine:

“Ciallaíonn an téarma ‘Gearmánach’ de réir bhrí an dlí bhunúsaigh seo, faoi réir aon fhoráil dlí dá mhalairt, aon duine ar náisiúnach Gearmánach é nó ar tugadh cead isteach ar chríoch Reich na Gearmáine, mar dhídeanaí nó mar dhuine easáitithe de chuid an phobail Ghearmánaigh, nó mar chéile nó mar shliocht de na daoine sin, ag a theorainneacha an 31 Nollaig 1937.”

11

Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 48 den Gesetz über die internationale Rechtshilfe in Strafsachen (an Dlí maidir le cúnamh breithiúnach frithpháirteach idirnáisiúnta in ábhair choiriúla) an 23 Nollaig 1982 (BGBl. 1982 I, lch. 2071), sa leagan is infheidhme maidir leis na fíorais sna príomhimeachtaí (“IRG”):

“Féadfar cúnamh breithiúnach frithpháirteach a sholáthar in imeachtaí coiriúla i bhfoirm pianbhreithe nó aon phionóis eile a fhorchuirfear i dtír iasachta le breithiúnas críochnaitheach a fhorghníomhú. [...]”

12

I gcomhréir le hAirteagail 54 agus 55 de IRG, a mhéid a cheadaítear an bhreith eachtrach a fhorghníomhú sa Ghearmáin, déantar an pionós a fhorchuirtear a thiontú go dtí an pionós is cosúla leis faoi dhlí na Gearmáine agus dearbhaítear go bhfuil an breithiúnas coigríche in-fhorghníomhaithe. I bhfianaise Airteagal 57(1) de IRG, is í oifig ionchúisitheoir poiblí na Gearmáine a fhorghníomhaíonn an pionós “ar choinníoll go dtoilíonn an Stát eachtrach leis an bhforghníomhú”.

An díospóid sna príomhimeachtaí agus an cheist le haghaidh réamhrialú

13

An 5 Samhain 2020, d’iarr údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine S.M., a bhfuil náisiúntacht Chrótach, Bhoisniach agus Sheirbiach aige, a eiseachadadh chun pianbhreith choimeádta sé mhí a fhorghníomhú a forchuireadh air i leith éilliú le breithiúnas ó chúirt bhardasach Bosanska Krupa (an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin) an 24 Márta 2017. Tá S.M. ina chónaí sa Ghearmáin lena bhean chéile ó lár na bliana 2017. Tá sé ag obair ann ón 22 Bealtaine 2020 agus scaoileadh saor é tar éis é a bheith curtha faoi choimeád ar feitheamh eiseachadadh.

14

Chuir údaráis na Gearmáine údaráis na Cróite ar an eolas faoin iarraidh ar eiseachadadh i gcoinne S.M., gan aon fhreagra uathu.

15

D’iarr Generalstaatsanwaltschaft München (Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, München, an Ghearmáin), ag tagairt do bhreithiúnas an 13 Samhain 2018, Raugevicius (C-247/17, “an breithiúnas in Raugevicius, EU:C:2018:898) go ndearbhófaí go bhfuil eiseachadadh S.M. do-ghlactha.

16

Dar le Oberlandesgericht München (Ard-Chúirt Réigiúnach, München, an Ghearmáin), arb í an chúirt a rinne an tarchur sa chás seo í, tá bailíocht na hiarrata sin ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí in München ag brath ar an gceist an gcaithfear Airteagail 18 agus 21 CFAE a léiriú amhail go bhforáiltear leo gan saoránach de chuid an Aontais a eiseachadadh fiú más rud é, i bhfianaise na gconarthaí idirnáisiúnta, go gceanglaítear ar an mBallstát iarrtha dul ar aghaidh lena eiseachadadh.

17

Measann sí nár freagraíodh an cheist sin sa bhreithiúnas in Raugevicius, ós rud é, sa chás inar tugadh an breithiúnas sin, go raibh údar ag Poblacht na Fionlainne, i bhfianaise na gconarthaí idirnáisiúnta is infheidhme, gan an náisiúnach Liotuánach a bhí faoi chaibidil a eiseachadadh chuig Cónaidhm na Rúise.

18

Ar an gcaoi chéanna, dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, sna comhaontuithe sonracha um eiseachadadh nó sa Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh a bhí faoi chaibidil sna cásanna ónar eascair breithiúnais an 6 Meán Fómhair 2016, Petruhhin (C-182/15, EU:C:2016:630); an 10 Aibreán 2018, Pisciotti (C-191/16, EU:C:2018:222); agus an 17 Nollaig 2020, Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine) (C-398/19, EU:C:2020:1032), fágadh faoin mBallstát iarrtha é cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu de na Stáit iarrthacha ba chóir an duine cúisithe a eiseachadadh chuige. D’fhéadfaí saoránach de chuid an Aontais atá ina ábhar d’imeachtaí coiriúla a thabhairt suas dá Bhallstát bunaidh sna cásanna sin gan na Ballstáit lena mbaineann a bheith ag sárú a n-oibleagáidí faoi chonarthaí idirnáisiúnta i leith na dtríú tíortha lena mbaineann.

19

Sa chás seo, áfach, ceanglaítear ar Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine vis-à-vis an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin S.M. a eiseachadadh, de bhun Airteagal 1 den Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh.

20

I gcomhréir leis an bhforáil sin, tá Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin faoi oibleagáid fhrithpháirteach daoine atá á lorg ag údaráis bhreithiúnacha an Stáit iarrthaigh chun críocha pianbhreith a fhorghníomhú a thabhairt suas, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa Choinbhinsiún sin agus nach bhforáiltear d’aon eisceacht le haon fhoráil eile den Choinbhinsiún sin.

21

Sa chás seo, comhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos leis an gCoinbhinsiún sin chun críocha S.M. a eiseachadadh agus níl aon chonstaic ann maidir leis an eiseachadadh sin faoi fhorálacha ábhartha an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Eiseachadadh. Go sonrach, comhlíonann an t-eiseachadadh agus na gníomhartha ar a bhfuil sé bunaithe caighdeáin íosta an dlí idirnáisiúnta is infheidhme i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus ní sháraíonn siad na prionsabail bhunreachtúla shainordaitheacha ná an leibhéal sainordaitheach le cearta bunúsacha a chosaint.

22

Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, tá amhras ann, dá bhrí sin, an bhfuil feidhm ag an gcásdlí a d’eascair ón mbreithiúnas in Raugevicius maidir le cás amhail an cás sna príomhimeachtaí.

23

I ndáil leis sin, cuireann sí in iúl, de réir chásdlí na Cúirte, gurb ionann an easpa cóir chomhionann de dheasca na féidearthachta saoránach de chuid an Aontais, ag a bhfuil náisiúntacht de chuid Ballstáit nach náisiúntacht de chuid an Bhallstáit iarrtha é, a eiseachadadh, murab ionann agus náisiúnach de chuid an Bhallstáit iarrtha, agus srian ar an gceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, dá bhforáiltear in Airteagal 21 CFAE.

24

Ní bheadh údar le srian den sórt sin ach amháin má tá sé bunaithe ar bhreithnithe oibiachtúla agus má tá sé comhréireach leis an aidhm dhlisteanach atá á saothrú ag an mBallstát iarrtha. D’aithin an Chúirt ina leith sin nach mór a mheas gur aidhm dhlisteanach é an cuspóir maidir leis an mbaol a sheachaint go mbeadh daoine a bhfuil cion déanta acu saor ó phionós, aidhm a d’fhéadfadh, i bprionsabal, údar a thabhairt le beart sriantach amhail eiseachadadh.

25

Mar sin féin, dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, níl aon chásdlí ón gCúirt ann faoin gceist i dtaobh an bhféadfadh sé go bhfágfadh an gá le bearta nach bhfuil chomh sriantach leis an eiseachadadh a thabhairt le tuiscint go bhfuil an Ballstát iarrtha ag déanamh sárú ar a chuid oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta.

26

Ar deireadh, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur go bhféadfaí an phianbhreith choimeádta arna forchur ag Cúirt Bhardasach Bosanska Krupa a fhorghníomhú sa Ghearmáin. Ó tharla go bhfuil S.M. ar chríoch na Gearmáine cheana féin, níl an Coinbhinsiún maidir le hAistriú Daoine faoi Phianbhreith, arna dhaingniú ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin araon, ábhartha. Dá réir sin, bheadh forghníomhú na pianbhreithe faoi réir dhlí na Gearmáine, nach gceanglaítear ar an duine cúisithe leis náisiúntacht Ghearmánach a bheith aige ná a thoiliú a thabhairt. Ní fhéadfaí an phianbhreith a forghníomhú, áfach, ach amháin dá dtoileodh, agus a mhéid a thoileodh, an Stát a d’fhorchuir an phianbhreith leis sin. Mar a tharla sé, ní mar sin atá, ós rud é gur iarr údaráis na Boisnia go ndéanfaí S.M. a eiseachadadh, ní go bhforghníomhódh údaráis na Gearmáine an phianbhreith sin.

27

Sna himthosca sin, chinn Oberlandesgericht München (Ard-Chúirt Réigiúnach, München, an Ghearmáin) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“An éilíonn na prionsabail arna leagan amach sa [bhreithiúnas in Raugevicius] maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 18 agus 21 CFAE diúltú d’iarraidh arna déanamh ag tríú Stát, bunaithe ar [an gCoinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh], ar shaoránach de chuid an Aontais a eiseachadadh chun críocha pianbhreith a fhorghníomhú, fiú má cheanglaítear ar an mBallstát iarrtha faoi chonarthaí idirnáisiúnta saoránach de chuid an Aontais a eiseachadadh faoin gCoinbhinsiún sin, toisc gur shainmhínigh sé an téarma “náisiúnaigh” dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(b) den Choinbhinsiún [sin] sa chaoi gurb iad a náisiúnaigh féin amháin a chumhdaítear leis agus ní saoránaigh eile de chuid an Aontais?”

Maidir leis an gceist le haghaidh réamhrialú

28

Lena ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, ar cheart Airteagail 18 agus 21 CFAE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo, i gcás ina bhfuil iarraidh ann ar eiseachadadh arna déanamh ag tríú Stát chun pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú i gcoinne náisiúnach de chuid Ballstáit eile a bhfuil buanchónaí air sa chéad Bhallstát, nach gcuirtear toirmeasc lena dhlí náisiúnta ach ar eiseachadadh a náisiúnach féin amach ón Aontas Eorpach agus lena bhforáiltear go bhféadfar an phianbhreith sin a chur isteach ar a chríoch, ar an mBallstát sin eiseachadadh a dhéanamh ar choinníoll go dtoilíonn an tríú Stát leis sin, i gcomhréir lena oibleagáidí faoi choinbhinsiún idirnáisiúnta, mura féidir leis dul i gcúram fhorghníomhú iarbhír na pianbhreithe sin in éagmais toiliú dá leithéid.

29

Ar an gcéad dul síos, is fiú a thabhairt chun cuimhne gur iarraidh ar eiseachadadh ó thríú Stát nach raibh comhaontú um eiseachadadh tugtha i gcrích ag an Aontas leis a bhí faoi thrácht sa bhreithiúnas in Raugevicius, mar atá i gceist sna príomhimeachtaí. Chinn an Chúirt, i mír 45 den bhreithiúnas sin, cé, in éagmais rialacha dhlí an Aontais lena rialaítear eiseachadadh náisiúnaigh na mBallstát chuig tríú tíortha, go bhfuil na Ballstáit inniúil chun na rialacha sin a ghlacadh, ceanglaítear ar na Ballstáit chéanna sin an inniúlacht sin a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe an toirmeasc ar idirdhealú a leagtar síos in Airteagal 18 CFAE agus an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát arna ráthú le hAirteagal 21(1) CFAE.

30

De bhua a stádais mar shaoránach de chuid an Aontais, tá sé de cheart ag náisiúnach de chuid Ballstáit a bhfuil cónaí air go dleathach ar chríoch Bhallstáit eile dul i muinín Airteagal 21(1) CFAE agus tagann sé faoi raon feidhme na gConarthaí, de réir bhrí Airteagal 18 CFAE, ina bhfuil prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar bhonn náisiúntachta (breithiúnas an 17 Nollaig 2020, Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine), C-398/19, EU:C:2020:1032, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear).

31

I gcás ina bhfuil náisiúntacht an tríú tír a rinne an iarraidh ar eiseachadadh ag náisiúnach dá leithéid de chuid Ballstáit, nach é an Ballstát a bhfuil iarraidh ar eiseachadadh déanta chuige, ní chuirfear cosc ar an náisiúnach sin leis sin na cearta agus na saoirsí a thugtar le stádas shaoránaigh an Aontais a dhearbhú, go háirithe na cearta agus na saoirsí a ráthaítear le hAirteagail 18 agus 21 CFAE. Chinn an Chúirt arís agus arís eile nach féidir le dénáisiúntacht de chuid Ballstáit agus tríú tír na cearta agus na saoirsí sin a bhaint den duine lena mbaineann (féach, chuige sin, na breithiúnais in Raugevicius, mír 29, agus an 17 Nollaig 2020, in Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine), C‑398/19, EU:C:2020:1032, mír 32).

32

Sa chás seo, is léir ón ordú tarchuir go ndearna S.M., a bhfuil, inter alia, náisiúntacht na Cróite aige, ina cháil mar shaoránach de chuid an Aontais, tar éis a cheart a fheidhmiú, dá bhforáiltear in Airteagal 21(1) CFAE, gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse i mBallstát eile, sa chás seo, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, agus é mar thoradh air sin go dtagann a staid faoi raon feidhme na gConarthaí, de réir bhrí Airteagal 18 CFAE, in ainneoin gur náisiúnach é freisin den tríú tír a rinne an iarraidh ar eiseachadadh ina leith.

33

Sa dara háit, de réir chásdlí na Cúirte, maidir le rialacha Ballstáit a bhaineann le heiseachadadh lena dtugtar isteach, mar atá sna príomhimeachtaí, difríocht sa chóireáil ag brath ar an duine iarrtha a bheith ina náisiúnach den Bhallstát sin nó ina náisiúnach de Bhallstát eile, a mhéid gurb é an toradh a bhíonn ar na rialacha sin nach ndeonaítear an chosaint atá ag náisiúnaigh an Bhallstáit sin in aghaidh eiseachadadh do náisiúnaigh de chuid Ballstáit eile a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch an Stáit iarrtha, d’fhéadfadh siad difear a dhéanamh do shaoirse náisiúnaigh na mBallstát sin gluaiseacht agus cónaí ar chríoch na mBallstát (féach, chuige sin, na breithiúnais in Raugevicius, mír 28, agus an 17 Nollaig 2020, in Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine), C‑398/19, EU:C:2020:1032, mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear).

34

Ar lean uaidh sin, i staid amhail í atá i gceist sna príomhimeachtaí, cuirtear srian ar an tsaoirse chun gluaiseacht agus cónaí ar chríoch na mBallstát, de réir bhrí Airteagal 21 CFAE, leis an gcóireáil neamh-chomhionann lena gceadaítear náisiúnach Ballstáit nach é an Ballstát iarrtha é a eiseachadadh (na breithiúnais in Raugevicius, mír 30, an 17 Nollaig 2020, in Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine), C‑398/19, EU:C:2020:1032, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).

35

Ní féidir údar a thabhairt le srian den sórt sin ach amháin má tá sé bunaithe ar bhreithnithe oibiachtúla agus má tá sé comhréireach leis an gcuspóir dlisteanach atá á shaothrú leis an dlí náisiúnta (na breithiúnas in Raugevicius, mír 31, agus breithiúnas an 17 Nollaig 2020, in Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine), C‑398/19, EU:C:2020:1032, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear).

36

Sa chomhthéacs sin, d’aithin an Chúirt nach mór an cuspóir maidir le baol na saoirse ó phionós a sheachaint i gcás daoine a rinne cion a mheas mar chuspóir dlisteanach agus gur féidir leis bonn cirt a thabhairt le beart lena gcuirtear srian ar shaoirse bhunúsach, amhail an tsaoirse dá bhforáiltear in Airteagal 21 CFAE, ar choinníoll go bhfuil an beart sin riachtanach chun na leasanna dá bhfuil sé beartaithe lena áirithiú a chosaint, agus a mhéid sin amháin nach féidir na cuspóirí sin a bhaint amach trí bhearta nach bhfuil chomh sriantach céanna (na breithiúnais in Raugevicius, mír 32, agus breithiúnas an 17 Nollaig 2020, Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine), C‑398/19, EU:C:2020:1032, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

37

I ndáil leis sin, cé go bhféadfadh an prionsabal ne bis in idem, a ráthaítear leis an dlí náisiúnta, a bheith ina chonstaic ar Bhallstát imeachtaí a thabhairt i gcoinne daoine is ábhar d’iarraidh ar eiseachadadh chun pianbhreith a fhorghníomhú, is amhlaidh fós go bhfuil sásraí sa dlí náisiúnta agus/nó idirnáisiúnta a cheadaíonn do na daoine sin a bpianbhreitheanna a chur isteach, go háirithe, sa Bhallstát ar náisiúnaigh dóibh iad agus, ag an am céanna, a mhéadaíonn an seans atá acu ath-imeascadh sa tsochaí, tar éis dóibh a bpianbhreitheanna a chur isteach (féach, chuige sin, an breithiúnas in Raugevicius, mír 36).

38

Tá feidhm aige sin, inter alia, maidir leis an gCoinbhinsiún maidir le hAistriú Daoine faoi Phianbhreith, a bhfuil na Ballstáit uile, mar aon leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, ina bpáirtithe ann. Ceadaítear leis an gCoinbhinsiún sin do dhuine a ciontaíodh i gcríoch Stáit is sínitheoir leis an gCoinbhinsiún sin, de réir Airteagal 2 den Choinbhinsiún sin, iarratas a dhéanamh ar aistriú chuig críoch a thíre bunaidh d’fhonn an phianbhreith a forchuireadh air a chur isteach ansin, agus luaitear sna haithrisí sa bhrollach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin gurb é cuspóir an aistrithe sin, inter alia, ath-imeascadh daoine ciontaithe sa tsochaí a chur chun cinn, trína cheadú do náisiúnaigh eachtracha a mbaintear a saoirse díobh mar thoradh ar chion coiriúil a bpianbhreith a chur isteach ina dtimpeallacht shóisialta tionscnaimh (féach, chuige sin, an breithiúnas in Raugevicius, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

39

Ina theannta sin, déanann roinnt Ballstát, amhail Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, foráil do chúnamh breithiúnach frithpháirteach in imeachtaí coiriúla trí phianbhreith a forchuireadh thar lear a fhorghníomhú.

40

Mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 50 dá Thuairim, i gcás iarraidh ar eiseachadadh chun pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú, is é an beart malartach seachas eiseachadadh is lú dochar d’fheidhmiú an chirt saorghluaiseachta agus cónaithe atá ag saoránach de chuid an Aontais a bhfuil buanchónaí air sa Bhallstát iarrtha, an fhéidearthacht féin go háirithe, i gcás go bhfuil an deis ann faoi dhlí an Bhallstáit iarrtha, go bhféadfar an pionós sin a fhorghníomhú ar chríoch an Bhallstáit sin.

41

Thairis sin, i gcás inarb ann don fhéidearthacht sin, chinn an Chúirt, i bhfianaise an chuspóra saoirse ó phionós a sheachaint, go bhfuil staid inchomparáide ag náisiúnaigh an Bhallstáit iarrtha, ar thaobh amháin, agus ag náisiúnaigh de chuid Ballstát eile a bhfuil buanchónaí orthu sa Bhallstát iarrtha sin agus a léiríonn, dá bhrí sin, leibhéal áirithe sa tsochaí sin, ar an taobh eile (féach, chuige sin, an breithiúnas in Raugevicius, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42

Sna himthosca sin, ceanglaítear le hAirteagail 18 agus 21 CFAE go bhféadfaidh náisiúnaigh ó Bhallstáit eile a bhfuil buanchónaí orthu sa Bhallstát iarrtha agus atá ina n-ábhar d’iarraidh ar eiseachadadh ó thríú Stát, chun pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú, a bpianbhreitheanna a chur isteach ar chríoch an Bhallstáit sin faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Bhallstáit sin.

43

Sa chás seo, tosaíonn an chúirt a rinne an tarchur leis an mbuntuiscint nach mór a mheas gur saoránach de chuid an Aontais é S.M., a bhfuil cónaí air i gcríoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine lena bhean chéile ó 2017 i leith agus atá ag obair ann ó 2020 i leith, mar shaoránach de chuid an Aontais a bhfuil buanchónaí air sa Bhallstát sin.

44

Ina theannta sin, de réir na faisnéise a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil don Chúirt, is féidir an phianbhreith a forchuireadh ar S.M. sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin a fhorghníomhú sa Ghearmáin. I gcomhréir le hAirteagal 48 agus Airteagal 57(1) de IRG, ceadaítear pianbhreith a forchuireadh i dtríú Stát a fhorghníomhú i gcríoch na Gearmáine ar choinníoll go dtoilíonn an tríú Stát sin leis.

45

Mar sin féin, maíonn an chúirt a rinne an tarchur, sa chás seo, go bhfágfadh forghníomhú na pianbhreithe sin ar chríoch na Gearmáine go ndéanfadh Poblacht Chónaidhme na Gearmáine sárú ar an oibleagáid eiseachadta atá ar an mBallstát iarrtha faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh.

46

I ndáil leis sin, luaitear ann nach gcumhdaítear leis an téarma “náisiúnaigh”, de réir bhrí an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Eiseachadadh, a mhéid a bhaineann le Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, ach daoine a bhfuil náisiúntacht an Bhallstáit sin acu, i gcomhréir leis an dearbhú arna dhéanamh ag an mBallstát sin faoi Airteagal 6(1)(b) den Choinbhinsiún sin. Sna himthosca sin, murab ionann agus an cás ónar eascair an breithiúnas in Raugevicius, bheadh aon diúltú ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine chun S.M. a eiseachadadh chuig an mBoisnia agus an Heirseagaivéin i gcontrárthacht leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an mBallstát sin leis an gCoinbhinsiún sin.

47

I bhfianaise na mbreithnithe sin, ní foláir a shonrú, sa tríú háit, nár bhunaigh cásdlí na Cúirte de thoradh an bhreithiúnais in Raugevicius, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 32 dá Thuairim, ceart uathoibríoch absalóideach do shaoránaigh an Aontais nach n-eiseachadfaí lasmuigh de chríoch an Aontais Eorpaigh iad.

48

Mar is léir ó mhíreanna 35 go 42 den bhreithiúnas seo, i gcás riail náisiúnta lena dtugtar isteach, mar atá sna príomhimeachtaí, difríocht sa chóir a chuirtear ar náisiúnaigh an Bhallstáit iarrtha agus saoránaigh an Aontais a bhfuil buanchónaí orthu ann trí thoirmeasc a chur ar iarraidh ar eiseachadadh náisiúnaigh an chéad Bhallstáit amháin, tá an Ballstát sin faoi oibleagáid féachaint go gníomhach an bhfuil beart malartach ar eiseachadadh ann, nach ndéanann an oiread sin dochair d’fheidhmiú na gceart agus na saoirsí a eascraíonn ó Airteagail 18 agus 21 CFAE do shaoránaigh de chuid an Aontais, i gcás go bhfuil siad ina n-ábhar d’iarraidh ar eiseachadadh arna heisiúint ag tríú Stát.

49

Dá bhrí sin, nuair is é atá i gcur i bhfeidhm an bhirt mhalartaigh sin ar eiseachadadh, mar atá sa chás seo, go bhféadfadh saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil buanchónaí orthu sa Bhallstát iarrtha a bpianbhreitheanna a chur isteach sa Bhallstát sin faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Bhallstáit sin, ach go bhfuil an cur i bhfeidhm sin coinníollach ar thoiliú a fháil ón tríú Stát a rinne an iarraidh ar eiseachadadh, ceanglaítear le hAirteagail 18 agus 21 CFAE ar an mBallstát iarrtha toiliú an tríú Stát sin a lorg go gníomhach. Chuige sin, tá sé de cheangal ar an mBallstát iarrtha leas a bhaint as sásraí uile an chomhair agus an chúnaimh in ábhair choiriúla atá ar fáil dó ina chaidreamh leis an tríú Stát sin.

50

Má thoilíonn an tríú Stát a rinne an iarraidh ar eiseachadadh an phianbhreith choimeádta a chur i bhfeidhm i gcríoch an Bhallstáit iarrtha, tá an Ballstát sin i riocht a cheadú do shaoránaigh de chuid an Aontais is ábhar don iarraidh sin agus a bhfuil buanchónaí orthu sa chríoch sin a bpianbhreitheanna a chur isteach ansin agus mar sin an chóir chéanna a thugann sé dá náisiúnaigh féin maidir le heiseachadadh a áirithiú.

51

I gcás den sórt sin, is léir ón bhfaisnéis a tugadh don Chúirt go bhféadfadh cur i bhfeidhm an bhirt mhalartaigh sin ar an eiseachadadh a chumasú freisin don Bhallstát iarrtha a chumhachtaí a fheidhmiú de réir a oibleagáidí conarthacha leis an tríú Stát a rinne an iarraidh ar eiseachadadh. Faoi réir na seiceálacha atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, d’fhéadfadh sé, i bprionsabal, go bhfágfadh toiliú an tríú Stát sin le forghníomhú na pianbhreithe iomláine dá dtagraítear san iarraidh ar eiseachadadh i gcríoch an Bhallstáit iarrtha, nach gá an iarraidh sin a fhorghníomhú.

52

Dá bhrí sin, i gcás go mbeadh Poblacht Chónaidhme na Gearmáine in ann, sa chás seo, toiliú na Boisnia agus na Heirseagaivéine a fháil go ndéanfadh S.M. an phianbhreith a fhorchuirtear sa tríú Stát sin a chur isteach ar chríoch an Bhallstáit sin, ní gá gurb é an toradh a bheadh ar chur i bhfeidhm an bhirt mhalartaigh sin ar an eiseachadadh a cheanglaítear le hAirteagail 18 agus 21 CFAE nach gcomhlíonfaí na hoibleagáidí a fhorchuirtear air leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh i leith an tríú Stát sin, ar ábhar é don chúirt a rinne an tarchur a dheimhniú.

53

Más rud é, ar an taobh eile, d’ainneoin chur chun feidhme na sásraí dá dtagraítear i mír 49 den bhreithiúnas seo, nach dtoilíonn an tríú Stát sin leis an bpianbhreith choimeádta atá i gceist a chur isteach ar chríoch an Bhallstáit iarrtha, ní fhéadfaí an beart malartach seachas eiseachadadh a cheanglaítear le hAirteagail 18 agus 21 CFAE a chur i bhfeidhm. Sa chás sin, féadfaidh an Ballstát sin an duine lena mbaineann a eiseachadadh, i gcomhréir lena oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún sin, ós rud é nach bhféadfaí, sa chás sin, an baol go mbeadh an duine sin saor ó phionós a sheachaint dá ndiúltófaí an t-eiseachadadh sin.

54

Sa chás céanna, is beart riachtanach agus comhréireach é eiseachadadh an duine lena mbaineann, i bhfianaise an chuspóra sin, chun an cuspóir sin a bhaint amach, agus é mar thoradh air sin go ndealraíonn sé go bhfuil údar cuí leis an srian ar an gceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát, de réir bhrí Airteagal 21 CFAE, atá i gceist sna príomhimeachtaí, ag féachaint don chásdlí dá dtagraítear i míreanna 35 agus 36 den bhreithiúnas seo.

55

De réir chásdlí socair na Cúirte, ní mór don Bhallstát iarrtha a fhíorú mar sin féin nach sáróidh an t-eiseachadadh sin na cearta a ráthaítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 19 di (an breithiúnas in Raugevicius, mír 49; féach freisin, chuige sin, breithiúnas an 2 Aibreán 2020, Ruska Federacija, C-897/19 PPU, EU:C:2020:262, mír 64 agus an cásdlí dá dtagraítear).

56

I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, is é an freagra atá le tabhairt ar an gcéad cheist ná nach mór Airteagail 18 agus 21 CFAE a léiriú sa chaoi seo:

Cuireann siad de cheangal ar Bhallstát, a gcuirtear iarraidh ar eiseachadadh arna déanamh ag tríú Stát chuige chun pianbhreith choimeádta náisiúnaigh de chuid Ballstáit eile a bhfuil buanchónaí air sa chéad Bhallstát a fhorghníomhú, ar Ballstát é nach dtoirmisctear lena dhlí náisiúnta ach eiseachadadh a náisiúnach féin amach ón Aontas Eorpach agus lena bhforáiltear go bhféadfar an phianbhreith sin a chur i bhfeidhm ar a chríoch faoi réir an choinníll go dtoilíonn an tríú Stát leis, toiliú an tríú Stát a lorg go gníomhach, agus úsáid á baint aige as na sásraí go léir le haghaidh comhar agus cúnamh in ábhair choiriúla atá ar fáil dó i gcomhthéacs a chaidrimh leis an tríú Stát sin;

mura bhfaighfear an toiliú sin, ní choiscfidh siad, sna himthosca sin, ar an gcéad Bhallstát an saoránach sin de chuid an Aontais a eiseachadadh, i gcomhréir lena oibleagáidí faoi choinbhinsiún idirnáisiúnta, ar choinníoll nach sáraíonn an t-eiseachadadh sin na cearta a ráthaítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Costais

57

Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais mar chéim sa chás atá os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le hAirteagail 18 agus 21 CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

 

Cuireann siad de cheangal ar Bhallstát, a gcuirtear iarraidh ar eiseachadadh arna déanamh ag tríú Stát chuige chun pianbhreith choimeádta náisiúnaigh de chuid Ballstáit eile a bhfuil buanchónaí air sa chéad Bhallstát a fhorghníomhú, ar Ballstát é nach dtoirmisctear lena dhlí náisiúnta ach eiseachadadh a náisiúnach féin amach ón Aontas Eorpach agus lena bhforáiltear go bhféadfar an phianbhreith sin a chur i bhfeidhm ar a chríoch faoi réir an choinníll go dtoilíonn an tríú Stát leis, toiliú an tríú Stát a lorg go gníomhach, agus úsáid á baint aige as na sásraí go léir le haghaidh comhar agus cúnamh in ábhair choiriúla atá ar fáil dó i gcomhthéacs a chaidrimh leis an tríú Stát sin;

mura bhfaighfear an toiliú sin, ní chuirfear cosc, sna himthosca sin, ar an gcéad Bhallstát leo, an saoránach sin de chuid an Aontais a eiseachadadh, i gcomhréir lena oibleagáidí faoi choinbhinsiún idirnáisiúnta, ar choinníoll nach sáraíonn an t-eiseachadadh sin na cearta a ráthaítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

 

Sínithe:


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.