BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

31 Eanáir 2023 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Barántas Gabhála Eorpach – Cinneadh Réime 2002/584/CGB – Nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit – Coinníollacha maidir le forghníomhú – Inniúlacht an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna – An dara mír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Ceart chun triail a fháil os comhair binse arna bhunú roimhe sin le dlí – An fhéidearthacht Barántas Gabhála Eorpach nua a eisiúint i gcoinne an duine chéanna)

I gCás C‑158/21,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach, an Spáinn), trí bhreith an 9 Márta 2021, a fuarthas ag an gCúirt an 11 Márta 2021, sna himeachtaí coiriúla i gcoinne

Lluís Puig Gordi,

Carles Puigdemont Casamajó,

Antoni Comín Oliveres,

Clara Ponsatí Obiols,

Meritxell Serret Aleu,

Márta Rovira Vergés,

Anna Gabriel Sabaté,

Idiragraithe:

Ministerio Fiscal,

Abogacía del Estado,

Partido político VOX

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen (Rapóirtéir), Leas-Uachtarán, C. Lycourgos, E. Regan, P. G. Xuereb agus L.S. Rossi, Uachtaráin Dlísheomraí, M. Ilešič, J.‑C. Bonichot, N. Piçarra, I. Jarukaitis, A. Kumin, N. Jääskinen, N. Wahl, I. Ziemele agus J. Passer, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,

Cláraitheoir: M. Ferreira, Príomhriarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 5 Aibreán 2022,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Puig Gordi, ag S. Bekaert, advocaat, agus G. Boyé Tuset, abogado,

Puigdemont Casamajó, ag G. Boyé Tuset, abogado,

Comín Oliveres, ag G. Boyé Tuset, J. Costa Rosselló agus I. Elbal Sánchez, abogados,

Ponsatí Obiols, ag G. Boyé Tuset agus I. Elbal Sánchez, abogados,

Rovira Vergés, ag A. Van den Eynde Adroer, abogado,

Gabriel Sabaté, ag B. Salellas Vilar, abogado,

Ministerio Fiscal, ag F.A. Cadena Serrano, C. Madrigal Martínez-Pereda, J. Moreno Verdejo agus J.A. Zaragoza Aguado, fiscales,

Partido político VOX, ag M. Castro Fuertes, abogada, agus M.P. Hidalgo López, procuradora,

Rialtas na Spáinne, ag S. Centeno Huerta, A. Gavela Llopis agus J. Ruiz Sánchez, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Beilge, ag M. Jacobs, C. Pochet agus M. Van Regemorter, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó F. Matthis agus B. Renson, avocats,

Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire,

Rialtas na Rómáine, ag E. Gane agus A. Wellman, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag J. Baquero Cruz agus S. Grünheid, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht leTuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 14 Iúil 2022

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léirmhíniú ar Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO 2002 L 190, lch. 1), arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 (IO 2009 L 81, lch. 24) (“Cinneadh Réime 2002/584”).

2

Rinneadh an iarraidh in imeachtaí coiriúla a tionscnaíodh i gcoinne Lluís Puig Gordi, Carles Puigdemont Casamajó agus Antoni Comín Oliveres agus i gcoinne Clara Ponsatí Obiols, Meritxell Serret Aleu, Márta Rovira Vergés agus Anna Gabriel Sabaté.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais

3

Foráiltear in aithrisí 6, 8 agus 12 de Chinneadh Réime 2002/584 mar a leanas:

“(6)

Is é an barántas gabhála Eorpach dá bhforáiltear sa Chinneadh Réime seo an chéad léiriú nithiúil, i réimse an dlí choiriúil, ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ar chuir an Chomhairle Eorpach síos air mar ‘bhunchloch’ an chomhair bhreithiúnaigh.

[...]

(8)

Ní mór cinntí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú a bheith faoi réir rialuithe leordhóthanacha, rud a chiallaíonn go mbeidh ar údarás breithiúnach de chuid an Bhallstáit inar gabhadh an duine iarrtha an cinneadh a ghlacadh maidir lena thabhairt suas.

[...]

(12)

Leis an gCinneadh Réime seo, urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail arna n‑aithint in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus a léirítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh [...], go háirithe Caibidil VI di. Ní fhéadfar aon ní sa Chinneadh Réime seo a léirmhíniú ar chaoi a gciallaíonn go dtoirmisctear tabhairt suas duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach a dhiúltú nuair a bheidh cúiseanna ann lena chreidiúint, ar bhonn eilimintí oibiachtúla, gur eisíodh an barántas gabhála sin chun duine a ionchúiseamh nó a phionósú ar fhoras a ghnéis, a chine, a reiligiúin, a bhunaidh eitnigh, a náisiúntachta, a theanga, a thuairimí polaitiúla nó a chlaonta gnéis, nó go bhféadfar seasamh an duine sin a dhochrú ar aon cheann de na cúiseanna sin.

[...]”

4

Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 1 den Chinneadh Réime sin:

“1.   Is cinneadh breithiúnach arna eisiúint ag Ballstát é an barántas gabhála Eorpach chun duine a n‑iarrtar chun críoch ionchúisimh choiriúil nó chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú a ghabháil agus a thabhairt suas do Bhallstát eile.

2.   Déanfaidh na Ballstáit aon bharántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú ar bhonn phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus i gcomhréir le forálacha an Chinnidh Réime seo.

3.   Ní bheidh d’éifeacht leis an gCinneadh Réime seo an oibleagáid a mhodhnú chun cearta bunúsacha agus bunphrionsabail dlí a urramú mar a chumhdaítear iad le hAirteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.”

5

Le hAirteagail 3, 4 agus 4a den Chinneadh Réime sin, leagtar amach na forais le haghaidh neamhfhorghníomhú an bharántais gabhála Eorpaigh.

6

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 6(1) den Chinneadh Réime céanna:

“Is é an t‑údarás breithiúnach eisiúna údarás breithiúnach an Bhallstáit eisiúna a bhfuil inniúlacht aige chun barántas gabhála Eorpach a eisiúint faoi dhlí an Stáit sin.”

7

Leagtar amach in Airteagal 8 de Chinneadh Réime 2002/584 an fhaisnéis atá le bheith sa bharántas gabhála Eorpach agus sonraítear ann nach mór é a aistriú go teanga oifigiúil nó go ceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit fhorghníomhaithigh.

8

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 15(2) agus (3) den Chinneadh Réime sin:

“2.   Má mheasann an t‑údarás breithiúnach forghníomhaitheach nach leor an fhaisnéis a chuir an Ballstát eisiúna in iúl ionas go bhféadfaidh sé cinneadh a dhéanamh maidir leis an duine a thabhairt suas, iarrfaidh sé go soláthrófar an fhaisnéis bhreise is gá go práinneach [...]

3.   Féadfaidh an t‑údarás breithiúnach eisiúna, tráth ar bith, aon fhaisnéis úsáideach bhreise a tharchur chuig an údarás breithiúnach forghníomhaitheach.”

Dlí na Beilge

9

Foráiltear le hAirteagal 4 de Dhlí an 19 Nollaig 2003 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach (Moniteur belge an 22 Nollaig 2003, lch. 60075), sa leagan is infheidhme maidir leis na fíorais sna príomhimeachtaí:

“Diúltófar barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú sna cásanna seo a leanas:

[...]

má tá forais shubstaintiúla ann lena chreidiúint go mbeadh sé d’éifeacht aige an bonn a bhaint de chearta bunúsacha an duine lena mbaineann mar a chumhdaítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.”

An nós imeachta sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna arna dtarchur

10

Faoin nós imeachta coiriúil sna príomhimeachtaí, d’eisigh an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach, an Spáinn), an chúirt a rinne an tarchur, barántais ghabhála Eorpacha, an 14 Deireadh Fómhair 2019, i gcoinne Puigdemont Casamajó agus, an 4 Samhain 2019, i gcoinne Comín Oliveres, Puig Gordi agus Ponsatí Obiols.

11

Thionscain Ríocht na Beilge imeachtaí chun barántais ghabhála Eorpacha a fhorghníomhú, ar imeachtaí iad a eisíodh i gcoinne Puigdemont Casamajó, Comín Oliveres agus Puig Gordi.

12

Cuireadh na himeachtaí sin ar fionraí, a mhéid a bhaineann siad le Puigdemont Casamajó agus le Comín Oliveres, tar éis dóibh stádas mar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa a fháil.

13

Le hordú an 7 Lúnasa 2020, dhiúltaigh an Nederlandstalige rechtbank van eerste aanleg Brussel (Cúirt Chéadchéime Ollainnise na Bruiséile, an Bheilg) an barántas gabhála Eorpach a eisíodh i gcoinne Puig Gordi a fhorghníomhú.

14

Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur go raibh an cinneadh sin bunaithe ar an measúnú nach raibh an inniúlacht aici na himeachtaí coiriúla i gcoinne Puig Gordi a aithint agus, dá bhrí sin, an barántas gabhála Eorpach sin a eisiúint. I ndáil leis sin, agus tagairt á déanamh do chásdlí na Cúirte a bhaineann leis an gcoincheap “údarás breithiúnach”, de réir bhrí Airteagal 6 de Chinneadh Réime 2002/584, d’aithrisí 8 agus 12 den Chinneadh Réime sin, do bhreithiúnas ECtHR an 2 Meitheamh 2005, Claes agus páirtithe eile v an Bheilg (CE:ECHR:2005:0602JUD004682599), agus do reachtaíocht na Beilge, bhí Nederlandstalige rechtbank van eerste aanleg Brussel (Cúirt Chéadchéime Ollainnise na Bruiséile) den tuairim go bhféadfadh sí rialú a thabhairt ar inniúlacht an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna, eadhon an chúirt a rinne an tarchuir, chun na gcríoch sin. Baineadh de thátal as nach raibh inniúlacht ag an gcúirt sin trí thagairt a dhéanamh do thuairimí na Meithle um Choinneáil Threallach (‘GTDA’) an 25 Aibreán agus an 13 Meitheamh 2019, do bhreithiúnais ECtHR an 22 Meitheamh 2000, Coëme agus páirtithe eile v an Bheilg (CE:ECHR:2000:0622JUD003249296), agus an 2 Meitheamh 2005, Claes agus páirtithe eile v an Bheilg (CE:ECHR:2005:0602JUD004682599), d’aithris 12 den Chinneadh Réime sin agus d’fhorálacha dhlí na Beilge agus dhlí na Spáinne.

15

Rinne Ionchúisitheoir Poiblí na Beilge achomharc i gcoinne ordú an 7 Lúnasa 2020, dá dtagraítear i mír 13 thuas, os comhair an Cour d’appel de Bruxelles (an Chúirt Achomhairc, an Bheilg), a dhiúltaigh don achomharc le breithiúnas an 7 Eanáir 2021.

16

Sa bhreithiúnas deireanach sin, rinneadh tagairt do thuarascáil ó GTDA an 27 Bealtaine 2019, do bhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine dá dtagraítear i mír 14 den bhreithiúnas seo agus do dhoiciméad a bhaineann le hinniúlacht na cúirte a rinne an tarchur arna sholáthar, ar iarratas ó Ionchúisitheoir Poiblí na Beilge, ag comhairleoir ón dlísheomra coiriúil den chúirt sin. Ar bhonn na dtosca sin, chinn an Cour d’appel de Bruxelles (an Chúirt Achomhairc, an Bhruiséil) nach raibh inniúlacht na cúirte a rinne an tarchur chun Puig Gordi a thriail bunaithe ar bhunús dlí sainráite agus, dá bhrí sin, go gcuirfeadh forghníomhú an bharántais gabhála Eorpaigh a eisíodh ina choinne a chearta bunúsacha i mbaol. Ina theannta sin, mheas sí gur ghá riosca fíor-thromchúiseach go sárófaí toimhde na neamhchiontachta a chur san áireamh.

17

Sa chomhthéacs sin, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur nach mór di, inter alia, a chinneadh an bhféadfaidh sí barántas gabhála Eorpach nua a eisiúint i gcoinne Puig Gordi tar éis barántas gabhála Eorpach eile a bheith diúltaithe agus an gá di na barántais ghabhála Eorpacha arna n‑eisiúint i gcoinne cúisithe eile sna himeachtaí coiriúla atá i gceist sna príomhimeachtaí a choimeád ar bun nó a tharraingt siar.

18

I ndáil leis sin, measann sí, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil an chumhacht ag an údarás breithiúnach forghníomhaitheach, faoi dhlí an Aontais, athbhreithniú a dhéanamh ar inniúlacht an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna. Ní hionann aon easpa dlínse agus foras le diúltú dá bhforáiltear le Cinneadh Réime 2002/584 agus ní mór idirdhealú a dhéanamh idir í agus easpa stádais mar “údarás breithiúnach” de réir bhrí an Chinnidh Réime sin. Ní féidir diúltú i ndáil le barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú a bheith bunaithe ar fhoras diúltaithe dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta amháin.

19

Ar an dara dul síos, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire nach bhfuil dlínse ag cúirteanna na Beilge chun dlí na Spáinne a léirmhíniú. Sa chás seo, ina theannta sin, tá léirmhíniú míchuí déanta ag na cúirteanna sin ar an dlí sin, ar bhonn, inter alia, thuairimí GTDA, nár bunaíodh faoin dlí idirnáisiúnta agus nach gcuireann a dtuairimí in iúl seasamh Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine. Ar an taobh eile, níor chuir na cúirteanna sin san áireamh roinnt cinntí ón gcúirt a rinne an tarchur a bhain lena hinniúlacht féin agus deimhniú na hinniúlachta sin le breithiúnas ón Tribunal Constitucional (an Chúirt Bhunreachtúil, an Spáinn) an 17 Feabhra 2021.

20

Ar an tríú dul síos, maíonn an chúirt a rinne an tarchur gur cheart go mbeadh faisnéis bhreise iarrtha ag cúirteanna na Beilge faoi Airteagal 15(2) de Chinneadh Réime 2002/584 sula ndéanfadh siad cinneadh ar fhorghníomhú an bharántais gabhála Eorpaigh arna eisiúint i gcoinne Puig Gordi.

21

Ar an gceathrú dul síos, fiú má tá baol tromchúiseach ann go sárófar cearta bunúsacha an duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach, ní foras é sin chun forghníomhú a dhiúltú mar atá leagtha amach sa Chinneadh Réime sin. Dá bhrí sin, ní chóir don Chúirt glacadh le foras le diúltú den sórt sin, ar bhonn Airteagal 1(3) den Chinneadh Réime sin, ach ar choinníoll gur bunaíodh easnaimh shistéamacha nó ghinearálaithe sa Bhallstát eisiúna.

22

Sna himthosca sin, chinn an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

“(1)

An údaraítear le Cinneadh Réime [2002/584] don údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú an duine iarrtha a thabhairt suas trí bharántas gabhála Eorpach ar bhonn na bhforas le diúltú dá bhforáiltear ina dhlí náisiúnta ach nach bhfuil leagtha amach amhlaidh sa Chinneadh Réime sin?

(2)

Má tá an freagra dearfach ar an gceist roimhe seo, chun inmharthanacht barántais gabhála Eorpaigh a áirithiú agus chun úsáid iomchuí a bhaint as an sásra dá bhforáiltear in Airteagal 15(3) de Chinneadh Réime [2002/584]:

Ar cheart don údarás breithiúnach eisiúna dlíthe na [mBallstát] éagsúil a fhíorú agus anailís a dhéanamh orthu d’fhonn na forais le diúltú a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le barántas gabhála Eorpach, ar forais le diúltú iad nach bhforáiltear i gCinneadh Réime [2002/584], a chur san áireamh?

(3)

I bhfianaise na bhfreagraí ar na ceisteanna roimhe seo, agus ós rud é go bhforáiltear le hAirteagal 6(1) de Chinneadh Réime [2002/584] go bhfuil inniúlacht an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna chun barántas gabhála Eorpach a eisiúint bunaithe faoi dhlí an [Bhallstáit] eisiúna:

An bhfuil Airteagal 6(1) de Chinneadh Réime [2002/584] le léirmhíniú ar chaoi a gciallaíonn go bhféadfaidh an t‑údarás breithiúnach forghníomhaitheach inniúlacht an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna maidir le gníomhú sa chás coiriúil lena mbaineann a chur in amhras agus tabhairt suas a dhiúltú ar an bhforas nach bhfuil inniúlacht ag an údarás breithiúnach eisiúna, ina thuairim, an barántas gabhála Eorpach a eisiúint?

(4)

Maidir le cearta bunúsacha an duine iarrtha agus an t‑athbhreithniú a d’fhéadfadh a bheith ann ar urraim na gceart sin sa [Bhallstát] eisiúna ag an údarás breithiúnach forghníomhaitheach:

(a)

An údaraítear le Cinneadh Réime [2002/584] don údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú an duine iarrtha a thabhairt suas ar an bhforas go measann sé, ar bhonn na tuarascála ó mheitheal a chuireann an duine iarrtha sin faoina bhráid, go bhfuil baol ann go sárófar cearta bunúsacha an duine sin sa Bhallstát eisiúna?

(b)

Chun críoch na ceiste roimhe seo, an éard atá i dtuarascáil den sórt sin fianaise atá oibiachtúil, iontaofa, bheacht agus nuashonraithe go cuí chun bonn cirt a thabhairt, i bhfianaise chásdlí na Cúirte Breithiúnais, le diúltú an duine iarrtha a thabhairt suas mar gheall ar bhaol tromchúiseach go mbainfear an bonn dá chearta bunúsacha?

(c)

Má tá an freagra dearfach ar an gceist roimhe seo, cén fhianaise atá ag teastáil ó Bhallstát, ag féachaint do dhlí an Aontais, chun a bheith in ann a chinneadh gurb ann don bhaol go sárófar cearta bunúsacha sa Bhallstát eisiúna, mar a líomhnaíonn an duine iarrtha, agus chun bonn cirt a thabhairt leis sin chun forghníomhú barántais gabhála Eorpaigh a dhiúltú?

(5)

An bhfuil tionchar ar fhreagraí na gceisteanna roimhe seo más rud é go raibh an duine iarrtha in ann cosaint a chearta bunúsacha a agairt os comhair chúirteanna an [Bhallstáit] eisiúna agus agóid a dhéanamh, os comhair na gcúirteanna céanna, i gcoinne inniúlacht an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna agus an bharántais gabhála Eorpaigh a eisíodh [ina choinne] agus é ag baint tairbhe fiú as dhá chéim bhreithiúnacha?

(6)

An bhfuil tionchar ar fhreagraí na gceisteanna roimhe seo más rud é go ndiúltaíonn an t‑údarás breithiúnach forghníomhaitheach barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú ar fhorais nach bhforáiltear go sainráite dóibh i gCinneadh Réime [2002/584], agus é ag brath, go háirithe, ar easpa inniúlachta an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna agus ar bhaol tromchúiseach a bheith ann go sárófar cearta bunúsacha sa [Bhallstát] eisiúna, gan aon fhaisnéis bhreise shonrach a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chinneadh sin a iarraidh ar an údarás breithiúnach eisiúna?

(7)

Más léir ó na freagraí ar na ceisteanna roimhe seo, sna himthosca sa chás seo, go gcuirtear cosc le Cinneadh Réime [2002/584] ar dhiúltú duine a thabhairt suas ar bhonn na bhforas le diúltú thuasluaite:

An gcuirtear cosc le Cinneadh Réime [2002/584] ar an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) barántas gabhála Eorpach nua a eisiúint [i gcoinne] an duine chéanna agus os comhair an Bhallstáit chéanna?”

An nós imeachta os comhair na Cúirte

An t‑iarratas go gcuirfear an nós imeachta brostaithe i bhfeidhm

23

D’iarr an chúirt a rinne an tarchur go ndéileálfaí leis an gcás faoin nós imeachta brostaithe dá bhforáiltear in Airteagal 105 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte.

24

Mar thaca lena hiarratas, tugann an chúirt sin dá haire gur imeachtaí coiriúla iad na príomhimeachtaí, gur cuireadh na himeachtaí sin ar fionraí go dtí go dtabharfaidh an Chúirt freagra ar an iarraidh ar réamhrialú agus nach bhfuil na daoine iarrtha ina n‑ábhar d’aon phianbhreith choimeádta.

25

Foráiltear le hAirteagal 105(1) de na Rialacha Nós Imeachta go bhféadfaidh Uachtarán na Cúirte, ar iarratas ón gcúirt nó ón mbinse a rinne an tarchur nó, go heisceachtúil, uaidh féin, i gcás go n‑éilíonn nádúr an cháis go ndéileálfar leis laistigh d’achar gearr ama, tar éis dó an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, a chinneadh go gcuirfear nós imeachta brostaithe i bhfeidhm maidir le tarchur chun réamhrialú trí mhaolú ar fhorálacha na rialacha sin.

26

Sa chás seo, chinn Uachtarán na Cúirte, an 31 Márta 2021, tar éis dó an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, nach raibh aon ghá an t‑iarratas dá dtagraítear i mír 23 thuas a dheonú.

27

Is ceart a choinneáil i gcuimhne nach bhfuil cur i bhfeidhm an nós imeachta bhrostaithe um réamhrialú ag brath ar nádúr na díospóide sna príomhimeachtaí ann féin, ach ar na himthosca eisceachtúla a bhaineann go sonrach leis an gcás i dtrácht, ar imthosca iad nach mór a shuíomh leo an phráinn urghnách a bhaineann le rialú ar na ceisteanna sin (féach, chuige sin, ordú Uachtarán na Cúirte an 30 Bealtaine 2018, KN, C‑191/18, neamhfhoilsithe, EU:C:2018:383, mír 20 agus an cásdlí dá dtagraítear).

28

Maidir leis an gcás sna príomhimeachtaí, níor shuigh an Tribunal Supremo (Cúirt Uachtarach) gurb ann d’imthosca eisceachtúla a bhaineann go sonrach leis an gcás sin lena ndéantar práinn urghnách a léiriú.

29

Dá bhrí sin, ar an gcéad dul síos, cé go bhfuil na himeachtaí atá ar feitheamh os comhair na cúirte a rinne an tarchur ar fionraí mar gheall ar an nós imeachta um réamhrialú go dtí go dtabharfaidh an Chúirt freagra, ní féidir leis an éifeacht fionraíochta sin, a bhaineann go dlúth leis an sásra réamhrialaithe, údar a thabhairt chun an nós imeachta brostaithe a chur i bhfeidhm ar tharchur chun réamhrialú (féach, chuige sin, ordú Uachtarán na Cúirte an 20 Eanáir 2014, Nguyen agus Schönherr, C‑2/14, neamhfhoilsithe, EU:C:2014:1999, mír 14 agus an cásdlí dá dtagraítear).

30

Ar an dara dul síos, ós rud é nach bhfuil na daoine lena mbaineann na himeachtaí coiriúla sna príomhimeachtaí faoi choimeád faoi láthair, is foras é sin gan an nós imeachta brostaithe um réamhrialú a thionscnamh faoi Airteagal 105(1) de na Rialacha Nós Imeachta (féach, chuige sin, ordú Uachtarán na Cúirte an 20 Meán Fómhair 2018, Minister for Justice and Equality, C‑508/18 agus C‑509/18, neamhfhoilsithe, EU:C:2018:766, mír 13 agus an cásdlí dá dtagraítear).

An t-iarratas go n‑atosófar an chuid ó bhéal den nós imeachta

31

Le doiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 7 Samhain 2022, d’iarr Puigdemont Casamajó, Comín Oliveres, Puig Gordi agus Ponsatí Obiols go n‑atosófar an chuid ó bhéal den nós imeachta.

32

Chun tacú leis an iarratas sin, maíonn siad go bhfuil fíorais agus argóintí nua nár pléadh idir na páirtithe ann a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar chinneadh na Cúirte Breithiúnais sa chás seo.

33

Go sonrach, tagraíonn siad do shíniú ordú Leas-Uachtarán na Cúirte an 24 Bealtaine 2022, Puigdemont i Casamajó agus páirtithe eile v an Pharlaimint agus an Spáinn (C‑629/21 P(R), EU:C:2022:413), do thuairim ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 30 Lúnasa 2022, do chinntí a thug cúirteanna na Spáinne, don imthoisc go raibh údaráis na Spáinne ag spiaireacht ar roinnt de na cúisithe sna himeachtaí coiriúla i gceist sna príomhimeachtaí, do sheasaimh de chuid de chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh agus do theachtaireacht ón gCoimisiún Lárnach Toghchán. Thairis sin, déanann siad roinnt cáintí maidir leis an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta sa chás seo.

34

I ndáil leis sin, ba chóir a thabhairt faoi deara go bhféadfaidh an Chúirt, i gcomhréir le hAirteagal 83 dá Rialacha Nós Imeachta, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, a ordú, tráth ar bith, go n‑atosófar an chuid ó bhéal den nós imeachta, go háirithe má mheasann sí nach bhfuil dóthain faisnéise os a comhair, nó i gcás, tar éis clabhsúr a chur leis an gcuid sin den nós imeachta, ina dtíolacfaidh páirtí fíoras nua a mbeidh a chineál ina thoisc chinntitheach ar bhreith na Cúirte nó i gcás ina gcaithfear an cás a chinneadh ar bhonn argóint nár pléadh fós.

35

Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil na fíorais a chuireann Puigdemont Casamajó, Comín Oliveres, Puig Gordi agus Ponsatí Obiols i láthair mar fhíorais nua in ann tionchar cinntitheach a imirt ar chinneadh na Cúirte.

36

Baineann na fíorais sin le staid aonair na gcúisithe sna himeachtaí coiriúla atá i gceist sna príomhimeachtaí nó le heasnaimh a líomhnaítear maidir le córas breithiúnach na Spáinne. Ní faoin gCúirt atá sé, i gcomhthéacs na n‑imeachtaí seo le haghaidh réamhrialú, measúnú a dhéanamh ar an gcás aonair sin ná a chinneadh an bhfuil na heasnaimh a líomhnaítear cruthaithe; níl fúithi ach amháin tabhairt faoi fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais a léirmhíniú.

37

A mhéid a bhaineann, ar an dara dul síos, leis an gcáineadh ar Thuairim an Abhcóide Ghinearálta, is ceart a choinneáil i gcuimhne nach bhforáiltear le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ná leis na Rialacha Nós Imeachta go bhféadfadh na páirtithe barúlacha a thíolacadh mar fhreagairt ar Thuairim an Abhcóide Ghinearálta (breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (Córas araíonachta do bhreithiúna), C‑791/19, EU:C:2021:596, mír 41).

38

Thairis sin, faoin dara mír d’Airteagal 252 CFAE, tá ar an Abhcóide Ginearálta, ag gníomhú dó le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i gcúirt oscailte ar chásanna ina n‑éilítear a rannpháirtíocht i gcomhréir le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Níl an Chúirt faoi cheangal ag an Tuairim sin ná ag an ráiteas ar na cúiseanna lena dtagann an tAbhcóide Ginearálta uirthi. Dá bhrí sin, ní féidir easaontas páirtí le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta, is cuma cad iad na ceisteanna a scrúdaíonn sé sa Tuairim sin, a bheith ina fhoras ann féin lena dtabharfaí údar le hatosú na coda ó bhéal den nós imeachta (breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (Córas araíonachta do bhreithiúna), C‑791/19, EU:C:2021:596, mír 42).

39

Is fíor go bhféadfaidh an Chúirt a ordú tráth ar bith, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, go ndéanfar an chuid ó bhéal den nós imeachta a atosú i gcomhréir le hAirteagal 83 dá Rialacha Nós Imeachta, go háirithe má mheasann sí nach bhfuil dóthain faisnéise os a comhair.

40

Sa chás seo, áfach, tar éis di an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, measann an Chúirt go bhfuil, ag deireadh an nós imeachta i scríbhinn agus na héisteachta a tionóladh os a comhair, an fhianaise go léir is gá aici chun rialú a thabhairt, agus na hargóintí a cuireadh chun cinn i gcoinne Thuairim an Abhcóide Ghinearálta san iarratas go n‑atosófar an chuid ó bhéal den nós imeachta pléite go mion idir na páirtithe lena mbaineann agus na daoine leasmhara.

41

I bhfianaise an méid sin roimhe seo, ní gá an t‑iarratas seo a cheadú.

Na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

Inghlacthacht an chéad go dtí an séú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

42

Cuireann Puig Gordi, Puigdemont Casamajó, Comín Oliveres, Ponsatí Obiols, Rovira Vergés agus Gabriel Sabaté in aghaidh inghlacthacht roinnt de na ceisteanna a tarchuireadh.

43

Sa chéad áit, deir Ponsatí Obiols, Puig Gordi, Puigdemont Casamajó agus Comín Oliveres nach bhfuil aon fhiúntas ag baint leis an gcéad go dtí an séú ceist, ina n‑iomláine, chun na himeachtaí coiriúla sna príomhimeachtaí a sheoladh.

44

Ar dtús, baineann na ceisteanna sin leis na rialacha maidir le barántais ghabhála Eorpacha a fhorghníomhú, agus ní bheadh aon spéis ag an gcúirt a rinne an tarchur sna freagraí ar na ceisteanna sin, ós rud é, sna himeachtaí coiriúla sna príomhimeachtaí, go bhfuil stádas an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna aici. Cé gur admhaigh an Chúirt i mbreithiúnas an 25 Iúil 2018, AY (Barántas gabhála – Finné) (C‑268/17, EU:C:2018:602), chun ceisteanna a fhreagairt a bhain le forghníomhú barántas gabhála Eorpach arna gcur ag údarás breithiúnach eisiúna, tá imthosca an cháis sna príomhimeachtaí éagsúil, áfach, ó imthosca an cháis as ar eascair an breithiúnas sin. Sa chás deireanach sin, níor rialaigh an t‑údarás breithiúnach forghníomhaitheach ar an mbarántas gabhála Eorpach i gceist agus rialaigh an Chúirt ar cheist shubstainteach, a bhain leis an bprionsabal ne bis in idem, a bhí ina ábhar spéise don údarás breithiúnach eisiúna agus don údarás breithiúnach forghníomhaitheach araon.

45

Ina dhiaidh sin, ba cheart a chur san áireamh go bhfuil cinneadh an Cour d’appel de Bruxelles (an Chúirt Achomhairc, an Bhruiséil) lena ndiúltaítear an barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú i gcoinne Puig Gordi bunaithe ní hamháin ar shárú ar an gceart chun triail chóir a fháil, ach freisin ar shárú ar thoimhde na neamhchiontachta. Ní bhaineann an chéad go dtí an séú ceist leis an bhforas deireanach sin, rud a chiallaíonn nach féidir, ar chaoi ar bith, a bhaint de thátal as freagraí na Cúirte ar na ceisteanna sin gur cheart an barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú.

46

Ar deireadh, tá díolúine ó ionchúiseamh ag triúr de na cúisithe sna himeachtaí coiriúla sna príomhimeachtaí ina gcáil mar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa iad agus, mar thoradh air sin, ní féidir leo a bheith ina n‑ábhar de bharántas gabhála Eorpach, agus, dá bhrí sin, is ceisteanna hipitéiseacha iad an chéad go dtí an séú ceist.

47

Sa dara háit, deir Ponsatí Obiols, Puig Gordi, Puigdemont Casamajó agus Comín Oliveres nach bhfuil an chéad cheist inghlactha, i gcás ar bith, ar chúis eile. Féachtar leis an gceist sin treoir maidir le léirmhíniú Chinneadh Réime 2002/584 a fháil ón gCúirt d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá foráil reachtach sa Bheilg ag luí leis an gCinneadh Réime sin, cé go mbeidh an fhoráil sin fós infheidhme i ndlíchóras na Beilge, is cuma cén freagra a thugann an Chúirt, ós rud é nach bhfuil aon éifeacht dhíreach ag an gCinneadh Réime sin.

48

Sa tríú háit, dar le Rovira Vergés agus Gabriel Sabaté, níl baint ag an gcúigiú ceist leis na príomhimeachtaí, ós rud é nach raibh na cúisithe in ann agóid a dhéanamh i gcoinne inniúlacht na cúirte a rinne an tarchur ná a gcearta bunúsacha a agairt os comhair chúirteanna na Spáinne.

49

Sa cheathrú háit, maíonn Rovira Vergés agus Gabriel Sabaté nach mór a dhearbhú go bhfuil an séú ceist do-ghlactha, ag áitiú, faoi seach, go raibh, sa chás seo, an t‑údarás breithiúnach forghníomhaitheach ag brath ar fhaisnéis bhreise a chuir an Tribunal Supremo (Cúirt Uachtarach) ar fáil agus nach faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé rialú a thabhairt i dtaobh an bhfuil sé iomchuí go ndéanfadh údarás breithiúnach forghníomhaitheach iarraidh ar fhaisnéis bhreise.

50

I ndáil leis sin go léir, mar réamhphointe, is ceart a choinneáil i gcuimhne, de réir cásdlí socair, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, gur faoin gcúirt náisiúnta amháin, ar tugadh na príomhimeachtaí os a comhair agus nach mór di freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, an gá atá le réamhrialú ionas go mbeidh sí in ann a breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuirfidh sí faoi bhráid na Cúirte araon a chinneadh. Dá bhrí sin, nuair a bhaineann na ceisteanna a cuireadh le léirmhíniú dhlí an Aontais, tá sé de cheangal ar an gCúirt Bhreithiúnais, i bprionsabal, rialú a thabhairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland, C‑709/20, EU:C:2021:602, mír 54 agus an cásdlí dá dtagraítear).

51

Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais diúltú do rialú a dhéanamh ar cheist a tharchuir cúirt náisiúnta i gcomhair réamhrialú ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léirmhíniú arna iarraidh ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland, C‑709/20, EU:C:2021:602, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear).

52

Sa chéad áit, maidir leis an éileamh nach bhfuil aon fhiúntas ag baint leis an gcéad go dtí an séú ceist chun na himeachtaí coiriúla sna príomhimeachtaí a sheoladh, ba cheart a thabhairt faoi deara go sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil sé mar aidhm leis an iarraidh ar réamhrialú, inter alia, a chur ar a cumas a chinneadh an bhféadfaidh sí barántas gabhála Eorpach nua a eisiúint i gcoinne Puig Gordi tar éis forghníomhú barántais gabhála Eorpaigh a eisíodh ina choinne roimhe sin a bheith diúltaithe agus an gá di na barántais ghabhála Eorpacha arna n‑eisiúint i gcoinne cúisithe eile sna himeachtaí coiriúla i gceist sna príomhimeachtaí a choimeád ar bun nó a tharraingt siar.

53

Tá na cúinsí sin de chineál a thugann bonn cirt don chúirt sin, mar an t‑údarás breithiúnach eisiúna, ceisteanna a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais maidir leis na coinníollacha chun barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú.

54

Is é an Ballstát eisiúna go príomha atá freagrach as cearta bunúsacha a áirithiú i gcomhthéacs nós imeachta a bhaineann le barántas gabhála Eorpach. Dá réir sin, agus ós rud é go bhféadfadh gabháil an duine is ábhar don bharántas sin a bheith mar thoradh ar eisiúint barántais den sórt sin, ní mór an chumhacht a bheith ag údarás breithiúnach eisiúna, ionas go n‑áiritheofar go gcosnófar na cearta sin, ceist a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú chun a chinneadh an gá dó barántas gabhála Eorpach den sórt sin a choimeád ar bun nó a tharraingt siar nó an féidir leis barántas den sórt sin a eisiúint (féach, chuige sin, breithiúnais an 25 Iúil 2018, AY (Barántas gabhála – Finné), C‑268/17, EU:C:2018:602, míreanna 28 agus 29, agus an 28 Eanáir 2021, Spetsializirana prokuratura (Litir na gceart), C‑649/19, EU:C:2021:75, mír 39).

55

Ní féidir go n‑éireoidh le hargóint Ponsatí Obiols nach féidir an chumhacht sin a fheidhmiú chun na coinníollacha a chinneadh faoina gcaithfidh údarás breithiúnach forghníomhaitheach, d’fhonn go n‑áiritheofar go gcomhlíonfar an dara mír d’Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), diúltú barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú, a mhéid nach mór don údarás breithiúnach eisiúna, chun prionsabail na muiníne frithpháirtí agus an chomhair dhílis a chomhlíonadh, staonadh ó bharántas gabhála Eorpach ar cheart diúltú dá fhorghníomhú a eisiúint nó a choimeád ar bun, go háirithe chun sárú ar an dara mír d’Airteagal 47 a sheachaint (féach, de réir analaí, breithiúnas an 11 Samhain 2021Gavanozov II, C‑852/19, EU:C:2021:902, mír 60).

56

Ar an gcaoi chéanna, mar a chuireann Ponsatí Obiols chun cinn, cé gur dhiúltaigh údarás breithiúnach forghníomhaitheach cheana féin an barántas gabhála Eorpach arna eisiúint i gcoinne Puig Gordi a fhorghníomhú, ní suitear leis sin nach bhfuil aon bhaint ag an gcéad go dtí an séú ceist le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí; os a choinne sin, agus diúltú den sórt sin ann tugann sin údar le héiginnteacht na cúirte a rinne an tarchur i dtaobh an bhféadfaidh sí, gan dlí an Aontais a shárú, barántas gabhála Eorpach nua a eisiúint chun Puig Gordi a thabhairt suas agus an gá bearta nua a ghlacadh i leith na gcúisithe eile sna himeachtaí coiriúla sna príomhimeachtaí.

57

Sna himthosca sin, ós rud é gurb é cuspóir an scrúdaithe sin, i ndeireadh na dála, cumhachtaí agus oibleagáidí an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna a shoiléiriú, ní leor é nár chuir an chúirt a rinne an tarchur ceist ar an gCúirt Bhreithiúnais ar na forais go léir ar a bhfuil an Cour d’appel de Bruxelles (an Chúirt Achomhairc, an Bhruiséil) ag brath i dtaobh dhiúltú an bharántais gabhála Eorpaigh arna eisiúint i gcoinne Puig Gordi a fhorghníomhú chun a shuí nach bhfuil aon bhaint ag an gcéad go dtí an séú ceist le fíricí iarbhír ná le cuspóir na bpríomhimeachtaí.

58

Thairis sin, cé go bhfuil díolúine ó ionchúiseamh ag triúr de na cúisithe sna príomhimeachtaí ina gcáil mar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa, ní chiallaíonn sin go suitear go bhfuil na ceisteanna sin hipitéiseach, ós rud é nach bhfuil díolúine den sórt sin ag cúisithe eile, lena n‑áirítear Puig Gordi, sna himeachtaí sin.

59

Sa dara háit, maidir le do-ghlacthacht líomhnaithe na chéad cheiste, is leor a mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagal 267 CFAE, go bhfuil inniúlacht ag an gCúirt Bhreithiúnais chun réamhrialú a thabhairt ar léirmhíniú gníomhartha de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh, beag beann ar cé acu an bhfuil éifeacht dhíreach acu nó nach bhfuil (féach, chuige sin, breithiúnais an 27 Samhain 2012, Pringle, C‑370/12, EU:C:2012:756, mír 89, agus an 15 Eanáir 2013, Križan agus páirtithe eile, C‑416/10, EU:C:2013:8, mír 56).

60

Sa tríú háit, maidir le do-ghlacthacht líomhnaithe an chúigiú ceist, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil na hargóintí a chuir Rovira Vergés agus Gabriel Sabaté chun cinn i ndáil leis sin ag teacht salach ar an bhfaisnéis a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar aghaidh maidir le seoladh an nós imeachta a bhaineann leis na daoine iarrtha os comhair chúirteanna na Spáinne.

61

In imeachtaí faoi Airteagal 267 CFAE, atá bunaithe ar dheighilt shoiléir feidhmeanna idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, tá inniúlacht eisiach ag an gcúirt náisiúnta fíorais na díospóide sna príomhimeachtaí a chinneadh agus a mheas agus an dlí náisiúnta a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Iúil 2022, Volkswagen, C‑134/20, EU:C:2022:571, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).

62

Sa cheathrú háit, is amhlaidh atá maidir leis an argóint a chuir Rovira Vergés chun cinn gur cheart a dhearbhú go bhfuil an séú ceist do-ghlactha ar an bhforas go raibh an t‑údarás breithiúnach forghníomhaitheach ag brath sa chás seo ar fhaisnéis bhreise arna soláthar ag an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach), ina cháil mar údarás breithiúnach eisiúna. Shonraigh an chúirt sin go sainráite, san ordú tarchuir, nár chuir sí an fhaisnéis sin ar fáil don údarás breithiúnach forghníomhaitheach, ach gur fhreagair duine dá comhaltaí ceisteanna a chuir Ionchúisitheoir Poiblí na Beilge chun go bhféadfadh sé a argóintí a ullmhú d’éisteacht le linn an nós imeachta chun na barántais ghabhála Eorpacha atá i gceist a fhorghníomhú sna príomhimeachtaí.

63

Thairis sin, contrártha lena maíonn Gabriel Sabaté, leis an séú ceist a rinne sí, ní chuireann an chúirt a rinne an tarchur ceist ar an gCúirt i dtaobh an bhfuil sé iomchuí d’údarás breithiúnach forghníomhaitheach iarraidh a dhéanamh ar fhaisnéis bhreise, ach i dtaobh oibleagáid a bheith ann, ó thaobh an údaráis bhreithiúnaigh sin de, iarraidh den sórt sin a dhéanamh sula bhféadfaidh sí diúltú barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú trí bhrath ar easpa inniúlachta an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna chun barántas gabhála Eorpach a eisiúint agus baol tromchúiseach a bheith ann go sárófar cearta bunúsacha sa Bhallstát eisiúna.

64

Ní mór ceist den sórt sin a mheas mar cheist a bhaineann le léirmhíniú dhlí an Aontais. Dá réir sin, tá sé de cheangal ar an gCúirt rialú a thabhairt ina leith.

65

Leanann sé ón méid sin roimhe seo go bhfuil an chéad go dtí an séú ceist inghlactha.

Substaint an cháis

An chéad cheist

66

Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Cinneadh Réime 2002/584 a léirmhíniú ar chaoi a gciallaíonn go mbeadh sé de chumhacht ag údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú ar bhonn forais le haghaidh neamhfhorghníomhú nach bhforáiltear sa Chinneadh Réime sin, ach i ndlí an Bhallstáit fhorghníomhaithigh amháin.

67

Is léir ó chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais gurb é is aidhm do Chinneadh Réime 2002/584 ná, trí chóras simplithe agus éifeachtach a bhunú chun daoine ciontaithe nó daoine atá faoi amhras maidir le sárú a bheith déanta acu ar an dlí coiriúil a thabhairt suas, comhar breithiúnach a éascú agus dlús a chur leis d’fhonn cabhrú leis an gcuspóir arna leagan síos a bhaint amach, agus sin go mbeidh an tAontas Eorpach ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais, bunaithe ar an ardleibhéal muiníne nach mór a bheith ann idir na Ballstáit (breithiúnas an 29 Aibreán 2021, X (Barántas Gabhála Eorpach – Ne bis in idem), C‑665/20 PPU, EU:C:2021:339, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

68

Chuige sin, is léir ón gCinneadh Réime sin agus, go háirithe, ó Airteagail 1 agus 2 di go ndéantar, i bprionsabal, an barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú agus go meastar gurb é atá i gceist le foghníomhnú a dhiúltú ná eisceacht nach mór a léirmhíniú go docht (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Aibreán 2021, X (Barántas Gabhála Eorpach – Ne bis in idem), C‑665/20 PPU, EU:C:2021:339, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

69

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, sa chéad áit, go nglactar leis, le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, nach gá ach barántais ghabhála Eorpacha, de réir bhrí Airteagal 1(1) den Chinneadh Réime sin, a fhorghníomhú i gcomhréir le forálacha an Chinnidh Réime sin, agus go gceanglaítear leis sin go mbeidh barántas den sórt sin, atá aicmithe san fhoráil sin mar “chinneadh breithiúnach”, eisithe ag “údarás breithiúnach”, de réir bhrí Airteagal 6(1) den Chinneadh Réime sin (breithiúnas an 17 Nollaig 2020, Openbaar Ministerie (Neamhspleáchas an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna), C‑354/20 PPU agus C‑412/20 PPU, EU:C:2020:1033, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).

70

Sa dara háit, ní chóir don údarás breithiúnach forghníomhaitheach éifeacht a thabhairt do bharántas gabhála Eorpach nach gcomhlíonann na híoscheanglais ar a bhfuil a bhailíocht ag brath, lena n‑áirítear iad siúd atá leagtha síos in Airteagal 8 de Chinneadh Réime 2002/584 (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Nollaig 2018, IK (Pianbhreith fhorlíontach a fhorghníomhú), C‑551/18 PPU, EU:C:2018:991, mír 43, agus an 9 Deireadh Fómhair 2019, NJ (Ionchúisitheoir Poiblí Vín), C‑489/19 PPU, EU:C:2019:849, mír 29).

71

Sa tríú háit, ní mór d’údaráis bhreithiúnacha fhorghníomhaitheacha diúltú barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú nó féadfaidh siad sin a dhéanamh ar na forais le haghaidh neamhfhorghníomhú atá leagtha amach in Airteagail 3, 4 agus 4a den Chinneadh Réime sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Bealtaine 2019, PF (Príomh-Ionchúisitheoir na Liotuáine), C‑509/18, EU:C:2019:457, mír 24 agus an cásdlí dá dtagraítear).

72

Sa cheathrú háit, d’fhéadfadh go mbeadh cead ag údarás breithiúnach forghníomhaitheach staonadh, go heisceachtúil agus tar éis dó scrúdú iomchuí a dhéanamh, ó éifeacht a thabhairt do bharántas gabhála Eorpach, ar bhonn Airteagal 1(3) den Chinneadh Réime sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Deireadh Fómhair 2019, Dorobantu, C‑128/18, EU:C:2019:857, mír 83, agus an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Binse arna bhunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

73

Ní mór a mheas, dá bhrí sin, maidir le gach ceann de na forais a glacadh i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais mar fhorais lena gceanglaítear ar an údarás breithiúnach forghníomhaitheach, nó lena n‑údaraítear don údarás breithiúnach forghníomhaitheach, gan éifeacht a thabhairt do bharántas gabhála Eorpach, go n‑eascraíonn sé as Cinneadh Réime 2002/584.

74

Ina theannta sin, is léir ón méid sin roimhe seo go bhfuil teorainn dhocht leis na forais sin ó thaobh raon feidhme de agus, dá bhrí sin, nach gceadaítear forghníomhú barántais gabhála Eorpaigh a dhiúltú ach go heisceachtúil.

75

Dá nglacfaí leis go bhfuil sé de rogha ag gach Ballstát cur leis na forais sin le forais eile a chuireann ar chumas an údaráis bhreithiúnaigh fhorghníomhaithigh diúltú éifeacht a thabhairt do bharántas gabhála Eorpach, is é a bheadh i gceist leis sin, ar an gcéad dul síos, ná go ndéanfaí an bonn a bhaint de chur i bhfeidhm aonfhoirmeach Chinneadh Réime 2002/584, trína chur i bhfeidhm a chur faoi réir rialacha dlí náisiúnta, agus, ar an dara dul síos, go ndéanfaí an éifeachtúlacht a bhaint as an oibleagáid na barántais ghabhála Eorpacha a leagtar síos in Airteagal 1(2) den Chinneadh Réime sin a fhorghníomhú, trína ligean, go praiticiúil, do gach Ballstáit, raon feidhme na hoibleagáide sin dá údaráis bhreithiúnacha fhorghníomhaitheacha a chinneadh gan bhac.

76

Bheadh léirmhíniú den sórt sin ina chonstaic ar fheidhmiú cuí an chórais shimplithe agus éifeachtaigh, a bunaíodh leis an gCinneadh Réime sin, chun daoine a ciontaíodh nó a bhfuil amhras ann gur sháraigh siad an dlí coiriúil a thabhairt suas agus, dá bhrí sin, bheadh sé contrártha leis an gcuspóir arna shaothrú ag an gCinneadh Réime sin, dá dtagraítear i mír 67 den bhreithiúnas seo.

77

Sa chás seo, is léir ón ordú tarchuir gur dhiúltaigh cúirteanna na Beilge an barántas gabhála Eorpach i leith Puig Gordi a fhorghníomhú agus iad ag brath ar Airteagal 4(5) de Dhlí an 19 Nollaig 2003 maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach, lena bhforáiltear nach mór forghníomhú barántais gabhála Eorpaigh a dhiúltú má tá forais shubstaintiúla ann lena chreidiúint go mbeadh sé d’éifeacht aige an bonn a bhaint de chearta bunúsacha an duine lena mbaineann a chumhdaítear le dlí an Aontais.

78

Le foráil den sórt sin, a mhéid is go léirmhínítear go bhfuil an raon feidhme céanna aici agus atá ag Airteagal 1(3) de Chinneadh Réime 2002/584, ní cheadaítear forghníomhú barántais gabhála Eorpaigh a dhiúltú ach amháin sa chomhthéacs dá dtagraítear i mír 72 den bhreithiúnas seo agus ní féidir a mheas, dá bhrí sin, go cruthaítear foras le haghaidh neamhfhorghníomhú léi nach n‑eascraíonn as an gCinneadh Réime sin.

79

I bhfianaise an méid sin roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór Cinneadh Réime 2002/584 a léirmhíniú sa chiall nach bhfuil an chumhacht ag údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú ar bhonn forais le haghaidh neamhfhorghníomhú nach n‑eascraíonn as an gCinneadh Réime sin, ach ó dhlí an Bhallstáit fhorghníomhaithigh amháin. Ar an taobh eile, féadfaidh an t‑údarás breithiúnach sin foráil náisiúnta a chur i bhfeidhm lena bhforáiltear go ndiúltófar barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú i gcás ina mbeadh sárú ar cheart bunúsach atá cumhdaithe i ndlí an Aontais mar thoradh ar an bhforghníomhú sin, ar choinníoll nach dtéann raon feidhme na forála sin thar raon feidhme Airteagal 1(3) den Chinneadh Réime sin, arna léirmhíniú ag an gCúirt.

An dara ceist

80

I bhfianaise an fhreagra a tugadh ar an gcéad cheist, ní gá an dara ceist a fhreagairt.

An tríú ceist

81

Lena tríú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 1(1) agus (2) agus Airteagal 6(1) de Chinneadh Réime 2002/584 a léirmhíniú sa chiall go bhféadfaidh an t‑údarás breithiúnach forghníomhaitheach a fhíorú an bhfuil barántas gabhála Eorpach eisithe ag údarás breithiúnach a bhí inniúil chun na críche sin agus diúltú an barántas gabhála Eorpach sin a fhorghníomhú i gcás ina measann sí nach amhlaidh atá.

82

Mar a tugadh ar aird i mír 69 den bhreithiúnas seo, leanann sé ó Airteagal 1(1) agus (2) de Chinneadh Réime 2002/584 nach gá ach barántais ghabhála Eorpacha arna n‑eisiúint ag údarás breithiúnach, de réir bhrí Airteagal 6(1) den Chinneadh Réime sin, a fhorghníomhú.

83

Foráiltear le hAirteagal 6(1) de Chinneadh Réime 2002/584 gurb é an t‑údarás breithiúnach eisiúna údarás breithiúnach an Bhallstáit eisiúna a bhfuil inniúlacht aige chun barántas gabhála Eorpach a eisiúint faoi dhlí an Stáit sin.

84

Is léir ó chásdlí na Cúirte go n‑éilítear leis an gcoincheap “údarás breithiúnach”, de réir bhrí na forála sin, léirmhíniú uathrialach agus aonfhoirmeach ar fud an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Bealtaine 2019, OG agus PI (Oifigí an Ionchúisitheora Phoiblí, Lübeck agus Zwickau), C‑508/18 agus C‑82/19 PPU, EU:C:2019:456, mír 49) agus go gciallaíonn sé sin, go háirithe, go gníomhaíonn an t-údarás lena mbaineann go neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid dualgas a bhaineann le barántas gabhála Eorpach a eisiúint (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, Openbaar Ministerie (Neamhspleáchas an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna), C‑354/20 PPU agus C‑412/20 PPU, EU:C:2020:1033, mír 38).

85

Cé, dá bhrí sin, go bhfuil ar an údarás breithiúnach forghníomhaitheach é féin a shásamh, sula bhforghníomhóidh sé barántas gabhála Eorpach, go raibh sé eisithe ag údarás breithiúnach, de réir bhrí Airteagal 6(1), ar an taobh eile, ní féidir leis an údarás breithiúnach forghníomhaitheach a fhíorú, faoin bhforáil sin, go bhfuil an t‑údarás breithiúnach eisiúna inniúil, i bhfianaise rialacha dhlí an Bhallstáit eisiúna, chun barántas gabhála Eorpach a eisiúint.

86

Cé go bhfuil coincheap uathrialach agus aonfhoirmeach ar “údarás breithiúnach”, de réir bhrí Chinneadh Réime 2002/584, cumhdaithe ag reachtas an Aontais, d’fhág sé do gach Ballstát, faoina nós imeachta féin, na húdaráis bhreithiúnacha atá inniúil chun barántas gabhála Eorpach a eisiúint a ainmniú (féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Samhain 2016, Kovalkovas, C‑477/16 PPU, EU:C:2016:861, mír 31, agus an 27 Bealtaine 2019, OG agus PI (Oifigí an Ionchúisitheora Phoiblí, Lübeck agus Zwickau), C‑508/18 agus C‑82/19 PPU, EU:C:2019:456, mír 48).

87

Ós rud é gur faoi dhlí gach Ballstáit go heisiach atá an t-ainmniú sin, mar gheall ar an rogha sin arna déanamh ag reachtas an Aontais, is faoi údaráis bhreithiúnacha an Bhallstáit eisiúna atá sé measúnú a dhéanamh, laistigh den chreat a shainítear in Airteagal 6(1) de Chinneadh Réime 2002/584 agus, i gcás inarb iomchuí, faoi réir athbhreithniú ag cúirteanna náisiúnta níos airde, ar a n‑inniúlacht, i bhfianaise dhlí an Bhallstáit sin, barántas gabhála Eorpach a eisiúint.

88

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 74 dá Thuairim, dá mheasfaí go bhféadfadh an t‑údarás breithiúnach forghníomhaitheach athbhreithniú a dhéanamh níos déanaí ar an mbreith a bhí ag an údarás breithiúnach eisiúna maidir lena inniúlacht féin, thabharfaí feidhm ghinearálta don údarás breithiúnach forghníomhaitheach sin maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar chinntí nós imeachta arna nglacadh sa Bhallstát eisiúna, rud a bheadh bunoscionn le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, arb ionann é, de réir aithris 6 de Chinneadh Réime 2002/584, agus bunchloch an chomhair bhreithiúnaigh.

89

Dá bhrí sin, is é an freagra ar an tríú ceist nach mór Airteagal 1(1) agus (2) agus Airteagal 6(1) de Chinneadh Réime 2002/584 a léirmhíniú sa chiall nach féidir leis an údarás breithiúnach forghníomhaitheach a fhíorú an raibh barántas gabhála Eorpach eisithe ag údarás breithiúnach a bhí inniúil chun na críche sin agus diúltú an barántas gabhála Eorpach sin a fhorghníomhú i gcás ina measann sé nach amhlaidh atá.

An cheathrú ceist, focheist (c), agus an cúigiú ceist

90

Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go mbaineann Ceist 4(c) go ginearálta leis na gnéithe nach mór a bheith ag údarás breithiúnach forghníomhaitheach chun forghníomhú barántais gabhála Eorpaigh a dhiúltú ar an bhforas go mbeadh baol ann go sárófar cearta bunúsacha sa Bhallstát eisiúna leis an bhforghníomhú sin, rud a thugann údar le déileáil leis an bhfocheist sin ar dtús.

91

Ar an dara dul síos, in ainneoin fhoclaíocht ghinearálta na focheiste sin, is léir ón ordú tarchuir nach bhfuil an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) cinnte, go sonrach, maidir le hábharthacht, chun críocha an fhorghníomhaithe sin, riosca líomhnaithe go bhféadfadh an duine is ábhar don bharántas gabhála Eorpach sin, tar éis é a thabhairt suas don Bhallstát sin, gan chosaint ar shárú ar an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, sa mhéid is go dtabharfadh cúirt breith ina leith gan an inniúlacht chun na críche sin aici.

92

Sna himthosca sin, ní mór a mheas, le Ceist 4(c) agus le Ceist 5, arb iomchuí déileáil leo le chéile, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 1(3) de Chinneadh Réime 2002/584, arna léamh in éineacht leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, a léirmhíniú sa chiall go bhféadfaidh an t‑údarás breithiúnach forghníomhaitheach, a bhfuil air cinneadh a dhéanamh maidir le duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach a thabhairt suas, diúltú an barántas sin a fhorghníomhú i gcás ina measann sé go bhfuil an duine sin i mbaol, tar éis é a thabhairt suas don Bhallstát eisiúna, go dtabharfaidh cúirt breith ina leith gan an inniúlacht chun na críche sin a bheith aici, nuair a bhí an duine sin in ann, os comhair chúirteanna an Bhallstáit sin, brath ar a chearta bunúsacha chun agóid a dhéanamh i gcoinne inniúlacht an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna agus an bharántais gabhála Eorpaigh sin.

93

Tá sé tábhachtach a choinneáil i gcuimhne go bhfuil tábhacht bhunúsach, i ndlí an Aontais, ag prionsabal na muiníne frithpháirtí idir na Ballstáit agus ag prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, atá bunaithe, é féin, ar an muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit, ós rud é go bhfágann siad gur féidir limistéar gan teorainneacha inmheánacha a chruthú agus a chaomhnú. Go sonrach, ceanglaítear le prionsabal na muiníne frithpháirtí, go háirithe maidir leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, ar gach ceann de na Stáit sin, ach amháin in imthosca eisceachtúla, a mheas go n‑urramaíonn na Ballstáit eile go léir dlí an Aontais agus, go háirithe, na cearta bunúsacha a aithnítear leis an dlí sin (breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Binse arna bhunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).

94

Mar sin, nuair a chuireann na Ballstáit dlí an Aontais chun feidhme, is féidir a cheangal orthu, de bhua an dlí sin, toimhde a dhéanamh go n‑urramaíonn na Ballstáit eile na cearta bunúsacha sin, sa chaoi ní hamháin nach bhféadfaidh siad leibhéal níos airde cosanta náisiúnta do chearta bunúsacha ó Bhallstát eile ná an leibhéal a ráthaítear le dlí an Aontais a éileamh, ach freisin, ach amháin i gcásanna eisceachtúla, nach bhféadfaidh siad a sheiceáil an bhfuil, i gcás nithiúil, na cearta bunúsacha a ráthaíonn an tAontas Eorpach á n‑urramú ag an mBallstát eile sin (breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Binse arna bhunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear).

95

Mar sin féin, tá an t‑ardleibhéal muiníne idir na Ballstáit ar a bhfuil an sásra don bharántas gabhála Eorpach bunaithe ag brath ar an tuiscint go sásaíonn na cúirteanna coiriúla sa Bhallstát eisiúna a chaithfidh, i ndiaidh forghníomhú barántais gabhála Eorpaigh, imeachtaí coiriúla ionchúisimh nó imeachtaí forghníomhaithe pianbhreithe coimeádta nó ordaithe coinneála a reáchtáil, chomh maith leis na himeachtaí coiriúla sa chás na ceanglais a bhaineann go dlúth leis an gceart bunúsach chun triail chóir a fháil, a ráthaítear leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt. Tá an ceart bunúsach sin fíorthábhachtach mar ráthaíocht go gcosnófar na cearta go léir atá ag daoine faoi dhlí an Aontais agus go gcaomhnófar na luachanna is coiteann do na Ballstáit mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE iad, go háirithe luach an smachta reachta (breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Binse arna bhunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear).

96

Sna himthosca sin, cé gur faoi gach Ballstát, go príomha, atá sé, chun a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán na prionsabail a bhaineann le muinín agus aitheantas frithpháirteach atá mar bhonn taca d’fheidhmiú an tsásra sin, a áirithiú, faoi athbhreithniú deiridh na Cúirte, go gcaomhnaítear na ceanglais a bhaineann go dlúth leis an gceart bunúsach sin, trí staonadh ó aon bheart ar dóigh dó iad a shárú, má tá fíorbhaol ann maidir leis an duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach, i gcás é a thabhairt suas don údarás breithiúnach eisiúna, go ndéanfar sárú ar an gceart bunúsach céanna, is féidir gur ceadmhach don údarás breithiúnach forghníomhaitheach, mar a tugadh le fios i mír 72 den bhreithiúnas seo, staonadh go heisceachtúil, ó éifeacht a thabhairt don bharántas gabhála Eorpach sin, ar bhonn Airteagal 1(3) den Chinneadh Réime sin (breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Binse arna bhunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

97

I ndáil leis sin, is léir ó chásdlí na Cúirte, i gcás ina bhfuil fianaise ag an údarás breithiúnach forghníomhaitheach a bhfuil air cinneadh a dhéanamh maidir le duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach a thabhairt suas lena dtugtar le fios go bhfuil fíorbhaol ann go sárófaí an ceart bunúsach chun triail chóir a fháil arna ráthú leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt mar gheall ar easnaimh shistéamacha nó ghinearálaithe a bhaineann le feidhmiú chóras breithiúnach an Bhallstáit eisiúna, ní mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach a fhíorú, ar mhodh nithiúil agus beacht, ag féachaint do chás pearsanta an duine sin, do chineál an chiona a bhfuil an duine sin á ionchúiseamh ina leith agus don chomhthéacs fíorasach inar eisíodh an barántas gabhála sin, an bhfuil forais shubstaintiúla agus chruthaithe ann lena chreidiúint go mbeidh an duine sin i mbaol den sórt sin má dhéantar é a thabhairt suas don Bhallstát sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 17 Nollaig 2020, Openbaar Ministerie (Neamhspleáchas an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna), C‑354/20 PPU agus C‑412/20 PPU, EU:C:2020:1033, mír 52, agus an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Binse arna bhunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C-562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, mír 50).

98

Maidir le hinfheidhmeacht an scrúdaithe dhá chéim sin ar an bhforas chun barántas gabhála Eorpach is ábhar do Cheist 4(c) a dhiúltú, is ceart a choinneáil i gcuimhne go gceanglaítear ar an údarás breithiúnach forghníomhaitheach, inter alia, scrúdú den sórt sin a dhéanamh lena mheasúnú an bhfuil, i gcás an duine lena mbaineann a thabhairt suas don Bhallstát eisiúna, fíorbhaol ann dó go sárófar a cheart bunúsach chun triail chóir a fháil os comhair cúirt arna bunú roimhe sin le dlí, a chumhdaítear leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Binse arna bhunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, mír 66).

99

Is léir ó chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine maidir le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950, nach mór a chur san áireamh agus Airteagal 47 den Chairt á léirmhíniú (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2021, Openbaar Ministerie (An ceart chun éisteacht a fháil ón údarás breithiúnach forghníomhaitheach), C‑428/21 PPU agus C‑429/21 PPU,EU:C:2021:876, mír 64) go bhfuil inniúlacht cúirte chun cás a éisteacht, de bhun na rialacha náisiúnta ábhartha, ina cuid den cheanglas maidir le “binse arna bhunú le dlí” de réir bhrí Airteagal 6(1) den choinbhinsiún sin (féach, chuige sin, ECtHR, 20 Iúil 2006, Sokurenko agus Strygun v an Úcráin, CE:ECHR:2006:0720JUD002945804, § 26 go 29, agus ECtHR, 1 Nollaig 2020, Guðmundur Andri Ástráðsson v an Íoslainn, CE:ECHR:2020:1201JUD002637418, § 217 agus 223).

100

Go háirithe, ní fhéadfar a mheas gur binse arna bhunú le dlí, de réir bhrí Airteagal 6(1), cúirt uachtarach náisiúnta a dhéanann cinneadh ag an gcéad chéim agus ag an gcéim dheiridh i gcás coiriúil gan bunús dlí sainráite a bheith aici lena dtugtar an inniúlacht di breith a thabhairt i leith na gcúisithe go léir (féach, chuige sin, ECtHR, 22 Meitheamh 2000, Coëme agus páirtithe eile v an Bheilg, CE:ECHR:2000:0622JUD003249296, § 107 go 110, agus ECtHR, an 2 Meitheamh 2005, Claes agus páirtithe eile v an Bheilg, CE:ECHR:2005:0602JUD004682599, § 41 go 44).

101

Sna himthosca sin, cé nach féidir leis an údarás breithiúnach forghníomhaitheach, mar is léir ón bhfreagra ar an tríú ceist, inniúlacht an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna a fhíorú, ar an taobh eile, ní mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach, i gcás ina líomhnaíonn an duine is ábhar don bharántas gabhála Eorpach go mbeidh sé, tar éis é a thabhairt suas don Bhallstát eisiúna, gan chosaint ar shárú ar an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, a mhéid is go dtabharfaidh cúirt breithiúnas gan an inniúlacht chun na críche sin aici, a mheas an bhfuil bunús maith leis an líomhain sin, i gcomhthéacs an scrúdaithe dhá chéim dá dtagraítear i mír 97 den bhreithiúnas seo.

102

Maidir le hábhar an scrúdaithe sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhthéacs na chéad chéime, nach mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach i leith an bharántais gabhála Eorpaigh i dtrácht a chinneadh an bhfuil fianaise oibiachtúil, iontaofa, bheacht agus nuashonraithe go cuí ann chun a léiriú go bhfuil fíorbhaol ann go sárófaí, sa Bhallstát eisiúna, an ceart bunúsach chun triail chóir a fháil arna ráthú leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, a bhaineann, go háirithe, le sárú ar an gceanglas maidir le cúirt arna bunú le dlí, mar gheall ar easnaimh shistéamacha nó ghinearálaithe sa Bhallstát sin nó easnaimh a dhéanann difear do ghrúpa daoine atá in-sainaitheanta go hoibiachtúil agus lena mbaineann an duine sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Aibreán 2016, Aranyosi agus Căldăraru, C‑404/15 agus C‑659/15 PPU, EU:C:2016:198, mír 89, agus an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Binse arna bhunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, mír 67).

103

I gcomhthéacs líomhaintí a bhaineann leis an mbaol, i gcás an duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach, go dtabharfaidh cúirt breithiúnas ina leith gan an inniúlacht aici chun na críche sin, ní mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach, d’fhonn a chinneadh an bhfuil easnaimh den sórt sin cruthaithe, measúnú foriomlán a dhéanamh ar fheidhmiú chóras breithiúnach an Bhallstáit eisiúna i bhfianaise an cheanglais maidir le cúirt arna bunú le dlí (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Binse arna bhunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, mír 77). Beidh ar an údarás breithiúnach sin a mheas go gcruthaítear na heasnaimh sin más léir ón measúnú foriomlán sin nach bhfuil leigheas dlí éifeachtach de ghnáth ag na cúisithe sa Bhallstát sin, lena bhféadfar inniúlacht na cúirte coiriúla atá uirthi iad a éisteacht a athbhreithniú, i bhfoirm scrúdaithe ar a hinniúlacht féin ag an gcúirt sin nó i bhfoirm caingne atá ar fáil os comhair cúirte eile.

104

I ndáil leis sin, a mhéid nach bhfuil comhcheangal idir líomhaintí a bhaineann le heaspa inniúlacht cúirte de chuid an Bhallstáit eisiúna chun breithiúnas a thabhairt i leith an duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach agus agóid a dhéanamh i gcoinne inniúlacht an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna nó i gcoinne na gcoinníollacha maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach sin a eisiúint, cé gur féidir agóid a dhéanamh i gcoinne na hinniúlachta sin nó na gcoinníollacha sin, nó go raibh agóid ann sna himeachtaí atá i gceist, os comhair chúirteanna an Bhallstáit sin, ní hin le rá gur de chineál cinntitheach é chun rialú a dhéanamh ar fhorghníomhú an bharántais gabhála Eorpaigh sin.

105

Mar sin féin, ní mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach seoladh na n‑imeachtaí maidir le barántas gabhála Eorpach os comhair chúirteanna an Bhallstáit eisiúna, a mhéid a bhfuil treoir le fáil ó sin maidir le cleachtais na gcúirteanna sin agus a léirmhíniú ar na rialacha náisiúnta ábhartha, a chur san áireamh ina mheasúnú foriomlán ar sheoladh intuartha na n‑imeachtaí coiriúla tar éis duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach a thabhairt suas (féach, de réir analaí, breithiúnas an 15 Deireadh Fómhair 2019, Dorobantu, C‑128/18, EU:C:2019:857, mír 80 agus an cásdlí dá dtagraítear), go háirithe i gcás amhail an cás sna príomhimeachtaí ina n‑iarrtar, i bprionsabal, ar an gcúirt chéanna, faoi dhlí an Bhallstáit sin, feidhmeanna an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna agus na cúirte trialach a fheidhmiú.

106

I gcomhthéacs an dara céim, ní mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach a fhíorú, ar mhodh nithiúil agus beacht, cé chomh mór agus is dócha go ndéanfaidh na heasnaimh arna sainaithint le linn na chéad chéime den scrúdú dá dtagraítear i mír 97 den bhreithiúnas seo difear do na himeachtaí a mbeidh an duine is ábhar don bharántas gabhála Eorpach faoina réir agus, ag féachaint do chás pearsanta an duine sin, do chineál an chiona a bhfuil an duine sin á ionchúiseamh ina leith agus don chomhthéacs fíorasach inar eisíodh an barántas gabhála Eorpach sin, an bhfuil forais shubstaintiúla agus chruthaithe ann lena chreidiúint go mbeidh an duine sin i mbaol den sórt sin má dhéantar é a thabhairt suas don Bhallstát sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 17 Nollaig 2020, Openbaar Ministerie (Neamhspleáchas an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna), C‑354/20 PPU agus C‑412/20 PPU, EU:C:2020:1033, mír 55, agus an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Binse arna bhunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, mír 53).

107

I gcás ina n‑eascróidh an baol sin, ós rud é, de réir líomhaintí an duine lena mbaineann, i gcás ina ndéantar é a thabhairt suas, go bhféadfadh cúirt breithiúnas a thabhairt ina leith gan an inniúlacht aici chun na críche sin, ní féidir a shuíomh gurb ann do bhaol den sórt sin ach amháin má tá, i bhfianaise na rialacha maidir le hinniúlacht agus an nós imeachta breithiúnach is infheidhme sa Bhallstát eisiúna, easpa inniúlachta na cúirte, ar dócha go n‑iarrfar uirthi na himeachtaí a mbeidh an duine sin faoina réir sa Bhallstát sin a éisteacht, soiléir.

108

Cé go bhfuil easpa inniúlachta den sórt sin ina cúis imní dhlisteanach, go háirithe maidir le neamhchlaontacht na cúirte lena mbaineann agus maidir le tabhairt suas an duine sin a chosc, ní féidir le difríocht maidir le raon feidhme beacht na rialacha sin idir údaráis bhreithiúnacha an Bhallstáit eisiúna agus údaráis bhreithiúnacha an Bhallstáit fhorghníomhaithigh údar bailí a thabhairt le cinneadh den sórt sin.

109

Ar deireadh, ós rud é gur léir ón ordú tarchuir go bhfuil an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) in amhras, inter alia, an bhféadfaidh údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú ar an bhforas go bhfuil baol ann go sárófaí an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, gan a bheith tar éis a chinneadh go bhfuil easnaimh shistéamacha nó ghinearálaithe sa Bhallstát eisiúna, is ceart a choinneáil i gcuimhne go bhfuil anailís ar an bhfaisnéis a fuarthas ar bhonn critéar éagsúil i gceist leis an dá chéim den scrúdú dá dtagraítear i mír 97 den bhreithiúnas seo, agus an toradh air sin nach féidir na céimeanna sin a chomhcheangail lena chéile (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, Openbaar Ministerie (Neamhspleáchas an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna), C‑354/20 PPU agus C‑412/20 PPU, EU:C:2020:1033, mír 56).

110

I ndáil leis sin, is léir ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais, maidir leis an gcinneadh ón údarás breithiúnach forghníomhaitheach go bhfuil fianaise ann go bhfuil easnaimh shistéamacha nó ghinearálaithe i bhfeidhmiú chóras breithiúnach an Bhallstáit eisiúna, nach féidir leis sin údar a thabhairt do dhiúlta ag an údarás breithiúnach barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú gan an dara céim den scrúdú dá dtagraítear i mír 97 an bhreithiúnais seo a ghlacadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Binse arna bhunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, mír 81).

111

Ar an gcaoi chéanna, i gcás ina maíonn duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach go bhfuil sé gan chosaint ar bhaol go sárófar an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt ar an bhforas go dtabharfadh cúirt breithiúnas ina leith gan an inniúlacht aici chun na críche sin, ach go measann an t‑údarás breithiúnach forghníomhaitheach nach ionann an fhianaise atá aige agus fianaise oibiachtúil, iontaofa, bheacht agus nuashonraithe go cuí lena léirítear easnaimh shistéamacha nó ghinearálaithe i bhfeidhmiú chóras breithiúnach an Bhallstáit sin nó easnaimh a dhéanann difear do chosaint bhreithiúnach grúpa daoine atá in-sainaitheanta go hoibiachtúil lena mbaineann an duine sin, ní féidir leis an údarás sin diúltú an barántas gabhála Eorpach sin a fhorghníomhú ar an bhforas a líomhnaíonn an duine sin.

112

Tá sé tábhachtach a chur i bhfios, i gcás ina bhforáiltear i ndlíchóras an Bhallstáit eisiúna do leigheasanna dlíthiúla lena gcumasaítear athbhreithniú a dhéanamh ar inniúlacht na cúirte a n‑iarrtar uirthi breithiúnas a thabhairt i leith duine arna tabhairt suas de bhun barántas gabhála Eorpach, i bhfoirm scrúdaithe ar a hinniúlacht féin ag an gcúirt sin nó caingean atá ar fáil os comhair cúirte eile, go bhféadfar an baol go bhféadfadh cúirt sa Bhallstát sin breithiúnas a thabhairt ina leith gan an inniúlacht aici chun na críche sin a bhaint, i bprionsabal, trí na leigheasanna dlíthiúla sin a fheidhmiú ag an duine sin.

113

Thairis sin, i bhfianaise chineál an tsáraithe ar an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt ar a bhfuil duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach ag brath agus atá i staid amhail an cás dá dtagraítear i gCeist 4(c), ní mór a thabhairt faoi deara nach mór go bhfágfadh feidhmiú na leigheasanna dlíthiúla den sórt sin gur féidir, a mhéid is atá siad éifeachtach, cosc a chur ar tharlú an tsáraithe sin nó, in aon chás, damáiste doleigheasta de bharr an sárú deiridh seo a sheachaint.

114

In éagmais fianaise oibiachtúil, iontaofa, bheacht agus nuashonraithe go cuí atá lena léirítear go bhfuil ann d’easnaimh shistéamacha nó ghinearálaithe i bhfeidhmiú chóras breithiúnach an Bhallstáit sin nó d’easnaimh a dhéanann difear do chosaint bhreithiúnach grúpa daoine atá in-sainaitheanta go hoibiachtúil agus lena mbaineann an duine sin, níl aon chúis bhailí ann don údarás breithiúnach forghníomhaitheach a thoimhdiú go bhfuil na leigheasanna dlí dá dtagraítear i mír 112 thuas in easnamh nó go bhfuil siad neamhéifeachtach, agus de cheangal ar an údarás breithiúnach sin, mar mhalairt air sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 116 dá Thuairim, a anailís a bhunú ar na leigheasanna dlíthiúla sin a bheith ann agus ar a éifeachtaí is atá siad, i gcomhréir le prionsabal na muiníne frithpháirtí.

115

Ina theannta sin, meabhraítear gurb ionann an mhuinín nach mór a thabhairt do chúirteanna an Bhallstáit eisiúna, agus atoradh an phrionsabail, dá dtagraítear i mír 54 den bhreithiúnas seo, go bhfuil sé faoi fhreagracht an Bhallstáit sin go príomha cearta bunúsacha duine a chumhdaítear le barántas gabhála Eorpach a urramú.

116

In éagmais muiníne den sórt sin, cheanglófaí ar an údarás breithiúnach forghníomhaitheach, a luaithe a fhaigheann sé líomhaintí amhail na líomhaintí atá i gceist sna príomhimeachtaí, athbhreithniú a dhéanamh ar an iarratas, ó chúirteanna an Bhallstáit eisiúna, ar a rialacha féin maidir le hinniúacht agus nós imeachta breithiúnach i gcás aonair, a bheadh contrártha le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh atá mar bhonn le Cinneadh Réime 2002/584, mar a tugadh faoi deara i mír 88 den bhreithiúnas seo. Eascraíonn sé as cásdlí socair na Cúirte nach féidir an Cinneadh Réime sin, arna léamh i bhfianaise fhorálacha na Cairte, a léirmhíniú ar bhealach a tharraingeodh amhras ar éifeachtacht an chórais chomhair bhreithiúnaigh idir na Ballstáit (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Binse arna bhunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, mír 47).

117

Áirithítear leis an léirmhíniú roimhe seo, dá bhrí sin, nach bhféadfaidh an t‑údaras breithiúnach forghníomhaitheach tabhairt faoin scrúdú maidir le hurramú an dlí, dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 47, ag cúirteanna an Bhallstáit eisiúna ach amháin in imthosca eisceachtúla (féach, chuige sin, Tuairim 2/13 (Aontachas an Aontais Eorpaigh le ECHR), an 18 Nollaig 2014, EU:C:2014:2454, mír 191).

118

Áirithítear leis an léirmhíniú seo freisin go gcuirfear, in éineacht leis na ráthaíochtaí atá ag an duine is ábhar de bharántas gabhála Eorpach faoi Airteagal 47 den Chairt, leasanna eile san áireamh, amhail an gá atá ann, de réir mar a bheidh, cearta bunúsacha íospartaigh na gcionta lena mbaineann a urramú (féach, de réir analaí, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Binse arna bhunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, míreanna 60 go 63).

119

I bhfianaise an méid sin roimhe seo, is é an freagra ar Cheist 4(c) agus ar Cheist 5 nach mór Airteagal 1(3) de Chinneadh Réime 2002/584, arna léamh i gcomhar leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, a léirmhíniú sa chaoi nach bhféadfaidh an t‑údarás breithiúnach forghníomhaitheach atá air cinneadh a dhéanamh maidir le duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach a thabhairt suas diúltú an barántas sin a fhorghníomhú ar an bhforas go bhfuil an duine sin i mbaol, tar éis é a thabhairt suas don Bhallstát eisiúna, go bhféadfadh cúirt breithiúnas a thabhairt ina leith gan inniúlacht aici chun na críche sin, ach amháin

ar an gcéad dul síos, má tá fianaise oibiachtúil, iontaofa, bheacht agus nuashonraithe go cuí lena dtaispeántar go bhfuil ann d’easnaimh shistéamacha nó ghinearálaithe i bhfeidhmiú chóras breithiúnach an Bhallstáit eisiúna nó d’easnaimh a dhéanann difear do chosaint bhreithiúnach grúpa daoine atá in-sainaitheanta go hoibiachtúil agus lena mbaineann an duine sin, i bhfianaise an cheanglais atá ar chúirt arna bunú le dlí, rud a thugann le tuiscint go mbaintear, go ginearálta, leigheas éifeachtach dlí, lena gcumasaítear athbhreithniú a dhéanamh ar inniúlacht na cúirte coiriúla a bhfuil uirthi breithiúnas a thabhairt ina leith, de na daoine aonair lena mbaineann sa Bhallstát sin, agus

ar an dara dul síos, i gcás ina dtugann an t‑údarás breithiúnach sin dá aire, in imthosca áirithe an cháis atá i gceist, go bhfuil forais shubstaintiúla agus chruthaithe ann lena chreidiúint, ag féachaint, go háirithe, don fhaisnéis arna soláthar ag an duine is ábhar don bharántas gabhála Eorpach sin a bhaineann lena imthosca pearsanta, le cineál an chiona a bhfuil an duine sin á ionchúiseamh ina leith, leis an gcomhthéacs fíorasach lena mbaineann an barántas gabhála Eorpach sin nó le haon imthosca ábhartha eile, más léir nach bhfuil inniúlacht chun na críche sin ag an gcúirt ar dócha go n‑iarrfar uirthi na himeachtaí a mbeidh an duine sin faoina réir sa Bhallstát sin a éisteacht.

120

Cé go raibh an duine lena mbaineann in ann, os comhair chúirteanna an Bhallstáit eisiúna, brath ar a chearta bunúsacha chun agóid a dhéanamh i gcoinne inniúlacht an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna agus an bharántais gabhála Eorpaigh dá bhfuil sé ina ábhar, níl tábhacht chinntitheach aige sin ina leith sin.

Ceist 4(a) agus (b)

121

Lena ceathrú ceist, focheisteanna (a) agus (b), fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 1(3) de Chinneadh Réime 2002/584, arna léamh i gcomhar leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, a léirmhíniú sa chaoi, i gcás ina maíonn duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach go bhfuil sé i mbaol go dtabharfaidh cúirt breithiúnas ina leith gan inniúlacht aici chun na críche sin, tar éis é a thabhairt suas don Bhallstát eisiúna, go bhféadfar, toisc go bhfuil ann do thuarascáil GTDA, údar cuí a thabhairt, inti féin, le diúltú an údaráis bhreithiúnaigh fhorghníomhaithigh an barántas gabhála Eorpach sin a fhorghníomhú nó, ina éagmais sin, go bhféadfaidh an t‑údarás breithiúnach sin í a chur san áireamh chun cinneadh a dhéanamh an ndiúltófar an barántas gabhála Eorpach sin a fhorghníomhú ar an bhforas a líomhnaíonn an duine sin.

122

Eascraíonn sé as an bhfreagra a tugadh ar Cheist 4(c) nach bhféadfar forghníomhú barántais gabhála Eorpaigh a dhiúltú ar an bhforas go bhfuil an duine lena mbaineann an barántas i mbaol, tar éis é a thabhairt suas don Bhallstát eisiúna, go dtabharfaidh cúirt breithiúnas ina leith gan an inniúlacht aici chun na críche sin ach amháin má chinneann an t‑údarás breithiúnach forghníomhaitheach, ar an gcéad dul síos, go bhfuil fíorbhaol go ndéanfar sárú sa Bhallstát sin ar an gceart bunúsach chun triail chóir a fháil arna ráthú leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt mar gheall ar easnaimh shistéamacha nó ghinearálaithe i bhfeidhmiú chóras breithiúnach an Bhallstáit sin nó easnaimh a dhéanann difear do chosaint bhreithiúnach grúpa daoine atá in-sainaitheanta go hoibiachtúil agus lena mbaineann an duine sin agus, ar an dara dul síos, easpa inniúlachta fhollasach ag an gcúirt ar dócha go n-iarrtar uirthi na himeachtaí a mbeidh an duine sin faoina réir sa Bhallstát sin a éisteacht.

123

Ós rud é nach mór cinneadh den sórt sin a bhunú ar fhianaise oibiachtúil, iontaofa, bheacht agus nuashonraithe go cuí a bhaineann le feidhmiú chóras breithiúnach an Bhallstáit eisiúna agus ar anailís nithiúil agus bheacht ar staid aonair an duine iarrtha, ní leor tuarascáil ó GTDA nach mbaineann go díreach leis an gcás seo, de réir na faisnéise a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, chun údar a thabhairt le diúltú barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú a bhaineann leis an duine sin.

124

Mar sin féin, is léir ó chásdlí na Cúirte go bhféadfadh an fhianaise oibiachtúil, iontaofa, bheacht agus nuashonraithe go cuí nach mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach brath uirthi chun an chéad chéim den scrúdú dá dtagraítear i mír 97 thuas a chur i gcrích a bheith mar thoradh, inter alia, ar chinntí breithiúnacha idirnáisiúnta, amhail breithiúnais ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, cinntí breithiúnacha an Bhallstáit eisiúna agus cinntí, tuarascálacha agus doiciméid eile arna dtarraingt suas ag comhlachtaí de chuid Chomhairle na hEorpa nó a bhaineann le córas na Náisiún Aontaithe (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Aibreán 2016, Aranyosi agus Căldăraru, C‑404/15 agus C‑659/15 PPU, EU:C:2016:198, mír 89).

125

Dá réir sin, ós rud é go bhfuil sainordú GTDA bunaithe ar Rún 15/18, Rún 20/16 agus Rún 33/30 ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, a bunaíodh í féin le Rún 60/251 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 15 Márta 2006, féadfaidh tuarascáil arna tarraingt suas ag GTDA a bheith ina cuid den fhianaise a fhéadfar a chur san áireamh faoin gcéad chéim den scrúdú sin, gan an t‑údarás breithiúnach forghníomhaitheach a bheith faoi cheangal ag na conclúidí a leagtar amach sa tuarascáil sin.

126

Dá bhrí sin, is é an freagra ar Cheist 4(a) agus (b) go gcaithfear Airteagal 1(3) de Chinneadh Réime 2002/584, arna léamh i gcomhar leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, a léirmhíniú sa chiall, i gcás ina maíonn duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach go bhfuil sé i mbaol go dtabharfaidh cúirt breithiúnas ina leith gan inniúlacht aici chun na críche sin, tar éis é a thabhairt suas don Bhallstát eisiúna, cé go bhfuil ann do thuarascáil GTDA, nach mbaineann go díreach le staid an duine sin, nach féidir leis sin, ann féin, údar a thabhairt don údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú an barántas gabhála Eorpach sin a fhorghníomhú, ach go bhféadfaidh, ar an taobh eile, an t‑údarás breithiúnach sin tuarascáil den sórt sin a chur san áireamh, i measc tosca eile, d’fhonn a mheas an bhfuil easnaimh shistéamacha nó ghinearálaithe i bhfeidhmiú chóras breithiúnach an Bhallstáit sin nó easnaimh a dhéanann difear do chosaint bhreithiúnach grúpa daoine atá in-sainaitheanta go hoibiachtúil agus lena mbaineann an duine sin.

An séú ceist

127

Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann an séú ceist leis an bhféidearthacht diúltú barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú ar an bhforas nach bhfuil inniúlacht ag an údarás breithiúnach eisiúna an barántas gabhála Eorpach sin a eisiúint nó go bhfuil an duine is ábhar don bharántas sin i mbaol, tar éis é a thabhairt suas don Bhallstát eisiúna, go dtabharfaidh cúirt breithiúnas ina leith gan inniúlacht aici chun na críche sin.

128

Ós rud é go leanann sé as an bhfreagra a tugadh ar an tríú ceist nach féidir leis an gcéad cheann den dá fhoras sin, ar aon chaoi, údar a thabhairt le diúltú barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú, ní gá an séú ceist a scrúdú ach amháin a mhéid a bhaineann sí leis an dara ceann de na forais sin.

129

Leis an gceist sin, ní mór a mheas go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 15(2) de Chinneadh Réime 2002/584 a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar an údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú ar an bhforas go bhfuil an duine is ábhar don bharántas sin i mbaol, tar éis é a thabhairt suas don Bhallstát eisiúna, go dtabharfaidh cúirt breithiúnas ina leith gan inniúlacht aici chun na críche sin, gan faisnéis bhreise a iarraidh ar an údarás breithiúnach eisiúna ar dtús.

130

Foráiltear le hAirteagal 15(2) de Chinneadh Réime 2002/584 go n‑iarrfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach, má mheasann sé nach leor an fhaisnéis a chuireann an Ballstát eisiúna in iúl chun gur féidir leis cinneadh a dhéanamh maidir le tabhairt suas, go soláthrófar an fhaisnéis bhreise is gá go práinneach.

131

Ina theannta sin, is léir ó chásdlí na Cúirte d’fhonn a áirithiú, go háirithe, nach mbainfear an bonn d’fheidhmiú an bharántais gabhála Eorpaigh, nach mór an oibleagáid maidir le comhar dílis, a chumhdaítear le hAirteagal 4(3)(1) CAE, a bheith chun tosaigh san idirphlé idir na húdaráis bhreithiúnacha fhorghníomhaitheacha agus eisiúna. Fágann prionsabal an chomhair dhílis, go háirithe, go bhfuil meas ag na Ballstáit ar a chéile agus go gcuidíonn siad lena chéile i gcomhlíonadh na gcúraimí a eascraíonn as na Conarthaí (breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Binse arna bhunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear).

132

Ón taobh sin de, ní mór do na húdaráis bhreithiúnacha eisiúna agus fhorghníomhaitheacha, chun comhar éifeachtach in ábhair choiriúla a áirithiú, úsáid iomlán a bhaint as na hionstraimí dá bhforáiltear, go háirithe, in Airteagal 8(1) agus in Airteagal 15 de Chinneadh Réime 2002/584 chun an mhuinín fhrithpháirteach atá mar bhonn don chomhar sin a chur chun cinn (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Binse Ginearálta arna bhunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, mír 49 agus an cásdlí dá dtagraítear).

133

Sa chomhthéacs sin, is ceart a choinneáil i gcuimhne, mar is léir ó mhír 107 den bhreithiúnas seo, nach bhféadfaidh an t‑údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú ar an bhforas go bhfuil an duine lena mbaineann i mbaol, tar éis é a thabhairt suas don Bhallstát eisiúna, go dtabharfaidh cúirt breithiúnas ina leith gan inniúlacht aici chun na críche sin, ach amháin más rud é, inter alia, gur chinn an t‑údarás breithiúnach forghníomhaitheach sin, i bhfianaise na rialacha maidir le hinniúlacht agus an nós imeachta bhreithiúnaigh is infheidhme sa Bhallstát sin, gur soiléir nach bhfuil an inniúlacht ag an gcúirt gur dócha go n-iarrtar uirthi na himeachtaí a mbeidh an duine sin faoina réir sa Bhallstát sin a éisteacht.

134

Ós rud é gur gá go mbeadh cinneadh den sórt sin bunaithe ar anailís ar dhlí an Bhallstáit eisiúna, ní féidir leis an údarás breithiúnach forghníomhaitheach, gan prionsabal an chomhair dhílis a shárú, an cinneadh sin a dhéanamh gan faisnéis maidir leis na rialacha sin a iarraidh ar an údarás breithiúnach eisiúna ar dtús.

135

Mar sin féin, ní mór a chur in iúl go leanann sé as an bhfreagra a tugadh ar Cheist 4(c) nach bhfuil bonn cirt le hiarraidh den sórt sin i gcás ina measann an t‑údarás breithiúnach forghníomhaitheach nach bhfuil fianaise oibiachtúil, iontaofa, bheacht agus nuashonraithe go cuí aige chun a shuí an bhfuil easnaimh shistéamacha nó ghinearálaithe ann i bhfeidhmiú chóras breithiúnach an Bhallstáit sin nó easnaimh a dhéanann difear do chosaint bhreithiúnach grúpa daoine atá in‑sainaitheanta go hoibiachtúil agus lena mbaineann an duine lena mbaineann. Ní féidir leis an údarás breithiúnach sin, i gcás den sórt sin, diúltú barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú ar bhonn easpa inniúlachta fhollasach na cúirte ar dócha go n-iarrfaí uirthi breithiúnas a thabhairt i leith an duine sin.

136

Dá bhrí sin, is é an freagra ar an séú ceist nach mór Airteagal 15(2) de Chinneadh Réime 2002/584 a léiriú sa chiall nach gcuirtear cosc ar an údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú ar an bhforas go bhfuil an duine is ábhar dó i mbaol, tar éis é a thabhairt suas don Bhallstát eisiúna, go dtabharfaidh cúirt breithiúnas ina leith gan inniúlacht aici chun na críche sin, gan faisnéis bhreise a iarraidh ar an údarás breithiúnach eisiúna ar dtús.

An seachtú ceist

137

Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil sí ag iarraidh freagra ón gCúirt ar an seachtú ceist más rud é go leanann sé as na freagraí ar Cheisteanna 1 go 6, in imthosca an cháis sna príomhimeachtaí, go gcoisctear le Cinneadh Réime 2002/584 diúltú duine a thabhairt suas ar na forais dá dtagraítear sna ceisteanna sin.

138

Ós rud é nach dtugtar de chumhacht don Chúirt le hAirteagal 267 CFAE rialacha dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le cás ar leith (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Bealtaine 2020, Bouygues travaux publics agus páirtithe eile, C‑17/19, EU:C:2020:379, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear), ní mór, ar aon nós, freagra a thabhairt ar an seachtú ceist, gan dochar do mheasúnú na gcúirteanna inniúla maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfar barántais ghabhála Eorpacha arna n-eisiúint ag an gcúirt a rinne an tarchur sna príomhimeachtaí a fhorghníomhú.

139

Leis an seachtú ceist sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Cinneadh Réime 2002/584 a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar eisiúint roinnt barántas gabhála Eorpach comhleanúnach i gcoinne duine iarrtha d’fhonn go ndéanfadh Ballstát é a thabhairt suas tar éis don Bhallstát sin forghníomhú an chéad bharántais ghabhála Eorpaigh ina leith an duine sin a dhiúltú.

140

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ag an tús, nach gcuirtear cosc le haon fhoráil de Chinneadh Réime 2002/584 ar roinnt barántais ghabhála Eorpacha comhleanúnacha a eisiúint i gcoinne duine, lena n‑áirítear i gcás inar diúltaíodh an chéad bharántas gabhála Eorpach ina leith an duine sin a fhorghníomhú.

141

Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé gur gá eisiúint den sórt sin, go háirithe i gcás ina raibh nearmhaird déanta ar an bhfianaise a chuir cosc ar fhorghníomhú barántais gabhála Eorpaigh roimhe sin nó, i gcás nach raibh an cinneadh lenar diúltaíodh an barántas gabhála Eorpach sin a fhorghníomhú i gcomhréir le dlí an Aontais, d’fhonn an nós imeachta a sheoladh chun duine iarrtha a thabhairt suas ag deireadh an nós imeachta sin agus, ar an gcaoi sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 137 dá Thuairim, gnóthú an chuspóra maidir leis an tsaoirse ó phionós arna shaothrú leis an gCinneadh Réime sin a chur chun cinn.

142

Ar an taobh eile, ar an gcéad dul síos, leanann sé ó chásdlí na Cúirte nach bhfuil eisiúint barántais gabhála Eorpaigh, i gcás ina ndéanfar Airteagal 47 den Chairt a shárú dá ndéanfar é a fhorghníomhú agus nach mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach a dhiúltú faoi na coinníollacha a leagtar amach i gcásdlí socair na Cúirte, ag luí le prionsabail na muiníne frithpháirtí agus an chomhair dhílis (féach, de réir analaí, breithiúnas an 11 Samhain 2021, Gavanozov II, C‑852/19, EU:C:2021:902, mír 60).

143

Dá réir sin, ní féidir le húdarás breithiúnach eisiúna, in éagmais athrú ar na himthosca, barántas gabhála Eorpach nua a eisiúint i gcoinne duine tar éis d’údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú éifeacht a thabhairt do bharántas gabhála Eorpach a eisíodh i gcoinne an duine sin roimhe sin, i gcomhréir le hAirteagal 1(3) de Chinneadh Réime 2002/584, arna léamh i gcomhar leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt.

144

Ar an dara dul síos, ós rud é, mar a thugtar faoi deara i mír 54 den bhreithiúnas seo, go bhféadfaí an duine is ábhar dó a ghabháil mar thoradh ar bharántas gabhála Eorpach a eisiúint, agus, dá bhrí sin, cur isteach ar shaoirse aonair an duine sin, ní mór don údarás breithiúnach atá ag smaoineamh ar bharántas gabhála Eorpach a eisiúint scrúdú a dhéanamh, i bhfianaise ghnéithe sonracha an cháis, an mbeadh sé comhréireach an barántas nua shin a eisiúint (féach, chuige sin, breithiúnais an 27 Bealtaine 2019, PF (Príomh-Ionchúisitheoir na Liotuáine), C‑509/18, EU:C:2019:457, mír 49, agus an 13 Eanáir 2021, MM, C‑414/20 PPU, EU:C:2021:4, mír 64).

145

I gcomhthéacs scrúdú den sórt sin, is faoin údarás breithiúnach sin, inter alia, cineál agus tromchúis an chiona a bhfuil an duine iarrtha á ionchúiseamh ina leith, iarmhairtí na mbarántas gabhála Eorpach a eisíodh roimhe sin ina choinne nó ionchais maidir le forghníomhú barántais gabhála Eorpaigh nua a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh.

146

I bhfianaise an méid sin roimhe seo, is é an freagra ar an seachtú ceist nach mór Cinneadh Réime 2002/584 a léirmhíniú sa chiall nach gcuirtear cosc ar roinnt barántais ghabhála Eorpacha comhleanúnacha a eisiúint i gcoinne duine iarrtha d’fhonn go ndéanfaidh Ballstát é a thabhairt suas tar éis don Bhallstát sin forghníomhú an chéad bharántais gabhála Eorpaigh maidir leis an duine sin a dhiúltú, ar choinníoll nach ndéanfaí sárú ar Airteagal 1(3) den Chinneadh Réime sin dá ndéanfaí barántas gabhála Eorpach nua a fhorghníomhú agus go bhfuil eisiúint an bharántais gabhála Eorpaigh nua sin comhréireach.

Costais

147

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Maidir le Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

níl an chumhacht ag údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú ar bhonn forais le haghaidh neamhfhorghníomhú nach n‑eascraíonn as Cinneadh Réime 2002/584, arna leasú, ach ó dhlí an Bhallstáit fhorghníomhaithigh amháin. Ar an taobh eile, féadfaidh an t-údarás breithiúnach sin foráil náisiúnta a chur i bhfeidhm lena bhforáiltear go ndiúltófar barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú i gcás ina mbeadh sárú ar cheart bunúsach atá cumhdaithe i ndlí an Aontais mar thoradh ar an bhforghníomhú sin, ar choinníoll nach dtéann raon feidhme na forála sin thar raon feidhme Airteagal 1(3) de Chinneadh Réime 2002/584, arna leasú, arna léirmhíniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

 

2.

Maidir le hAirteagal 1(1) agus (2) agus Airteagal 6(1) de Chinneadh Réime 2002/584, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní féidir leis an údarás breithiúnach forghníomhaitheach a fhíorú an raibh barántas gabhála Eorpach eisithe ag údarás breithiúnach a bhí inniúil chun na críche sin agus diúltú an barántas gabhála Eorpach sin a fhorghníomhú i gcás ina measann sé nach amhlaidh atá.

 

3.

Maidir le hAirteagal 1(3) de Chinneadh Réime 2002/584, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299, arna léamh i gcomhar leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní fhéadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach atá air cinneadh a dhéanamh maidir le duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach a thabhairt suas diúltú an barántas sin a fhorghníomhú ar an bhforas go bhfuil an duine sin i mbaol, tar éis é a thabhairt suas don Bhallstát eisiúna, go bhféadfadh cúirt breithiúnas a thabhairt ina leith gan inniúlacht aici chun na críche sin, ach amháin

ar an gcéad dul síos, má tá fianaise oibiachtúil, iontaofa, bheacht agus nuashonraithe go cuí lena dtaispeántar go bhfuil ann d’easnaimh shistéamacha nó ghinearálaithe i bhfeidhmiú chóras breithiúnach an Bhallstáit eisiúna nó d’easnaimh a dhéanann difear do chosaint bhreithiúnach grúpa daoine atá in-sainaitheanta go hoibiachtúil agus lena mbaineann an duine sin, i bhfianaise an cheanglais atá ar chúirt arna bunú le dlí, rud a thugann le tuiscint go mbaintear, go ginearálta, leigheas éifeachtach dlí, lena gcumasaítear athbhreithniú a dhéanamh ar inniúlacht na cúirte coiriúla a bhfuil uirthi breithiúnas a thabhairt ina leith, de na daoine aonair lena mbaineann sa Bhallstát sin, agus

ar an dara dul síos, i gcás ina dtugann an t-údarás breithiúnach sin dá aire, in imthosca áirithe an cháis atá i gceist, go bhfuil forais shubstaintiúla agus chruthaithe ann lena chreidiúint, ag féachaint, go háirithe, don fhaisnéis arna soláthar ag an duine is ábhar don bharántas gabhála Eorpach sin a bhaineann lena imthosca pearsanta, le cineál an chiona a bhfuil an duine sin á ionchúiseamh ina leith, leis an gcomhthéacs fíorasach lena mbaineann an barántas gabhála Eorpach sin nó le haon imthosca ábhartha eile, más léir nach bhfuil inniúlacht chun na críche sin ag an gcúirt ar dócha go n-iarrfar uirthi na himeachtaí a mbeidh an duine sin faoina réir sa Bhallstát sin a éisteacht.

Cé go raibh an duine lena mbaineann in ann, os comhair chúirteanna an Bhallstáit eisiúna, brath ar a chearta bunúsacha chun agóid a dhéanamh i gcoinne inniúlacht an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna agus an bharántais gabhála Eorpaigh dá bhfuil sé ina ábhar, níl tábhacht chinntitheach aige sin ina leith sin.

 

4.

Maidir le hAirteagal 1(3) de Chinneadh Réime 2002/584, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299, arna léamh i gcomhar leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina maíonn duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach go bhfuil sé i mbaol go dtabharfaidh cúirt breithiúnas ina leith gan inniúlacht aici chun na críche sin, tar éis é a thabhairt suas don Bhallstát eisiúna, cé go bhfuil ann do thuarascáil ón Meitheal um Choinneáil Threallach, nach mbaineann go díreach le staid an duine sin, ní féidir leis sin, ann féin, údar a thabhairt don údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú an barántas gabhála Eorpach sin a fhorghníomhú, ach go bhféadfaidh, ar an taobh eile, an t-údarás breithiúnach sin tuarascáil den sórt sin a chur san áireamh, i measc tosca eile, d’fhonn a mheas an bhfuil easnaimh shistéamacha nó ghinearálaithe i bhfeidhmiú chóras breithiúnach an Bhallstáit sin nó easnaimh a dhéanann difear do chosaint bhreithiúnach grúpa daoine atá in-sainaitheanta go hoibiachtúil agus lena mbaineann an duine sin.

 

5.

Maidir le hAirteagal 15(2) de Chinneadh Réime 2002/584, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc ar an údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú ar an bhforas go bhfuil an duine is ábhar dó i mbaol, tar éis é a thabhairt suas don Bhallstát eisiúna, go dtabharfaidh cúirt breithiúnas ina leith gan inniúlacht aici chun na críche sin, gan faisnéis bhreise a iarraidh ar an údarás breithiúnach eisiúna ar dtús.

 

6.

Maidir le Cinneadh Réime 2002/584, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc ar roinnt barántais ghabhála Eorpacha comhleanúnacha a eisiúint i gcoinne duine iarrtha d’fhonn go ndéanfaidh Ballstát é a thabhairt suas tar éis don Bhallstát sin forghníomhú an chéad bharántais gabhála Eorpaigh maidir leis an duine sin a dhiúltú, ar choinníoll nach ndéanfaí sárú ar Airteagal 1(3) de Chinneadh Réime 2002/584, arna leasú, dá ndéanfaí barántas gabhála Eorpach nua a fhorghníomhú agus go bhfuil eisiúint an bharántais gabhála Eorpaigh nua sin comhréireach.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Spáinnis.