Cás C-100/21
QB
agus
Mercedes-Benz Group AG, ar a dtugtaí Daimler AG roimhe seo
(Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Ravensburg)
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 21 Márta 2023
(Tarchur chun réamhrialú — Comhfhogasú dlíthe — Treoir 2007/46/CE — Cineálcheadú mótarfheithiclí — Airteagal 18(1) — Airteagal 26(1) — Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 — Airteagal 5(2) — Mótarfheithiclí — Inneall díosail — Astaíochtaí truailleán — Comhla athshruthaithe gáis sceite (comhla AGS) — Laghdú ar astaíochtaí ocsaíde nítrigine arna theorannú ag “fuinneog theochta” — Feiste sháraithe — Cosaint leasanna an cheannaitheora aonair feithicle feistithe le feiste sháraithe neamhdhleathach — An ceart chun cúiteamh a fháil ón déantóir feithicle ar bhonn dliteanas tortach — Modh ríofa an chúitimh — Prionsabal na héifeachtachta — Airteagal 267 CFAE — Inghlacthacht — Breitheamh aonair ag tarchur ceiste chun na Cúirte)
Comhfhogasú dlíthe — Mótarfheithiclí — Astaíochtaí feithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála — Rialachán Uimh. 715/2007 — Feiste sháraithe — Coincheap — Feiste lena laghdaítear, ag brath ar an teocht lasmuigh agus ar an airde, éifeachtacht an chórais athchúrsála truailleán gáis atá ag na feithiclí lena mbaineann le linn a ngnáthoibriú agus a ngnáthúsáide — Cur san áireamh
(Rialachán Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 3(10), Airteagal 4(2), agus Airteagal 5(1)
(féach mír 58)
Comhfhogasú dlíthe — Mótarfheithiclí — Astaíochtaí feithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála — Treoir 2007/46 — Rialachán Uimh. 715/2007 — Oibleagáidí na ndéantóirí i ndáil le cineálcheadú — Toirmeasc ar fheistí sáraithe a úsáid lena laghdaítear éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí — Eisceachtaí — Cosaint an innill ó dhamáiste nó ó thionóisc agus oibriú sábháilte na feithicle — Raon feidhme — Feiste lena laghdaítear, de réir an teocht lasmuigh agus an airde, éifeachtacht an chórais athchúrsála chun truailleáin gháis feithiclí a athchúrsáil le linn a ngnáthoibriú agus a ngnáthúsáide — Eisiamh
[Rialachán Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Airteagal 5(2)(a)]
(Féach míreanna 60-66)
Comhfhogasú dlíthe — Mótarfheithiclí — Astaíochtaí feithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála — Rialachán Uimh. 715/2007 — Treoir 2007/46 — Rialachán 715/2007 — Leasanna arna gcosaint — Coincheap — Leasanna ar leith an cheannaitheora — Cuimsitheacht — Sárú ar dhualgas na ndéantóirí feithiclí comhlíontacha a chur ar an margadh — Ceart chun cúiteamh a fháil as damáiste arna dhéanamh don cheannaitheoir — Socruithe fála — Comhlíonadh na bprionsabal maidir le héifeachtacht agus leordhóthanacht an chúitimh as damáiste agus an toirmeasc ar shaibhriú míchóir
(Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Uimh. 715/2007, Airteagal 5(2) agus Airteagal 13(1)
(Féach míreanna 78-85, 88-96 agus an chuid oibríochtúil)
Résumé
Cheannaigh QB feithicil athláimhe de mharc Mercedes-Benz, den chineál C 220 CDI, a raibh inneall díosail den ghlúin Euro 5 inti, ó athdhíoltóir, in 2014. Cláraíodh an fheithicil sin, a chuir an monaróir mótarfheithiclí Mercedes-Benz Group AG (ar a dtugtaí Daimler AG roimhe seo) ar an margadh, den chéad uair in 2013. Tá bogearraí clársceidealaithe innill ag an bhfeithicil chun an ráta athshruthaithe gáis sceite a laghdú nuair atá teochtaí seachtracha faoi bhun tairseach áirithe, a chuirfeadh méadú le hastaíochtaí oscaíde nítrigine (NOx). Dá bhrí sin, ní raibh an athchúrsáil iomlán éifeachtach ach amháin murar thit an teocht sheachtrach faoi bhun na tairsí sin.
Thóg QB caingean i gcoinne Mercedes-Benz Group AG, os comhair Landgericht Ravensburg (an Chúirt Réigiúnach, Ravensburg), an chúirt a rinne an tarchur, ag lorg cúitimh as an damáiste a líomhnaítear a rinne Mercedes-Benz Group dó trí fheistí sáraithe a chur san fheithicil atá i gceist, ar feistí toirmiscthe iad faoin Rialachán maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí ( 1 ).
Meabhraítear gurb é an cuspóir atá á shaothrú leis an Rialachán sin ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú agus, go sonrach, astaíochtaí NOx ó fheithiclí díosail a laghdú go suntasach chun cáilíocht an aeir a fheabhsú agus teorannluachanna a chomhlíonadh i dtéarmaí truaillithe ( 2 ). Sainmhínítear ann go gciallaíonn “feiste s[h]áraithe”“aon eilimint dearaidh lena mothaítear teocht, luas feithicle, luas innill (, giar traiseolta, folús iolrúcháin nó aon pharaiméadar eile chun críocha oibriú aon chuid den chóras rialaithe astaíochta a ghníomhachtú, a mhodhnú, a mhoilliú nó a dhíghníomhachtú agus lena laghdaítear éifeachtúlacht an chórais rialaithe astaíochta i gcoinníollacha a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach leo i ngnáthoibriú agus i ngnáthúsáid feithicle” ( 3 ). Anuas ar sin, bunaítear leis an Treoir seo creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú, mar is infheidhme maidir leis na fíorais sna príomhimeachtaí ( 4 ), ina bhfuil na forálacha riaracháin agus na ceanglais ghinearálta theicniúla maidir le gach feithicil nua laistigh dá raon feidhme a cheadú agus maidir leis na córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh na bhfeithiclí sin a cheadú, le háis a gcláraithe, a ndíol agus a gcur i seirbhís laistigh den Aontas ( 5 ).
De réir na reachtaíochta atá i réim faoi dhlí na Gearmáine, tugann agairt an chirt chun cúiteamh a fháil ó cheannaitheoir aonair na mótarfheithicle nach gcomhlíonann dlí an Aontais le tuiscint go bhfuil sárú ann ar dhlí atá ceaptha cosaint a thabhairt do dhaoine eile ( 6 ). Chinn an chúirt a rinne an tarchur dá réir sin a fhiafraí ar an gCúirt más rud é go gcosnaítear, le forálacha ábhartha an cháis seo, de chuid na Treorach Réime ( 7 ), ar thaobh amháin, agus de chuid an Rialacháin maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí ( 8 ) ar an taobh eile, de bhreis ar leasanna ginearálta, leasanna ar leith an cheannaitheora aonair mótarfheithicle vis-à-vis déantóir na feithicle sin i gcás ina bhfuil feiste sháraithe toirmiscthe ag an Rialachán sin feistithe ar an bhfeithicil. Thairis sin, d’iarr sí, i gcomhthéacs cúiteamh i leith damáiste a dhéantar do cheannaitheoir feithicle ar a bhfuil feiste sháraithe toirmiscthe, an gcuirtear cosc le dlí an Aontais nach féidir an brabús a eascraíonn as úsáid iarbhír na feithicle sin a fhritháireamh i gcoinne aisíocaíocht phraghas ceannaigh na feithicle sin agus, murab amhlaidh an cás, ón mbrabús sin a ríomh ar bhonn phraghas ceannaigh iomlán na feithicle sin.
Ag suí di mar Mhór-Dhlísheomra, tugann an Chúirt soiléiriú tábhachtach ar an gceist maidir leis an gceart chun cúitimh do cheannaitheoirí feithiclí a bhfuil feiste sháraithe neamhdhleathach feistithe ar a n-innill atá ceaptha chun éifeachtúlacht an chórais rialaithe astaíochtaí truailleán cáithníneach NOx a laghdú.
Measúnú na Cúirte
Tugann an Chúirt le fios, mar réamhphointe, gur faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé cinneadh a dhéanamh, i bhfianaise a cásdlí, más gá, arb ionann na bogearraí atá feistithe ar an bhfeithicil arna ceannach ag QB agus “feiste sháraithe” de réir an Rialacháin maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí.
Ar an taobh eile, cuireann sí in iúl go bhfuil an toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe lena laghdaítear éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí faoi réir trí eisceacht, agus is é an t-aon chás amháin a bhaineann leis an gcás seo ina bhfuil “call leis an bhfeiste chun an t-inneall a chosaint ó dhamáiste nó ó thionóisc agus chun go n-oibreoidh an fheithicil go sábháilte” (
9
). Le go mbeadh bonn cirt faoi, ní mór go bhfreagraíonn an fheiste go docht don ghá atá ann rioscaí láithreacha damáiste nó tionóisce don inneall a sheachaint atá chomh tromchúiseach sin go mbaineann contúirt nithiúil leis agus an fheithicil atá feistithe leis an fheiste chéanna á tiomáint. Ina theannta sin, bheadh feiste sháraithe a mbeadh uirthi oibriú, faoi ghnáthdhálaí tráchta, ar feadh an chuid is mó den bhliain chun an t-inneall a chosaint ar dhamáiste nó ar thionóisc agus oibriú sábháilte na feithicle a áirithiú, i gcontrárthacht leis an gcuspóir maidir le hardleibhéal cosanta comhshaoil a shaothraítear leis an Rialachán sin, agus ní bheadh bonn cirt léi dá réir sin.
Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé arís na measúnuithe fíorasacha is gá a dhéanamh chun na coinníollacha sin a chur i bhfeidhm.
Go príomha, ar an gcéad dul síos, is é tuairim na Cúirte go gcosnaítear le forálacha ábhartha na Treorach Réime agus an Rialacháin maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí, i dteannta a chéile, de bhreis ar leasanna ginearálta, leasanna ar leith an cheannaitheora aonair mótarfheithicle vis-à-vis déantóir na feithicle sin i gcás ina bhfuil feiste sháraithe toirmiscthe feistithe ar an bhfeithicil sin i bhfianaise fhorálacha an Rialacháin sin.
Meabhraíonn an Chúirt go saothraítear, leis an toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe lena laghdaítear éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí a theorannú, cuspóir ginearálta maidir le hardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú agus go bhfuil sé ag saothrú an chuspóra ghinearálta sin mar go gcuirtear d’oibleagáid ar dhéantóirí faisnéis oibiachtúil agus bheacht a chur ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí maidir leis an gcineál feithicle is mó nó is lú truaillithe agus iad ag déanamh a gcinntí ceannaigh. Ina theannta sin, ní mór feithiclí a thagann faoi raon feidhme na Treorach Réime a chineálcheadú, agus ní fhéadfar ceadú den sórt sin a dheonú ach amháin má chomhlíonann an cineál feithicle atá i gceist forálacha an Rialacháin maidir le cineálcheadú feithiclí, go háirithe na forálacha sin a bhaineann le hastaíochtaí.
Agus dhearbhaigh an Chúirt chomh maith, de réir an Treoir Réime, anuas ar na ceanglais seo maidir le cineálcheadú CE, ceanglaítear ar na déantóirí deimhniú comhréireachta a eisiúint chuig ceannaitheoir aonair feithicle freisin. I bhfianaise na Treorach Réime sin, tá an deimhniú sin éigeantach chun críocha feithicil a chlárú agus a dhíol nó a chur i seirbhís. Thairis sin, ní mór a áirithiú leis na pionóis dá dtagraítear san airteagal sin go bhfuil deimhniú comhréireachta ag ceannaitheoir feithicle lena gcumasaítear dó an deimhniú sin a chlárú in aon Bhallstát gan doiciméid theicniúla bhreise a sholáthar. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh coinne réasúnta a bheith ag an gceannaitheoir sin go gcomhlíontar an Rialachán maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca leis an bhfeithicil sin. Is é conclúid na Cúirte go mbunaítear leis an Treoir Réime, arna breithniú i dteannta an Rialacháin maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí, nasc díreach idir déantóir na feithicle agus ceannaitheoir aonair mótarfheithicle chun a áirithiú go gcomhlíonann an mhótarfheithicil reachtaíocht ábhartha an Aontais.
I ndáil leis sin, áitíonn an Chúirt nach bhféadfaí a chur as an áireamh go bhféadfadh an t-údarás cineálcheadaithe cineál feithicle, atá cumhdaithe ag cineálcheadú CE, lena gceadaítear an fheithicil a úsáid ar an mbóthar, a cheadú ar dtús gan na bogearraí amhail a bhfuil i gceist sa chás seo, a bheith nochta dó. Déantar foráil leis an Treoir Réime maidir leis an gcás nach bhfaightear amach go bhfuil gné dearthóireachta feithicle neamhdhleathach, i bhfianaise cheanglais an Rialacháin maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí mar shampla, go dtí tar éis cineálcheadú a bheith faighte cheana aici. Dá bhrí sin, i ngeall ar neamhdhleathacht feiste sháraithe ar mhótarfheithicil, ar a dtángthas tar éis chineálcheadú CE na feithicle sin, d’fhéadfadh sé amhras a chaitheamh ar bhailíocht an chineálcheadaithe sin agus, leis sin, ar bhailíocht an deimhnithe comhréireachta a mheastar a dheimhníonn gur chomhlíon an fheithicil sin, a bhain leis an tsraith den chineál ceadaithe, na gníomhartha rialála uile tráth a táirgthe. Dá bhrí sin, is dual don neamhdhleathacht sin, inter alia, éiginnteacht a chruthú maidir leis an bhféidearthacht an fheithicil sin a chlárú, a dhíol nó a chur i seirbhís agus, ar deireadh, dochar a dhéanamh do cheannaitheoir feithicle a bhfuil feiste sáraithe toirmiscthe aici.
Sa dara háit, mar fhreagra ar an gceist, arb é go bunúsach, ar cheart a thuiscint as dlí an Aontais gurb é is ciall leis, i gcomhthéacs cúiteamh i leith damáiste a dhéantar do cheannaitheoir feithicle ar a bhfuil feiste sháraithe toirmiscthe, nach féidir an brabús a eascraíonn as úsáid iarbhír na feithicle sin a fhritháireamh i gcoinne aisíocaíocht phraghas ceannaigh na feithicle sin agus, murab amhlaidh an cás, ón mbrabús sin a ríomh ar bhonn phraghas ceannaigh iomlán na feithicle sin, chinn an Chúirt, in éagmais forálacha ábhartha de dhlí an Aontais, gur faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann atá sé na rialacha maidir le cúiteamh as damáiste a rinneadh go hiarbhír do cheannaitheoir feithicle ar a bhfuil feiste sháraithe toirmiscthe a chinneadh, ar choinníoll go mbeidh an cúiteamh sin leordhóthanach don damáiste a bhain di.
Go deimhin, ar an gcéad dul síos, tugann an Chúirt an léiriú atá tugtha aici chun cuimhne, ar dá réir a chosnaíonn an Treoir Réime leasanna ar leith an cheannaitheora aonair mótarfheithicle vis-à-vis déantóir na feithicle sin i gcás ina bhfuil feiste sháraithe toirmiscthe feistithe ar an bhfeithicil sin, ar shlí go bhfuil ceart aige nach mbeadh feiste sháraithe toirmiscthe feistithe ar an bhfeithicil sin Ar an dara dul síos, leagann sí béim air go bhforáiltear sa Treoir Réime agus sa Rialachán maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí gur faoi na Ballstáit atá sé na pionóis a chinneadh, a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, a bheidh infheidhme i gcás nach gcomhlíontar a forálacha. Dá bhrí sin, tá dualgas ar na Ballstáit a fhoráil go bhfuil ceart ag ceannaitheoir feithicil atá feistithe le feiste sháraithe toirmiscthe chun cúiteamh a fháil ó dhéantóir na feithicle. Is deimhin gur faoi gach Ballstát atá sé an modh faighte an chúitimh sin a chinneadh. Bíodh sé sin ráite, áitíonn an Chúirt nach mbeadh reachtaíocht náisiúnta a fhágann go bhfuil sé dodhéanta nó ródheacair do cheannaitheoir mótarfheithicle cúiteamh leordhóthanach a fháil as damáiste arna dhéanamh dó ag monaróir na feithicle sin ag teacht leis an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007. Faoi réir an fhorchoimeádais sin, meabhraíonn an Chúirt go bhfuil na cúirteanna i dteideal a áirithiú nach mbeidh de thoradh ar chosaint na gceart a ráthaítear le dlíchóras an Aontais go ndéanfar na daoine atá i dteideal a shaibhriú go míchóir. Dá réir sin, ní mór don chúirt a rinne an tarchur a fháil amach an áirithítear le hiontráil bharúlach an tsochair a fuarthas ó úsáid iarbhír na feithicle lena mbaineann cúiteamh leordhóthanach don cheannaitheoir, ar choinníoll go mbunaítear gur bhain damáiste don cheannaitheoir a bhaineann le feiste sháraithe toirmiscthe a shuiteáil ina fheithicil.
( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO 2007 L 171, lch. 1), agus níos cruinne arís, i bhfianaise Airteagal 5(2) den Rialachán sin.
( 2 ) Aithrisí 1 agus 6 den Rialachán maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí.
( 3 ) Airteagal 3(10) den Rialachán maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí.
( 4 ) Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí, a leantóirí agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe do na feithiclí sin (IO 2007 L 263, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 385/2009 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2009 (IO 2009 L 118, lch. 13) (“Treoir Réime”).
( 5 ) Airteagal 1 den Treoir Réime.
( 6 ) Airteagal 823 de Bürgerliches Gesetzbuch (Cód Sibhialta):
( 7 ) Eadhon Airteagail 18(1), 26(1) agus 46 den Treoir Réime.
( 8 ) Eadhon Airteagal 5(2)(a) den Rialachán maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí.
( 9 ) Eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 5(2)(a) den Rialachán maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí.