Breithiúnas na Cúirte (An Deichiú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 – Thunus agus páirtithe eile v BEI

(Cás C-91/21 P) ( 1 )

(Achomharc – Seirbhís shibhialta – Foireann an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) – Luach saothair – Coigeartú tuarastail bliantúil – Caingean le haghaidh neamhniú agus damáistí)

An Banc Eorpach Infheistíochta – Coiste bainistíochta – Cumhachtaí – Bainistiú foirne – Raon feidhme – Leithdháileadh an mhéadaithe bhliantúil ar thuarastail mar gheall ar chinneadh an Bhoird Stiúrthóirí ar an mbuiséad – Cur san áireamh – Raon feidhme

(Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, Airteagal 11(3) agus (7); Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, Airteagail 23(1) agus 31)

(Féach míreanna 46-51, 53)

An chuid oibríochtúil

1. 

Diúltaítear don achomharc;

2. 

Ordaítear do Vincent Thunus, Jaime Barragán, Marc D’hooge, Alexandra Felten, Christophe Nègre agus Patrick Vanhoudt na costais a íoc.


( 1 ) IO C 228, 14.6.2021.