Cás C‑69/21

X

v

Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

[Iarraidh ar réamhrialú ón rechtbank Den Haag, (Cúirt Dúiche na Háige, an Ísiltír)]

Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Samhain 2022

(Tarchur chun réamhrialú – Limistéar saoirse, slándála agus ceartais – Airteagail 4, 7 agus 19 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach – Meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh – Cosaint i gcás aistrithe, díbeartha nó eiseachadta – Ceart cónaithe ar fhorais leighis – Caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh – Treoir 2008/115/CE – Náisiúnach tríú tír atá buailte le tinneas tromchúiseach – Cóir leighis chun an phian a mhaolú – Cóireáil nach bhfuil ar fáil sa tír thionscnaimh – Coinníollacha faoina bhfuil an t‑aistriú le cur siar)

  1. Rialú teorann, tearmann agus inimirce – Beartas inimirce – Náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh – Treoir 2008/115 – Prionsabal an non‑refoulement – Náisiúnach tríú tír atá buailte le tinneas tromchúiseach – An fíor-bhaol go dtiocfadh méadú suntasach, doleigheasta agus tapa ar a phian má fhilleann sé ar a thír thionscnaimh – Cinneadh um fhilleadh nó ordú aistrithe a ghlacadh maidir le náisiúnach dá leithéid – Neamhcheadaithe – Rogha ag na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le teorainn ama dhocht chun go dtiocfaidh an méadú sin chun cinn –Éagmais

    (an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 1, 4 agus 19(2); Treoir 2008/115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 5)

    (féach míreanna 52, 55, 56, 58, 59, 63 - 66, 68 - 76, 103, an chuid oibríochtúil 1)

  2. Rialú teorann, tearmann agus inimirce – Beartas inimirce – Náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh – Treoir 2008/115 – Prionsabal an non‑refoulement – Náisiúnach tríú tír atá buailte le tinneas tromchúiseach – An fíor-bhaol go dtiocfadh méadú suntasach, doleigheasta agus tapa ar a phian má fhilleann sé ar a thír thionscnaimh – Measúnú arna dhéanamh ag an údarás náisiúnta inniúil ar iarmhairtí an aistrithe ar shláinte an náisiúnaigh lena mbaineann – Cur san áireamh na n‑iarmhairtí sin chun críocha scrúdú a dhéanamh ar chumas taistil an náisiúnaigh sin agus chun na gcríoch sin amháin – Neamhcheadaithe

    (an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 1, 4 agus 19(2); Treoir 2008/115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagail 5 agus 9(1)(a))

    (féach míreanna 80 - 82, 103, an chuid oibríochtúil 2)

  3. Rialú teorann, tearmann agus inimirce – Beartas inimirce – Náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh – Treoir 2008/115 – Náisiúnach tríú tír ag fanacht go mídhleathach atá buailte le tinneas tromchúiseach – Gan bheith de rogha cinneadh um fhilleadh nó ordú aistrithe a dhéanamh maidir leis an náisiúnach sin – Cúis – An fíor-bhaol go dtiocfadh méadú suntasach, doleigheasta agus tapa ar a phian i gcás filleadh ar a thír thionscnaimh – An oibleagáid atá ann doiciméad a dheonú don náisiúnach sin – Éagmais – An ceart chun saoil phríobháidigh – Scrúdú a dhéanamh an ceadmhach an náisiúnaigh sin a aistriú – Tosca le cur san áireamh

    (an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 1, 4 agus 7; Treoir 2008/115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle)

    (féach míreanna 84 - 87, 89, 90 - 103 an chuid oibríochtúil 3)

Résumé

Tá cineál neamhchoitianta ailse fola ag X, ar náisiúnach Rúiseach é, a bhfuil cóireáil á cur air san Ísiltír ina leith faoi láthair. Bíonn cóireáil anailgéiseach cannabais, nach bhfuil údaraithe sa Rúis, á tabhairt go háirithe dó. Agus cinneadh déanta acu nach bhfuil an náisiúnach Rúiseach seo incháilithe do stádas dídeanaí, cosaint choimhdeach nó doiciméad cónaithe a fháil san Ísiltír ar bhonn an dlí náisiúnta, ghlac na húdaráis de chuid na hÍsiltíre cinneadh um fhilleadh ina leith. Thionscain an duine lena mbaineann caingean i gcoinne an chinnidh sin os comhair na cúirte a rinne an tarchur, ag áitiú go bhfuil an chóireáil channabais theiripigh chomh riachtanach sin dó nach bhféadfadh sé saol fónta a bheith aige a thuilleadh dá scorfaí den chóireáil sin.

Fiafraíonn an chúirt a rinne an chúirt, go háirithe, an gcuirtear cosc le dlí an Aontais, go háirithe an Treoir um Fhilleadh ( 1 ) agus an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), ar chinneadh um fhilleadh a dhéanamh maidir le duine atá i gcás an duine lena mbaineann. Go háirithe, fiafraíonn sí an ionann an baol go dtiocfadh méadú suntasach ar an bpian mar gheall ar easpa córa éifeachtaí leighis agus bac ar an duine lena mbaineann a aistriú.

Tugann an Chúirt, agus í sa Mhór-Dhlísheomra, freagra dearfach air sin agus tugann sí soiléirithe ar na himthosca le cur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar bhaol dá leithéid agus ar mhodhanna an mheasúnaithe seo. Thairis sin, scrúdaíonn sí na hoibleagáidí ar na Ballstáit maidir le náisiúnach tríú tír atá i gcás an duine lena mbaineann, ag féachaint don cheart chun saoil phríobháidigh.

Breithniú na Cúirte Breithiúnas

Sa chéad áit, tugann an Chúirt dá haire go gcuirtear cosc leis an Treoir um Fhilleadh ( 2 ) agus leis an gCairt ( 3 ) ar chinneadh um fhilleadh nó ar ordú aistrithe a dhéanamh maidir le náisiúnach tríú tír, atá ag fanacht go neamhdhleathach i gcríoch Bhallstáit agus atá buailte le tinneas tromchúiseach, i gcás ina bhfuil cúiseanna dáiríre agus cruthaithe ann le creidiúint go bhfágfaí an duine lena mbaineann, sa tríú tír a n‑aistrítear é chuici, i bhfíor-bhaol go dtiocfadh méadú doleigheasta agus tapa ar a phian, i gcás filleadh, mar gheall ar an toirmeasc, sa tír sin, ar an aon chóireáil anailgéiseach éifeachtach amháin atá ann.

I ndáil leis sin, rialaíonn an Chúirt go sáródh Ballstát an toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, a chumhdaítear in Airteagal 4 den Chairt, i gcás ina bhfuiltear i mbaol an phian a baineadh do náisiúnach tríú tír lena mbaineann le tinneas a ghéarú leis an gcinneadh um fhilleadh nó leis an ordú aistrithe arna dhéanamh ag a údaráis a mhéid a sroicheann an phian sin tairseach tromchúise a éilítear faoi Airteagal 4 den Chairt.

Ar an gcéad dul síos, ó thaobh an bhaoil go dtiocfadh méadú tapa, suntasach agus doleigheasta ar an bpian de, d’fhéadfadh an baol seo a bheith ann go háirithe i gcás ina bhfuil sé cruthaithe, sa tír cinn scríbe, nach bhféadfaí an t‑aon cóireáil anailgéiseach amháin atá éifeachtach a chur air go dleathach agus go bhfágfaí é, mar gheall ar easpa a leithéide de chóireáil, gan chosaint ar phian chomh dian sin go mbeadh sí ina cúis le fadhbanna meabhracha tromchúiseacha agus doleigheasta, fiú le tabhairt air é féin a mharú. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur a chinneadh an amhlaidh atá ag féachaint do na himthosca ábhartha go léir, go háirithe na himthosca leighis.

Ar an dara dul síos, maidir leis an mbaol go dtiocfadh méadú tapa ar an bpian, ní mór a chur san áireamh go bhféadfadh an méadú a theacht de réir a chéile agus gur féidir go bhfuil gá le himeacht ama go dtí go n‑éiríonn an méadú sin suntasach agus doleigheasta. Mar sin, ní fhéadfaidh Ballstát tréimhse réamhchinnte a shocrú ar bhealach daingean ina gcaithfear gur dócha go dtiocfadh a leithéid de mhéadú chun cinn. I ndáil leis sin, ní mór don tréimhse ama féideartha a bheith ina tásc amháin agus níl an t‑údarás náisiúnta inniúil díolmhaithe ó scrúdú nithiúil a dhéanamh ar chúinsí an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann i bhfianaise na sonraí ábhartha go léir.

Sa dara háit, measann an Chúirt go gcuirtear cosc leis an Treoir um Fhilleadh ( 4 ) agus leis an gCairt ( 5 ) ar iarmhairtí an ordaithe aistrithe féin ar shláinte náisiúnaigh tríú tír gan bheith á gcur san áireamh ag an údarás náisiúnta inniúil ach amháin chun scrúdú a dhéanamh an bhfuil an náisiúnach tríú tír sin in ann taisteal. Go deimhin, ní mór don Bhallstát lena mbaineann a áirithiú, gcás inar gá de dheasca shláinte an duine lena mbaineann, go gcuirtear cóireáil air ní hamháin le linn an aistrithe, ach ina dhiaidh chomh maith, sa tír cinn scríbe.

Sa tríú áit agus faoi deireadh, cuireann an Chúirt i dtreis, ar an gcéad dul síos, nach gceanglaítear leis an Treoir um Fhilleadh agus leis an gCairt ( 6 ) ar Bhallstát doiciméad cónaithe a dheonú do náisiúnach tríú tír, atá ag fanacht go neamhdhleathach ina chríoch, i gcás nach bhféadfadh an náisiúnach sin a bheith faoi réir cinneadh um fhilleadh ná faoi réir ordú aistrithe, toisc go bhfuil cúiseanna dáiríre agus cruthaithe ann le creidiúint go bhfágfaí an duine lena mbaineann, sa tír cinn scríbe, i bhfíor-bhaol go dtiocfadh méadú tapa, suntasach agus doleigheasta ar an bpian arbh éard ba chúis léi ná an tinneas tromchúiseach lena bhfuil sé buailte. Ar an dara dul síos, tugann an Chúirt dá haire nach mór sláinte an náisiúnaigh agus an chóireáil a chuirtear air sa chríoch sin, mar gheall ar an tinneas sin a chur san áireamh, chomh maith leis na tosca ábhartha eile go léirnuair a dhéanann an t‑údarás náisiúnta inniúil scrúdú an gcuirtear cosc le ceart an náisiúnaigh sin chun meas ar an saol príobháideach, a chumhdaítear sa Chairt, ar an náisiúnach sin a bheith faoi réir cinneadh um fhilleadh nó faoi réir ordú aistrithe.

I ndail leis sin, soiléiríonn an Chúirt gur cuid de shaol príobháideach náisiúnaigh tríú tír, de réir bhrí Airteagal 7 den Chairt, í an chóir leighis a chuirtear air i gcríoch Bhallstáit, in ainneoin go bhfuil an náisiúnach sin ag fanacht ar an gcríoch sin go neamhdhleathach. Ós rud é nach bhfuil an ceart chun meas ar an saol príobháideach ina shaincheart daingean, áfach, ceadaítear teorainneacha a chur le feidhmiú an chirt sin, ar choinníoll go bhforáiltear dóibh le dlí, go n‑urramaítear bunábhar na gceart sin leo agus, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, go bhfuil gá leo agus go gcomhlíontar, go háirithe, cuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas go héifeachtach leo. Ós cuspóir dá leithéid é beartas éifeachtach aistrithe agus aisdúichithe a chur ar bun, ní mór scrúdú a dhéanamh, go háirithe, nach ndéantar difear le cinneadh um fhilleadh nó ordú aistrithe a ghlacadh maidir le náisiúnach tríú tír atá buailte le tinneas tromchúiseach, agus ar a gcuirtear, sa Bhallstát lena mbaineann, cóireáil anailgéiseach nach bhfuil ar fáil sa tír cinn scríbe ar bhunábhar a chirt chun saoil phríobháidigh agus an dtugtar urraim do phrionsabal na comhréireachta leis. Glactar leis go gcuirtear na naisc shóisialta go léir arna gcruthú ag an náisiúnach sin ina bhfuil sé ag fanacht go mírialta san áireamh lena leithéid de scrúdú, agus aird chuí á tabhairt ar an leochaileacht agus an spleáchas ar leith a bhfuil a shláinte ina cúis leo. Dá ainneoin sin, i gcás ina bhfuil saol príobháideach forbartha sa Bhallstát sin ag an náisiúnach sin, gan doiciméad cónaithe ann a bheith aige, ní fhéadfaí cosc a chur air a bheith faoi réir nós imeachta um fhilleadh ach amháin ar chúiseanna eisceachtúla.

Thairis sin, ní sháraítear ceart an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann chun meas ar an saol príobháideach le cinneadh aistrithe nó le hordú a ghlacadh toisc, i gcás filleadh ar an tír cinn scríbe, go bhfágfaí an náisiúnach sin i mbaol go gcuirfí a shláinte chun meatha, i gcás nach sroicheann a leithéid de bhaol an tairseach tromchúise is gá faoi Airteagal 4 den Chairt agus dá thoisc sin amháin.


( 1 ) Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO 2008 L 348, lch. 98, “an Treoir um Fhilleadh”).

( 2 ) Airteagal 5 den Treoir sin.

( 3 ) Airteagail 1, 4 agus 19(2) den Chairt.

( 4 ) Airteagail 5 agus 9(1)(a) den Treoir sin.

( 5 ) Airteagail 1, 4 agus 19(2) den Chairt.

( 6 ) Airteagail 7 den Chairt, lena gcumhdaítear an ceart chun meas ar an saol príobháideach, agus Airteagal 1 agus 4 den Chairt.