BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Tríú Dlísheomra)

15 Meán Fómhair 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta – Rialachán Uimh. 1896/2006 – Airteagal 16(2) – Teorann ama 30 lá inar féidir ráiteas freasúra a thaisceadh in aghaidh an ordaithe íocaíochta Eorpaigh – Airteagal 20 – Nós imeachta athbhreithniúcháin – Airteagal 26 – Cur i bhfeidhm an dlí náisiúnta le haghaidh cúrsaí nós imeachta nach gclúdaítear iad leis an Rialachán seo – Paindéim COVID-19 – Rialachán náisiúnta lena bhforáiltear do chúpla seachtain mar shos i dteorainn ama do nós imeachta in ábhair shibhialta)

I gCás C‑18/21,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach, an Ostair), trí bhreith an 27 Samhain 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 12 Eanáir 2021, sna himeachtaí

Uniqa Versicherungen AG

v

VU,

tugann AN CHÚIRT (an Tríú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Jürimäe (Rapóirtéir), Uachtarán an Dlísheomra, K. Lenaerts, Uachtarán na Cúirte, i gcáil Bhreitheamh an Tríú Dlísheomra, N. Jääskinen, M. Safjan agus N. Piçarra, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A.M. Collins,

Cláraitheoir: M. Krausenböck, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 19 Eanáir 2022,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Uniqa Versicherungen AG, ag S. Holter, Rechtsanwalt, agus S. Pechlof, Prozessbevollmächtigter,

VU, ag M. Brandt, Rechtsanwalt,

Rialtas na hOstaire, ag A. Posch, E. Samoilova, U. Scheuer agus J. Schmoll, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Gréige, ag S. Charitaki, V. Karra agus A. Magrippi, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag M. Heller agus I. Zaloguin, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 31 Márta 2022,

an breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagail 20 agus 26, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 16(2), de Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear nós imeachta maidir le hordú íocaíochta Eorpach (IO 2006 L 399, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) 2015/2421 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 (IO 2015 L 341, lch. 1) (‘Rialachán Uimh. 1896/2006’).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Uniqa Versicherungen AG, cuideachta árachais Ostarach, agus VU, náisiúnach Gearmánach, maidir le forghníomhú ordaithe íocaíochta Eorpaigh a seirbheáladh ar VU.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

3

Is mar a leanas an fhoclaíocht in aithrisí 8, 9, 18 agus 24 de Rialachán Uimh. 1896/2006:

‘(8)

Mar gheall ar na baic a eascraíonn as sin ar rochtain ar cheartas éifeachtach i gcásanna trasteorann agus mar gheall ar shaobhadh ar an iomaíocht laistigh den mhargadh inmheánach de bharr míchothromaíochtaí i bhfeidhmiú na meán nós imeachta a thugtar do chreidiúnaithe i mBallstáit éagsúla, tá gá le reachtaíocht Chomhphobail a ráthódh cothrom na Féinne do chreidiúnaithe agus d’fhéichiúnaithe ar fud an Aontais Eorpaigh.

(9)

Is é is cuspóir don Rialachán seo dlíthíocht a shimpliú, a thapú agus costais na dlíthíochta a laghdú i gcásanna trasteorann maidir le héilimh airgid neamhchonspóidithe trí nós imeachta maidir le hordú íocaíochta Eorpach a chruthú, agus saorchúrsaíocht orduithe íocaíochta Eorpacha a cheadú ar fud na mBallstát trí íoschaighdeáin a leagan síos, rud a fhágann nach gá aon imeachtaí idirmheánacha i mBallstát an fhorghníomhaithe sula n‑aithneofar agus sula bhforghníomhófar iad.

[...]

(18)

Leis an ordú íocaíochta Eorpach, ba cheart go gcuirfí in iúl don chosantóir a roghanna chun an méid a dhámhtar don éilitheoir a íoc nó chun ráiteas freasúra a sheoladh laistigh de theorainn ama 30 lá más mian leis an t‑éileamh a chonspóid. Chomh maith le faisnéis iomlán a bheith curtha ar fáil dó maidir leis an éileamh mar a chuir an t‑éilitheoir ar fáil é, ba cheart an cosantóir a chur ar an eolas faoi thábhacht dhlíthiúil an ordaithe íocaíochta Eorpaigh agus go háirithe faoi na hiarmhairtí a bhaineann leis an éileamh a fhágáil neamhchonspóidithe.

[...]

(24)

Ba cheart go bhfoirceannfadh ráiteas freasúra a chomhdaítear laistigh den teorainn ama deireadh leis an nós imeachta maidir le hordú íocaíochta Eorpach agus ba cheart go leanfadh aistriú uathoibríoch ar an gcás go gnáthimeachtaí sibhialta mura n‑iarrann an t‑éilitheoir go sonrach go bhfoirceannfar na himeachtaí sa chás sin. Chun críocha an Rialacháin seo, ní gá gur cheart coincheap na ngnáthimeachtaí sibhialta a léiriú de réir bhrí an dlí náisiúnta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Mar a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán sin:

‘1.   Is é is cuspóir don Rialachán seo:

(a)

dlíthíocht a shimpliú, a thapú agus costais na dlíthíochta a laghdú i gcásanna trasteorann maidir le héilimh airgid neamhchonspóidithe trí nós imeachta maidir le hordú íocaíochta Eorpach a chruthú;

agus

(b)

saorchúrsaíocht orduithe íocaíochta Eorpacha a cheadú ar fud na mBallstát trí íoschaighdeáin a leagan síos, rud a fhágann nach gá aon imeachtaí idirmheánacha i mBallstát an fhorghníomhaithe sula n‑aithneofar agus sula bhforghníomhófar iad.

2.   Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar éilitheoir éileamh a shaothrú de réir bhrí Airteagal 4 trí úsáid a bhaint as nós imeachta eile atá ar fáil faoi dhlí Ballstáit nó faoi dhlí an Chomhphobail.’

[Aistriúchán Neamhoifigiúil]

5

Foráiltear le hAirteagal 12(3) den Rialachán sin:

‘San ordú íocaíochta Eorpach, cuirfear an cosantóir ar an eolas faoina roghanna maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an méid a shonraítear san ordú a íoc leis an éilitheoir;

(b)

cur i gcoinne an ordaithe trí ráiteas freasúra a thaisceadh leis an gcúirt tionscnaimh, atá le seoladh laistigh de 30 lá tar éis an t‑ordú a sheirbheáil air.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Foráiltear le míreanna 1 go 3 d’Airteagal 16 den Rialachán sin, dar teideal ‘Cur i gcoinne an ordaithe íocaíochta Eorpaigh’, mar seo a leanas:

‘1.   Féadfaidh an cosantóir ráiteas freasúra in aghaidh an ordaithe íocaíochta Eorpaigh a thaisceadh leis an gcúirt tionscnaimh trí úsáid a bhaint as foirm chaighdeánach F mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, a sholáthrófar dó mar aon leis an ordú íocaíochta Eorpach.

2.   Seolfar an ráiteas freasúra laistigh de 30 lá ón ordú a sheirbheáil ar an gcosantóir.

3.   Tabharfaidh an cosantóir le fios sa ráiteas freasúra go bhfuil an t‑éileamh á chonspóid aige, gan iallach a bheith air na cúiseanna atá leis sin a shonrú.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7

Foráiltear le hAirteagal 17 de Rialachán Uimh. 1896/2006, dar teideal ‘Éifeachtaí a bhaineann le ráiteas cur i gcoinne a chur isteach’, mar seo a leanas:

‘1.   Má chuirtear ráiteas cur i gcoinne isteach laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 16(2), leanfar leis na himeachtaí roimh chúirteanna inniúla an Bhallstáit tionscnaimh ach amháin más rud é gur iarr an t‑éilitheoir go sainráite go gcuirfí deireadh leis na himeachtaí sa chás sin. Leanfar leis na himeachtaí i gcomhréir le rialacha:

(a)

an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga (IO 2007 L 199, lch. 1)], más infheidhme; nó

(b)

aon nós imeachta shibhialta náisiúnta iomchuí.

2.   I gcás nár chuir an t‑éilitheoir in iúl cé acu de na nósanna imeachta a liostaítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 a bhfuil sé ag iarraidh go gcuirfear i bhfeidhm iad maidir lena éileamh sna himeachtaí a bheidh ann i gcás ráiteas cur i gcoinne nó i gcás inar iarr an t‑éilitheoir go gcuirfí i bhfeidhm an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 maidir le héileamh nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, aistreofar na himeachtaí chuig an nós imeachta sibhialta náisiúnta iomchuí, ach amháin má d’iarr an t‑éilitheoir go sainráite nach ndéanfaí aistriú den chineál sin.

3.   I gcás ina bhfuil éilitheoir tar éis leanúint lena éileamh tríd an nós imeachta maidir le hordú íocaíochta Eorpach, ní dhéanfaidh aon ní faoin dlí náisiúnta dochar dá sheasamh in imeachtaí sibhialta ina dhiaidh sin.

4.   Is le dlí an Bhallstáit tionscnaimh a rialófar an t‑aistriú chuig imeachtaí sibhialta de réir bhrí phointí (a) agus (b) de mhír 1.

5.   Cuirfear an t‑éilitheoir ar an eolas á rá an bhfuil ráiteas cur i gcoinne curtha isteach ag an gcosantóir agus á rá an ndearnadh aon aistriú chuig imeachtaí sibhialta de réir bhrí mhír 1.’

[Aistriúchán Neamhoifigiúil]

8

Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 20 de Rialachán Uimh. 1896/2006, dar teideal ‘Athbhreithniú i gcásanna eisceachtúla’:

‘1.   Beidh an cosantóir i dteideal iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ar an ordú íocaíochta Eorpach os comhair na cúirte inniúla sa Bhallstát tionscnaimh sna cásanna seo a leanas, tar éis don teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 16(2) dul in éag:

(a)

(i)

gur sheirbheáil ceann de na modhanna dá bhforáiltear in Airteagal 14 an t‑ordú íocaíochta,

agus

(ii)

nach ndearnadh an tseirbheáil in am trátha chun a chumasú dó socrú a dhéanamh chun é a chosaint, gan aon locht air féin,

(b)

gur coisceadh ar an gcosantóir agóid a dhéanamh i gcoinne an éilimh mar gheall ar force majeure nó mar gheall ar imthosca urghnácha gan aon locht ar a thaobh,

ar choinníoll i gceachtar cás go ngníomhaíonn sé go pras.

2.   Tar éis don teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 16(2) dul in éag, beidh an cosantóir i dteideal iarratas a dhéanamh freisin ar athbhreithniú ar an ordú íocaíochta Eorpach os comhair na cúirte inniúla sa Bhallstát tionscnaimh inar eisíodh an t‑ordú íocaíochta go mícheart go soiléir, ag féachaint do na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, nó mar gheall ar imthosca urghnácha eile.

3.   Má dhiúltaíonn an chúirt d’iarratas an chosantóra ar an mbonn nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na forais athbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, leanfaidh an t‑ordú íocaíochta Eorpach de bheith i bhfeidhm.

Má chinneann an chúirt go bhfuil bonn cirt leis an athbhreithniú ar cheann de na cúiseanna a leagtar síos i míreanna 1 agus 2, beidh an t‑ordú íocaíochta Eorpach ar neamhní.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9

Mar a leagtar amach in Airteagal 26 den Rialachán sin, dar teideal ‘Gaol leis an dlí nós imeachta náisiúnta’:

‘Beidh gach saincheist nós imeachta nach ndéileáiltear go sonrach leo sa Rialachán seo faoi rialú ag an dlí náisiúnta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na hOstaire

10

Foráiltear le mír 1(1) de COVID-19-Justiz-Begleitgesetz (Dlí cónaidhme maidir le bearta tionlacain maidir le COVID-19 i riaradh an cheartais) an 21 Márta 2020 (BGB1. I Nr 16/2020), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘Dlí na hOstaire maidir le COVID-19’), in imeachtaí sibhialta, go gcuirfí isteach ar gach tréimhse nós imeachta a thosaigh tar éis an 21 Márta 2020 nó nach raibh imithe in éag fós faoin dáta sin go dtí an 30 Aibreán 2020 agus go gcuirfí tús leo arís ón 1 Bealtaine 2020.

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

11

An 6 Márta 2020, d’eisigh Bezirksgericht für Handelssachen Wien (an Chúirt Dúiche um Ábhair Thráchtála, Vín, an Ostair), arna iarraidh sin do Uniqa Versicherungen, ordú íocaíochta Eorpach, a seirbheáladh ar VU, duine nádúrtha a bhfuil cónaí air sa Ghearmáin, an 4 Aibreán 2020. Thaisc VU ráiteas freasúra i gcoinne an ordaithe íocaíochta sin trí litir a postáladh an 18 Bealtaine 2020. Dhiúltaigh an chúirt sin do ráiteas freasúra VU ar an bhforas nár taisceadh é laistigh den teorainn ama 30 lá dá bhforáiltear in Airteagal 16(2) de Rialachán Uimh. 1896/2006.

12

Chuir Handelsgericht Wien (an Chúirt Tráchtála, Vín, an Ostair), an chúirt achomhairc, an t‑ordú sin ar neamhní ar bhonn mhír 1(1) de Dhlí na hOstaire maidir le COVID-19.

13

Rinne Uniqa Versicherungen achomharc ar phointe dlí (Athbhreithniú) i gcoinne chinneadh Handelsgericht Wien (an Chúirt Tráchtála, Vín) os comhair an Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach, an Ostair), an chúirt a rinne an tarchur sa chás seo.

14

Luann an chúirt a rinne an tarchur gur freagairt é Mír 1(1) de Dhlí na hOstaire maidir le COVID-19 ar chás nárbh fhéidir i gcónaí cloí le teorainneacha ama nós imeachta mar gheall ar thinneas foirne cúirte, comhairleoirí dlí nó na bpáirtithe, nó mar gheall ar na bearta a glacadh.

15

De réir na cúirte a rinne an tarchur, tá tuairimí éagsúla i litríocht dhlí na hOstaire i dtaobh an bhfuil feidhm ag an reachtaíocht náisiúnta sin maidir leis an teorainn ama chun ráiteas freasúra a thaisceadh i gcoinne ordú íocaíochta Eorpach, a shocraítear ag 30 lá le hAirteagal 16(2) de Rialachán Uimh. 1896/2006, nó an gcoisctear le hAirteagal 20 den Rialachán sin cur i bhfeidhm na reachtaíochta náisiúnta sin maidir leis an teorainn ama chun ráiteas freasúra a thaisceadh.

16

Áitíonn roinnt scríbhneoirí acadúla Ostaracha go bhforáiltear le hAirteagal 20 den Rialachán sin go bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar an ordú íocaíochta Eorpach, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis leis an ordú sin a chur ar neamhní, go háirithe i gcásanna force majeure nó in imthosca urghnácha, amhail géarchéim COVID-19. De réir na tuairime sin, tá sé do-ghlactha dul ar iontaoibh an dlí náisiúnta chun cás den sórt sin a chur san áireamh, ós rud é go rialaítear go huileghabhálach leis an Rialachán sin é.

17

De réir tuairim eile a chosnaítear sa litríocht dlí, ní chuirtear bac le hAirteagal 20 de Rialachán Uimh. 1896/2006 ar chur i bhfeidhm reachtaíochta náisiúnta amhail mír 1(1) de Dhlí na hOstaire maidir le COVID-19. Áitítear nach rialaítear le hAirteagal 16(2) den Rialachán sin ach fad na tréimhse chun ráiteas freasúra a thaisceadh, cé nach rialaítear an tsaincheist maidir le haon bhriseadh ar an tréimhse sin le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 26 den Rialachán sin, ina dtagraítear do dhlí náisiúnta le haghaidh na gcúrsaí nós imeachta uile nach gclúdaítear iad leis an Rialachán sin. Ón bpeirspictíocht sin, tá Airteagal 20 de Rialachán Uimh. 1896/2006 beartaithe chun cothroime a áirithiú i gcásanna aonair agus chuige sin amháin, agus níl forálacha ginearálta ann lena rialaítear cás eisceachtúil amhail géarchéim COVID-19.

18

Sna himthosca sin, chinn an Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘An bhfuil Airteagail 20 agus 26 de [Rialachán Uimh. 1896/2006] le léiriú sa chaoi go gciallaíonn siad go gcuireann na forálacha sin bac ar bhriseadh ar an teorainn ama 30 lá chun ráiteas freasúra in aghaidh ordú íocaíochta Eorpach a thaisceadh, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 16(2) den Rialachán sin, le mír 1(1) de [Dhlí na hOstaire maidir le COVID-19], ar dá mbun a chuirfear isteach ar gach tréimhse nós imeachta in imeachtaí i gcásanna sibhialta a dtarlaíonn an teagmhas is cúis leis an tréimhse ina leith tar éis an 21 Márta 2020 nó nach bhfuil imithe in éag fós faoin dáta sin go dtí deireadh an 30 Aibreán 2020 agus a thosóidh ag rith as an nua ón 1 Bealtaine 2020?’

Breithniú ar an gceist a tharchuirtear

19

Lena ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagail 16, 20 agus 26 de Rialachán Uimh. 1896/2006 le léiriú sa chaoi go gcuirtear bac leo ar chur i bhfeidhm Rialacháin náisiúnta, arna ghlacadh tráth ráig phaindéim COVID-19 agus lenar cuireadh isteach ar na teorainneacha ama do nósanna imeachta i gcúrsaí sibhialta ar feadh cúig seachtaine nó mar sin de, i leith teorainn ama 30 lá inar féidir leis an gcosantóir ráiteas freasúra a thaisceadh in aghaidh ordú íocaíochta Eorpach de bhonn Airteagal 16(2) den Rialachán sin.

20

Ba cheart a mheabhrú, ar thaobh amháin, mar atá soiléir ó aithris 9 agus Airteagal 1(1)(a) den Rialachán sin, go bhfuil an Rialachán sin beartaithe chun dlíthíocht a shimpliú, a thapú agus costais na dlíthíochta a laghdú i gcásanna trasteorann maidir le héilimh airgid neamhchonspóidithe trí nós imeachta maidir le hordú íocaíochta Eorpach a chruthú.

21

Ní sáraíocht é an nós imeachta simplithe agus aonfhoirmeach sin. Ní bheidh an cosantóir ar an eolas gur eisíodh an t‑ordú íocaíochta Eorpach go dtí go seirbheálfar air é. Mar is léir ó Airteagal 12(3) de Rialachán Uimh. 1896/2006, is ansin, agus ansin amháin, a chuirfear in iúl dó go bhfuil sé de rogha aige an méid a shonraítear san ordú sin a íoc leis an éilitheoir nó cur i gcoinne an ordaithe sa chúirt tionscnaimh (breithiúnas an 13 Meitheamh 2013, Goldbet Sportwetten, C‑144/12, EU:C:2013:393, mír 29).

22

Ina leith sin, luaitear in Airteagal 16(1) den Rialachán sin gur féidir leis an gcosantóir ráiteas freasúra a thaisceadh in aghaidh an ordaithe íocaíochta Eorpaigh sa chúirt tionscnaimh. Cuirtear leis an méid sin in Airteagal 16(2), ina luaitear go bhfuil an ráiteas freasúra le seoladh laistigh de 30 lá ón ordú a sheirbheáil ar an gcosantóir.

23

Dá bhrí sin, mar a luaitear in Airteagal 17 de Rialachán Uimh. 1896/2006, arna léamh i bhfianaise aithris 24 den Rialachán sin, féadfaidh an cosantóir, trí ráiteas freasúra a thaisceadh laistigh den tréimhse fhorordaithe, an nós imeachta maidir le hordú íocaíochta Eorpach a fhoirceannadh agus a bheith mar chúis go n‑aistreofar an cás go huathoibríoch chuig an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a leagtar síos i Rialachán Uimh. 861/2007 nó chuig an nós imeachta sibhialta náisiúnta iomchuí, ach amháin má d’iarr an t‑éilitheoir go sainráite go bhfoirceannfaí na himeachtaí sa chás sin.

24

Tá an rogha chun ráiteas freasúra a thaisceadh ceaptha chun cúiteamh a dhéanamh ar an bhfíric nach bhforáiltear leis an gcóras a bunaíodh le Rialachán Uimh. 1896/2006 do rannpháirtíocht an chosantóra sa nós imeachta maidir le hordú íocaíochta Eorpach, trína chur ar a chumas an t‑éileamh a chonspóid tar éis an t‑ordú íocaíochta Eorpach a bheith eisithe (breithiúnas an 13 Meitheamh 2013, Goldbet Sportwetten, C‑144/12, EU:C:2013:393, mír 30). Dá bhrí sin, tá an chéim sin den nós imeachta fíor-riachtanach chun a áirithiú go n‑urramófaí an ceart chun éisteacht chóir a fháil a chumhdaítear sa dara mír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

25

Forlíontar an nós imeachta chun ráiteas freasúra a thaisceadh le ceart an chosantóra iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ar an ordú íocaíochta Eorpach tar éis don teorainn ama chun ráiteas freasúra a thaisceadh dul in éag. Mar sin féin, mar is léir fiú ó cheannteideal Airteagal 20 den Rialachán sin, ní féidir athbhreithniú a dhéanamh ach amháin i ‘gcásanna eisceachtúla’ (breithiúnas an 22 Deireadh Fómhair 2015, Thomas Cook Belgium, C‑245/14, EU:C:2015:715, mír 29).

26

Maidir le hAirteagal 20(1)(b) de Rialachán Uimh. 1896/2006, ar bhealach níos sonraí, sonraítear leis an bhforáil sin go bhféadfar ordú íocaíochta Eorpach a athbhreithniú sa chás gurbh é force majeure nó imthosca urghnácha ba chúis leis an mainneachtain an teorainn ama 30 lá chun ráiteas freasúra a thaisceadh, mar a leagtar síos in Airteagal 16(2) den Rialachán sin, a chomhlíonadh, lenar cuireadh cosc ar an gcosantóir ráiteas den sórt sin a thaisceadh laistigh den teorainn ama sin.

27

Mar is léir ó fhoclaíocht Airteagal 20(1)(b), chun go mbeadh forais ag an gcosantóir chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ar an ordú íocaíochta Eorpach de bhun na forála sin, ní mór trí choinníoll charnacha a bheith comhlíonta, eadhon, ar an gcéad dul síos, nach mór imthosca urghnácha nó force majeure a bheith ann ar dá bharr a cuireadh cosc ar an gcosantóir agóid a dhéanamh i gcoinne an éilimh laistigh den teorainn ama a leagtar síos chun na críche sin, ar an dara dul síos, nach mbeadh aon locht ar an gcosantóir agus, ar an tríú dul síos, nach mór don chosantóir gníomhú go pras (féach, chuige sin, ordú an 21 Márta 2013, Novontech-Zala, C‑324/12, EU:C:2013:205, mír 24).

28

Ar an dara dul síos, maidir le scéim Rialachán Uimh. 1896/2006, déantar soiléir le hAirteagal 1(1)(b) den Rialachán sin, arna léamh i bhfianaise aithris 9 de, go bhfreagraíonn an Rialachán do ‘íoschaighdeáin’ a leagtar síos chun saorchúrsaíocht orduithe íocaíochta Eorpacha a cheadú. Dá bhrí sin, cuirtear ionstraim aonfhoirmeach um théarnamh i bhfeidhm leis an Rialachán sin, lena n‑áirithítear coinníollacha comhionanna do chreidiúnaithe agus d’fhéichiúnaithe ar fud an Aontais, agus lena bhforáiltear do chur i bhfeidhm dhlí nós imeachta na mBallstát maidir le haon saincheist nós imeachta nach ndéileáiltear léi go sonrach sa Rialachán sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Márta 2016, Flight Refund, C‑94/14, EU:C:2016:148, mír 53).

29

Is i bhfianaise na mbreithnithe sin atá freagra le tabhairt ar na nithe a tharraing an chúirt a rinne an tarchur anuas.

30

Sa chás seo, níl an chúirt a rinne an tarchur cinnte an gceadaítear le hAirteagal 26 de Rialachán Uimh. 1896/2006 cur i bhfeidhm, maidir leis an teorainn ama 30 lá a leagtar síos in Airteagal 16(2) den Rialachán sin chun ráiteas freasúra a thaisceadh in aghaidh ordú íocaíochta Eorpach, reachtaíocht náisiúnta lenar cuireadh isteach ar na teorainneacha ama do nósanna imeachta i gcúrsaí sibhialta, mar gheall ar phaindéim COVID-19, ar feadh cúig seachtaine nó mar sin de, nó, os a choinne sin, an bhfuil Airteagal 20(1)(b) den Rialachán sin le léiriú sa chaoi go ndéantar rialú uileghabhálach leis ar chearta nós imeachta an chosantóra i gcás imthosca urghnácha amhail paindéim COVID-19, agus é mar thoradh air sin nach bhfuil feidhm ag Airteagal 26 den Rialachán sin.

31

Ina leith sin, is cinnte go bhféadfaí a shamhlú go bhféadfadh cosc a bheith curtha ar chosantóir i nós imeachta maidir le hordú íocaíochta Eorpach ráiteas freasúra in aghaidh an ordaithe sin a thaisceadh mar gheall ar imthosca urghnácha a bhain le paindéim COVID-19. Sa chás seo, tá sé i dteideal iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ar an ordú sin os comhair na cúirte inniúla sa Bhallstát tionscnaimh, i gcomhréir leis na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 20(1)(b) de Rialachán Uimh. 1896/2006 agus dá dtagraítear i mír 27 thuas.

32

É sin ráite, chinn an Chúirt roimhe seo, ó tharla go raibh sé i gceist ag reachtas an Aontais an nós imeachta athbhreithnithe a theorannú chuig imthosca urghnácha, nach mór an fhoráil sin a léiriú go docht (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Deireadh Fómhair 2015, Thomas Cook Belgium, C‑245/14, EU:C:2015:715, mír 31). Mar is léir ó fhoclaíocht na forála sin, go háirithe an coinníoll a leagtar amach inti maidir le heaspa faillí ar thaobh an chosantóra, freagraíonn na himthosca urghnácha dá dtagraítear san fhoráil sin d’imthosca a bhaineann go sonrach le staid aonair an chosantóra lena mbaineann. I gcomhthéacs phaindéim COVID-19, is amhlaidh an cás, mar shampla, más rud é go raibh an cosantóir tinn nó san ospidéal mar gheall ar an gcoróinvíreas sin agus dá bhrí sin gur cuireadh cosc air a cheart freasúra a fheidhmiú laistigh den teorainn ama a fhorordaítear chun na críche sin.

33

Os a choinne sin, níl Airteagal 20(1)(b) de Rialachán Uimh. 1896/2006 beartaithe chun feidhm a bheith aige maidir le himthosca urghnácha de chineál córasach, amhail na himthosca sin a bhaineann le ráig phaindéim COVID-19, a rinne difear go ginearálta d’oibriú agus do riar na gcúirteanna, ar imthosca iad a bhfuil a gcomhar bunriachtanach, áfach, de bhun Airteagal 12(3)(b) agus Airteagal 16(1) den Rialachán sin chun a chur ar chumas an chosantóra a cheart a fheidhmiú go héifeachtach chun ráiteas freasúra a thaisceadh, laistigh den tréimhse fhorordaithe, i gcoinne an ordaithe íocaíochta Eorpaigh arna sheirbheáil air.

34

Ba cheart a mheabhrú, i ndáil leis sin, mar a luaitear i mír 28 thuas, nach ndéantar gach gné den nós imeachta maidir le hordú íocaíochta Eorpach a chomhchuibhiú go hiomlán le Rialachán Uimh. 1896/2006. Foráiltear leis, de bhun Airteagal 26 de, do chur i bhfeidhm dhlí nós imeachta na mBallstát maidir le gach saincheist nós imeachta nach ndéileáiltear leo go sonrach sa Rialachán sin.

35

Cé go leagtar síos le hAirteagail 16 agus 20 den Rialachán sin ceart an chosantóra ráiteas freasúra a thaisceadh i gcoinne an ordaithe íocaíochta Eorpaigh arna sheirbheáil air, lena gcomhchuibhítear roinnt gnéithe den cheart sin, amhail na ceanglais nós imeachta agus an tréimhse ina bhfeidhmeofar é, túsphointe na tréimhse sin agus na cásanna eisceachtúla ina bhféadfaidh an cosantóir, tar éis don tréimhse dul in éag, iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ar an ordú, ní rialaítear leis na hAirteagail sin ná le haon fhoráil eile den Rialachán sin gnéithe eile, amhail an bonn atá leis an tréimhse sin a bhriseadh nó a chur ar fionraí le linn di a bheith ar siúl. Dá bhrí sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán sin, tá sé de cheart ag na Ballstáit na gnéithe deireanacha sin a rialáil agus, ar an gcaoi sin, na gnéithe nós imeachta nach ndéileáiltear leo in Airteagail 16 agus 20 de Rialachán Uimh. 1896/2006 a fhorlíonadh.

36

É sin ráite, i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, ba cheart a shoiléiriú, cé gur faoi dhlíchóras náisiúnta gach Ballstáit atá sé, in éagmais rialacha an Aontais ar an ábhar, iad a bhunú, i gcomhréir le prionsabal an neamhspleáchais nós imeachta, nach mbíonn feidhm aige sin ach ar choinníoll nach lú fabhar iad na rialacha nós imeachta sin ná na cinn lena rialaítear cásanna intíre comhchosúla (prionsabal na coibhéise) agus nach bhfágann siad go bhfuil sé dodhéanta i gcleachtas nó ródheacair na cearta a thugtar le dlí an Aontais a fheidhmiú (prionsabal na héifeachtachta) (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Randstad Italia, C‑497/20, EU:C:2021:1037, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear).

37

Maidir le comhlíonadh phrionsabal na coibhéise, ar an gcéad dul síos, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go bhfuil feidhm gan idirdhealú ag mír 1(1) de dhlí na hOstaire maidir le COVID-19 i ndáil le gach teorainn ama do nósanna imeachta i gcásanna sibhialta, gan beann ar bhunús dlí na caingne i gceist. Ar an mbonn sin, faoi réir fhíorú na cúirte a rinne an tarchur, is cosúil go n‑áirithítear leis an reachtaíocht sin cóir chomhionann do nósanna imeachta maidir le hordú íocaíochta faoi dhlí náisiúnta agus do nósanna imeachta comhchosúla faoi Rialachán Uimh. 1896/2006.

38

Ar an dara dul síos, maidir le prionsabal na héifeachtachta, ní mór a mheas go gcomhlíontar rialacha náisiúnta nós imeachta an prionsabal sin i gcás nach mbaineann siad an bonn ón gcothromaíocht a cruthaíodh le Rialachán Uimh. 1896/2006 idir cearta an éilitheora agus an chosantóra faoi seach i nós imeachta maidir le hordú íocaíochta Eorpach. Go sonrach, comhlíontar an prionsabal sin le reachtaíocht náisiúnta a bhfuil d’éifeacht aici an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 16(2) den Rialachán sin chun cur i gcoinne ordú den sórt sin a bhriseadh sa chás gur chosúil go bhfuil údar maith leis mar gheall ar an gcuspóir urramú chearta cosanta an chosantóra a áirithiú gan é a dhéanamh ródheacair i gcleachtas na héilimh atá i gceist a aisghabháil go tapa agus go héifeachtach. Chuige sin, ní mór an t‑eatramh ama dá mbristear an tréimhse sin a theorannú don mhéid a bhfuil fíorghá leis.

39

Sa chás seo, níor bhain an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí an bonn ar bhealach ar bith ó na gnéithe a comhchuibhíodh le Rialachán Uimh. 1896/2006, dá dtagraítear i mír 35 thuas. Ní dhearnadh leis ach foráil a dhéanamh maidir le briseadh de thréimhse a bhí teorannaithe do chúig seachtaine nó mar sin de, a chomhfhreagair, mar a dheimhnigh Rialtas na hOstaire ag an éisteacht, don tréimhse inar cuireadh isteach go mór ar ghníomhaíochtaí breithiúnacha de thoradh dianghlasáil dhocht a forchuireadh sa chríoch náisiúnta mar gheall ar phaindéim COVID-19. Mar a luaigh an Coimisiún ina bharúlacha i scríbhinn, níor athbheodh leis an reachtaíocht sin, thairis sin, tréimhsí chun ráiteas freasúra a thaisceadh a bhí imithe in éag sular tháinig an reachtaíocht i bhfeidhm.

40

Faoi réir fhíorú na cúirte a rinne an tarchur, is cosúil, dá bhrí sin, nár cuireadh an aisghabháil éileamh siar leis na rialacha nós imeachta náisiúnta sin ach go ceann roinnt seachtainí, fad a caomhnaíodh leo go héifeachtach an ceart chun ráiteas freasúra a thaisceadh a leagtar síos in Airteagal 16 de Rialachán Uimh. 1896/2006, ceart atá bunriachtanach maidir leis an gcothromaíocht atá á saothrú ag reachtas an Aontais.

41

I bhfianaise an mhéid sin go léir, is é an freagra ar cheist na cúirte a rinne an tarchur go bhfuil Airteagail 16, 20 agus 26 de Rialachán Uimh. 1896/2006 le léiriú sa chaoi nach gcuirtear bac leo ar chur i bhfeidhm Rialacháin náisiúnta, arna ghlacadh tráth ráig phaindéim COVID-19 agus lenar cuireadh isteach ar na teorainneacha ama do nósanna imeachta i gcúrsaí sibhialta ar feadh cúig seachtaine nó mar sin de, i leith teorainn ama 30 lá inar féidir leis an gcosantóir ráiteas freasúra a thaisceadh in aghaidh ordú íocaíochta Eorpach de bhonn Airteagal 16(2) den Rialachán sin.

Costais

42

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Tríú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le hAirteagail 16, 20 agus 26 de Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta, arna leasú le Rialachán (AE) 2015/2421 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015,

 

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

 

ní chuirtear bac leo ar chur i bhfeidhm Rialacháin náisiúnta, arna ghlacadh tráth ráig phaindéim COVID-19 agus lenar cuireadh isteach ar na teorainneacha ama do nósanna imeachta i gcúrsaí sibhialta ar feadh cúig seachtaine nó mar sin de, i leith teorainn ama 30 lá inar féidir leis an gcosantóir ráiteas freasúra a thaisceadh in aghaidh ordú íocaíochta Eorpach de bhonn Airteagal 16(2) den Rialachán sin.

 

[Sínithe]


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.