TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA
MEDINA
arna tabhairt an 22 Meitheamh 2023 ( 1 )
Cás C-588/21 P
Public.Resource.Org, Inc.,
Right to Know CLG
v
an Coimisiún Eorpach
(Achomharc – Rochtain ar dhoiciméid na n-institiúidí – Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Caighdeáin chomhchuibhithe – Ceithre chaighdeán chomhchuibhithe arna nglacadh ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú – Diúltú rochtain a thabhairt – Eisceacht a bhaineann le leasanna tráchtála tríú páirtí a chosaint – Cosaint bunaithe ar chóipcheart – An smacht reachta)
|
1. |
Lena n-achomharc, iarrann Public.Resource.Org, Inc. agus Right to Know CLG (le chéile “na hachomharcóirí”), ar eagraíochtaí neamhbhrabúsacha iad arb é is príomhaidhm dóibh saor-rochtain ar an dlí a thabhairt do gach saoránach, breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Iúil 2021, Public.Resource.Org agus Right to Know v anCoimisiún (T-185/19, EU:T:2021:445) (“an breithiúnas atá faoi achomharc”) a chur ar ceal. Leis an mbreithiúnas, diúltaíodh dá gcaingean maidir le Cinneadh C(2019) 639 final ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2019 lenar diúltaíodh rochtain ar cheithre chaighdeán chomhchuibhithe theicniúla (“CCTanna”) arna nglacadh ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) (“an cinneadh atá faoi chonspóid”) toisc í a bheith gan bhunús. Leis an gcás seo, tugtar deis do Mhór-Dhlísheomra na Cúirte breith a thabhairt den chéad uair ar an gceist cé acu an féidir CCTanna – ar aithin an Chúirt a bheith mar chuid de dhlí an Aontais Eorpaigh agus go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu – a bheith faoi chosaint cóipchirt; agus, thairis sin, cé acu an gceanglaítear leis an smacht reachta agus le prionsabal na trédhearcachta agus leis an gceart chun rochtain ar dhoiciméid, mar a leagtar síos in Airteagal 15 CFAE, go mbeidh saor-rochtain gan táille ar CCTanna. |
I. Cúlra na díospóide
|
2. |
Rinne na hachomharcóirí iarraidh leis an gCoimisiún Eorpach, ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ( 2 ) agus Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ( 3 ), ar rochtain ar dhoiciméid atá ag an gCoimisiún (“an iarraidh ar rochtain”). Bhain an iarraidh ar rochtain le ceithre CCT a ghlac CEN, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ( 4 ), eadhon na caighdeáin: (i) “Sábháilteacht bréagán – Cuid 5: Bréagáin cheimice (foirne) seachas foirne turgnaimh”; (ii) “Sábháilteacht bréagán – Cuid 4: Foirne turgnaimh i gcomhair ceimice agus gníomhaíochtaí gaolmhara”; (iii) “Sábháilteacht bréagán – Cuid 12: N-nítreasaimíní agus substaintí N-nítreasáithithe”; agus (iv) “Modh le haghaidh cnaí agus creimeadh a ionshamhlú chun nicil arna scaoileadh ó ítimí brataithe a bhrath” (“na CCTanna a iarradh”). Tagraíonn CCT (i) go (iii) do Threoir 2009/48/CE ( 5 ) (“Treoir na mBréagán”) agus CCT (iv) do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ( 6 ). |
|
3. |
Le litir an 15 Samhain 2018, dhiúltaigh an Coimisiún, ar bhonn na chéad fhleisce d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001, géilleadh don iarraidh ar rochtain. Dheimhnigh an Coimisiún an diúltú sin leis an gcinneadh atá faoi chonspóid. |
|
4. |
Le Rialachán Uimh. 1025/2012, leantar leis an gcur chuige “Cur chuige nua rialála” maidir le comhchuibhiú teicniúil agus caighdeáin a forbraíodh in 1985, lena gcuirtear srian le hinneachar reachtaíochta do “c[h]eanglais bhunúsacha”, agus lena bhfágtar na mionsonraí teicniúla faoi CCT. Ní ainmnítear ann go foirmiúil ach trí Eagraíocht Eorpacha um Chaighdeánú (ESOnna) chun críoch CCTanna a leagan síos: CEN (atá freagrach as caighdeánú sa chuid is mó de na hearnálacha); Comité européen de normalisation électrotechnique (Cenelec, Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil), atá freagrach as caighdeánú i réimse na hinnealtóireachta leictrí; agus Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI), atá freagrach as caighdeánú i réimse na faisnéise agus na teileachumarsáide. |
II. Imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus an breithiúnas atá faoi achomharc
|
5. |
Leis an iarratas a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 28 Márta 2019, thionscain na hachomharcóirí caingean lena n-iarrtar an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní. Go bunúsach, líomhnaíodh leis an gcéad saincheist dlí a d’ardaigh na hachomharcóirí go ndearna an Coimisiún míléiriú agus/nó cur i bhfeidhm mícheart ar an gcéad fhleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001; agus líomhnaíodh leis an dara saincheist dlí gur sháraigh an Coimisiún an clásal deireanach d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001. Dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don dá shaincheist dlí agus dhíbh sí an chaingean. |
III. Measúnú
A. An chéad saincheist dlí – Earráid mheasúnaithe i gcur i bhfeidhm na heisceachta sa chéad fhleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001
1. An chéad bhrainse den chéad saincheist dlí – Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus cosaint cóipchirt do na CCTanna a iarradh á meas
(a) An chéad éileamh: Ní féidir CCTanna a chosaint le cóipcheart toisc gur cuid de dhlí an Aontais Eorpaigh iad
|
6. |
Áitíonn na hachomharcóirí, go bunúsach, gurb é earráid dlí na Cúirte Ginearálta nár aithníodh nach féidir na CCTanna a iarradh a chosaint faoi chóipcheart toisc gur cuid de dhlí an Aontais Eorpaigh iad agus go n-éilíonn an smacht reachta saor-rochtain ar an dlí. Áitíonn an Coimisiún agus na hidiragraithe (CEN agus na 14 idiragraí eile ag an gcéad chéim) gur chóir an t-achomharc a dhiúltú toisc é a bheith gan bhunús agus an argóint acu, go bunúsach, go bhfuil córas an Aontais Eorpaigh um chaighdeánú bunaithe ar aitheantas go bhfuil cóipcheart ag ESOnna ar CCTanna. |
(1) Réamhrá
|
7. |
Ag tús na Tuairime seo, is gá forbhreathnú a dhéanamh ar bhreithiúnais na Cúirte in Fra.bo, in James Elliott agus in Stichting ( 7 ), toisc gurb iad sin an cúlra den chás seo. |
|
8. |
Sa chéad áit, sa bhreithiúnas in Fra.bo (míreanna 27 go 32), d’aithin an Chúirt, go bunúsach, cé gur eintitis a rialaítear leis an dlí príobháideach iad, is féidir go bhfeidhmeoidh comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú agus deimhniú cumhachtaí poiblí agus, cé gur caighdeáin dheonacha de jure iad na caighdeáin theicniúla náisiúnta, is féidir go bhfuil éifeachtaí éigeantacha acu de facto. Is é sin toisc go mbeadh modhanna eile maidir le comhlíonadh reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh níos costasaí do tháirgeoirí, a mbeadh orthu infheistíocht a dhéanamh chun teacht ar mhodhanna lena bhféadfaí leibhéal cosanta atá coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal sna caighdeáin a áirithiú agus aird á tabhairt air nach mbeadh an toimhde chomhréireachta le ceanglais reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh ag gabháil le haon mhodh malartach comhlíonta. D’aithin an Chúirt go bhféadfadh caighdeán teicniúil a bheith éigeantach de facto (mír 30) agus rialaigh sí “[ní mór Airteagal 34 CFAE] a léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm aige maidir le gníomhaíochtaí caighdeánaithe agus deimhnithe comhlachta faoin dlí príobháideach, i gcás ina meastar leis an reachtaíocht náisiúnta go gcomhlíonann na táirgí a dheimhnigh an comhlacht sin an dlí náisiúnta agus go bhfuil sé d’éifeacht aige sin margú na dtáirgí nach bhfuil deimhnithe ag an gcomhlacht sin a shrianadh” (mír 32). |
|
9. |
Ar an dara dul síos, chinn an Chúirt sa bhreithiúnas in James Elliott (mír 40) go bhfuil CCTanna mar chuid de dhlí an Aontais Eorpaigh, i ngeall ar a n-éifeachtaí dlíthiúla. Chinn sí “tá [CCT] amhail an ceann atá faoi cheist sna príomhimeachtaí, a glacadh ar bhonn [Treorach] agus ar foilsíodh na tagairtí dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, mar chuid de dhlí an Aontais Eorpaigh, ós rud é gurb é trí thagairt d’fhorálacha caighdeáin den sórt sin a chinntear cé acu an bhfuil feidhm ag an toimhde [chomhréireachta] a leagtar síos sa [Treoir sin] maidir le táirge faoi leith”. Ina theannta sin, i gcomhréir le mír 42 den bhreithiúnas céanna, “cé gur féidir fianaise go gcomhlíonann táirge tógála na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos sa [Treoir sin] a thabhairt trí mhodhanna eile seachas cruthúnas gur comhlíonadh [CCT], ní féidir a thabhairt faoi cheist go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ag [CCT]” (cló iodálach curtha leis). Ar deireadh, leagadh síos i mír 43 den bhreithiúnas in James Elliott, “ní mór, ina theannta sin, a thabhairt faoi deara, cé go leagtar an cúram CCT den sórt sin a fhorbairt d’eagraíocht arna rialú ag an dlí príobháideach, is beart cur chun feidhme riachtanach é fós arna rialú go dian leis na ceanglais bhunriachtanacha arna sainiú sa Treoir sin, a thionscnaíonn agus a bhainistíonn an Coimisiún, agus a ndéanann sé faireachán air, agus tá a éifeachtaí dlíthiúla faoi réir réamhfhoilseachán ag an gCoimisiún dá thagairtí i sraith ‘C’ den [Iris Oifigiúil]” (cló iodálach curtha leis). Ní mór a thabhairt faoi deara, áfach, ó 2018 i leith, gurb í an tsraith “L” (don reachtaíocht) seachas an tsraith ‘C’ (faisnéis agus fógraí) a dheimhníonn go n-aithnítear CCTanna mar chuid de dhlí an Aontais Eorpaigh. |
|
10. |
Ar an tríú dul síos, sa bhreithiúnas in Stichting (míreanna 33 go 49), chinn Mór-Dhlísheomra na Cúirte go bhféadfar caighdeáin (sa chás sin, caighdeáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO)) a dhéanamh éigeantach. Chinn an Chúirt, go bunúsach, nach gá go leagtar amach mionsonraí teicniúla sa ghníomh reachtach agus, dá réir sin, ní dhearna sé difear do bhailíocht na Treorach sin nach raibh ach tagairt do chaighdeán ISO (ach ní an téacs iomlán) sa Treoir. I mír 48, áfach, chinn an Chúirt “i gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla [...], [ní fhéadfar] caighdeáin theicniúla arna mbunú ag comhlacht um chaighdeánú, amhail ISO, agus arna ndéanamh éigeantach le gníomh reachtach [de chuid an Aontais Eorpaigh] a fhorchur i gcoinne daoine aonair i gcoitinne ach amháin má fhoilsítear iad san [Iris Oifigiúil]”. |
|
11. |
Mar a mhíneoidh mé sa Tuairim seo, sna breithiúnais thuas, arna léamh i gcomhar lena chéile, i bhfianaise go bhforchuirtear le CCTanna oibleagáidí áirithe agus go bhféadfaidh an pobal i gcoitinne a n-éifeachtaí a agairt, tugtar bunús láidir don Chúirt breith a thabhairt ar na coinníollacha iomchuí chun rochtain a fháil ar CCTanna. Ag an am céanna, ní mór a thabhairt faoi deara nach gá go bhfuil feidhm ag an anailís seo maidir le cineálacha eile caighdeán arna leagan síos ag ESOnna. |
|
12. |
Ina theannta sin, is gá é a chur i dtreis gurb amhlaidh go bhfuil ceann de na ceithre CCT a iarradh – is é sin caighdeán (iv) i mír 2 den Tuairim seo – éigeantach go follasach, mar a d’aithin an Coimisiún ag an éisteacht. Is é sin toisc go bhforáiltear in iontráil 27 in Iarscríbhinn XVII le Rialachán Uimh. 1907/2006, maidir le nicil, “úsáidfear na caighdeáin arna nglacadh ag […] CEN [...] mar mhodhanna tástála ar mhaithe lena léiriú go gcomhlíonann na hearraí míreanna 1 agus 2” [Aistriúchán neamhoifigiúil] (cló iodálach curtha leis). Dá bhrí sin, tá an caighdeán a iarradh inchomparáide leis an gcaighdeán a bhí i gceist sa bhreithiúnas in Stichting (mír 30), a bhí éigeantach freisin toisc gur úsáideadh an téarma céanna i reachtaíocht an Aontais (“úsáidfear”). |
|
13. |
Maidir leis na trí CCT eile a iarradh atá faoi thrácht sa chás seo, foráiltear in aithris 2 de Threoir na mBréagán: “ní leagtar síos i dTreoir 88/378/CEE [ ( 8 )] […] ach na ceanglais bhunriachtanacha sábháilteachta i dtaca le bréagáin [...] Glacann […] CEN […] agus […] Cenelec […] na mionsonraí teicniúla i gcomhréir le Treoir 98/34/CE [ ( 9 )]... Agus comhlíonadh [CCTanna] leagtha síos mar sin, a fhoilsítear an uimhir thagartha san [Iris Oifigiúil], tugtar toimhde chomhréireachta le ceanglais Threoir 88/378/CEE. Léiríonn an taithí gur oibrigh na bunphrionsabail sin go maith in earnáil na mbréagán agus gur chóir iad a choimeád” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. |
|
14. |
Is deacair CCTanna a chur in aon chatagóir de dhlí an Aontais atá ann cheana, agus, dá bhrí sin, is gá tuilleadh anailís níos doimhne chun a chinneadh ar chóir go mbeadh saor-rochtain ar CCTanna gan táille agus/nó an féidir iad a chosaint le cóipcheart. Cé gur aithin an Chúirt cheana go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ag CCTanna, go bhfuil siad mar chuid de dhlí an Aontais agus go bhféadfaidh siad a bheith ceangailteach, níor thug sí aghaidh ar a nádúr féin. Is é príomh-shaincheist na n-achomharcóirí nach féidir CCTanna a chosaint faoi chóipcheart toisc gur cuid de dhlí an Aontais Eorpaigh iad agus go n-éilíonn an smacht reachta saor-rochtain ar an dlí. Dá bhrí sin, d’fhonn measúnú a dhéanamh an féidir glacadh leis an tsaincheist sin, is gá anailís a dhéanamh ar na gnéithe lena gcomhdhéantar CCTanna, amhail cén institiúid nó eintiteas a ghlacann CCTanna mar ghníomhartha atá mar chuid de dhlí an Aontais Eorpaigh, cén bunús dlí atá leis sin agus cén nós imeachta a ghlactar CCTanna ar a bhonn, cad go díreach iad na héifeachtaí dlíthiúla atá ag CCTanna agus cad é nádúr na ngníomhartha sin. |
|
15. |
Go deimhin, is gá scrúdú a dhéanamh ar tháinig forbairt ar CCTanna le himeacht ama sa chaoi gur gníomhartha dlíthiúla sui generis de dhlí an Aontais iad (gníomhartha Aontais Eorpaigh um chaighdeánú) a mhéid is bearta cur chun feidhme arna rialú go docht le reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh iad. D’aithin an Chúirt sa “bhreithiúnas in Short Selling” ( 10 ), mar shampla, nach mbunaítear le hAirteagail 290 agus 291 CFAE córas iata cur chun feidhme, agus gur féidir ionstraimí eile rialála a ghlacadh d’fhonn mionsonraí gníomhartha reachtaíochta a leagan síos. Dá bhrí sin, iarraim ar an gCúirt an deis seo a thapú agus soiléiriú a thabhairt, a bhfuil fíor-ghá leis, ar nádúr dlíthiúil ceart CCTanna agus ar a ról i ndlíchóras an Aontais Eorpaigh. |
(2) Nádúr CCT mar ghníomh dlí an Aontais Eorpaigh
(i) An institiúid nó an t-eintiteas a ghlacann CCTanna
|
16. |
Is é a áitím go príomha sa Tuairim seo ná gur chóir a mheas gur gníomhartha de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh iad CCTanna. Go deimhin, tá ról lárnach ag an gCoimisiún i gcóras an Aontais Eorpaigh um chaighdeánú, mar a bhunaigh reachtas an Aontais é. Measaim (mar a mheas an tAbhcóide Ginearálta Campos Sánchez-Bordona roimhe seo in James Elliott ( 11 )) gur chóir breathnú ar “[CCTanna] mar ‘ghníomhartha de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais’ chun críoch Airteagal 267 CFAE” agus, mar a mhíneoidh mé thíos, chun críoch dhlí an Aontais Eorpaigh go ginearálta agus rochtain ar dhlí an Aontais, go sonrach. |
|
17. |
Go deimhin, mar a mhínítear sa Tuairim in James Elliott, tá roinnt argóintí chun tacú leis an gconclúid sin: (a) ní fhéadfaidh treoracha ná rialacháin faoin gCur Chuige Nua difear a dhéanamh do dhlínse na Cúirte; (b) feidhmíonn an Coimisiún rialú suntasach ar an nós imeachta maidir le dréachtú CCTanna ag ESOnna; agus (c) tá oibriú na dtrí ESOnna (arb iad sin amháin na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú) faoi réir ghníomh an Aontais Eorpaigh. Dá réir sin, léireoidh mé gur chóir breathnú ar an gCoimisiún, i ndáiríre, mar an institiúid a ghlacann CCTanna (ós rud é nach bhfuil in ESOnna, i ndáiríre, ach comhlachtaí ullmhúcháin a bhfuil discréid theoranta acu) nó, ar aon nós, mar an institiúid atá freagrach as CCTanna a ghlacadh i gcomhar le ESOnna. |
|
18. |
Is fíor, agus é ag leanúint Thuairim an Abhcóide Ghinearálta Campos Sánchez-Bordona, gur luaigh an Tríú Dlísheomra den Chúirt in James Elliott“de réir an chásdlí, tá dlínse ag an gCúirt gníomhartha a léiriú, ar gníomhartha iad, cé gur ghlac comhlachtaí iad nach féidir cur síos a dhéanamh orthu mar ‘institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais’, atá fós, de réir a nádúir, ag cur chun feidhme nó ag cur i bhfeidhm gníomh de dhlí an Aontais” (mír 34). |
|
19. |
Mar a dúradh, i gceart, sa litríocht dhlíthiúil, ní chuirtear cosc ar an gcur chuige sa Tuairim sin le breithiúnas na Cúirte sa chás sin a mhéid “nár fhreagair an Chúirt an cheist ar cheart a mheas go dtagann [CCTanna] ón gCoimisiún, [agus] nach [ngníomhaíonn] ESO ach mar chomhlacht ullmhúcháin”. Is tábhachtach é, sa chás sin, nach raibh ar an gCúirt breith a thabhairt ar an gceist ar leor an rialú a rinne an Coimisiún chun freagracht deiridh as CCTanna a aistriú ó na ESOnna chuig an gCoimisiún agus an ndearnadh, i ndáiríre, i gcomhthéacs CCTanna, cumhachtaí áirithe an Choimisiúin a tharmligean chuig na ESOnna ( 12 ). |
|
20. |
I bhfianaise na mbreithnithe réamhráiteacha sin, measaim nach bearta cur chun feidhme simplí iad CCTanna arna dtionscnamh ag comhlacht faoin dlí príobháideach (ESO), ach – faoin gcóras Eorpach um chaighdeánú arna leagan síos ag reachtas an Aontais – ba chóir a mheas gur ghlac an Coimisiún iad nó, in aon chás, go bhfuil an institiúid sin freagrach as CCTanna a ghlacadh i gcomhar le ESOnna. |
|
21. |
Léiríonn Teachtaireacht le déanaí ón gCoimisiún go n-aithníonn an institiúid sin nádúr poiblí na hoibre a dhéanann ESOnna toisc nach mór do straitéis an Aontais Eorpaigh um chaighdeánú “croíluachanna daonlathacha an Aontais Eorpaigh agus leasanna a chur san áireamh, mar aon le prionsabail chomhshaoil agus shóisialta”, de bhrí go bhfuil leas straitéiseach suntasach ag baint le caighdeáin theicniúla don Aontas Eorpach. Aithnítear ann freisin go bhfuil gá le tuilleadh rialaithe fós ar CCTanna a aistriú ó ESOnna chuig an gCoimisiún, nuair a luaitear d’fhonn a áirithiú go gcuirfear leas an phobail san áireamh gur chóir an chumhacht a thabhairt don Choimisiún – trí ghníomhartha cur chun feidhme – sonraíochtaí coiteanna (doiciméid theicniúla mar mhalairt ar CCTanna arna n-ullmhú ag ESOnna) a ullmhú ( 13 ). |
|
22. |
Thairis sin, deimhnítear na breithnithe sin thuas leis an anailís ar an nós imeachta maidir le CCT a ghlacadh. |
(ii) Nós imeachta chun CCT a ghlacadh
|
23. |
Ar dtús, tionscnaítear CCT le hiarraidh ar chaighdeánú (“sainordú” an Choimisiúin don ESO). Is é an Coimisiún amháin, agus ní ESO ná aon eintiteas eile, a bhfuil an chumhacht aige iarraidh a dhéanamh go ndréachtófar CCT d’fhonn Treoir nó Rialachán faoi leith a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, téann an Coimisiún i dteagmháil leis an ESO ábhartha, a ghníomhaíonn ansin mar chomhlacht ullmhúcháin dá dtugtar an sainordú sin. Roghnaíonn an Coimisiún an ESO ar a gcuirfidh sé an cúram an dréacht-CCT a ullmhú de réir critéir dhochta i ndáil lena inneachar arna roghnú ag an gCoimisiún agus laistigh den spriocdháta arna shocrú aige. Tugtar mionsonraí maidir leis an sainordú sin agus áirítear amlíne shonrach chun an CCT a dhréachtú mar thaca le cur chun feidhme reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh ar leith. Tugaim faoi deara go n-áirítear critéir sa sainordú sin lena rialaítear dréachtú CCTanna agus gur gnách go mbíonn na critéir sin an-mhionsonraithe ( 14 ). Ní mór don ESO an Coimisiún a choinneáil ar an eolas faoin éabhlóid sa phróis dréachtaithe. |
|
24. |
Ba mhaith liom a lua i ndáil leis sin go bhfuil éifeachtaí forleathana ag an sainordú sin, ní hamháin go dtugtar an treoir is gá ann do ESOnna chun próiseas CCT a fhorbairt, ach, i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte in Anstar, ní mór CCTanna a léiriú i bhfianaise an tsainordaithe lena dtionscnaítear iad freisin ( 15 ). Maidir le hinneachar sainordaithe, ní fhéadfaidh an Coimisiún ach cúraimí teicniúla a tharmligean, agus ní mór dó staonadh ó aon discréid polaitiúil a tharmligean do ESOnna ( 16 ). |
|
25. |
Ar an dara dul síos, a luaithe a bheidh an dréacht-CCT críochnaithe, ní mór don ESO é a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus arís, is í an institiúid sin amháin atá cumhachtaithe chun measúnú comhoiriúnachta a dhéanamh d’fhonn a fhíorú an bhfuil an dréacht-CCT ag teacht leis an sainordú tosaigh. Tá trí fhoirm fhéideartha don mheasúnú sin, i gcomhréir leis an Vademecum. Is tábhachtach é gurb é sainphribhléid an Choimisiúin amháin é cé acu atá nó nach bhfuil toradh an mheasúnaithe ar an dréacht-CCT sásúil. Foráiltear sa Vademecum (lch. 9) “ní féidir a mheas go huathoibríoch riamh go gcomhlíonann sonraíochtaí arna soláthar ag ESOnna chun tacú le reachtaíocht an Aontais an sainordú tosaigh, toisc gur freagracht pholaitiúil é sin. Ina cháil mar údarás iarrthach, beidh ar an gCoimisiún comhlíonadh na hiarrata tosaigh a mheas i gcónaí, i gcomhar le ESOnna [...] sula gcinneann sé tagairtí do chaighdeán a soláthraíodh a fhoilsiú san Iris Oifigiúil”. |
|
26. |
Ar an tríú dul síos, ní bheidh an caighdeán arna dhréachtú ag ESO faoi dhlúthmhaoirseacht ón gCoimisiún ina CCT ach amháin agus ag an tráth a fhoilsíonn an Coimisiún tagairt don chaighdeán sin san Iris Oifigiúil. Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil an dréacht-CCT ag teacht a dhóthain leis an sainordú, iarrann sé ar an ESO ábhartha é a leasú nó déanann sé foilsiú an tagartha don dréacht-CCT nó cuid de a tharraingt siar ón Iris Oifigiúil. Ina theannta sin, tá discréid ESO teoranta níos mó fós le cumhacht Pharlaimint na hEorpa agus na mBallstát agóid a ardú in aghaidh an dréacht-CCT. |
|
27. |
Ar deireadh, ní hamháin go ndéanann an Coimisiún dlúthmhaoirseacht ar dhréachtú CCTanna, cuireann sé maoiniú suntasach (suas go 35 % de bhuiséad CEN) ar fáil freisin. Rialaítear an comhar leis an gCoimisiún le comhaontú i bhfoirm treoirlínte ginearálta áirithe a ndéantar athnuachan orthu go tréimhsiúil agus lena gcuirtear béim ar thábhacht an chaighdeánaithe do bheartas na hEorpa agus do shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí ( 17 ). |
|
28. |
Is ag an gCoimisiún a thosaíonn an saolré ó thaobh CCTanna a chruthú agus a ghlacadh, agus is ag an gCoimisiún a chríochnaíonn sé. Cé go n-ullmhaíonn ESO an dréacht-chaighdeán, is amhlaidh fós nach cuid de dhlí an Aontais Eorpaigh é go dtí go bhfoilsíonn an Coimisiún an tagairt dó san Iris Oifigiúil. Dá réir sin, is é an Coimisiún a dhéanann an doiciméad ullmhúcháin sin a thiontú ina ghníomh atá mar chuid de dhlí an Aontais Eorpaigh. |
|
29. |
Go deimhin, mar a aithnítear go forleathan sa litríocht dhlíthiúil ( 18 ), “tá teicníc níos casta i gceist leis an ‘[g]Cur Chuige Nua” faoi dhlí an Aontais. Dar le roinnt tráchtairí, ina leagan reatha, arna leagan síos i Rialachán Uimh. 1025/2012, tá sé tagtha faoi réim an dlí ar bhonn níos láidre sa chaoi nach féidir le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh a shéanadh go ndéanann siad inneachar CCTanna a rialú” ( 19 ). |
|
30. |
Mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta Campos Sánchez-Bordona cheana, “is léir ón gceart atá ag na Ballstáit agus ag Parlaimint na hEorpa agóidí foirmiúla a thaisceadh agus ón ngníomh arna ghlacadh ag an gCoimisiún roimh [t[h]agairtí do CCTanna] a fhoilsiú gur tarmligean ‘rialaithe’ reachtaíochta atá i gceist sa chás seo i bhfabhar comhlacht príobháideach um chaighdeánú” (mír 55). Ina theannta sin, “léirítear go follasach gur comhlacht príobháideach é CEN agus caighdeáin neamh-chomhchuibhithe á leagan síos aige, ach [...] glacann CEN cur chuige difriúil nuair is é is cuspóir dá ghníomhaíochtaí sainorduithe arna dtabhairt [dó] ag an gCoimisiún a chur i gcrích d’fhonn [CCTanna] a dhréachtú” (féach mír 56 den Tuairim) ( 20 ). |
|
31. |
Ina theannta sin, dála gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, rialaítear sainorduithe caighdeánaithe an Choimisiúin leis an Rialachán um Choisteolaíocht freisin ( 21 ), d’fhonn leibhéal comhchosúil grinnscrúdaithe ó na Ballstáit agus ó Pharlaimint na hEorpa a chinntiú. |
|
32. |
Ina dhiaidh sin, is gá éifeachtaí dlíthiúla CCTanna a scrúdú. |
(iii) Éifeachtaí CCTanna
|
33. |
Ag an tús, tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir gnáthchaighdeáin nó caighdeáin neamh-chomhchuibhithe, atá deonach agus nach bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu per se, agus CCTanna. Is cineál sonrach de chaighdeán teicniúil iad CCTanna óna thaobh seo de: (a) is cuid de dhlí an Aontais Eorpaigh iad; (b) tagraítear dóibh i reachtaíocht éigeantach an Aontais Eorpaigh nó, in aon chás, is bearta cur chun feidhme riachtanacha don reachtaíocht sin iad, mar a pléadh thuas, agus (c) tá éifeachtaí tábhachtacha dlíthiúla acu de réir dhlí an Aontais Eorpaigh, mar a léireofar thíos. De réir an Vademecum (lch. 8), “tacaíonn [CCTanna] le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais Eorpaigh”, ach i ndáiríre tá i bhfad níos mó i gceist leo ná “cúnamh” amháin. Is amhlaidh go bhfuil siad sár-riachtanach chun reachtaíocht thánaisteach ábhartha an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme i gceart. |
|
34. |
Is iad seo a leanas na héifeachtaí atá acu. Glactar CCTanna bunaithe ar an nós imeachta arna leagan síos ag reachtas an Aontais Eorpaigh i Rialachán Uimh. 1025/2012 agus gabhann an toimhde chomhréireachta rí-thábhachtach le CCTanna, is é sin le rá, ciallaíonn comhlíonadh CCT faoi leith go gcomhlíontar ceanglais bhunúsacha na reachtaíochta tánaistí den Aontas Eorpach agus go ráthaítear saor-ghluaiseacht na n-earraí nó na seirbhísí lena mbaineann laistigh den Aontas Eorpach. |
|
35. |
I bhfianaise an mhéid sin thuas agus mar gheall ar an tagairt i ngach CCT don reachtaíocht thánaisteach chomhfhreagrach, atá luaite sa litríocht dhlíthiúil ( 22 ), is féidir teacht ar an gconclúid, cé gur ceapadh CCTanna ón tús mar shásra deonach chun na ceanglais bunriachtanacha a leagtar síos i reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh, gurb amhlaidh gur aithin na Cúirteanna gur féidir go bhfuil éifeachtaí éigeantacha acu ( 23 ). |
|
36. |
Stricto sensu, foráiltear le Rialachán Uimh. 1025/2012 go bhfuil CCTanna deonach, a mhéid a bhfuil modhanna malartacha ag oibreoirí eacnamaíochta (ar a laghad go teoiriciúil) chun comhlíonadh na gceanglas bunúsacha faoin reachtaíocht thánaisteach ábhartha a léiriú. Mar sin féin, mar a mhínítear thuas, ar cheann de na príomhthréithe atá ag CCTanna tá an éifeacht dhlíthiúil atá ag an toimhde chomhréireachta. Fágann sin gur uirlis bhunriachtanach iad CCTanna, go háirithe, le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha d’fhonn leas a bhaint as an gceart chun saorghluaiseachta ós rud é, má chomhlíonann siad ceanglais CCTanna, go bhfaigheann siad an éifeacht dhlíthiúil sin agus go bhféadfaidh na hearraí agus na seirbhísí ábhartha dul i saorchúrsaíocht laistigh de mhargadh an Aontais Eorpaigh. |
|
37. |
I bhfocail eile, ar chomhlíonadh CCTanna, tugtar toimhde chomhréireachta don mhonaróir nó don soláthróir seirbhíse agus ó thaobh dliteanais de – i gcás fadhbanna gaolmhara, taismí nó dlíthíocht – féadfaidh an monaróir nó an soláthróir seirbhíse brath ar an toimhde sin: go deimhin, sa chás sin, is é an dualgas cruthúnais ar an monaróir nó ar an soláthróir seirbhíse comhlíonadh an CCT ábhartha amháin a léiriú agus is faoin bpáirtí freasúra atá sé (tomhaltóir nó iomaitheoir) an toimhde sin a bhréagnú. |
|
38. |
Bíonn éifeachtaí tábhachtacha dlíthiúla den sórt sin ina gcúis le deacrachtaí praiticiúla agus neamhchothroime idir na páirtithe. Cé go mbaineann toimhde ríthábhachtach chomhréireachta le comhlíonadh CCTanna, níl aon saor-rochtain orthu. Fágann sin go bhfuil sé dúshlánach don phobal i gcoitinne CCTanna a rochtain agus d’oibreoirí eacnamaíocha agus don phobal i gcoitinne araon measúnú a dhéanamh agus fíor-úsáid a bhaint as aon roghanna malartacha ar CCTanna d’fhonn ceanglais bhunriachtanacha na reachtaíochta tánaistí a chomhlíonadh. |
|
39. |
Tá an cás seo cosúil leis an gcás inar tugadh an breithiúnas in Stichting. Sa chás sin, d’iarr an chúirt náisiúnta ar an gCúirt breith a thabhairt ar bhailíocht Treorach i bhfianaise phrionsabal na trédhearcachta, nuair a ionchorpraíodh sa Treoir sin – trí thagairt – caighdeán ISO nach raibh saor-rochtain air. Sa chás sin, chinn an Chúirt go n-éilíonn prionsabal na deimhneachta dlíthiúla go bhfoilseofar dlí an Aontais Eorpaigh sula bhféadfaidh an dlí sin a bheith éifeachtach i gcoinne daoine nádúrtha agus dlítheanacha. Tá an bhreith sin bunaithe ar an mbonn tuisceana, áfach, nach ndearnadh aon fhoráil sa Treoir sin do shrian maidir le rochtain ar dhoiciméid faoi Rialachán Uimh. 1049/2001. Thug an Chúirt faoi deara go leagtar oibleagáidí ar dhaoine dlítheanacha i gcás chaighdeáin ISO a ionchorprú sa Treoir, toisc go bhféadfadh siad na caighdeáin sin a rochtain trí eagraíochtaí náisiúnta um chaighdeánú. Maidir le daoine nádúrtha, áfach, rialaigh sí i mír 48 den bhreithiúnas sin go n-éilítear le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla nach mbeidh caighdeáin theicniúla arna gcinneadh ag comhlacht um chaighdeánú, amhail ISO, agus a dhéantar éigeantach trí ghníomh reachtach an Aontais Eorpaigh, ceangailteach ar an bpobal i gcoitinneach amháin sa chás gur foilsíodh na caighdeáin féin san Iris Oifigiúil (seachas tagairt amháin). Go deimhin, is amhlaidh i gcás den sórt sin nach féidir leis an bpobal i gcoitinne a bheith ar an eolas faoi na modhanna chun astaíochtaí ó tháirgí tobac a thomhas, mura bhfuil rochtain acu ar na caighdeáin sin. |
|
40. |
Mar shampla, sa chás seo, ní shonraítear sna ceanglais bhunriachtanacha le haghaidh sábháilteacht bréagán in Iarscríbhinn II le Treoir na mBréagán (“Ceanglais sábháilteachta shonracha”), Cuid II (“Inadhainteacht”), pointe 3 ach nach mór do “bhréagáin seachas caidhpeanna cnagtha bréagán gan bheith pléascach ná eilimintí ná substaintí a bheith iontu a d’fhéadfadh pléascadh nuair a úsáidtear iad mar a shonraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 10(2)” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. Mar a luaigh na hachomharcóirí, áfach, ní féidir teacht ar an liosta substaintí agus an chainníocht uasta a cheadaítear i bhfoirne ceimice, lena mbaineann toimhde chomhréireachta leis na ceanglais bhunúsacha, ach trí bhreathnú ar an CCT ábhartha. |
|
41. |
I bhfocail eile, ní leagtar amach sa Treoir agus sna ceanglais bhunriachtanacha ach an toradh atá le baint amach, ach ní na modhanna chun an toradh sin a fháil. Léiríonn sin, go bhfuil sé dodhéanta, i gcleachtas, ar dhuine nádúrtha nó dlíthiúil comhlíonadh táirge leis na ceanglais bhunriachtanacha a scrúdú mura bhfuil rochtain acu ar an CCT ábhartha. |
|
42. |
Nuair a ghlacann monaróir (nó soláthróir seirbhíse) an riosca agus go gcuireann sé táirge (nó seirbhís) ar an margadh nach gcomhlíonann CCT, is é an toradh atá air sin nach dtéann an toimhde go gcomhlíontar ceanglais bhunriachtanacha reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh chun tairbhe don táirge ná don mhonaróir (ná don tseirbhís agus an soláthróir). Fágann sin, i gcás dlíthíochta, gur ar an monaróir nó ar an soláthróir seirbhíse a bhfuil an dualgas cruthúnais gurb amhlaidh gur chomhlíon an táirge reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh is infheidhme. I mo thuairimse, is léir go bhfágann sin de facto go mbeidh monaróirí nó soláthróirí seirbhíse i gcónaí ag iarraidh CCT a chomhlíonadh toisc nach mbeadh aon mhonaróir nó soláthróir seirbhíse réasúnach toilteanach iad féin a nochtadh don riosca mór tráchtála sin agus glacadh le dualgas den sórt sin. |
|
43. |
I bhfocail eile, má chomhlíontar CCT, beidh toimhde ann go gcomhlíontar ceanglais bhunriachtanacha reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh, rud a chiallaíonn, ansin, go mbaineann an éifeacht chéanna le CCT agus a bhaineann le riail éigeantach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag iarraidh an toimhde i ndáil le táirge nó seirbhís ar leith a bhréagnú. Ciallaíonn sin go bhfuil tionchar díreach ar an dualgas cruthúnais nuair a bhraitear ar CCT. |
|
44. |
Dá bhrí sin, tá éifeachtaí dlíthiúla ann, do mhonaróirí agus soláthróirí seirbhíse agus do dhuine a dhéanann agóid i gcoinne na toimhde, a bhaineann le comhlíonadh CCT – fiú i gcás nach bhfuil an CCT (do na trí CCT de Threoir na mBréagán atá faoi thrácht anseo) éigeantach go foirmiúil agus go teoiriciúil. |
|
45. |
Deimhnítear le staidéar a choimisiúnaigh an Coimisiún go bhfuil CCTanna éigeantach de facto agus gurb iad, go ginearálta, an t-aon mhodh inghlactha sa mhargadh chun comhlíonadh reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh faoi seach: “Go praiticiúil tá [CCTanna] nach mór éigeantach don chuid is mó de na gníomhairí eacnamaíocha”. Ina theannta sin, léiríonn an staidéar céanna go bhfuil praghas CCT ar cheann de na bacainní is mó lena n-úsáid éifeachtach ( 24 ). |
|
46. |
Go deimhin, tugtar cearta do dhaoine aonair le ceanglais bhunriachtanacha reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh, ar féidir iad a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú faoi dhlí an Aontais Eorpaigh ( 25 ). Ní féidir na ceanglais bhunriachtanacha i reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh a ghlacadh ina n-aonair, áfach, ós rud é, i gcleachtas, go bhfuil sé dodhéanta comhlíonadh táirge nó seirbhíse a dheimhniú gan tagairt don CCT comhfhreagrach. Sa chaoi sin, ní féidir leis an bpobal a gcearta i gcoinne monaróra nó soláthróir seirbhíse faoin reachtaíocht thánaisteach sin a fheidhmiú mura féidir leo brath ar an CCT ábhartha. |
|
47. |
Dá réir sin, tá CCTanna fíor-riachtanach chun reachtaíocht thánaisteach chomhfhreagrach an Aontais a fhorfheidhmiú. D’aithin an Chúirt Ghinearálta go bhfuil CCTanna de facto éigeantach sa chás “Global Garden” (breithiúnas an 26 Eanáir 2017, GGP Italy v an Coimisiún, T-474/15, EU:T:2017:36, mír 67) agus d’aithin an Chúirt Bhreithiúnais an méid sin sa bhreithiúnas in Fra.bo. Sa bhreithiúnas sin, cinneadh “i gcleachtas, ceannaíonn nach mór gach tomhaltóir Gearmánach feistiú copair arna dheimhniú ag [comhlacht Gearmánach deimhnithe]” (mír 30). Mar a mhínigh an Chúirt sa bhreithiúnas sin freisin, is deacair é go ginearálta, mura bhfuil sé dodhéanta amach is amach ar oibreoirí eacnamaíocha teacht ar bhealach éigin eile seachas an caighdeán teicniúil, i bhfianaise an ama agus an chostais is gá ina leith sin. Tacaítear leis sin freisin ós rud é go n-íocann cuideachtaí as CCTanna. Ní léir dom cén fáth a n-íocfadh cuideachtaí ag gníomhú i dtimpeallacht iomaíoch as CCTanna mura mbeadh siad éigeantach de facto. Go deimhin, tá toimhde ag baint leis an gcóras caighdeánaithe iomlán den Aontas Eorpach, i bprionsabal, go n-úsáideann gach gníomhaire CCTanna. |
|
48. |
I mo thuairimse, ní bhaineann nádúr éigeantach de facto CCTanna leo féin a bheith ann amháin, ach freisin le heaspa roghanna malartacha réalaíocha. Tá tacaíocht láidir agus dreasacht ann chun CCTanna a fhorbairt go leanúnach. Mar thoradh ar an bpróiseas sin, tá teorainn le cumas na gcomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú chun malairt roghanna ar CCTanna a chur ar fáil (de bhrí go bhfuil oibleagáid orthu, thar aon rud eile, CCTanna a thrasuí gan aon athrú) agus is cosúil nach bhfuil aon dreasacht airgeadais ann do ghníomhairí príobháideacha eile dul san iomaíocht ar an margadh sin. Meastar sa chásdlí náisiúnta agus sa litríocht dhlíthiúil nach bhfuil sé réalaíoch an argóint a dhéanamh go bhfuil úsáid CCTanna deonach ( 26 ). |
|
49. |
Is léir ó na breithnithe thuasluaite go bhfuil CCTanna éigeantach de facto, a mhéid a bhfuil siad, ar a laghad ar fad, dosheachanta mar gheall ar an luach fianaiseach a ghabhann leo. |
|
50. |
É sin ráite, fiú dá dtiocfadh an Chúirt ar an gconclúid nach bhfuil CCTanna éigeantach de facto (quod non), measaim nach ndéanfadh sin difear do m’anailís – a mhéid a bhféadfadh sé gur leor a chinneadh – bíodh siad éigeantach nó neamhéigeantach stricto sensu – go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla soiléire ag CCTanna mar a tugadh dóibh faoi reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. |
|
51. |
Ar deireadh, a luaithe a thugtar CCTanna chun críche agus a fhoilsítear an tagairt dóibh san Iris Oifigiúil, ní mór do gach Ballstát gach CCT a ghlacadh – gan athrú – mar chaighdeán náisiúnta agus caighdeáin atá ag teacht salach air a tharraingt siar laistigh de shé mhí. I gcomhréir le hAirteagal 17 CAE, mar chaomhnóir Chonarthaí an Aontais Eorpaigh, “áiritheoidh [an Coimisiún] go gcuirfear i bhfeidhm na Conarthaí agus na bearta a ghlacfaidh na hinstitiúidí de bhun na gConarthaí [agus] maoirseoidh sé cur i bhfeidhm dhlí an Aontais”. Dá bhrí sin, áirithíonn an Coimisiún go bhfuil CCTanna lánéifeachtach agus más gá, tugann sé caingean mar gheall ar mhainneachtain in oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 258 CFAE. Go deimhin, shoiléirigh an Chúirt go sáraítear oibleagáid na mBallstát faoi seach chun dlí an Aontais a chur chun feidhme trí cheanglais bhreise a chur i bhfeidhm ar tháirgí a chumhdaítear le CCTanna ( 27 ). Rinne an Chúirt an rialú sin i dtaca le CCTanna féin agus ní i dtaca leis na ceanglais bhunriachtanacha atá sa reachtaíocht thánaisteach. Dá bhrí sin, éilítear ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil CCTanna lánéifeachtach, rud a chiallaíonn gur chóir do CCTanna a bheith in-fhorfheidhmithe ( 28 ). |
(3) Tionchar cheanglais an smachta reachta ar CCTanna
(i) Barúlacha ginearálta
|
52. |
Ar an gcéad dul síos, leanann sé ó Airteagal 2 CAE go n-éilíonn an smacht reachta saor-rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh le haghaidh gach duine nádúrtha agus dlítheanach san Aontas Eorpach. Tá sé bunaithe ar an bprionsabal bunúsach gur chóir go mbeadh an deis ag gach duine an dlí a bheith ar eolas acu agus go bhfuil sé de cheangal ar gach duine an dlí a urramú ( 29 ). Is é sin an fáth go bhforáiltear le hAirteagal 297 CFAE nach mór dlí an Aontais Eorpaigh a fhoilsiú san Iris Oifigiúil. |
|
53. |
Ar an dara dul síos, tagraíonn an Chúirt ina leith sin do phrionsabal na dlíthiúlachta ( 30 ) agus do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ( 31 ), agus éilítear leis an dara prionsabal sin go mbeidh eolas ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha ar an dlí. Ina leith sin, chinn an Chúirt cheana nach bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ag na rialacha sin ar dhaoine i gcás nár cuireadh na rialacha sin in iúl do thríú páirtithe trína bhfoilsiú ( 32 ). |
|
54. |
Ar an tríú dul síos, aithnítear an coincheap maidir le saor-rochtain ar an dlí trí phrionsabal na trédhearcachta ( 33 ). Is follasach nach féidir le dlí an Aontais a bheith éifeachtach ach más féidir é a fhorfheidhmiú. Mar a phléitear thuas, is é foilsiú an dlí a chinntíonn a infhorfheidhmitheacht.. Dá réir sin, mura bhfoilsítear CCTanna ní féidir iad a fhorfheidhmiú go hiomlán. Mar a deirtear i míreanna 33 go 51 den Tuairim seo, tá CCTanna mar chuid de dhlí an Aontais Eorpaigh agus tá éifeachtaí dlíthiúla atá sainithe go soiléir acu. Dá bhrí sin, leis an socrú reatha gan ach tagairt do CCT a fhoilsiú, agus ní an téacs iomlán, séantar ar an bpobal i gcoitinne gné bhunúsach maidir le dlí an Aontais a bheith éifeachtach agus infhorfheidhmithe. |
|
55. |
Dá bhrí sin, ní féidir seasamh leis an ráiteas i mír 107 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ar dá réir nár thug na hachomharcóirí bunús do “fhoinse bheacht ‘prionsabal bunreachtúil’ a d’fhágfadh go mbeadh saor-rochtain gan táille ar [CCTanna]”. |
|
56. |
Ina theannta sin, chinn an Chúirt in Skoma-Lux gur chóir do dhlí an Aontais a bheith inrochtana do shaoránaigh an Aontais: “I gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ní mór do rialacha an Aontais Eorpaigh a chur ar chumas na ndaoine lena mbaineann raon feidhme na n-oibleagáidí a bhfuil siad faoina réir a aithint go beacht, rud nach féidir a áirithiú ach trí fhoilsiú cuí na rialacha sin i dteanga oifigiúil an tseolaí”. Ar an mbonn sin, tháinig an Chúirt ar an gconclúid nach bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ag Rialacháin ná Treoracha an Aontais Eorpaigh maidir le daoine aonair mura bhfoilsítear iad san Iris Oifigiúil i dteanga Bhallstáit, “cé go bhféadfadh na daoine sin a bheith ar an eolas faoin reachtaíocht sin trí bhealaí eile” ( 34 ). Mar sin, mar a mhíneoidh mé thíos, is léir nach bhfuil rochtain íoctha ar CCTanna ná rochtain trí leabharlanna roghnaithe áirithe ná cúpla “pointe faisnéise” ( 35 ) – contrártha don dearcadh atá ag an gCúirt Ghinearálta (míreanna 103 agus 107 den bhreithiúnas atá faoi achomharc) – oiriúnach agus nach leor iad chun a áirithiú go ndéanfar an smacht reachta a urramú. |
|
57. |
Go deimhin, mar a luaigh, mar shampla, An Chomhairle Eorpach “tá prionsabal na deimhneachta dlíthiúla fíor-riachtanach ó thaobh muinín sa chóras breithiúnach agus sa smacht reachta [...] Tá sé fíor-riachtanach freisin ar mhaithe le socruithe táirgiúla gnó ionas gur féidir forbairt agus dul chun cinn eacnamaíoch a chur chun cinn [...] Chun an mhuinín sin a bhaint amach, ní mór don Stát rochtain éasca a thabhairt ar théacs an dlí” ( 36 ). |
|
58. |
Dá bhrí sin, ní mór measúnú a dhéanamh an gceanglaítear le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla saor-rochtain gan táille a thabhairt ar CCTanna nó an féidir coinníollacha áirithe rochtana a fhorchur. |
(ii) Raon feidhme rochtana ar CCTanna atá iomchuí sa chás seo
|
59. |
Ag an tús, ba mhaith liom a lua, cé go bhfuil an Coimisiún ag iarraidh an status quo a chaomhnú sa chás seo, ag an am céanna, mhaígh an institiúid sin le déanaí i Straitéis an Aontais Eorpaigh um Chaighdeánú, 2022, gur “chóir do [ESOnna] breithniú a dhéanamh ar shaor-rochtain ar chaighdeáin agus doiciméid eile. Tá an Coimisiún réidh le tabhairt faoi idirphlé cuiditheach le [ESOnna] trí na fóraim atá ann chun cuidiú leo an cuspóir sin a bhaint amach” (féach mír 21 den Tuairim seo). |
|
60. |
Leanann sé ó thraidisiúin dhlíthiúla na mBallstát “go n-éilíonn prionsabal an smachta reachta go ginearálta go bhfógrófar rialacha dlíthiúla arna n-achtú go foirmiúil. Is é an aidhm atá i gceist ná iad a chur ar fáil don phobal sa chaoi go bhféadfaidh na daoine lena mbaineann eolas iontaofa a fháil ar a n-inneachar. Níor chóir go ndéanfaí é míréasúnta deacair leas a bhaint as an bhféidearthacht sin ach an oiread” ( 37 ). |
|
61. |
Aontaím le hargóint na n-achomharcóirí gur chóir go bhféadfadh saoránaigh tairbhiú de ghníomh, a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige, atá mar chuid de dhlí an Aontais – amhail CCTanna – agus dá bhrí sin, ar chóir go bhféadfaí é a fhorfheidhmiú. Go deimhin, is leor tagairt do na fíorais a bhí i gceist sa bhreithiúnas in James Elliott inar ardaíodh an cheist maidir le léiriú CCTanna i gcomhthéacs caingean phríobháideach maidir le táirgí foirgníochta lochtacha. De bhrí go bhfuil fíor-éifeachtaí dlíthiúla ag CCTanna ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, ceanglaítear leis an smacht reachta go mbeidh rochtain ag na daoine sin ar CCTanna. Go deimhin, de bhrí go seasann CCTanna do leas an phobail agus go bhfuil ról acu atá coibhéiseach, ó thaobh feidhme de, do rialacha dlí, ní mór inbhreithnitheacht na rialacha sin (agus, dá réir sin, a n-inrochtaineacht) a oiriúnú dá réir sin ( 38 ). |
|
62. |
Is cosúil go bhfuil claonadh ar an gcuid is mó de na Ballstáit (seachas Éire agus an t-iar-Bhallstát, an Ríocht Aontaithe) téacsanna oifigiúla a eisiamh ó chosaint cóipchirt. Tá staid dhifriúil ann maidir le cosaint cóipchirt le haghaidh caighdeáin náisiúnta. Mar a mhínigh mé i mír 33 den Tuairim seo, i bhfianaise a róil shainiúil faoi dhlí an Aontais, tá CCTanna go hiomlán difriúil ó chaighdeáin náisiúnta. |
|
63. |
Léirítear go láidir sna breithiúnais in James Elliott agus in Stichting go bhfuil gá le CCTanna a fhoilsiú go hoifigiúil (luadh é sin sa litríocht dhlíthiúil chomh maith); murach sin, bheadh teorainn thromchúiseach ar éifeachtacht tagairtí reachtacha do rialacha den sórt sin, ós rud é nach bhfuil siad infhorfheidhmithe i gcoinne daoine aonair i gcoitinne agus i gcoinne gnóthas nach raibh rochtain éifeachtach acu ar CCTanna. Go deimhin, ní fhéadfaidh cur ar fáil CCTanna taobh thiar de bhalla íocaíochta teacht in ionad na hoibleagáide iad a fhoilsiú san Iris Oifigiúil choíche. Is fíor sin fiú i gcás gnóthais mhóra, toisc go mbaineann na rialacha sin lena gcustaiméirí, sa deireadh thiar, arb iad na fíorsheolaithe, i ndáiríre: cén chaoi a bhféadfadh saoránach a bheith cinnte ar mhonaraigh gnóthas a tháirge nó ar sholáthair sé seirbhís i gcomhréir le CCTanna, mura féidir leis an saoránach sin a bheith ar an eolas faoi inneachar an CCT sin? Ní féidir a bhaint de shaoránach an fhéidearthacht go mbeidh eolas air “go hoifigiúil” ar shubstaint CCTanna a d’fhéadfadh dul i gcion air, go díreach nó go hindíreach ( 39 ). |
|
64. |
Leis an nasc idir CCTanna agus an reachtaíocht thánaisteach, is gá go dtugtar CCTanna faoi raon feidhme na ndualgas poiblí, a mhéid atá siad ina gcomhlánú fíor-riachtanach (nó “a bhfuil gá leo”) ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach dhlí tánaisteach an Aontais Eorpaigh (agus, dá réir sin, go gcuirtear le cruthú éifeachtach mhargadh inmheánach an Aontais Eorpaigh). Ós rud é go gcuireann ESOnna dualgais phoiblí i gcrích (is é sin, forbairt CCTanna mar chomhlánú ar reachtaíocht an Aontais), d’fhéadfadh na heagraíochtaí sin um chaighdeánú, i gcás inarb iomchuí, luach saothair a fháil ó chistí poiblí chun na cúraimí poiblí sin a chur i gcrích (mar is amhlaidh cheana, go páirteach, i bhfianaise mhaoiniú an Choimisiúin do na trí ESOnna sin) ( 40 ). |
|
65. |
Is léir ón méid sin go n-éilíonn an smacht reachta go mbeidh saor-rochtain ar CCTanna gan táille. Ba chóir CCTanna a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, mar ghníomhartha um chaighdeánú atá mar chuid de dhlí an Aontais Eorpaigh, lena gcuirtear chun feidhme reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh, agus a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu, d’fhonn a n-infhorfheidhmitheacht agus inrochtaineacht a áirithiú. |
(4) Mar chuid de dhlí an Aontais, ní féidir CCTanna a chur faoi chosaint cóipchirt
|
66. |
I bhfianaise an phointe thuas, is í an cheist atá fágtha ná conas an chonclúid sin a réiteach leis an bhfíoras go bhfuil CCTanna faoi chosaint cóipchirt, faoi na socruithe conarthacha atá ag an gCoimisiún agus ESOnna. |
|
67. |
Go deimhin, tá an argóint a rinne CEN agus an Coimisiún go bhfuil rochtain ar na CCTanna a iarradh dodhéanta mar gheall ar an gcosaint sin ag brath air an nglactar leis gur féidir CCTanna a chur faoi chosaint cóipchirt faoi dhlí an Aontais Eorpaigh. |
|
68. |
Tá feidhm ag an méid a luaigh mé i dtaca leis an gcéad argóint, mar a leagtar amach i mír 20 (gur chóir a mheas gur ghlac an Coimisiún CCT), mutatis mutandis fiú dá dtiocfadh an Chúirt ar an gconclúid nár chóir breathnú ar CCTanna mar “g[h]níomhartha de chuid institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais”. Is é sin toisc, chun críoch dhlí an Aontais i gcoitinne agus rochtain ar dhlí an Aontais go sonrach, is amhlaidh fós go bhfuil CCTanna mar chuid de dhlí an Aontais agus, i bhfianaise a róil fhíor-riachtanaigh i gcur chun feidhme reachtaíocht thánaisteach éigeantach an Aontais Eorpaigh agus a n-éifeachtaí dlíthiúla, ba chóir, i bprionsabal, nach mbeadh cosaint cóipchirt ag dul dóibh. |
|
69. |
Dá bhrí sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a theip uirthi déileáil leis an tsaincheist sin agus nach ndearna sí measúnú an féidir leis an dlí (agus CCT mar ghníomh atá mar chuid de dhlí an Aontais Eorpaigh) a chur faoi chosaint cóipchirt ar chor ar bith. Ní dhearna sí ach tagairt don bhreithiúnas in James Elliott agus líomhain sí nár dhearbhaigh an Chúirt go raibh an córas reatha maidir le foilsiú CCTanna neamhbhailí (cé nach raibh sin i gceist sa chás sin). Níor fhreagair an Chúirt Ghinearálta an cheist chinntitheach an féidir gníomh atá mar chuid de dhlí an Aontais a chur faoi chosaint cóipchirt. |
|
70. |
Ba chóir a thabhairt faoi deara, murab ionann agus an méid a dúirt an Coimisiún agus na hidiragraithe, ní féidir a mheas go bhfuil Rialachán Uimh. 1025/2012 ina bhunús le haghaidh chosaint cóipchirt CCTanna. Níl aon fhoráil sa Rialachán sin lena suitear gur féidir CCTanna a chur faoi chosaint cóipchirt. Dá mba rud é gur mheas reachtas an Aontais Eorpaigh go bhféadfadh CCTanna a bheith faoi réir cosaint den sórt sin, bheadh foráil curtha isteach aige chuige sin sa Rialachán nó ar laghad bheadh sé sin luaite in aithris. |
|
71. |
Dá bhrí sin, níl feidhm ag an eisceacht sa chéad fhleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001 – ar a bhunaigh an Chúirt Ghinearálta an breithiúnas atá faoi achomharc agus, dá réir sin, a dhiúltaigh sí rochtain ar na CCTanna a iarradh a thabhairt – i gcomhthéacs an cháis seo. Dá bhrí sin, tá an breithiúnas sin curtha ó bhail le hearráid dlí agus ní mór é a chur ar ceal. |
(b) An dara héileamh den chéad bhrainse den chéad saincheist dlí: fiú dá bhféadfaí CCTanna a chur faoi chosaint cóipchirt, tá tosaíocht ag saor-rochtain ar an dlí thar chosaint cóipchirt
|
72. |
Mar mhalairt air sin, áitíonn na hachomharcóirí, go bunúsach, fiú dá bhféadfaí CCTanna a chur faoi chosaint cóipchirt, ní mór do shaor-rochtain ar an dlí tosaíocht a bheith aici thar chosaint cóipchirt. |
|
73. |
Ag an tús, tugaim faoi deara go n-aithnítear le Rialachán Uimh. 1049/2001 féin an coincheap maidir le saor-rochtain ar an dlí agus foráiltear ina aithris 6 “gur chóir rochtain dhíreach a thabhairt ar dhoiciméid a oiread is féidir [...] i gcás ina bhfuil na hinstitiúidí ag gníomhú ina gcáil reachtach, lena n-áirítear faoi chumhachtaí tarmligthe” [Aistriúchán neamhoifigiúil] (cló iodálach curtha leis). |
|
74. |
Ina theannta sin, tá an breithiúnas atá faoi achomharc contrártha do phrionsabal na trédhearcachta agus cásdlí socair na Cúirte Breithiúnais. Deimhnigh an Chúirt, ina suí di mar Chúirt Iomlán, an tábhacht a bhaineann leis an bprionsabal sin, mar shampla, sa phróiseas reachtach ar dá réir gur chóir na doiciméid atá mar chuid den phróiseas sin a chur ar fáil go poiblí, i bprionsabal. Mheabhraigh an Chúirt go ndéantar trédhearcacht agus oscailteacht an phróisis reachtaigh a mhéadú trí na doiciméid a úsáidtear sa phróiseas sin a nochtadh agus go ndéantar ceart na saoránach Eorpach chun scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhí mar bhunús le gníomh reachtach a neartú. Go deimhin, ní thagann fiú tuairimí sheirbhísí dlí institiúidí an Aontais Eorpaigh a bhaineann le próiseas reachtach laistigh de raon feidhme an ghá ghinearálta le rúndacht agus thug an Chúirt dá haire go bhforchuirtear le Rialachán Uimh. 1049/2001, i bprionsabal, oibleagáid chun iad a nochtadh ( 41 ). Ba chóir don Chúirt treoir a fháil ó thábhacht phrionsabal na trédhearcachta i dtaca le CCTanna. |
|
75. |
Ina theannta sin, sa bhreithiúnas in Stichting (míreanna 40 go 42 agus 73), d’aithin an Chúirt gur gá an dlí a phoibliú agus thug sí dá haire nach bhfuil caighdeáin ceangailteach ar an bpobal mura bhfuil siad foilsithe san Iris Oifigiúil. |
(1) Níor cheart na ceithre CCTanna a iarradh a bheith faoi chosaint cóipchirt (de bharr easpa “úrnuachta”)
|
76. |
Cé nach bhfuil an tAontas Eorpach ina shínitheoir le Coinbhinsiún Bheirn ( 42 ), d’aontaigh sé a bheith faoi réir Airteagail 1 go 21 den Choinbhinsiún sin ( 43 ). Is léir ó Airteagal 2(4) den Choinbhinsiún sin, nach bhfuil “téacsanna oifigiúla de chineál reachtach, riaracháin nó breithiúnach” faoi chosaint cóipchirt go huathoibríoch. Seachas sin, “is sa reachtaíocht sna tíortha d’Aontas [Bheirn] a dhéanfar an chosaint atá le deonú do théacsanna oifigiúla [den sórt sin] a chinneadh, agus d’aistriúcháin oifigiúla ar na téacsanna sin”. |
|
77. |
Ní fhoráiltear le dlí an Aontais go sainráite an féidir téacsanna dlíthiúla nó gardhlíthiúla ó institiúidí an Aontais a chur faoi chosaint cóipchirt. Is féidir an argóint a dhéanamh, áfach, gur léir ó Airteagal 297 CFAE nach féidir le dlí an Aontais, i bprionsabal, a bheith faoi chosaint cóipchirt mar shaothar lena dtugtar ceart dlíthiúil eisiach dá úinéir chun an saothar sin a atáirgeadh, a fhoilsiú, a dhíol nó a dháileadh. |
|
78. |
Mar a mhínigh mé thuas, measaim nár chóir do CCTanna a bheith faoi réir cosaint cóipchirt, ach fiú dá dtiocfadh an Chúirt ar a mhalairt de chonclúid (quod non), míneoidh mé go mainnítear sa bhreithiúnas atá faoi achomharc a léiriú gur chóir na ceithre CCT a iarradh, in aon chás, a bheith faoi chosaint cóipchirt. |
(i) Dlínse chun cóipcheart a mheasúnú
|
79. |
Maíonn na hachomharcóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a chinn sí nach raibh an Coimisiún údaraithe chun scrúdú a dhéanamh an féidir na ceithre CCT a iarradh a bheith faoi chosaint cóipchirt. Ba chóir a thabhairt faoi deara, i ndáiríre, gur chinn an Chúirt Ghinearálta go rachadh scrúdú den sórt sin níos faide ná raon feidhme an athbhreithnithe a bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún a dhéanamh sa nós imeachta chun rochtain a fháil ar dhoiciméid (mír 57 den bhreithiúnas atá faoi achomharc). |
|
80. |
Tá an réasúnaíocht sin lochtach. Ar an gcéad dul síos, mar a áitíonn na hachomharcóirí, agus an ceart acu, tá an cinneadh sin contrártha go díreach le míreanna 48 agus 49 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, inar cinneadh go raibh sé de cheart ag an gCoimisiún a chinneadh gur sásaíodh an tairseach úrnuachta agus gur chinn sé i gceart gur féidir na CCTanna a iarradh a bheith faoi chosaint cóipchirt. Ní léir cén chaoi is féidir a chinneadh an bhfuil cóipcheart ann mura bhfuil sé de cheart ag an gCoimisiún an méid sin a mheasúnú. Dá bhrí sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nach raibh an Coimisiún údaraithe chun scrúdú a dhéanamh an féidir na CCTanna a iarradh a bheith faoi chosaint cóipchirt. |
|
81. |
Ar an dara dul síos, mar a luaigh na hachomharcóirí, agus an ceart acu, baineann an cás atá idir lámha le hiarraidh ar rochtain ar dhoiciméid atá mar chuid de dhlí an Aontais Eorpaigh (is é sin, na ceithre CCT a iarradh), agus tá an iarraidh sin bunaithe ar Rialachán an Aontais Eorpaigh (is é sin, Rialachán Uimh. 1049/2001). Chinn an Chúirt ina leith sin nach bhfuil aon tagairt in Airteagal 4 den Rialachán sin do dhlí náisiúnta Ballstáit ( 44 ). Ní mór rochtain ar dhoiciméid faoi Rialachán Uimh. 1049/2001 agus, go háirithe, rochtain ar ghníomhartha atá mar chuid de dhlí an Aontais Eorpaigh a bheith á meas ag institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ní mór iad a chur faoi athbhreithniú dlíthiúil faoi dhlí an Aontais Eorpaigh os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh. Is léir gur theip ar an gCúirt Ghinearálta an méid sin a aithint. Ina theannta sin, má tá an dearcadh ceart ag an gCúirt Ghinearálta, bhainfeadh sin an bonn de cheart bunúsach na n-achomharcóirí chun leigheasanna éifeachtacha dlíthiúla, lena n-áirítear a gceart chun éisteachta. Tá an neamhréiteach sin luaite ag roinnt údar sa litríocht dhlíthiúil. ( 45 ) Dá bhrí sin, is faoi institiúidí an Aontais Eorpaigh atá sé a chinneadh trí reachtaíocht féin an Aontais Eorpaigh an leibhéal cosanta cóipchirt atá le tabhairt do ghníomhartha ar bearta cur chun feidhme reachtaíocht thánaisteach an Aontais iad agus a chinneadh mar sin an féidir CCT a bheith faoi chosaint cóipchirt. |
|
82. |
Ar an tríú dul síos bhunaigh an Chúirt Ghinearálta a cinneadh maidir le heaspa dlínse an Choimisiúin chun measúnú a dhéanamh ar an gcásdlí a bhaineann le paitinní. Níl feidhm aige sin anseo, áfach. Thug an Chúirt Iomlán dá haire i dTuairim 1/09 ( 46 )“nach bhfuil dlínse ag an gCúirt breith a thabhairt ar chaingne díreacha idir daoine aonair i réimse na bpaitinní, ós rud é go bhfuil an dlínse sin ag cúirteanna na mBallstát”. |
|
83. |
A mhéid a bhfuil an Chúirt Ghinearálta ag iarraidh brath ar Thuairim an Abhcóide Ghinearálta Jääskinen in Donner (C-5/11, EU:C:2012:195) (mír 40 den bhreithiúnas atá faoi achomharc) go bhfuil cóipcheart fós, in ainneoin comhchuibhiú níos dlúithe, á rialú ag an dlí náisiúnta go mórmhór, tá an breithiúnas atá faoi achomharc ró-theoiriciúil ina thaobh sin. Rinneadh an pointe sin cheana sa litríocht dhlíthiúil. Go deimhin, ó 2012 i leith, tá an dul chun cinn ar chomhchuibhiú i réimse an chóipchirt léirithe ag an gCúirt. In aon chás, is cosúil nach bhfuil an tagairt sin tugtha sa chomhthéacs cuí, toisc gurb iad leigheasanna ar shárú cóipchirt a bhí i gceist in Donner. Níor bhain sé leis an mbunús do chosaint cóipchirt mar atá i gceist anseo ( 47 ). |
|
84. |
Tugaim faoi deara, áfach, nach mbaineann an t-achomharc seo le caingean dhíreach idir daoine aonair i dtaca le sárú paitinne (ná cóipchirt) agus nach dtagann sé lasmuigh den dlínse a deonaíodh do Chúirteanna an Aontais Eorpaigh faoi Chonarthaí an Aontais Eorpaigh. Seachas sin, ag an gcéad chéim, san iarratas a rinneadh, iarradh cinneadh ón gCoimisiún dírithe ar na hachomharcóirí, lenar diúltaíodh dá n-iarratas chun doiciméid an Aontais Eorpaigh a rochtain, a chur ar neamhní. Is cineál caingne í seo a dtugtar dlínse do Chúirteanna an Aontais Eorpaigh ina leith. Go háirithe, ní chuirtear srian le hAirteagal 263 CFAE ar na saincheisteanna is féidir a ardú in iarratas ar neamhniú, mar a chinn an Chúirt Ghinearálta i mír 57 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Dá bhrí sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid a mhéid a rinne sí iarracht analaí a dhéanamh idir díospóidí príobháideacha maidir le sárú paitinne, ar thaobh amháin, agus diúltú rochtain a thabhairt ar dhoiciméid an Aontais Eorpaigh lena mbaineann an t-iarratas atá faoi chonspóid den chéad fhleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001, ar an taobh eile. |
|
85. |
Is léir ón méid sin go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid a mhéid a chinn sí nach raibh an Coimisiún údaraithe chun scrúdú a dhéanamh ar an gceanglas maidir le húrnuacht trína mheas go rachadh scrúdú den sórt sin níos faide ná raon feidhme an athbhreithnithe a bhí sé de chumhacht aige a dhéanamh sa nós imeachta maidir le rochtain ar dhoiciméid. Go deimhin, is faoin gCoimisiún agus faoi Chúirteanna an Aontais Eorpaigh atá sé a chinneadh an féidir CCT a bheith faoi chosaint cóipchirt agus an sásaíonn siad an riachtanas maidir le húrnuacht. |
|
86. |
Dá bhrí sin, tá an breithiúnas atá faoi achomharc curtha ó bhail mar gheall ar earráid dlí. |
(ii) Níor léiríodh aon chóipcheart leis na CCTanna a iarradh
|
87. |
Chinn an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, nach ndearna an Coimisiún earráid nuair a chinn sé gur dhréachtaigh a n-údair CCTanna ar bhealach atá sách cruthaitheach go mbeadh cosaint cóipchirt tuillte agus, i bhfianaise fhad an téacs, go raibh ar na húdair roinnt roghanna a dhéanamh (lena n-áirítear struchtúrú an doiciméid) a fhágann go bhfuil an doiciméad faoi chosaint cóipchirt (míreanna 47 go 49 den bhreithiúnas atá faoi achomharc). |
|
88. |
Tá earráid dlí ag baint le cur chuige na Cúirte Ginearálta. |
|
89. |
Is cásdlí socair é, cé nach bhfuil comhchuibhiú iomlán déanta ar chóipcheart san Aontas Eorpach “gur coincheap uathrialaitheach de dhlí an Aontais Eorpaigh é an coincheap maidir le ‘saothar’ nach mór a léiriú agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, agus is gá dhá choinníoll charnacha a shásamh ina leith sin. Ar an gcéad dul síos, éilíonn an coincheap go bhfuil ábhar úrnua i gceist, sa chiall gurb é cruthaíocht intleachtúil an údair féin é. Ar an dara dul síos, forchoimeádtar aicmiú mar shaothar do na gnéithe atá ina léiriú ar chruthaíocht den sórt sin” ( 48 ). Ionas go mbeidh cosaint cóipchirt i gceist, ní mór don údar a bheith in ann a gcumas cruthaitheach a chur in iúl i dtáirgeadh an tsaothair trí roghanna cruthaitheacha a dhéanamh faoi shaoirse ( 49 ). |
|
90. |
Deimhníonn cásdlí na Cúirte an toradh sin. Mar shampla, chinn an Chúirt nach leor ann féin go raibh obair agus scileanna suntasacha ag teastáil ón údar chun bunachar sonraí a chruthú chun bunús a thabhairt do chosaint cóipchirt mura raibh aon úrnuacht ag gabháil leis an obair agus leis na scileanna sin ( 50 ). Tá tábhacht bhunúsach ag baint leis an gcritéar sin sa chomhthéacs seo. |
|
91. |
I mo thuairim, ní mór feidhm a bheith ag an gcritéar sin i gcomhthéacs CCTanna. Ós rud é, go háirithe sa bhreithiúnas in James Elliott, gur ghlac an Chúirt lena dlínse chun CCTanna a léiriú, is léir gur faoi Chúirteanna an Aontais Eorpaigh atá sé measúnú a dhéanamh an féidir CCTanna a bheith faoi chosaint cóipchirt agus ar chóir don chosaint cóipchirt sin dul chun tairbhe do ESOnna. Go deimhin, ní féidir ligean le cás a theacht chun cinn ina gcinnfeadh na Ballstáit an bhfuil cóipcheart infheidhme i leith téacs dlí atá mar chuid de dhlí an Aontais agus a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ríthábhachtacha aige faoi dhlí an Aontais. Níl conclúid den sórt sin contrártha do Choinbhinsiún Bheirn chun Saothair Litríochta agus Ealaíon a Chosaint ar chaoi ar bith, toisc gur faoi na páirtithe sa Choinbhinsiún sin atá sé a chinneadh an féidir téacsanna dlíthiúla a chosaint faoi chóipcheart ina gcóras dlí. |
|
92. |
Aontaím leis na hachomharcóirí nach ndearna an Coimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid ná an Chúirt Ghinearálta sa bhreithiúnas atá faoi achomharc scrúdú cuí ar úrnuacht na CCTanna a iarradh agus an féidir leo, i ndáiríre a bheith mar “léiriú ar phearsantacht an údair”. Tá feidhm aige sin freisin maidir le roghanna faoi shaoirse agus cruthaitheacha a bheith ann. I bhfianaise chuspóir agus chríoch CCTanna, a bhíonn mar thoradh ar thástáil eolaíoch, de ghnáth, tar éis comhaontú coiste, tagaim ar an gconclúid nach féidir an caighdeán úrnuachta a ghlacadh gan scrúdú ( 51 ) – mar a ghlac an Chúirt Ghinearálta leis anseo. Ní dhéantar ach an chonclúid sin a neartú nuair a chuirimid nádúr sonrach CCTanna san áireamh (míreanna 16 et seq. den Tuairim seo) agus an nós imeachta chun iad a ghlacadh (míreanna 23 et seq. den Tuairim seo). |
|
93. |
Cé gur faoin gCoimisiún agus faoin gCúirt Ghinearálta atá sé a chinneadh an bhfuil feidhm ag an eisceacht in Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 1049/2001, níor bhraith siad ach ar líomhaintí agus toimhdí an-ghinearálta: mheas siad go gcosnaítear na CCTanna a iarradh faoi chóipcheart toisc go bhféadfaí a thuiscint ó fhad na dtéacsanna go raibh ar na húdair roinnt cinntí a dhéanamh. Níl na fachtóirí sin cinntitheach, áfach, ó thaobh an bhfuil doiciméad faoi leith úrnua agus faoi chosaint cóipchirt, dá réir sin. Dá bhrí sin, tá an breithiúnas atá faoi achomharc lochtach. |
|
94. |
Contrártha leis an méid a dúirt an Chúirt Ghinearálta i mír 59 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, léirigh na hachomharcóirí – a mhéid a bhí féidearthacht ann gan rochtain a bheith acu ar na HTS a iarradh – go raibh na roghanna a bhí ar fáil do CEN srianta ar roinnt bealaí. Dá bhrí sin, maidir le hinneachar CCTanna agus an leagan amach, tá na nithe sin srianta leis an bhforáil ábhartha sa reachtaíocht thánaisteach ar a bhfuil CCTanna bunaithe agus le sainordú an Choimisiúin. I bprionsabal, cuirtear srian mór le cruthaitheacht agus úrnuacht leis an méid sin. Dá bhrí sin, ní leor a bheith ag brath go doiléir ar fhad doiciméid chun a chruthú go bhfuil CCTanna ina dtoradh ar fhíor-roghanna cruthaitheacha a rinne CEN ( 52 ). |
|
95. |
Dá bhrí sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a chinn sí go raibh sé de cheart ag an gCoimisiún teacht ar an gconclúid go raibh na CCTanna a iarradh faoi chosaint cóipchirt agus, dá bhrí sin, ba cheart an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal. |
2. An dara brainse den chéad saincheist dlí – Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus measúnú á dhéanamh ar an tionchar ar leasanna tráchtála CEN
|
96. |
Áitíonn na hachomharcóirí, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ina measúnú ar an tionchar ar leasanna tráchtála CEN ón gcur i bhfeidhm mícheart de thoimhde go mbainfeadh nochtadh na CCTanna a iarradh an bonn den leas a chosnaítear leis an gcéad fhleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001 agus trí mhainneachtain measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí sonracha ar na leasanna tráchtála sin. |
(a) Bhí sé neamhdhleathach a bheith ag brath ar thoimhde ghinearálta
|
97. |
Contrártha don mhéid a dúirt an Chúirt Ghinearálta i mír 97 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ní léir go raibh an Coimisiún ag brath ar thoimhde ghinearálta rúndachta faoina mbainfí an bonn go huathoibríoch den leas a chosnaítear leis an gcéad fhleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001 dá ndeonófaí rochtain ar CCTanna ar bhonn na toimhde sin. |
|
98. |
Ní fhoráiltear do thoimhde ghinearálta le Rialachán Uimh. 1049/2001 ná le Rialachán Uimh 1025/2012, ná le cásdlí na Cúirte. Go deimhin, ionas go bhféadfaí toimhde den sórt sin a aithint, bheadh gá lena léiriú go soiléir go bhfágfadh nochtadh na ndoiciméad atá faoi cheist go mbainfí an bonn go tromchúiseach de chóras an Aontais Eorpaigh um chaighdeánú go sonrach, go héifeachtach agus ar bhealach neamh-hipitéiseach ( 53 ). |
|
99. |
Ar an gcéad dul síos, níl in CCTanna ach mionchuid de na caighdeáin arna mbunú ag ESOnna agus is é an Coimisiún a sholáthraíonn cuid shuntasach den mhaoiniú do ESOnna. Mar a chuir CEN in iúl ag an éisteacht, tagann 4.6% den bhuiséad um chaighdeánú ó dhíolachán CCTanna, arb ionann sin agus thart ar EUR 2 mhilliún in aghaidh na bliana, ach, dar le CEN, is ionann maoiniú an Choimisiúin agus “thart ar 20% de bhuiséad iomlán CEN” (cló iodálach curtha leis) ( 54 ). Ar an dara dul síos, ba léir ag an éisteacht gurb amhlaidh nach n-éilíonn córas an Aontais Eorpaigh um chaighdeánú rochtain íoctha ar CCTanna dá fheidhmiú (contrártha do na cinntí i míreanna 102 agus 103 den bhreithiúnas atá faoi achomharc); go deimhin, tá an ceanglas íocaíochta bunaithe ar an gcaidreamh conarthach agus socruithe maoinithe idir ESOnna agus an Coimisiún. Mar shampla, ceadaíonn ETSI (a fhaigheann maoiniú ón gCoimisiún do CCTanna) a CCTanna a rochtain, a phriontáil agus a íoslódáil saor in aisce óna shuíomh gréasáin cheana féin ( 55 ). Ina theanna sin, is cosúil ón litríocht dhlíthiúil go bhfuil difríochtaí móra sna praghsanna do dhoiciméid arb iad an CCT céanna, go bunúsach, idir Ballstáit éagsúla, rud a léiríonn na fadhbanna a bhaineann leis na socruithe reatha maidir le rochtain ar CCTanna ( 56 ). |
|
100. |
Ina theannta sin, ós rud é gur eisceacht í toimhde ghinearálta rúndachta ón riail go bhfuil oibleagáid ar institiúid an Aontais Eorpaigh lena mbaineann scrúdú sonrach aonair a dhéanamh ar gach doiciméad, ní mór í a léiriú agus a chur i bhfeidhm go docht. D’aithin an Chúirt cúig chatagóir de dhoiciméid lena mbaineann toimhdí ginearálta rúndachta: ((i) Doiciméid comhaid riaracháin Státchabhrach; (ii) aighneachtaí os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh; (iii) doiciméid arna malartú i rialú cumaisc; (iv) doiciméid in imeachtaí um shárú; agus (v) doiciméid a bhaineann le himeachtaí faoi Airteagal 101 CFAE) ( 57 ). |
|
101. |
Is léir nach dtagann CCTanna faoi aon cheann de na catagóirí sin. Is amhlaidh go mbaineann na catagóirí go léir thuas le cineál sonrach nós imeachta na ndoiciméad sin. Níl feidhm aige sin maidir leis na CCTanna a iarradh, atá ar fáil cheana le scrúdú i leabharlanna, pointí eolais nó le ceannach. Dá bhrí sin, níl na CCTanna a iarradh rúnda agus, murab ionann agus na catagóirí thuas, ní bhaineann siad le haon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha atá ar bun. |
|
102. |
Dá thoradh sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a ghlac sí leis go raibh an Coimisiún i dteideal brath ar thoimhde ghinearálta den sórt sin chun rochtain ar na CCTanna a iarradh a dhiúltú. |
(b) Mainneachtain éifeachtaí sonracha ar leasanna tráchtála a mheasúnú
|
103. |
Leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc (mír 64), ní dhearnadh ach líomhaintí an Choimisiúin maidir le cosaint cóipchirt a ghlacadh mar léiráititheach agus tagadh ar an gconclúid go raibh tionchar aige sin ar leasanna tráchtála mar gheall ar “laghdú mór ar na táillí arna mbailiú ag CEN”. Tá an méid sin mícheart. |
|
104. |
Ar an gcéad dul síos, ciallaíonn breithnithe na Cúirte Ginearálta go mbeidh tosaíocht ag cosaint cóipchirt líomhainte CCTanna i gcónaí ar an toimhde go bhfuil ceart rochtana faoi Rialachán Uimh. 1049/2001. Tá an méid sin contrártha do mheon agus ábhar an Rialacháin faoina bhfuil aon eisceachtaí le léiriú go docht chun cearta rochtana chomh leathan agus is féidir a thabhairt ( 58 ). |
|
105. |
Ar an dara dul síos, níor bhreithnigh an Chúirt Ghinearálta na fíorais shonracha sa chás seo. Is cosúil go bhfuil an tionchar líomhainte ar an leas tráchtála gan bhunús (féach mír 99 den Tuairim seo). |
|
106. |
Dá thoradh sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí toisc nárbh fhéidir léi údar a thabhairt le diúltú rochtana ar na CCTanna a iarradh go díreach trí bhrath ar thionchar diúltach líomhainte ar leasanna tráchtála den sórt sin faoin gcéad fhleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001. |
B. An dara saincheist dlí – Earráid dlí trí mhainneachtain i leas poiblí sáraitheach a aithint
|
107. |
Ar an gcéad dul síos, áitíonn na hachomharcóirí, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, i míreanna 98 go 101 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Mar is léir ón anailís a rinne mé ar an gcéad saincheist dlí, aontaím leis na hachomharcóirí go raibh údar lena n-iarraidh ar na CCTanna a iarradh a rochtain ar bhonn an smachta reachta. Trí rialú nár léirigh na hachomharcóirí cúiseanna sonracha mar údar lena n-iarraidh, mhainnigh an Chúirt Ghinearálta fiúntas argóint na n-achomharcóirí a aithint agus bhunaigh sí an breithiúnas atá faoi achomharc ar bhreithnithe earráideacha. |
|
108. |
Ag an gcéad chéim, d’aithin na hachomharcóirí go raibh leas poiblí sáraitheach ag baint leis go bhfuil na CCTanna a iarradh mar chuid de dhlí an Aontais, ar chóir a bheith ar fáil gan bhac. D’áitigh siad freisin go bhfuil na CCTanna a iarradh ag plé le réimsí dlí ina bhfuil ardleibhéal cosanta tomhaltóra bunriachtanach, mar a chosnaítear faoi Airteagal 169 CFAE, eadhon sábháilteacht bréagán agus uasráta nicile, arb í an ailléirgin is mó teagmhála agus ar carcanaigin amhrasta í. Tá sé réasúnta an argóint a dhéanamh gur chóir go mbeadh inneachar na CCTanna sin ar eolas ag tomhaltóirí chun an leibhéal is airde sábháilteachta bréagán a áirithiú agus ailse a chosc freisin. Chuige sin, tá ról tábhachtach ag comhlíonadh CCTanna chun daoine den phobal san Aontas Eorpach a chosaint (go háirithe leanaí i dtaca leis na CCTanna a iarradh) ó tháirgí a d’fhéadfadh a bheith míshábháilte agus díobhálach. I mo thuairimse, léirigh na hachomharcóirí go leordhóthanach go bhfuil tábhacht suntasach ag baint leis na CCTanna a iarradh do mhonaróirí, soláthróirí seirbhíse agus rannpháirtithe eile sa slabhra soláthair. |
|
109. |
Dá bhrí sin, ba leor na breithnithe thuas chun aicmiú mar leas sáraitheach poiblí sa chás atá faoi thrácht. Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ina leith sin. |
|
110. |
Ar an dara dul síos, cáineann na hachomharcóirí, go bunúsach, an cinneadh i míreanna 102 go 104 den bhreithiúnas atá faoi achomharc go bhfuil tosaíocht ag an leas sáraitheach poiblí chun feidhmiú chóras an Aontais Eorpaigh um chaighdeánú thar shaor-rochtain ar CCTanna. |
|
111. |
Is fachtóir é feidhmiú chóras an Aontais Eorpaigh um chaighdeánú nach mbaineann leis an eisceacht faoin gcéad fhleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001, a bhaineann le cosaint leasanna tráchtála daoine nádúrtha nó dlítheanacha, lena n-áirítear an mhaoin intleachtúil. Dá bhrí sin, chruthaigh an Chúirt Ghinearálta eisceacht nua de facto faoi Airteagal 4 den Rialachán sin, rud nach bhfuil incheadaithe ( 59 ). Is léir ón méid sin thuas nach mbeidh feidhmiú chóras an Aontais Eorpaigh um chaighdeánú faoi bhagairt má dheonaítear saor-rochtain gan choinníoll ar CCTanna. |
|
112. |
Ansin, éilítear le hAirteagal 12 de Rialachán Uimh. 1049/2001 go gcuirfidh institiúidí an Aontais Eorpaigh – a oiread agus is féidir – doiciméid ar fáil go díreach don phobal. Go sonrach, ba chóir doiciméid reachtacha – doiciméid arna ndréachtú nó arna bhfáil i gcúrsa nósanna imeachta um ghníomhartha atá ceangailteach de réir dlí sna Ballstáit nó do na Ballstáit a ghlacadh – faoi réir Airteagail 4 agus 9 den Rialachán sin, a bheith curtha ar fáil go díreach. Mar a míníodh sa chéad saincheist dlí, sa chomhthéacs sin, is doiciméid iad CCTanna atá mar chuid de dhlí an Aontais Eorpaigh agus ba chóir iad a bheith infhorfheidhmithe ag aon duine lena mbaineann agus, dá bhrí sin, ba chóir an ceanglas inrochtaineachta a chur i bhfeidhm maidir le CCTanna freisin. |
|
113. |
Is léir ón méid sin go léir thuas go gcaithfear an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus nach mór a ordú don Choimisiún rochtain a thabhairt do na hachomharcóirí ar na ceithre CCT a iarradh. |
IV. Conclúid
I bhfianaise an mhéid sin thuas, molaim don Chúirt Bhreithiúnas (i) breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 14 Iúil 2021, Public.Resource.Org agus Right to Know v an Coimisiún (T-185/19, EU:T:2021:445) a chur ar ceal; (ii) cinneadh C(2019) 639 final an Choimisiúin Eorpaigh an 22 Eanáir 2019, lena ndiúltaítear rochtain ar na caighdeáin chomhchuibhithe theicniúla a iarradh a chur ar neamhní; (iii) a ordú don Choimisiún rochtain a thabhairt do na hachomharcóirí ar na caighdeáin sin; (iv) a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí ag an gcéad chéim agus ar achomharc a íoc; agus (v) a ordú do na hidiragraithe a gcostais féin a íoc.
( 1 ) Bunteanga: an Béarla.
( 2 ) Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43).
( 3 ) Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO 2006 L 264, lch. 13).
( 4 ) Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2012 L 316, lch. 12).
( 5 ) Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO 2009 L 170, lch. 1).
( 6 ) Rialachán (CE) 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena gcruthaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO 2006 L 396, lch. 1).
( 7 ) Faoi seach, breithiúnais an 12 Iúil 2012, Fra.bo (C-171/11, EU:C:2012:453; ‘an breithiúnas in Fra.bo’); an 27 Deireadh Fómhair 2016, James Elliott (C-613/14, EU:C:2016:821; ‘an breithiúnas in James Elliott’) agus an 22 Feabhra 2022, Stichting Rookpreventie Jeugd agus Páirtithe Eile (C-160/20, EU:C:2022:101; ‘an breithiúnas in Stichting’).
( 8 ) Treoir ón gComhairle an 3 Bealtaine 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le sábháilteacht bréagán (IO 1988 L 187, lch. 1).
( 9 ) Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse na gcaighdeán agus na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO 1998 L 204, lch. 37).
( 10 ) Breithiúnas an 22 Eanáir 2014, an Ríocht Aontaithe v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C-270/12, EU:C:2014:18, míreanna 83 agus 84).
( 11 ) Tuairim in James Elliott Construction (C-613/14, EU:C:2016:63, mír 40).
( 12 ) Lundqvist, B., ‘European Harmonised Standards as ‘Part of EU Law’: The Implications of the James Elliott Case for Copyright Protection and, Possibly, for EU Competition Law’, Legal Issues of Economic Integration, Iml. 44, Uimh. 4, 2017, lgh. 429 agus 431.
( 13 ) Teachtaireacht an 2 Feabhra 2022 ón gCoimisiún (COM (2022) 31 final) ‘EU Standardisation Strategy’, lgh. 4 agus 5 et seq, faoi seach. Féach freisin an ‘Treoirleabhar Gorm’ um chur chun feidhme rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le táirgí 2022 (IO 2022 C247, lch. 1, fonóta 192).
( 14 ) I gcomhair sampla maith, féach sainordú M.445/EN an 9 Iúil 2009 maidir le CCT le haghaidh Threoir na mBréagán.
( 15 ) Breithiúnas an 14 Nollaig 2017, Anstar (C-630/16, EU:C:2017:971, míreanna 35 go 36).
( 16 ) An Coimisiún, Vademecum maidir le Caighdeánú Eorpach – Cuid I, SWD(2015) 205, lch. 8 agus 9 (“an Vademecum”).
( 17 ) Féach na Treoirlínte Ginearálta le haghaidh Comhair idir CEN, Cenelec agus ETSI agus an Coimisiún Eorpach agus Comhlachas Saor-Thrádála na hEorpa – an 28 Márta 2003 (IO 2003 C 91, lch. 7).
( 18 ) Féach Schepel, H., ‘The new approach to the new approach: The juridification of harmonised standards in EU law’, Maastricht Journal of European and Comparative Law, Iml. 20(4), 2013, lch. 521.
( 19 ) De Bellis, M., ‘Op-Ed: "Private standards, EU law and access – The General Court’s ruling in Public.Resource.Org”, EU Law Live, 10 Meán Fómhair 2021.
( 20 ) Go tábhachtach, féach, ina leith sin, freisin an breithiúnas in James Elliott, mír 43 (mar a thagraítear dó i mír 9 den Tuairim seo).
( 21 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO 2011 L 55, lch. 13).
( 22 ) Soroiu, A. agus Correia Magalhaes De Carvalho, M.F. ‘Lawtify Premium: Public.Resource.Org (T-185/19), a Judicial Take on Standardisation and Public Access to Law’, Review of European Administrative Law, Iml. 15(2), 2022, lch. 57. Féach freisin Schepel, H., op. cit., lgh. 521 agus 523; Volpato, A., ‘The Harmonized Standards before the ECJ: James Elliott Construction’, Common Market Law Review, Iml. 54(2), 2017, lch. 591; van Gestel, R., agus van Lochem, P., ‘Private Standards as a Replacement for Public Lawmaking?’ in Márta Cantero Gamito, M., agus Micklitz, H.-W., (eds), The Role of the EU in Transnational Legal Ordering, Edward Elgar Publishing, 2020, lch. 31.
( 23 ) Féach na breithiúnais in Fra.bo (míreanna 27 go 32), James Elliott (míreanna 40, 42 agus 43) agus breithiúnas an 22 Feabhra 2018, SAKSA (C-185/17, EU:C:2018:108, mír 39).
( 24 ) Féach EIM Business & Policy Research, Access to Standardisation – Study for the European Commission, [AS] Fiontair agus Tionscail, 2010, lgh. 17 agus 9, faoi seach.
( 25 ) Féach an cásdlí dá dtagraítear i mbreithiúnas an 22 Nollaig 2022, Ministre de la Transition écologique agus Premier ministre (Dliteanas an Stáit i leith aerthruailliú) (C-61/21, EU:C:2022:1015, míreanna 43 go 47).
( 26 ) Féach breithiúnas an Rechtbank’s-Gravenhage (Cúirt Dúiche, an Háig, an Ísiltír) an 31 Nollaig 2008, LJN: BG8465. Féach Van Gestel, B., agus Micklitz, H.-W., ‘European Integration Through Standardization: How Judicial Review is Breaking Down the Club House of Private Standardization Bodies’, CMLR, Iml. 50, 2013, lch. 176.
( 27 ) Breithiúnas an 16 Deireadh Fómhair 2014, an Coimisiún v an Ghearmáin (C-100/13, nár foilsíodh, EU:C:2014:2293, mír 63).
( 28 ) Féach freisin mír 61 den Tuairim seo.
( 29 ) Breithiúnas an 18 Eanáir 2007, PKK agus KNK v an Chomhairle (C-229/05 P, EU:C:2007:32, mír 109).
( 30 ) Breithiúnas an 29 Aibreán 2004, an Coimisiún v CAS Succhi di Frutta (C-496/99 P, EU:C:2004:236, mír 63).
( 31 ) Breithiúnas an 12 Samhain 1981, Meridionale Industria Salumi agus Páirtithe Eile (212/80 go 217/80, EU:C:1981:270, mír 10).
( 32 ) Breithiúnas an 20 Bealtaine 2003, Consorzio del Prosciutto di Parma agus Salumificio S. Rita (C-108/01, EU:C:2003:296, míreanna 95 agus 96).
( 33 ) Aithnítear freisin é sna prionsabail bhunreachtúla a leagtar amach i bhforálacha éagsúla de Chonradh AE – amhail Airteagal 1(2), Airteagal 10(3), Airteagal 11(2) agus (3) – agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (Airteagal 42).
( 34 ) Breithiúnas an 11 Nollaig 2007, Skoma-Lux (C-161/06, EU:C:2007:773, míreanna 38 agus 51, faoi seach).
( 35 ) Áiteanna arna mbainistiú ag comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú inar féidir rochtain a fháil ar CCTanna, de réir dealraimh, faoi réir coinníollacha áirithe.
( 36 ) Tuarascáil maidir leis an smacht reachta – Arna glacadh ag Coimisiún na Veinéise ag a 86ú seisiún iomlánach (an Veinéis, 25-26 Márta 2011), CDL-AD(2011)003rev, mír 44.
( 37 ) Féach, mar shampla, breithiúnas an Bundesverfassungsgericht (Cúirt Fheidearálach Chónaidhme na Gearmáine): breithiúnas an 29 Iúil 1998 – Cás 1 BvR 1143/90, DE:BVerfG:1998:rk19980729.1bvr114390, mír 26.
( 38 ) Féach Van Waeyenberge, A., ‘La normalisation technique en Europe – L’empire (du droit) contre-attaque’, Revue internationale de droit économique: RIDE, Uimh. 3, 2018, lch. 314. Féach freisin Aubry, H., Brunet, A., agus Peraldi-Leneuf, F., ‘Le contrôle des normes: un garde-fou démocratique à perfectionner’, in Aubry, H., et al. (eag.), ‘La normalisation en France et dans l’Union européenne. Une activité privée au service de l’intérêt général?’, PUAM, Aix-en-Provence, 2012, lch. 104.
( 39 ) Alvarez Garcia, V., La problemática de la publicidad oficial de las normas técnicas de origen privado que despliegan efectos jurídico-públicos, Revista de Derecho Comunitario Europeo, Uimh. 72, 2022, lch. 467.
( 40 ) Féach freisin Alvarez Garcia, V., op. cit., lch. 478.
( 41 ) Breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v anPharlaimint agus an Chomhairle (C-156/21, EU:C:2022:97, mír 58).
( 42 ) Coinbhinsiún Bheirn chun Saothair Litríochta agus Ealaíon a Chosaint, arna shíniú in Beirn an 9 Meán Fómhair 1886 (Gníomh Pháras an 24 Iúil 1971), sa leagan leasaithe an 28 Meán Fómhair 1979.
( 43 ) Trí Airteagal 1(4) den Chonradh um Chóipcheart ón Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (OMPI), arna ghlacadh sa Ghinéiv an 20 Nollaig 1996.
( 44 ) Breithiúnas an 18 Nollaig 2007, an tSualainn v an Coimisiún (C-64/05 P, EU:C:2007:802, mír 69).
( 45 ) I gcomhair critíc ar an mbreithiúnas atá faoi achomharc, féach Kamara, I., General Court EU: Commercial interests block the right to access European harmonised standards, Journal of Standardisation, iml. 1, 2022, Páipéar 4, agus Krämer, L., ‘L’environnement devant la Cour de justice de l’Union européenne’, Revue du droit de l’Union européenne, 1/2022, lch. 15.
( 46 ) Tuairim an 8 Márta 2011, (Comhaontú lena gcruthaítear Córas Dlíthíochta Paitinne) (EU:C:2011:123, mír 80).
( 47 ) Féach Blockx, F., ‘The General Court of the EU wanders into copyright law, and gets disoriented’, aoiphóstail IPK at, 15 Iúil 2021, ina bhfuil tagairtí eile.
( 48 ) Breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel (C-683/17, EU:C:2019:721, mír 29).
( 49 ) Breithiúnas an 1 Nollaig 2011, Painer (C-145/10, EU:C:2011:798, mír 89).
( 50 ) Breithiúnas an 1 Márta 2012, Football Dataco agus Páirtithe Eile (C-604/10, EU:C:2012:115, mír 42).
( 51 ) Blockx, F., op. cit.
( 52 ) Go deimhin, bíonn eolaithe teileafóin an-fhada agus struchtúr breá leo, ach ní hé sin le rá go bhfuil siad bunaithe ar roghanna cruthaitheacha. Féach, mar shampla, Feist Publications, Inc., v. Rural Telephone Service Co., 499 U.S. 340 (1991). Féach Blockx, F., op. cit. ina leith sin.
( 53 ) Féach, mar shampla, breithiúnas an 1 Iúil 2008, an tSualainn agus Turco v an Chomhairle (C-39/05 P agus C-52/05 P, EU:C:2008:374, míreanna 43 go 66). Féach freisin breithiúnas an 25 Eanáir 2023, De Capitani v an Chomhairle (T-163/21, EU:T:2023:15, míreanna 87 go 96 agus an cásdlí dá dtagraítear) (nach ndearnadh achomharc ina leith chuig an gCúirt).
( 54 ) Cuirtear in iúl, áfach, i dTuarascáil Bhliantúil CEN 2017, lch. 22, gur féidir leis a bheith suas le 35 % de bhuiséad CEN.
( 55 ) Féach https://www.etsi.org/intellectual-property-rights (ach is gá údarú a fháil ón gcomhlacht sin chun iad a atáirgeadh).
( 56 ) Van Gestel, R., agus Micklitz, H.-W., op. cit., lch. 181.
( 57 ) Breithiúnas an 4 Meán Fómhair 2018, ClientEarth v an Coimisiún (C-57/16 P, EU:C:2018:660, míreanna 80 agus 81).
( 58 ) Breithiúnas an 18 Nollaig 2007, an tSualainn v an Coimisiún (C-64/05 P, EU:C:2007:802, mír 66).
( 59 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Nollaig 2007, an tSualainn v an Coimisiún (C-64/05 P, EU:C:2007:802, mír 65 et seq.).