Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

COLLINS

arna tabhairt an 15 Nollaig 2022 (1)

Cásanna uamtha C-181/21 agus C-269/21

G.

v

M.S.,

Páirtithe eile:

Rzecznik Praw Obywatelskich,

Prokuratura Okręgowa w Katowicach

(iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Katowicach (an Chúirt Réigiúnach, Katowice, an Pholainn))

agus

BC,

DC

v

X,

Páirtithe eile:

Rzecznik Praw Obywatelskich,

Prokuratura Okręgowa w Krakowie

(iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Krakowie (an Chúirt Réigiúnach, Katowice, an Pholainn))

(Tarchur chun réamhrialú – Smacht reachta – Airteagal 19(1), dara fomhír, CAE – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Breithiúna a cheapadh chuig na gnáthchúirteanna – Ról comhlachtaí breithiúnacha féinrialaitheacha agus breithiúna á gceapadh – Easpa neamhspleáchais an Krajowa Rada Sądownictwa (Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna) – Dlínse an Izba Kontroli Nadzwyczajnej i Spraw Publicznych (an Dlísheomra um Achomharc Urghnách agus Gnóthaí Poiblí) den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach, an Pholainn) – An gcomhlíontar leis an dlísheomra sin an critéar maidir le binse neamhspleách neamhchlaon arna bhunú roimh ré le dlí)






Clár


I. Réamhrá

II. An dlí lena mbaineann - Dlí na Polainne

A. An Bunreacht

B. An Dlí maidir le KRS

C. An Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach

D. An Dlí maidir le heagrú na ngnáthchúirteanna

E. Cód an Nós Imeachta Shibhialta

III. Na díospóidí sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

A. Cás C-181/21

B. Cás C269/21

IV. An nós imeachta os comhair na Cúirte

V. Inghlacthacht

A. Barúlacha a cuireadh isteach

B. Anailís

VI. Substaint an cháis

A. Réamhbharúlacha

B. An chéad cheist

1. An dara fachtóir

2. An chéad fhachtóir

3. An tríú fachtóir

VII. Conclúid


I.      Réamhrá

1.        Leis na hiarrataí ar réamhrialú seo, iarrtar ar an gCúirt Bhreithiúnais rialú a thabhairt i leith chomhoiriúnacht ghnéithe áirithe den athchóiriú a rinneadh le déanaí ar chóras breithiúnach na Polainne i gcomhthéacs nua na nósanna imeachta le breithiúna a cheapadh chuig na gnáthchúirteanna sa Pholainn le dlí an Aontais. Is éard is aidhm leo ná a fháil amach an gcomhlíontar, i leith foirmíocht cúirte, an ceanglas maidir le binse arna bhunú roimh ré le dlí de réir bhrí Airteagal 19(1), dara fomhír, CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), sa chás inar ceapadh comhaltaí áirithe dá cuid faoi nós imeachta nach raibh comhlachtaí breithiúnacha féinrialaitheacha páirteach ann ar bhonn rún de chuid an Krajowa Rada Sądownictwa (Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna; “KRS”), agus é comhdhéanta mar a bhí i ndiaidh 2018(2), agus gan an ceart chun achomhairc os comhair cúirte a chomhlíonann an ceanglas maidir le binse arna bhunú roimh ré le dlí a bheith ag na hiarrthóirí nár éirigh leo. Fiafraíonn na cúirteanna a rinne an tarchur an gcuirtear bac, le dlí an Aontais, ar dhlínse eisiach a thabhairt don Izba Kontroli Nadzwyczajnej i Spraw Publicznych (an Dlísheomra um Achomharc Urghnách agus Gnóthaí Poiblí) den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach, an Pholainn) (“an Dlísheomra Urghnách”) chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht ceapacháin breithiúna chuig na gnáthchúirteanna ós rud é nach bhfuil sa dlísheomra sin ach breithiúna a ceapadh faoi nós imeachta a bhí cosúil leis an nós imeachta faoina gceaptar breithiúna chuig na gnáthchúirteanna. De réir na gcúirteanna a rinne an tarchur, ní fhéadann an Dlísheomra Urghnách, ar aon chaoi, aon agóid a scrúdú a bhaineann le dlíthiúlacht ceapacháin breithimh nó le húdarás an bhreithimh sin chun feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú. I bhfianaise easpa leigheasanna i ndlí na Polainne ar cheapachán neamhghnách breithiúna, fiafraíonn na cúirteanna a rinne an tarchur an gá dóibh, uathu féin, d’fhonn éifeachtacht dhlí an Aontais a áirithiú, rialacha náisiúnta maidir le breithiúna a scaoileadh go huathoibríoch (iudex inhabilis) a chur chun feidhme de réir analaí, agus, ar an dóigh sin, breithiúna a ceapadh chuig na gnáthchúirteanna faoi nós imeachta neamhdhleathach a eisiamh ó chásanna a éisteacht.

II.    An dlí lena mbaineann - Dlí na Polainne

A.      An Bunreacht

2.        Le hAirteagal 179 de Bhunreacht Phoblacht na Polainne, sonraítear go gceapfaidh uachtarán na Poblachta, ar thogra ó KRS, breithimh ar feadh tréimhse éiginnte. De réir Airteagal 180(1) de, tá na breithiúna do‑aistrithe. Faoi Airteagal 186(1) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne, tá KRS ina chaomhnóir ar neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbreithiúna.

B.      An Dlí maidir le KRS

3.        Sonraítear in Airteagal 44(1) den Dlí maidir le KRS mar seo a leanas: “Féadfaidh rannpháirtí sa [nós imeachta ceapacháin chuig na gnáthchúirteanna] achomharc a thionscnamh os comhair an [Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach)] ar an bhforas go bhfuil an rún [ó KRS] neamhdhleathach, mura bhforáiltear a mhalairt le forálacha ar leith. …”

C.      An Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach

4.        Le ustawa o Sądzie Najwyższym (an Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach) an 8 Nollaig 2017(3), bunaíodh an “Izba Dyscyplinarna” (“an Dlísheomra Araíonachta”) agus an Dlísheomra Urghnách mar dhlísheomraí laistigh den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach). A mhéid a bhaineann leis na himeachtaí seo, leis an ustawa o zmianie ustawy – Prawo o ustroju sądów powszechnych, ustawy o Sądzie Najwyższym oraz niektórych innych ustaw (an Dlí lena leasaítear an Dlí maidir le heagrú na ngnáthchúirteanna, an Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach agus dlíthe áirithe eile; “an Dlí Leasaitheach”)(4), cuireadh isteach míreanna 2 agus 3 in Airteagal 26 den Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach le héifeacht ón 14 Feabhra 2020.

5.        Foráiltear mar a leanas in Airteagal 26(1) go (3) den Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach:

“1.      Áirítear ar réimsí dlínse an [Dlísheomra Urghnách] gearáin urghnácha, díospóidí toghcháin agus agóidí a bhaineann le bailíocht reifrinn náisiúnta nó bunreachta, agus bailíocht toghchán agus reifreann a chinneadh, chomh maith le cásanna eile i réimse an dlí phoiblí, lena n‑áirítear díospóidí a bhaineann le cosaint na hiomaíochta, rialáil an fhuinnimh, teileachumarsáid agus iompar ar iarnród, agus achomhairc i gcoinne cinntí ón [Przewodniczy Krajowej Rady Radiofonii i Telewizji (Uachtarán na Comhairle Náisiúnta um Chraolachán Teilifíse agus Raidió, an Pholainn)] chomh maith le gearáin a bhaineann le ré iomarcach na n‑imeachtaí os comhair na ngnáthchúirteanna agus na gcúirteanna míleata agus an [Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach)].

2.      Beidh dlínse ag an [Dlísheomra Urghnách] iarratais nó dearbhuithe a éisteacht i ndáil le breitheamh a eisiamh nó le hainmniú na cúirte nach mór imeachtaí a sheoladh os a comhair a bhfuil baint acu le gearáin lena líomhnaítear easpa neamhspleáchais i leith na cúirte nó an bhreithimh. Déanfaidh an chúirt a bheidh ag déileáil leis an gcás iarraidh a chur faoi bhráid Uachtarán an [Dlísheomra Urghnách] láithreach ionas go bhféadfar déileáil leis an gcás i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos i bhforálacha ar leithligh. Ní chuirfear bac ar na himeachtaí atá ar siúl toisc iarraidh a bheith curtha faoi bhráid Uachtarán an [Dlísheomra Urghnách].

3.      Ní scrúdófar an iarraidh dá dtagraítear i mír 2 má bhaineann sé le dlíthiúlacht ceapacháin breithimh, nó an t‑údarás atá aige nó aici feidhmeanna breithiúnacha a chur i gcrích, a shuíomh nó a mheasúnú.”

D.      An Dlí maidir le heagrú na ngnáthchúirteanna

6.        Leis an Dlí Leasaitheach, aisghaireadh mír 2 d’Airteagal 58 den ustawa – Prawo o ustroju sądów powszechnych (“an Dlí maidir le heagrú na ngnáthchúirteanna”) an 27 Iúil 2001.(5) Ina theannta sin, rinneadh mír 1 d’Airteagal 58 a leasú mar seo a leanas leis:

“1.      Má dhéantar breis is iarratas amháin ar fholúntas breithiúnach, scrúdófar na hiarratais go léir in aon chruinniú amháin den tionól.

…”

7.        Sular tháinig an Dlí Leasaitheach i bhfeidhm an 14 Feabhra 2020, sonraíodh mar a leanas in Airteagal 58 den Dlí maidir le heagrú na ngnáthchúirteanna:

“1.      Má dhéantar breis is iarratas amháin ar fholúntas breithiúnach, scrúdófar na hiarratais go léir in aon chruinniú amháin den tionól.

2.      Déanfaidh tionól ginearálta na mbreithiúna achomhairc nó tionól ginearálta na [sądy okręgowe (na breithimh réigiúnacha)] cinneadh maidir leis na hiarrthóirí trí bhíthin vóta agus déanfaidh sé na hiarratais go léir a rinneadh, agus líon na vótaí a fuarthas á chur in iúl, a chur chuig Uachtarán an [sąd apelacyjny (an Chúirt Achomhairc)] nó Uachtarán an [sąd okręgowy (an Chúirt Réigiúnach)], de réir mar is iomchuí.

4.      Déanfaidh uachtarán na cúirte is inniúil, trí bhíthin an chórais leictreonaigh, na hiarratais a ndéanfar measúnú orthu ar an modh a leagtar amach i mír 2, mar aon le measúnú na gcáilíochtaí agus tuairim phainéal na cúirte is inniúil, mar aon leis an bhfaisnéis a gheofar ó cheann na bpóilíní sa chúige nó ó cheann Phóilíní Chathair Vársá, dá dtagraítear i mír 3, agus doiciméid eile a bhaineann leis an nós imeachta i dtrácht maidir le duine a cheapadh le feidhm bhreithiúnach a fheidhmiú, a bhaileofar sa chóras leictreonach, a chur faoi bhráid [KRS].

…”

E.      Cód an Nós Imeachta Shibhialta

8.        Le hAirteagal 48 den ustawa ‑ Kodeks postępowania cywilnego (an Dlí lena mbunaítear Cód an Nós Imeachta Shibhialta) an 17 Samhain 1964 (“Cód an Nós Imeachta Shibhialta”):(6)

“1.      Déanfar breitheamh a eisiamh le feidhmiú an dlí:

(1)      ó chásanna inar páirtí é nó í nó ina bhfuil a leithéid de chaidreamh dlíthiúil aige nó aici le ceann de na páirtithe sa chaoi is mbeadh tionchar ag toradh an cháis ar na cearta nó na hoibleagáidí atá aige nó aici;

5)      ó chásanna ina raibh sé nó sí páirteach, i gcúirt ar chéim níos ísle, sa rialú atá faoi achomharc a eisiúint, mar aon le cásanna a bhaineann le bailíocht gnímh dlí a raibh an breitheamh páirteach ina dhréachtú nó a ndearna sé nó sí athbhreithniú air, agus ó chásanna inar ghníomhaigh sé nó sí mar ionchúisitheoir.

...”

9.        Sonraítear mar a leanas in Airteagal 367(3) de Chód an Nós Imeachta Shibhialta: “Is i bpainéal breithiúnach de thriúr breithiúna a dhéanfaidh cúirt dara céime cás a scrúdú. I seomra iata, tabharfaidh an chúirt breith i bhfoirmíocht ina bhfuil breitheamh aonair, ach amháin nuair a bheidh breithiúnas á thabhairt aici.” Le pointe 4 d’Airteagal 379 den chód sin, sonraítear go mbeidh an nós imeachta neamhbhailí “más rud é go bhfuil comhdhéanamh na cúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair contrártha leis na forálacha dlíthiúla nó má ghlac breitheamh, a dhícháilíodh le feidhmiú an dlí, páirt i scrúdú an cháis”.

10.      Leis an gcéad phointe d’Airteagal 401 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta, sonraítear gur féidir a iarraidh go n‑athosclófar imeachtaí neamhbhailíochta “má tá duine nach bhfuil údaraithe tar éis suí ar an bpainéal breithiúnach nó má thug breitheamh a dhícháilíodh le feidhmiú an dlí breithiúnas agus nach raibh an páirtí in ann a agairt go n‑eisiafaí é sula raibh feidhm res judicata ag an mbreithiúnas.”

III. Na díospóidí sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

A.      Cás C-181/21

11.      Baineann na himeachtaí os comhair an Sąd Okręgowy w Katowicach (an Chúirt Réigiúnach, Katowice, an Pholainn) le díospóid idir tomhaltóir agus trádálaí a bhaineann le comhaontú iasachta arna rialú ag an dlí náisiúnta lena trasuíodh Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóirí.(7) Tar éis cearta an trádálaí a bheith sannta, thug an t‑iarratasóir caingean i gcoinne an tomhaltóra le haghaidh íocaíocht 16 000 zlotys (PLN), i dteannta úis agus costas. Rinne an Sąd Rejonowy w Dąbrowie Górniczej (an Chúirt Dúiche, Dąbrowa Górnicza, an Pholainn) ordú i leith íocaíocht na suimeanna arna n‑éileamh agus dhiúltaigh sé don díospóid ón tomhaltóir maidir leis an ordú sin. Ina dhiaidh sin, thug an tomhaltóir caingean os comhair an Sąd Okręgowy w Katowicach (an Chúirt Réigiúnach, Katowice) i gcoinne an dara hordú sin. Sannadh an chaingean sin ar fhoirmíocht ina raibh triúr breithiúna.

12.      An 18 Márta 2021, chuir an Sąd Okręgowy w Katowicach (an Chúirt Réigiúnach, Katowice), agus é ina shuí i seomra iata agus comhdhéanta de bhreitheamh aonair is rapóirtéir, amhras in iúl maidir le cumas na cúirte sin, agus í ina suí i bhfoirmíocht ina raibh triúr breithiúna, breithniú a dhéanamh ar an ábhar toisc an Breitheamh A.Z. a bheith i láthair san fhoirmíocht sin. Agus an dlínse a bhí aige faoi Airteagal 367(3) de Chód an Nós Imeachta Shibhialta á feidhmiú, chinn an Sąd Okręgowy w Katowicach (an Chúirt Réigiúnach, Katowice), ina shuí mar bhreitheamh aonair, tarchur le haghaidh réamhrialú a dhéanamh.

13.      Ó 1996, ba bhreitheamh an Breitheamh A.Z. i gcúirt ar chéim níos ísle sula chuir sé isteach ar an bpost mar bhreitheamh ag an Sõd okręgowy w Katowicach (an Chúirt Réigiúnach, Katowice). Thug an Kolegium Sądu Apelacyjnego (Coláiste na Cúirte Achomhairc) tuairim i leith iarrthóireacht an Bhreithimh A.Z ar an bpost sin. Níor thug Tionól Ionadaithe Bhreithiúna an Sąd Apelacyjny w Katowicach (an Chúirt Achomhairc, Katowice, an Pholainn) tuairim i leith iarrthóireacht an Bhreithimh A.Z. mar gheall ar imní faoi stádas KRS agus faoin gcaoi inar fheidhmigh sé in éagmais rialú ón gCúirt Bhreithiúnais maidir le stádas KRS.

14.      Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, tráth an chomórtais chun breithiúna a cheapadh chuig an Sąd Okręgowy w Katowicach (an Chúirt Réigiúnach, Katowice) ina raibh an Breitheamh A.Z páirteach, bhí dlí na Polainne i gcomhréir le prionsabal bunreachtúil faoina raibh sé riachtanach go mbeadh baint ag comhlachtaí féinrialaitheacha breithiúnacha leis an bpróiseas ceapacháin. Ní raibh baint ag tionól ionadaithe na mbreithiúna ab ábhartha leis an bpróiseas a raibh ceapachán an Bhreithimh A.Z mar thoradh air. Léirítear sna rúin a ghlac tionól ionadaithe na mbreithiúna go ndearna sé a thuairim maidir leis na hiarrthóirí a choinneáil siar go dtí go mbeadh stádas KRS réitithe ag comhlachtaí inniúil chuige sin, lena n‑áirítear an Chúirt Bhreithiúnais. D’ainneoin gur glacadh na rúin sin, thionscain Uachtarán an Sąd Apelacyjny w Katowicach (an Chúirt Achomhairc, Katowice), a bhí i gceannas ar thionól ionadaithe na mbreithiúna agus ar cheap an tAire Dlí agus Cirt reatha é, an nós imeachta os comhair KRS chun an Breitheamh A.Z. a cheapadh.(8) Ina dhiaidh sin, de bhonn rúin ó KRS, cheap Uachtarán na Poblachta an Breitheamh A.Z. chuig an Sąd Okręgowy w Katowicach (an Chúirt Réigiúnach, Katowice).

15.      Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire gurb i bhfoirmíocht ina bhfuil breitheamh aonair a thugann gnáthchúirt rialú de réir dhlí na Polainne ach amháin nuair a bhíonn breithiúnas á thabhairt. Measann sí go bhfuil na ceisteanna san iarraidh ar réamhrialú inghlactha d’ainneoin go bhféadfadh sé nach mbeadh cúirt nó binse chun críocha dhlí an Aontais i gceist le foirmíocht na cúirte sin ina raibh triúr breithiúna. Dá bhrí sin, measann sí gur cuid de chóras dlí na Polainne í an chúirt a rinne an tarchur, agus í ina suí i seomra iata agus comhdhéanta de bhreitheamh aonair, agus go dtugann sí rialuithe i leith cásanna i “réimsí atá folaithe le dlí an Aontais” de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE.

B.      Cás C269/21

16.      Ag brath dóibh ar an mbreithiúnas in Dziubak, (9) rinne na hiarratasóirí iarratas os comhair an Sąd Okręgowy w Krakowie, (an Chúirt Réigiúnach, Kraków, an Pholainn) go ndéanfaí ordú i gcoinne an chosantóra chun PLN 104 537.48 agus 74 582.19 franc na hEilvéise (CHF) a íoc ‑ chomh maith le hús agus costais ‑ agus go ndéanfaí comhaontú iasachta tithíochta a neamhniú. D’eascair an t‑éileamh sin as comhaontú iasachta a bhí curtha i gcrích ag na hiarratasóirí, ar tomhaltóirí iad, le banc. Rialaítear an comhaontú iasachta leis an dlí náisiúnta lenar trasuíodh Treoir 93/13. Theastaigh bearta eatramhacha ó na hiarratasóirí chomh maith, inter alia, go ndéanfar íocaíochtaí míosúla na suimeanna a bhí leagtha síos sa chomhaontú iasachta a chur ar fionraí. Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, tá fionraí an chomhaontaithe iasachta, atá faoi rialú ag nós imeachta teagmhasach, mar dhlúthchuid de na príomhimeachtaí, ós rud é go ndéanfaí difear do raon feidhme éileamh na n‑iarratasóirí le haon ordú lena ndéanfaí íocaíocht a chur ar fionraí.

17.      An 9 Deireadh Fómhair 2020, dheonaigh an Sąd Okręgowy w Krakowie (an Chúirt Réigiúnach, Kraków), ina suí mar bhreitheamh aonair, an t‑iarratas ar bhearta eatramhacha. An 1 Nollaig 2020, rinne an banc is cosantóir achomharc i gcoinne an ordaithe sin os comhair na cúirte céanna, agus í ina suí anois i bhfoirmíocht ina raibh triúr breithiúna. Sheas an Sąd Okręgowy w Krakowie (an Chúirt Réigiúnach, Kraków), agus é ina shuí san fhoirmíocht sin ina raibh triúr breithiúna, ina raibh an Breitheamh A.T. ag gníomhú mar rapóirtéir agus uachtarán, le hachomharc an chosantóra agus dhiúltaigh sé don iarratas ar bhearta eatramhacha. Rinneadh an cinneadh deireanach sin, ar cinneadh críochnaitheach é, a tharchur ar ais go dtí an Sąd Okręgowy w Krakowie (an Chúirt Réigiúnach, Kraków). Measann an Sąd Okręgowy w Krakowie (an Chúirt Réigiúnach, Kraków), agus é ina shuí mar bhreitheamh aonair, go bhféadfadh foirmíocht na cúirte céanna ina raibh triúr breithiúna, lena n‑áirítear an Breitheamh A.T., a bheith ar neamhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais agus, mar thoradh air sin, go bhféadfadh an cinneadh diúltú don iarratas ar bhearta eatramhacha a bheith neamhbhailí.

18.      Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, ó 2009 ar aghaidh, bhí an Breitheamh A.T. ina breitheamh den Sąd Rejonowy dla Krakowa – Krowodrzy w Krakowie (Cúirt Dúiche Kraków — Krowodrza, Kraków, an Pholainn) sular chuir sí isteach ar phost mar bhreitheamh den Sąd Okręgowy w Krakowie (an Chúirt Réigiúnach, Kraków), (10) arbh í an t‑aon iarrthóir amháin don phost. An 1 Meitheamh 2020, thug an Kolegium Sądu Okręgowego w Krakowie (Coláiste na Cúirte Réigiúnaí, Kraków, an Pholainn) tuairim fhabhrach uaidh maidir lena hiarratas. (11)Tá formhór de chomhaltaí an Kolegium Sądu Okręgowego w Krakowie (Coláiste na Cúirte Réigiúnaí, Kraków) ina n‑uachtaráin de sądy rejonowe (cúirteanna dúiche) agus sądy okręgowe (cúirteanna réigiúnacha), arna gceapadh ag an Aire Dlí agus Cirt. Ní dhearna an Zgromadzenie Sędziów Sądu Okręgowego (Tionól Breithiúna na Cúirte Réigiúnaí) iarrthóireacht an Bhreithimh A.T. a scrúdú toisc nach raibh gá lena thuairim a thuilleadh tar éis d’Airteagal 58 den Dlí maidir le heagrú na ngnáthchúirteanna a bheith leasaithe ag an Dlí Leasaitheach. An 4 Feabhra 2021, de bhonn rúin ó KRS an 7 Iúil 2020, cheap Uachtarán na Poblachta an Breitheamh A.T. chuig an Sąd Okręgowy w Krakowie (an Chúirt Réigiúnach, Kraków).

19.      Tugann na cúirteanna a rinne an tarchur faoi deara, maidir leis na saincheisteanna arna n‑ardú i gCásanna C‑181/21 agus C‑269/21, go mbaineann siad leis na nósanna imeachta lena rialaítear ceapacháin breithiúna chuig na gnáthchúirteanna sa Pholainn. Go dtí seo, cuireadh ceisteanna ar an gCúirt maidir le dlíthiúlacht na nósanna imeachta le haghaidh breithiúna a cheapadh chuig an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach). Dá réir sin, chuir na cúirteanna a rinne an tarchur bac ar na himeachtaí, faoi seach, os a gcomhair agus tharchuir siad na ceisteanna seo a leanas chun na Cúirte le haghaidh réamhrialú:

“1. An gcaithfear [Airteagal 2, Airteagal 19(1)] agus Airteagal 6(1) go (3) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den [Chairt], a léiriú mar seo a leanas:

(a) i gcás inarb ann, mar chuid de chomhdhéanamh cúirte, do dhuine a cheaptar ina bhreitheamh ar an gcúirt sin de thoradh nós imeachta nach bhfuil baint ag comhlachtaí [féinrialaitheacha] breithiúnacha leis, ar comhlachtaí iad a cheaptar go neamhspleách ar an bhfeidhmeannas agus ar an reachtas den chuid is mó, i gcás inar gá, i bhfianaise acquis bunreachtúil an Bhallstáit, go mbeadh baint ag comhlacht [féinrialaitheach] breithiúnach a chomhlíonann na ceanglais sin sa nós imeachta ceapacháin bhreithiúnaigh, ní binse arna bhunú le dlí de réir bhrí dhlí [AE] í an chúirt sin, ag féachaint don chomhthéacs institiúideach agus struchtúrach agus ós rud é:

–        go raibh ceanglas ann go dtabharfadh tionól breithiúna tuairim ar oiriúnacht an iarrthóra don phost breithiúnach, ceanglas ar tugadh neamhaird air d’aon turas contrártha leis an dlí náisiúnta agus le seasamh an chomhlachta [féinrialaithigh] bhreithiúnaigh sin, (12)

–        go raibh ceanglas ar choláiste na cúirte sin – comhlacht a bhí comhdhéanta amhail is gur cheap ionadaí ón bhfeidhmeannas (an tAire Sprawiedliwości (an tAire Dlí agus Cirt), arb é an Prokurator Generalny (an tArd-Ionchúisitheoir Poiblí, an Pholainn) chomh maith) an chuid is mó dá chomhaltaí – tuairim a thabhairt i leith oiriúnacht na n‑iarrthóirí le haghaidh an phoist bhreithiúnaigh, (13)

–        nach comhlacht neamhspleách é an [KRS] atá ann faoi láthair, a toghadh ar shlí atá contrártha d’fhorálacha bunreachtúla agus reachtúla na Polainne, agus nár toghadh aon ionadaithe ón mbreithiúnacht chuige go neamhspleách ar an bhfeidhmeannas agus ar an reachtas, agus, dá bhrí sin, nár taisceadh aon rún i leith cheapacháin mar bhreitheamh go héifeachtach de réir mar a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta,

–        nach raibh aon cheart achomhairc ag na rannpháirtithe sa chomórtas ceapacháin don phost chuig cúirt de réir bhrí [Airteagal 2, Airteagal 19(1)] agus Airteagal 6(1) go (3) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den [Chairt];

(b) i gcás inarb ann, mar chuid de chomhdhéanamh cúirte, do dhuine a cheaptar ina bhreitheamh ar an gcúirt sin de thoradh nós imeachta atá faoi réir chur isteach threallaigh ón bhfeidhmeannas nach bhfuil baint ag comhlachtaí [féinrialaitheacha] breithiúnacha leis, ar comhlachtaí iad a cheaptar go neamhspleách ar an bhfeidhmeannas agus ar an reachtas den chuid is mó, ná ag comhlacht eile a áirithíonn measúnú oibiachtúil ar an iarrthóir, i bhfianaise gur ghá rannpháirtíocht comhlachtaí [féinrialaitheacha] breithiúnacha nó chomhlachta eile a áirithíonn go ndéantar measúnú oibiachtúil ar an iarrthóir sa nós imeachta le breithiúna a cheapadh agus atá neamhspleách ar an bhfeidhmeannas agus an reachtas, i gcomhthéacs thraidisiúin dhlí na hEorpa atá fréamhaithe i bhforálacha thuasluaite CAE agus [na Cairte] agus atá mar bhonn taca lena leithéid d’aontas dlí is atá i gceist leis an Aontas Eorpach, chun a chinntiú go n‑áirithíonn an chúirt náisiúnta leibhéal na cosanta breithiúnaigh éifeachtaigh a bhfuil gá leis i gcásanna atá folaithe le dlí an Aontais, agus go ndéantar na prionsabail maidir le deighilt agus cothromaíocht na gcumhachtaí agus an smacht reatha a choimirciú dá bharr, ní chomhlíonann an chúirt sin na ceanglais maidir le binse neamhspleách arna bhunú le dlí?

2. An gcaithfear Airteagal 2 agus Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den [Chairt] a léiriú sa chaoi, i gcás inarb ann, mar chuid de chomhdhéanamh cúirte, do dhuine arna cheapadh sna himthosca dá dtagraítear i [bpointe (a) de Cheist 1] thuas mar a leanas:

(a) cuirtear, leis na forálacha sin, bac ar chur i bhfeidhm forálacha den dlí náisiúnta lena dtugtar dlínse eisiach chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht ceapacháin duine den sórt sin chuig post breithiúnach do dhlísheomra de chuid an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach), atá comhdhéanta go heisiach de dhaoine arna gceapadh chuig poist bhreithiúnacha sna himthosca dá dtagraítear [i bpointe (a) de Cheist 1] thuas, agus […] ar fhorálacha den dlí náisiúnta faoinar gá neamhaird a thabhairt ar agóidí maidir le ceapacháin chuig post breithiúnach, ag féachaint don chomhthéacs institiúideach agus sistéamach;

(b) ceanglaítear, leis na forálacha sin, d’fhonn éifeachtacht dhlí [AE] a áirithiú, go ndéanfar forálacha den dlí náisiúnta a léiriú ar bhealach lena gceadaítear do chúirt, uaithi féin, duine den sórt sin a eisiamh ón gcás a éisteacht ar bhonn na rialacha, is infheidhme de réir analaí, lena rialaítear eisiamh breithimh nach bhfuil in ann cásanna a chinneadh (iudex inhabilis)?”

IV.    An nós imeachta os comhair na Cúirte

20.      Le cinneadh an 5 Bealtaine 2021, rinne an tUachtarán Cásanna C‑181/21 agus C‑269/21 a uamadh chun críocha an nós imeachta ó bhéal agus i scríbhinn agus an bhreithiúnais. Rinne na cúirteanna iarratas freisin ar nós imeachta brostaithe le haghaidh na n‑iarrataí ar réamhrialú sa dá chás de bhun Airteagal 105(1) de na Rialacha Nós Imeachta. Leis an gcinneadh céanna sin an 5 Bealtaine 2021, dhiúltaigh Uachtarán na Cúirte do na hiarrataí sin.

21.      Chuir an Rzecznik Praw Obywatelskich (Ombudsman, an Pholainn; “an tOmbudsman”), Rialtas na Polainne agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn isteach. Ag éisteacht an 29 Meitheamh 2022, chuir na páirtithe thuasluaite, an Prokuratura Okręgowa w Katowicach (an tIonchúisitheoir Réigiúnach, Katowice) agus an Prokuratura Okręgowa w Krakowie (an tIonchúisitheoir Réigiúnach, Kraków), arna n‑ionadú ag an Prokurator Generalny (an tArd-Ionchúisitheoir Poiblí), chomh maith le Rialtais na Danmhairge agus na hÍsiltíre, argóintí ó bhéal i láthair agus thug siad freagra ar cheisteanna a chuir an Chúirt.

V.      Inghlacthacht

 A.      Barúlacha a cuireadh isteach

22.      Cuireann Rialtas na Polainne ocht bhforas chun cinn lena maíonn sé nach bhfuil na hiarrataí ar réamhrialú inghlactha.

23.      Ar an gcéad dul síos, measann Rialtas na Polainne go dtagann an t‑athchóiriú leanúnach ar an gcóras breithiúnach dá chuid faoi inniúlacht eisiach an Bhallstáit sin. Maíonn sé go bhfuil an breithiúnas sa chás an Coimisiún v an Pholainn (Córas araíonachta do bhreithiúna) (14)comhaicmeach le gníomh reachtach. Léirítear an seasamh sin go pointe áirithe i mbreithiúnas an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil, an Pholainn) an 14 Iúil 2021 i gCás P 7/20, inar chinn sé, inter alia, nach bhfuil an dara fomhír d’Airteagal 4(3) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 279 CFAE, ag luí le hAirteagail 2 agus 7, Airteagal 8(1) agus Airteagal 90(1) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de. Mar sin, mheas an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) gur rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais ultra vires nuair a ghlac sí bearta eatramhacha dírithe ar Phoblacht na Polainne a bhain le heagrú agus dlínse chúirteanna na Polainne agus leis na nósanna imeachta a bhí le leanúint os a gcomhair.

24.      Ar an dara dul síos, de réir Rialtas na Polainne, níl gá leis na ceisteanna a tharchuirtear, de réir bhrí Airteagal 267 CFAE, ós rud é nach gceanglaítear le dlí an Aontais go dtabharfadh comhlachtaí féinrialaitheacha breithiúnacha tuairim maidir le hiarrthóirí ar oifig bhreithiúnach agus nach dtugtar ceart ginearálta achomhairc leis i gcoinne cinntí a dhéantar i gcomhthéacs nósanna imeachta ceapacháin bhreithiúnaigh.

25.      Ar an tríú dul síos, tugann Rialtas na Polainne faoi deara go gceanglaítear ar na Ballstáit, le hAirteagal 19(1) CAE agus le hAirteagal 47 den Chairt, a áirithiú go bhfuil rochtain ag daoine aonair ar chúirt neamhspleách. Cé go bhfuil ceart an duine aonair chun leigheas éifeachtach a fháil ríthábhachtach faoi Bhunreacht Phoblacht na Polainne agus faoi dhlí an Aontais araon, is faoi inniúlacht eisiach na mBallstát a thagann eagrú an cheartais. Sa chomhthéacs sin, thug an Chúirt aghaidh cheana féin, go haonchiallach agus go huileghabhálach, ar na saincheisteanna uile arna n‑ardú sna ceisteanna a tarchuireadh, sa chaoi gur féidir leis na cúirteanna a rinne an tarchur an fhaisnéis a bhfuil gá léi ionas go mbeidh siad in ann breithiúnas a thabhairt a thuiscint ó chásdlí socair na Cúirte. (15)

26.      Ar an gceathrú dul síos, de bhun Airteagal 365 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta, rinneadh an chaingean le haghaidh bearta eatramhacha i gCás C‑269/21 a chinneadh go críochnaitheach le hordú a bhfuil an chúirt a rinne an tarchur faoina cheangal. Níl aon dlínse ag an gcúirt a rinne an tarchur chun breitheamh a thug cinneadh críochnaitheach a “scaoileadh” nó chun agóid a dhéanamh i gcoinne an ordaithe diúltú don iarratas ar bhearta eatramhacha. Féadfaidh páirtí, in aon chás, iarratas nua a dhéanamh ar bhearta eatramhacha, agus is féidir leis, lena linn, iarratas a dhéanamh chun breitheamh a scaoileadh as easpa neamhchlaontachta. Leis na ceisteanna dá dtagraítear i gCás C‑269/21, ní dhéantar fíor-dhíospóid a réiteach agus, dá réir sin, is ceisteanna hipitéiseacha iad. (16)

27.      Ar an gcúigiú dul síos, cé go bhfuil na hiarrataí ar réamhrialú fíor‑mhionsonraithe, ní théann na ráitis ar na cúiseanna a spreag na cúirteanna a rinne an tarchur chun léiriú ar fhorálacha dhlí an Aontais a lorg níos faide ná ceisteanna ar an gCúirt maidir le stádas cúirteanna áirithe mar bhinsí “arna mbunú roimh ré le dlí”. I dtuairim Rialtas na Polainne, ní dhéantar ceanglais Airteagal 94 de na Rialacha Nós Imeachta a chomhlíonadh leis an méid sin. Is éard atá sna hiarrataí ar réamhrialú ná ceisteanna ginearálta a bhaineann le hathchóirithe áirithe ar chóras breithiúnach na Polainne, d’ainneoin nach ndearnadh na cáilíochtaí is riachtanach d’iarrthóirí ar phoist bhreithiúnacha a athrú leis na hathchóirithe sin. Mar sin, ní bhaineann an dáta a cheaptar breithiúna chuig na gnáthchúirteanna lena n‑inniúlachtaí, na rialacha lena rialaítear feidhmiú a ndualgas, a gcearta ná a n‑oibleagáidí, lena n‑áirítear a neamhspleáchas. Leagann Rialtas na Polainne béim ar an easpa samplaí sonracha d’aon easpa neamhspleáchais a bhaineann le breitheamh sna horduithe tagartha agus de bhrú a bheith curtha ar bhreithiúna a ceapadh faoin gcóras tar éis an athchóirithe. Dá bhrí sin, tá nádúr hipitéiseach ag gabháil leis na ceisteanna.

28.      Ar an séú dul síos, tá na hiarrataí ar réamhrialú i gCásanna C‑181/21 agus C‑269/21 “róghinearálta”. Níl aon bhaint ag ábhar na gceisteanna leis na caingne sna príomhimeachtaí, a bhaineann leis an dlí náisiúnta i leith tomhaltóirí lena ndéantar Treoir 93/13 a thrasuí. Cúpla uair fiú, tugann na cúirteanna a rinne an tarchur le fios “go dtéann cúrsaí thar chomhthéacs fíorasach an cháis”.

29.      Ar an seachtú dul síos, measann Rialtas na Polainne nach mbaineann ábhar na bpríomhimeachtaí go díreach leis na ceisteanna i leith stádas KRS nó stádas an Dlísheomra Urghnách mar “bhinse” faoi Airteagal 2, Airteagal 19(1) agus Airteagal 6(1) go (3) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt. Níl baint dhíreach idir ábhar na bpríomhimeachtaí agus ceart na rannpháirtithe i nós imeachta ceapacháin breithiúna chun leigheas éifeachtach a fháil ach oiread. Dá bhrí sin, tá raon feidhme na dtarchur chun réamhrialú róleathan ar chaoi a bhfuil do‑ghlactha.

30.      Ar an ochtú dul síos, measann Rialtas na Polainne nach bhfuil dlínse ag an gcúirt a rinne an tarchur i gCás C‑269/21, agus í ina suí i bhfoirmíocht ina bhfuil triúr breithiúna agus ní mar bhreitheamh aonair, iarraidh a dhéanamh ar réamhrialú. Is léir sin go háirithe ós rud é go ndearnadh an t‑iarratas tar éis stádas críochnaitheach a theacht ar an ordú ón bhfoirmíocht ina raibh triúr breithiúna chun diúltú don iarratas ar bhearta eatramhacha. I gCás C‑181/21, maíonn sé go bhfuil dlínse amháin ag an gcúirt a rinne an tarchur i gcás ina bhfuil sí ina suí i bhfoirmíocht ina bhfuil triúr breithiúna agus ag a huachtarán(17) chun iarraidh a dhéanamh ar réamhrialú. Mínítear na fíricí san iarraidh ar réamhrialú ar bhealach chomh gonta sin nach féidir a fháil amach an bhfuil an breitheamh is rapóirtéir sa chás, a rinne an t‑iarratas, ina uachtarán ar an bhfoirmíocht ina raibh triúr breithiúna. Dá bhrí sin, an t‑aon aidhm a bhí ag an gcúirt a rinne an tarchur agus í ag brath ar Airteagal 367(3) de Chód an Nós Imeachta Shibhialta ná ceist a tharchur le haghaidh réamhrialú.

31.      Ag an éisteacht, chuir an Coimisiún in aghaidh inghlacthacht na gceisteanna i gCás C‑269/21. Measann sé nár léirigh an chúirt a rinne an tarchur, le teacht ar réiteach ar an díospóid sna príomhimeachtaí, an gá le rialú ón gCúirt ar na ceisteanna faoin nós imeachta a raibh ceapachán an Bhreithimh A.T mar thoradh air.

 B.      Anailís

32.      I gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, baineann toimhde ábharthachta le ceisteanna faoi léiriú ar dhlí an Aontais arna dtarchur ag cúirt náisiúnta. Ní fhéadfaidh an Chúirt diúltú rialú ar cheist a tharchuireann cúirt náisiúnta ach amháin i gcás inar léir nach bhfuil aon bhaint ag an léirú ar dhlí an Aontais a iarrtar le fíorais iarbhír na príomhcaingne ná lena cuspóir, i gcás nach bhfuil san fhadhb ach cur i gcás nó i gcás nach bhfuil na fíricí agus dlí ábhartha is gá ag an gCúirt le freagra fónta a thabhairt ar na ceisteanna arna gcur os a comhair. (18)

33.      Is léir ó théacs agus ó scéim Airteagal 267 CFAE araon nach bhfuil sé de chumhacht ag cúirt nó binse náisiúnta ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte trí tharchur le haghaidh réamhrialú mura bhfuil cás ar feitheamh os a comhair ina n‑iarrtar uirthi cinneadh a thabhairt inar féidir an réamhrialú sin a chur san áireamh. Ní mór go mbeidh tarchur le haghaidh réamhrialú riachtanach le teacht ar réiteach éifeachtach ar díospóid. Níl sé ann le soláthar tuairimí comhairleacha ar cheisteanna ginearálta nó hipitéiseacha a éascú. (19)

34.      Trína chéad agóid maidir le hinghlacthacht, déanann Rialtas na Polainne dlínse na Cúirte a chonspóid maidir le hábhair a bhaineann le breithiúna náisiúnta a cheapadh. Tá sé socraithe sa chásdlí go dtagann eagrú an cheartais sna Ballstáit faoi réim a n‑inniúlachta. Dá ainneoin sin, ceanglaítear ar na Ballstáit a gcuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh agus an inniúlacht sin á feidhmiú acu, go háirithe maidir leis na rialacha náisiúnta lena rialaítear ceapacháin breithiúna agus, i gcás inarb infheidhme, an t‑athbhreithniú breithiúnach atá ar fáil i gcomhthéacs na nósanna imeachta ceapacháin sin. (20) Atoradh ar an gceart chun cúirt neamhspleách agus neamhchlaonta arna bunú roimhe sin le dlí ná an deis atá ag gach duine an ceart sin a agairt. (21) I gcás ina ndéantar díospóid i dtaobh an bhfuil ann do bhinse neamhspleách neamhchlaonta ar fhoras nach ndealraíonn sé a bheith gan fiúntas go follasach, (22) tá sé d’oibleagáid ar gach cúirt (23) a sheiceáil an ionann í féin, sa chomhdhéanamh ina bhfuil sí, agus binse den sórt sin. Tá an dlínse sin riachtanach ionas go gcothófaí an muinín nach mór do chúirteanna i sochaí dhaonlathach a spreagadh iontu siúd atá faoi réir a rialuithe. Dá bhrí sin, is ceanglas riachtanach nós imeachta é seiceáil den sórt sin, ar ceanglas é a bhaineann le beartas poiblí a chomhlíonadh agus ní mór go ndéanfaí é a fhíorú nuair a ardaíonn na páirtithe nó an chúirt as a stuama féin é. (24) Tá nádúr idirdhisciplíneach ag Airteagal 2 CAE, an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus na ceanglais a leagtar síos i mbreithiúnas Simpson, agus bíonn feidhm acu aon uair a d’fhéadfadh go mbeadh ar dhlínse rialú a thabhairt ar chásanna “i réimsí atá folaithe le dlí an Aontais”. (25) Dá bhrí sin, tá dlínse ag an gCúirt léiriú a thabhairt ar dhlí an Aontais i gcomhthéacs tarchur le haghaidh réamhrialú den sórt sin. Dá bhrí sin, molaim go ndiúltófaí don chéad agóid ó Rialtas na Polainne.

35.      Baineann an dara agus an tríú hagóid ó Rialtas na Polainne maidir le hinghlacthacht le substaint na gceisteanna a tarchuireadh agus leis an léiriú ar dhlí an Aontais atá á lorg ag na cúirteanna a rinne an tarchur. Ní féidir le hagóidí den sórt sin, de bharr a nádúir féin, údar a thabhairt le cinneadh nach bhfuil na ceisteanna sin inghlactha. (26) Má chinneann an Chúirt gur féidir léi freagra a thabhairt ar na ceisteanna a chuirtear trí thagairt dá cásdlí socair, féadfaidh sí an acmhainn dá bhforáiltear in Airteagal 99 de na Rialacha Nós Imeachta a úsáid agus é sin a dhéanamh trí ordú réasúnaithe.

36.      Leis an gceathrú agus leis an ochtú hagóid maidir le hinghlacthacht dá chuid, cuireann Rialtas na Polainne in aghaidh dhlínse na gcúirteanna a rinne an tarchur iarrataí ar réamhrialú a dhéanamh faoin dlí náisiúnta. Thairis sin, maíonn sé gur iarrataí saorga atá iontu agus nach bhféadfadh na cúirteanna a rinne an tarchur iad a dhéanamh go dleathach ach amháin dá mbeadh siad ina suí i bhfoirmíocht ina raibh triúr breithiúna. (27)

37.      I gcomhthéacs an nós imeachta um réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, is cásdlí socair é nach faoin gCúirt atá sé, i bhfianaise leithdháileadh na bhfeidhmeanna idir í féin agus an chúirt náisiúnta, a chinneadh an ndearnadh an t‑ordú tarchuir i gcomhréir le rialacha an dlí náisiúnta lena rialaítear eagrú na gcúirteanna agus a nós imeachta. Dá bhrí sin, tá sé de cheangal ar an gCúirt freagra a thabhairt ar ordú tarchuir ó chúirt nó ó bhinse de chuid Ballstáit a mhéid nach ndearnadh an t‑ordú sin a chealú ar bhonn modh sásaimh dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta. (28) Dá bhrí sin, mheas an Chúirt gurb inghlactha iarraidh ar réamhrialú ó uachtarán d’fhoirmíocht cúirte maidir le rialtacht a comhdhéanamh. (29)

38.      In aon chás, cé go maíonn Rialtas na Polainne gur doiléir i gCás C‑181/21 an é uachtarán na foirmíochta ina riabh triúr breithiúna a rinne an iarraidh ar réamhrialú agus go raibh an chúirt a rinne an tarchur – ina suí i seomra iata mar bhreitheamh aonair ann – ag brath go saorga ar Airteagal 367(3) de Chód an Nós Imeachta Shibhialta leis an iarraidh a dhéanamh, níor léirigh sé nach raibh dlínse ag an gcúirt a rinne an tarchur é sin a dhéanamh.

39.      I gCás C‑269/21, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, ina suí mar bhreitheamh aonair, cén fáth a mheasann sí go bhféadfadh tionchar a bheith ag cinneadh na cúirte sin, ina suí di i bhfoirmíocht ina raibh triúr breithiúna agus ag éisteacht achomhairc faoi bhearta eatramhacha, ar na príomhimeachtaí ar gá don chúirt ina suí mar bhreitheamh aonair rialú ina leith. Luann sí gur tarchuireadh an cinneadh ón bhfoirmíocht ina raibh triúr breithiúna ar ais chuici agus go bhfuil amhras réasúnach uirthi i dtaobh an gcomhlíonann an fhoirmíocht sin ina raibh triúr breithiúna ceanglais an dlí náisiúnta agus dhlí an Aontais. Tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara go bhfuil bailíocht an chinnidh maidir le bearta eatramhacha ina riachtanas chun staid dhlíthiúil an tomhaltóra a chinneadh. Dá bhrí sin, chun na príomhimeachtaí a réiteach, ní mór go mbeidh cinnteacht ann maidir le bailíocht chomhdhéanamh na foirmíochta a d’éist agus a chinn an t‑achomharc sin. (30)

40.      I bhfianaise an naisc dhírigh, arna léiriú ag an gcúirt a rinne an tarchur, idir an cinneadh ón bhfoirmíocht ina raibh triúr breithiúna le linn an achomhairc diúltú do bhearta eatramhacha a dheonú agus na príomhimeachtaí, measaim, contrártha d’agóidí Rialtas na Polainne agus an Choimisiúin, go bhféadfadh gá a bheith ann le freagra na Cúirte ar na ceisteanna faoin léiriú atá le déanamh ar dhlí an Aontais a tarchuireadh chuici i gCás C‑269/21 ionas go mbeadh an chúirt a rinne an tarchur in ann saincheisteanna dlí nós imeachta náisiúnta a réiteach sula bhféadfaidh sí rialú ar shubstaint na díospóide atá ar feitheamh os a comhair.

41.      Maidir leis an gcúigiú agus an séú hagóid de chuid Rialtas na Polainne maidir le hinghlacthacht, a bhfuil forluí eatarthu go pointe áirithe, measaim go ndearna na cúirteanna a rinne an tarchur cur síos, de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá, ar fhíorais na ndíospóidí sna príomhimeachtaí, ar na forálacha náisiúnta is infheidhme agus ar a gcuid amhras i dtaobh an bhfuil na nósanna imeachta a raibh ceapadh na mBreithiúna A.Z. agus A.T. mar thoradh orthu i gcomhréir le dlí an Aontais. Is fíor gur beag tagairt a dhéantar do na díospóidí bunúsacha maidir le dlí na dtomhaltóirí sna cúiseanna a bhí mar fhorais le dearcadh na gcúirteanna a rinne an tarchur go raibh gá le freagra ar na ceisteanna a cuireadh ar an gCúirt i bhfianaise na mbreithiúnas atá le tabhairt acu sna himeachtaí atá ar feitheamh os a gcomhair. Mar sin féin, is léir go bhféachann na cúirteanna sin lena fháil amach, roimh dóibh rialú a thabhairt ar na díospóidí sin, an raibh foirmíocht na gcúirteanna a rinne an tarchur, ina raibh na Breithiúna A.Z. agus A.T. ina suí, ag luí leis an gceanglas maidir le “binse arna bhunú le dlí” faoi dhlí an Aontais agus, i gcás nach luíonn, lena fháil amach cad iad na hiarmhairtí a bhaineann leis an gcinneadh sin. Go sonrach, is mian leo a fháil amach an bhféadfaidh na cúirteanna a rinne an tarchur, ina suí dóibh mar bhreitheamh aonair, na Breithiúna A.Z agus A.T a scaoileadh as a stuaim féin. Dá bhrí sin, cé go bhféadfadh tionchar an léirithe atá á lorg ag na cúirteanna a rinne an tarchur ar dhlí an Aontais dul níos faide ná fíricí na gcásanna atá ar feitheamh os a gcomhair, níl baint aige sin le hinghlacthacht na gceisteanna atá tarchurtha acu. (31)

42.      Dá bhrí sin, molaim don Chúirt diúltú do gach ceann de na hagóidí faoi inghlacthacht na gceisteanna a chuir na cúirteanna a rinne an tarchur.

VI.    Substaint an cháis

A.      Réamhbharúlacha

43.      Tá forluí páirteach idir ábhar na n‑imeachtaí um shárú (32)i gCás C‑204/21, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna)(33) agus na hiarrataí ar réamhrialú sa chás seo. Cé gur nósanna imeachta éagsúla iad caingne um shárú agus iarrataí ar réamhrialú, agus éifeachtaí dlíthiúla ar leith acu, (34) déanfaidh mé tagairt, i gcás inarb iomchuí, do mo Thuairim sna himeachtaí sin, arna tabhairt ar an dáta céanna leis an Tuairim seo, go háirithe míreanna 46 go 60 di, ina leagaim amach seasaimh dlí seanbhunaithe atá ábhartha, dar liom, do réiteach na n‑imeachtaí seo.

44.      Is léir ó na hiarrataí ar réamhrialú gurb éard atá á lorg ag na cúirteanna a rinne an tarchur ná léiriú ar an bprionsabal maidir le bunú roimh ré le dlí a aithnítear sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt. Dá bhrí sin, is i bhfianaise an phrionsabail sin amháin atá na ceisteanna a chuir na cúirteanna a rinne an tarchur le freagairt.

45.      Dar leis an gCoimisiún, mar gheall ar an ról bunreachtúil agus an tionchar a fheidhmíonn breithiúna an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach), i gcomparáid le breithiúna na ngnáthchúirteanna, i dteannta leis an riosca níos lú go bhféadfadh an reachtas agus an feidhmeannas cur isteach ar cheapacháin chuig na cúirteanna sin, tugtar údar le modh measúnaithe éagsúil ar dhlíthiúlacht ceapacháin breithimh faoin dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE. Measann an Coimisiún gur cheart an measúnú sin ar cheapachán breithimh chuig gnáthchúirt a dhéanamh ar bhonn cás ar chás, i gcodarsnacht le cur chuige córasach i ndáil le ceapacháin chuig an gCúirt Uachtarach. Tugann an tOmbudsman agus an Coimisiún faoi deara, le rún an 23 Eanáir 2020, go ndearna an Dlísheomra Sibhialta, an Dlísheomra Coiriúil, agus an Dlísheomra um Shaothar agus Slándáil Shóisialta den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) (35) idirdhealú idir breithiúna de chuid an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) agus breithiúna de chuid na ngnáthchúirteanna maidir lena neamhspleáchas agus neamhchlaontacht a scrúdú. Measadh sa rún go mbíonn an nós imeachta maidir le breithiúna a cheapadh chuig na gnáthchúirteanna neamhdhleathach i gcás ina mbíonn, “sna himthosca sonracha”, sárú ar an gceanglas maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht faoi Airteagal 45(1) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne, Airteagal 47 den Chairt agus Airteagal 6(1) den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (“ECHR”) de thoradh air. Dá réir sin, dhearbhaigh an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) go raibh na himthosca a bhain le rannpháirtíocht na mbreithiúna féin i nósanna imeachta ceapacháin os comhair KRS agus cineál na gcásanna lena dhéileálann nó lenar dhéileáil na breithiúna aonair sin mar chuid de na himthosca a bhí le scrúdú. (36)Os a choinne sin, ní riachtanas don Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) é scrúdú aonair den sórt sin a dhéanamh i ndáil le breithiúna a cheapadh chuig an gcúirt sin. (37)

46.      Baineann na ceisteanna a tharchuirtear leis an gceanglas maidir le bunú roimh ré le dlí, agus ní le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na gcúirteanna, ar tugadh aghaidh orthu sa rún réamhráite. Ós rud é go bhfuil nasc bunúsach idir na critéir sin go léir agus go bhfuil forluí suntasach eatarthu,(38) ní mór a chur in iúl go láidir nach ndéantar idirdhealú sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt, idir cúirteanna uachtaracha na mBallstát agus cúirteanna eile ina ndlíchórais. Tá feidhm gan idirdhealú ag na ceanglais bhunúsacha maidir le neamhspleáchas, (39) neamhchlaontacht agus bunú roimh ré le dlí ar chúirteanna nó binsí uile na mBallstát, gan beann ar cé chomh mór is atá a ndlínse ná ar an áit ina bhfuil siad in ord na gcúirteanna sa Stáit sin. Murach sin, d’fhéadfadh caighdeán na cosanta breithiúnaí a bheith éagsúil ag brath ar rangú cúirte sa chóras breithiúnach a bhfuil sí mar chuid de. Ó thaobh bunphrionsabail de, is follas go bhfuil an seasamh sin mícheart. A mhalairt ar fad, ós rud é nach bhfuil taithí ag formhór shaoránaigh an Aontais ach ar na gnáthchúirteanna dá gcórais dlí náisiúnta, is fíorthrom an dualgas comhfhreagrach atá ar na gnáthchúirteanna muinín na saoránach go bhfuil an smachta reachta i bhfeidhm a chothú. Tá an aighneacht níos áiféisí fós i bhfianaise fhorbairt dhlíchóras an Aontais, arna n‑éascú go mór le ról tábhachtach na gcúirteanna atá ceaptha a bheith “níos ísle” i ndlíchórais na mBallstát. (40) Tá ceanglas sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt, maidir le caighdeán aonfhoirmeach a bhfuil feidhm aige go neamhspleách ar an leibhéal ar a bhfeidhmítear dlínse i gcóras dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na mbuncheanglas sin, ní mór scrúdú a dhéanamh ar na fachtóirí ábhartha uile, bíodh siad de chineál sistéamach agus/nó de chineál aonair.

B.      An chéad cheist

47.      Is éard is aidhm leis an gcéad cheist ná a fháil amach an gá léiriú a dhéanamh ar an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt, amhail is “binse arna bhunú le dlí” é gnáthchúirt i gcás inar ceapadh breitheamh, i bhfoirmíocht ar tugadh cás os a comhair, faoi nós imeachta (a) ina raibh neamhaird ar an tuairim ó thionól na mbreithiúna ar oiriúnacht na n-iarrthóirí, contrártha leis an dlí náisiúnta, nó, tar éis don dlí náisiúnta a bheith athraithe, inarbh í coláiste na cúirte, a bhí comhdhéanta go príomha de dhaoine arna gceapadh ag an Aire Dlí agus Cirt, a thug tuairim ar oiriúnacht iarrthóra; (b) inar ceapadh iarrthóirí chuig poist de bhonn rúin ó KRS; agus (c) ina raibh na rannpháirtithe fágtha gan cheart achomharc a dhéanamh chuig cúirt nó binse de réir bhrí fhorálacha dhlí an Aontais a luaitear thuas. (41)

48.      Fágann cásdlí na Cúirte, arna fhorbairt i bhfianaise an chásdlí ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (“EctHR”), gur gné bhunúsach den choincheap “binse arna bhunú le dlí” é an nós imeachta chun breithiúna a cheapadh, ós rud é go bhfuil impleachtaí bunúsacha ag an nós imeachta sin i leith fheidhmiú cuí agus dlisteanacht na breithiúnachta i Stát daonlathach atá faoi rialú an smachta reachta. (42)      Sa bhreithiúnas in Getin Noble Bank, (43) mheabhraigh an Chúirt go ndéantar an ceanglas maidir le binse arna bunú le dlí a shárú le neamhrialtacht i gceapacháin breithiúna, go háirithe nuair is neamhrialtacht de chineál agus de thromchúis í lena gcruthófaí fíorbhaol léi go bhféadfadh brainsí cumhachta eile an Stáit, go háirithe an feidhmeannas, discréid mhíchuí a fheidhmiú, a chuirfeadh sláine thoradh phróiseas an cheapacháin i mbaol agus a ardódh amhras dlisteanach agus tromchúiseach léi, in aigne na ndaoine, maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an bhreithimh nó na mbreithiúna lena mbaineann. Is amhlaidh an cás nuair a bhíonn rialacha bunúsacha atá mar dhlúthchuid de bhunú agus feidhmiú an chórais bhreithiúnaigh i gceist. Ní hé go gcruthaítear, le gach aon earráid i nós imeachta ceapacháin breithimh, amhras i leith neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an bhreithimh sin agus, dá réir sin, i leith stádas foirmíochta ina bhfuil an breitheamh sin, faoi dhlí an Aontais, mar “bhinse neamhspleách neamhchlaonta arna bunú roimh ré le dlí”.

49.      Chun a chinneadh go ndearnadh sárú ar an gceanglas maidir le binse arna bhunú roimh ré le dlí agus na hiarmhairtí a bhaineann leis sin, ní mór measúnú foriomlán a dhéanamh ar roinnt tosca ar n‑eascraíonn amhras réasúnach astu, nuair a chuirtear le chéile iad, maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna atá ina suí ar an mbinse sin. (44) Dá réir sin, ní mór a fháil amach an bhfuil amhras réasúnach ann, in aigne daoine aonair, mar gheall ar na coinníollacha substainteacha agus na rialacha nós imeachta lena rialaítear na nósanna imeachta ceapacháin atá i gceist, maidir le neamhthréscaoilteacht na mbreithiúna lena mbaineann ar thosca seachtracha agus maidir lena neodracht i ndáil leis na leasanna os a gcomhair tráth a gceaptha. Chinn an Chúirt gur cheart na coinníollacha agus na rialacha nós imeachta sin a dhréachtú ar bhealach lena gcoiscfear ní hamháin aon tionchar dhíreach, i bhfoirm treoracha, ach aon chineál tionchair indírigh a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar chinntí na mbreithiúna lena mbaineann freisin. (45)

50.      Tá ábhar imní de chineál ginearálta nó sistéamach ag baint leis na hiarrataí ar réamhrialú agus na ceisteanna a tharchuirtear. (46)Ní hamháin go mbaineann siad leis an nós imeachta a raibh ceapacháin na mBreithiúna A.Z. agus A.T. chuig an Sąd Okręgowy w Katowicach (an Chúirt Réigiúnach, Katowice) agus chuig an Sąd Okręgowy w Krakowie (an Chúirt Réigiúnach, Kraków), faoi seach, mar thoradh air, ach thairis sin leis na nósanna imeachta faoinar ceapadh go leor breithiúna eile chuig na gnáthchúirteanna. Níl ann d’aon rud le léiriú go raibh an‑éagsúlacht ann idir na nósanna imeachta a riabh ceapacháin na mBreithiúna A.Z. agus A.T. mar thoradh air agus na nósanna imeachta a úsáideadh chun ceapacháin eile a dhéanamh chuig na gnáthchúirteanna le déanaí (47) nó le léiriú gur ghníomhaigh na breithiúna sin ar bhealach míchuí. Ina leith sin, féadfar a thabhairt faoi deara gur fheidhmigh an Breitheamh A.Z. agus an Breitheamh A.T. araon mar bhreithiúna de chuid na ngnáthchúirteanna ó ceapadh iad in 1996 agus 2009, faoi seach. Ní chaitheann na himeachtaí seo amhras ar dhlíthiúlacht na nósanna imeachta a raibh a gcéad cheapacháin mar bhreithiúna mar thoradh orthu. Ina theannta sin, níl a gcáilíochtaí gairmiúla ná a dtaithí ghairmiúil ná, dá bhrí sin, a n‑inniúlacht chun a bhfeidhmeanna nua a chomhlíonadh ar an Sąd Okręgowy w Katowicach (an Chúirt Réigiúnach, Katowice) agus ar an Sąd Okręgowy w Krakowie (an Chúirt Réigiúnach, Kraków) faoi cheist.

51.      Is cásdlí socair é nach mór na trí fhachtóir arna n‑ardú ag na cúirteanna a rinne an tarchur, mar atá leagtha amach i mír 47 den Tuairim seo, a mheasúnú ar bhonn aonair ar dtús sular féidir a n‑éifeacht charnach nó fhoriomlán a mheas. Cé go bhféadfadh sé nach mbainfí, le ceann amháin nó le ceann eile de na tosca dá dtagraíonn na cúirteanna a rinne an tarchur, an bonn de na ceanglais a shainaithin an Chúirt sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, nuair a chuirtear le chéile iad agus nuair a dhéantar measúnú orthu i gcomhthéacs sheoladh an nós imeachta ceapacháin sin, d’fhéadfadh sé go gcaithfí amhras, leis na tosca sin, ar dhlisteanacht an nós imeachta sin agus ar chomhlíonadh na gceanglas sin. (48)

52.      Ar mhaithe le háisiúlacht, scrúdóidh mé an dara fachtóir ar dtús, a bhaineann le rannpháirtíocht KRS sna nósanna imeachta ceapacháin.

1.      An dara fachtóir

53.      Dar leis na cúirteanna a rinne an tarchur, ní chomhlíonann KRS ina chomhdhéanamh reatha a ról bunreachtúil chun neamhspleáchas na mbreithiúna agus na gcúirteanna a chosaint. (49) I ndáil leis sin, déanann siad tagairt fhairsing do na hathruithe ar chomhdhéanamh KRS agus ar a ról sa nós imeachta ceapacháin ó 2018 i leith.  (50)

54.      Is cásdlí socair é go bhfuil cosc faoi Airteagal 19(1) CAE ar fhorálacha náisiúnta a bhaineann le heagrú an cheartais lena laghdaítear, sa Bhallstát lena mbaineann, an chosaint atá ag luach an smachta reachta, go háirithe ráthaíochtaí maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna. I ndáil leis sin, tá sé ráite ag an gCúirt gur cúis le hamhrais dhlisteanacha thromchúiseacha é tionchar treisithe an reachtais agus an fheidhmeannais ar roghnú chomhaltaí KRS ó 2018 i leith maidir lena neamhspleáchas, lena ról i gceapadh breithiúna agus, dá bhrí sin, le neamhspleáchas na mbreithiúna a ceapadh amhlaidh agus neamhspleáchas na gcúirteanna a suíonn siad orthu. (51) Chinn an Chúirt chomh maith, i bhfianaise Airteagal 179 de Bhunreacht Phoblacht na Polainne, go bhfuil ról cinntitheach ag KRS maidir le breithiúna a cheapadh chuig an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach). (52) Is léir ó na hiarrataí ar réamhrialú go bhfuil ról cinntitheach atá comhchosúil leis sin ag KRS sa nós imeachta maidir le breithiúna a cheapadh chuig na gnáthchúirteanna.

55.      D’ainneoin an chúlchéimnithe sin i gcosaint an smachta reachta ó 2018 i leith, tá sé ráite ag an gCúirt nach leor ann féin rannpháirtíocht comhlachta amhail KRS(53) sa nós imeachta chun breithiúna a cheapadh chun amhras a chothú faoi neamhspleáchas na mbreithiúna a ceapadh faoin nós imeachta sin. D’fhéadfadh cúrsaí a bheith éagsúil i gcás ina n‑ardaítear amhras den sórt sin mar thoradh ar rannpháirtíocht comhlachta amhail KRS i dteannta le tosca ábhartha eile agus na coinníollacha faoina ndearnadh na breithiúna a roghnú. (54) Tá feidhm chomhionann ag an measúnú sin maidir leis an gceanglas i ndáil le bunú roimh ré le dlí arna hardú sna himeachtaí seo, go háirithe ós rud é gurb é KRS caomhnóir neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbreithiúna de bhun Airteagal 186 de Bhunreacht Phoblacht na Polainne.

2.      An chéad fhachtóir

56.      Tá difríocht idir na himthosca fíorasacha i gCás C‑181/21 agus i gCás C‑269/21 maidir le cur i bhfeidhm an chéad fhachtóra, a bhaineann leis an easpa rannpháirtíochta ó chomhlacht féinrialaitheach breithiúnach sa nós imeachta ceapacháin.

57.      Léirítear san iarraidh ar réamhrialú sa chás C-181/21 gur foráladh go sainráite le dlí na Polainne, an tráth iomchuí, le haghaidh rannpháirtíocht tionóil breithiúna sa nós imeachta ceapacháin. (55) Ina theannta sin, mhaígh an chúirt a rinne an tarchur go raibh an chumhacht eisiach ag tionól na mbreithiúna an nós imeachta a thionscnamh os comhair KRS agus go raibh a rannpháirtíocht i nós imeachta ceapacháin na mbreithiúna bunriachtanach (56) i bhfianaise phrionsabal dheighilt na gcumhachtaí faoi Bhunreacht Phoblacht na Polainne. (57) Measann sí go bhfuil an nós imeachta ceapacháin ar neamhréir leis an ord dlíthiúil agus bunreachtúil náisiúnta mar gheall go n‑eisiadh rannpháirtíocht thionól na mbreithiúna, rud a fhágann go bhfuil comhdhéanamh na cúirte ábhartha neamhdhleathach faoi dhlí na Polainne.

58.      De réir na hiarrata ar réamhrialú i gCás C‑181/21, staon tionól na mbreithiúna go sealadach ó thuairim a eisiúint maidir leis na hiarrthóirí os a chomhair mar gheall ar imní faoi stádas KRS. Lean an nós imeachta ceapacháin ar aghaidh d’ainneoin an staonta sin agus na gcúiseanna a bhí leis. Cé nach ndearnadh tionól na mbreithiúna a eisiamh ón nós imeachta ceapacháin, dá bhrí sin, agus gur staon sé óna thuairim a thabhairt, is cosúil, agus beidh sé seo le fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, d’ainneoin chineál neamhiata an staonta sin agus aon mhoill iarmhartach do cheapacháin bhreithiúnacha, go raibh sé contrártha leis an dlí náisiúnta ag an am ábhartha dul ar aghaidh le nós imeachta ceapacháin gan tuairimí thionól na mbreithiúna a fháil amach. Níl ann d’aon rud sa chomhad os comhair na Cúirte lena gcuirfí i bhfios go ndearnadh aon gníomh dlíthiúil, nó go bhféadfaí aon ghníomh dlíthiúil a dhéanamh, d’fhonn scaoileadh le tuairim an tionóil go dleathach nó go raibh aon phráinn ann go gceapfaí breithiúna láithreach gan fanacht ar eisiúint na tuairime sin.

59.      Is cásdlí socair é go bhféadfaí, i bprionsabal, le rannpháirtíocht comhlachta, amhail tionól breithiúna, sa phróiseas ceapacháin breithiúna cur le stádas an phróisis sin mar phróiseas oibiachtúil, ar choinníoll i gcónaí go mbeadh an comhlacht féin sin neamhspleách go leor ar an reachtas agus ar an bhfeidhmeannas agus ar an údarás a bhfuil ceangal ar an gcomhlacht a thuairim a thabhairt dó. (58) D’fhéadfadh na himthosca inar staon tionól na mbreithiúna i gCás C‑181/21 ó thuairim a eisiúint agus gníomhú Uachtarán an Sąd Apelacyjny (an Chúirt Achomhairc), atá i gceannas ar an tionól sin agus ar cheap an tAire Dlí agus Cirt é, ina n‑ábhar imní. I ndáil leis sin, measaim nach bhfuil gníomhú Uachtarán an Sąd Apelacyjny (an Chúirt Achomhairc), ar bhealach a bhí ar neamhréir le seasamh an tionóil ábhartha, sásúil, ós rud é go bhféadfaí, b’fhéidir, an chéim sin sa phróiseas ceapacháin a cháineadh mar gheall ar an dearcadh a d’fhéadfadh a bheith ag an bpobal maidir le cur isteach neamhdhleathach ón bhfeidhmeannas. Sa bhreithiúnas in Getin Noble Bank (59)mheabhraigh an Chúirt gurb éard a léirítear sa téarma “arna bhunú le dlí” ná an gá atá ann go n‑áiritheofar nach mbeidh eagrú an chórais bhreithiúnaigh ag brath ar dhiscréid an fheidhmeannais, ach go bhfuil sé á rialú le dlí ón reachtas. Faoin am a bhí tús curtha leis an nós imeachta ceapacháin i gCás C‑181/21, áfach, is cosúil go raibh ról thionól na mbreithiúna curtha chun imill mar gheall ar ról cinntitheach KRS sa phróiseas ceapacháin. (60) Mar gheall air sin, ní dóigh liom go bhfuil an chéad fhachtóir, arna mheas ina aonar, tromchúiseach go leor chun amhras a chaitheamh ar dhlíthiúlacht an cheapacháin mar bhreitheamh atá i gceist i gCás C‑181/21. Mar sin féin, i ndeireadh na dála, sin rud atá le cinneadh ag an gcúirt a rinne an tarchur.

60.      Is léir ón iarraidh ar réamhrialú i gCás C‑269/21, tar éis leasú a bheith déanta ar an dlí, (61) nach raibh gá a thuilleadh le tuairim maidir le hiarrthóirí ó thionól na mbreithiúna ab ábhartha tráth an nós imeachta ceapacháin faoi cheist. Chuir an chúirt a rinne an tarchur in iúl gur leasaíodh an dlí mar gheall ar chleachtadh a bhí ag tionóil breithiúna staonadh ó thuairimí a eisiúint maidir le hiarrthóirí. Thug coláiste na cúirte ábhartha a thuairim uaidh maidir leis an aon iarrthóir amháin sa nós imeachta – an Breitheamh A.T. – de réir mar a cheanglaítear leis an Dlí Leasaitheach, agus chomhlíon an ghné sin den nós imeachta dlí na Polainne mar sin. Measann an chúirt a rinne an tarchur nach comhlacht féinrialaitheach breithiúnach a thuilleadh an coláiste, atá comhdhéanta d’uachtaráin na gcúirteanna atá i gceist, agus ar cheap an tAire Dlí agus Cirt (62) a leath díobh. Dá bhrí sin, rinneadh comhlachtaí féinrialaitheacha breithiúnacha a bhaint den phróiseas ceapacháin leis an Dlí Leasaitheach. (63) De réir na cúirte a rinne an tarchur, tá an cinneadh sin contrártha le Bunreacht Phoblacht na Polainne agus le prionsabal dheighilt na gcumhachtaí sa chaoi is go bhfuil cúirt atá comhdhéanta de bhreitheamh arna cheapadh gan rannpháirtíocht comhlachtaí den sórt sin comhdhéanta go neamhrialta. Cuireann an chúirt a rinne an tarchur leis sin go bhfuil díobháil ar leith ann mar gheall nach bhfuil ann do chomhlachtaí féinrialaitheacha breithiúnacha toisc nach bhfeidhmíonn KRS ina chomhdhéanamh tar éis 2018 mar chomhlacht féinrialaitheach breithiúnach a thuilleadh.

61.      Maidir le rannpháirtíocht choláiste na cúirte ábhartha sa nós imeachta ceapacháin, leanann as breithiúnas na Cúirte in Land Hessen (64) nach é nach gcomhlíontar cheanglais an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE toisc amháin go roghnaíonn an tAire Dlí agus Cirt leath de chomhaltaí an chomhlachta sin.

62.      Is léir ón iarraidh ar réamhrialú i gCás C‑269/21 go bhfuil dlúthbhaint idir ról laghdaithe thionól na mbreithiúna agus rannpháirtíocht choláiste na cúirte ábhartha sa nós imeachta ceapacháin breithiúna agus ról feabhsaithe KRS sa nós imeachta sin ó 2018 i leith, agus is cúlchéimniú breise é sin i gcosaint an smachta reachta sa Pholainn. (65) Mar sin féin, de bhun Bhunreacht Phoblacht na Polainne, is é KRS caomhnóir neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbreithiúna, agus ní aon tionól breithiúna nó coláiste cúirte. Ós rud é gur léir ón iarraidh ar réamhrialú go bhfuil ról laghdaithe thionól na mbreithiúna agus ról choláiste na cúirte ábhartha sa phróiseas ceapacháin mar chuid de straitéis reachtach atá faoi fhorbairt agus a fheidhmítear in éineacht le hathstruchtúrú KRS agus lena ról feabhsaithe sa phróiseas ceapacháin, ó 2018 go háirithe, ba cheart na fachtóirí sin a mheasúnú le chéile. I bhfianaise bhreithiúnas na Cúirte in Openbaar Ministerie (Binse arna bhunú le dlí sa Bhallstát eisiúna) (66) maidir le KRS agus a ról cinntitheach sa phróiseas ceapacháin ó 2018, agus, dá bhrí sin, roimh theacht i bhfeidhm an Dlí Leasaithigh, measaim nach bhfágann an chéad fhachtóir, ann féin, go bhfuil an nós imeachta ceapacháin arna cheistiú i gCás C‑269/21 neamhbhailí. I ndeireadh na dála, sin rud atá arís le cinneadh ag an gcúirt a rinne an tarchur.

3.      An tríú fachtóir 

63.      Tá nasc idir an tríú fachtóir den chéad cheist agus an dara ceist ós rud é go mbaineann siad araon le ceart na n‑iarrthóirí nár éirigh leo chun agóid a dhéanamh, i leith nós imeachta lena ndéanfar breithiúna a cheapadh chuig na gnáthchúirteanna, os comhair cúirte a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt. (67)

64.      Maidir leis an tríú fachtóir den chéad cheist, dearbhaíonn na cúirteanna a rinne an tarchur nach bhfuil aon cheart ag iarrthóir go gceapfar é mar bhreitheamh chuig na gnáthchúirteanna achomharc a dhéanamh chuig cúirt a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt. I ndáil leis sin, tugann siad faoi deara nach gcomhlíonann an Dlísheomra Urghnách, a bhfuil dlínse aige athbhreithniú a dhéanamh ar rúin de chuid KRS i ndáil le ceapacháin bhreithiúnacha de bhun Airteagal 26(1) den Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach, na ceanglais sin.

65.      Tugann na cúirteanna a rinne an tarchur faoi deara freisin go bhfuil ceapachán breithiúna nua chuig an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach), lena n‑áirítear ceapacháin chuig an Dlísheomra Urghnách, curtha ó bhail mar (a) níor chomhshínigh an Príomh-Aire an gníomh lena dtionscnaítear an ceapachán de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 144(2) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne; (b) ní dhearna KRS na hiarratais a scrúdú ach, ina ionad sin, rinne siad measúnú éadrom ar na hiarrthóirí de bhonn líon beag cáipéisí a chur na hiarrthóirí iad féin isteach den chuid is mó; (c) ba léir leas agus tionchar polaitiúil an fheidhmeannais sa phróiseas roghnúcháin toisc nár mhol KRS ach iarrthóirí a raibh tacaíocht an rialtais acu; (d) rinne roinnt iarrthóirí nár éirigh leo achomharc i gcoinne rún KRS inar moladh go gceapfaí breithiúna chuig an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) os comhair an Naczelny Sąd Administracyjny (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, an Pholainn) agus, dá bhrí sin, ní raibh sé ceangailteach ó thaobh dlí de. D’ainneoin gur chuir an chúirt dheireanach sin roinnt rún ón KRS ar fionraí, cheap Uachtarán na Poblachta na hiarrthóirí a bhí molta ag KRS. Ghlac na daoine sin leis an gceapachán ina dhiaidh sin agus cé go raibh fios acu go raibh an nós imeachta ceapacháin curtha ar fionraí. Tá tionchar ag na fíorais sin ar inniúlacht ghairmiúil agus ar ionracas na ndaoine lena mbaineann. Ar deireadh, ina theannta sin, ní raibh an próiseas chun breithiúna a cheapadh chuig an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, roimh nó tar éis d’Uachtarán na Poblachta breithiúna a cheapadh chun na cúirte sin. (68)

66.      D’ainneoin an chinnidh ón Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach), bunaithe ar an mbreithiúnas in A.K., (69) go bhfuil rialuithe na mbreithiúna sin neamhbhailí, leanann an Dlísheomra Urghnách leis ag tabhairt rialuithe i leith cásanna. Thairis sin, de réir na gcúirteanna a rinne an tarchur, ónar glacadh an rún an 8 Eanáir 2020,(70) ní scrúdaíonn an Dlísheomra Urghnách ar urramaíodh an ceanglas maidir le bunú roimh ré le dlí de bhun an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt, i gcásanna a thagann os a comhair. (71) Dá bhrí sin, measann na cúirteanna a rinne an tarchur go bhfuil nós imeachta an Dlísheomra Urghnách chun athbhreithniú a dhéanamh ar rúin KRS neamhéifeachtach. In éagmais leigheas breithiúnach éifeachtach os comhair an Dlísheomra Urghnách i gcás amhras faoin gcuibheas a bhaineann leis an nós imeachta chun breithiúna a cheapadh chuig na ngnáthchúirteanna, níl na cúirteanna sin bunaithe le dlí.

67.      Leis an dara ceist, fiafraíonn na cúirteanna a rinne an tarchur an gá léiriú a dhéanamh ar an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt, amhail go gcuirtear bac ar an dlínse eisiach atá ag an Dlísheomra Urghnách, atá comhdhéanta go heisiach de dhaoine arna gceapadh ar an mbealach atá leagtha amach sa chéad cheist, chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht cheapachán na mbreithiúna chuig na gnáthchúirteanna. De réir na gcúirteanna a rinne an tarchur, de bhun Airteagal 26(2) den Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach, tá dlínse eisiach ag an Dlísheomra Urghnách chun iarratais a éisteacht maidir le breithiúna a “eisiamh” nó ainmniú na gcúirteanna nach mór imeachtaí a sheoladh os a gcomhair, ar imeachtaí iad lena líomhnaítear easpa neamhspleáchais cúirte nó breithimh. Mar sin féin, foráiltear le hAirteagal 26(3) den Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach nach scrúdófar iarraidh de bhun Airteagal 26(2) de má bhaineann sé le dlíthiúlacht ceapacháin breithimh, nó dlíthiúlacht an údaráis atá aige nó aici chun feidhmeanna breithiúnacha a chomhlíonadh, a shuíomh nó a mheas. Dá bhrí sin, measann na cúirteanna a rinne an tarchur ní hamháin nach gcomhlíonann an Dlísheomra Urghnách féin an ceanglas maidir le bunú roimh ré le dlí ach, chomh maith leis sin, nach scrúdaíonn sé ceisteanna i dtaobh an gcomhlíonann cúirt eile an ceanglas sin. (72) Dá bhrí sin, measann na cúirteanna a rinne an tarchur go gceanglaítear orthu Airteagal 26(2) agus (3) den Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach a chur ar leataobh chun éifeachtacht dhlí an Aontais a áirithiú. Fiú dá ndéanfaí na forálacha sin den dlí náisiúnta a chur ar leataobh, áfach, ní dhéanfaí an cheist a réiteach maidir leis na céimeanna nós imeachta atá le glacadh ag cúirt sa chás a bhfuil cur síos déanta air sa chéad cheist chun éifeachtacht dhlí an Aontais a áirithiú. Dá bharr sin, fiafraíonn na cúirteanna a rinne an tarchur ar cheart feidhm a bheith ag na forálacha sa dlí náisiúnta a bhaineann le heisiamh uathoibríoch breithiúna (iudex inhabilis) (73) de réir analaí, lena ligfí do bhreitheamh, as a stuaim féin, breitheamh a ceapadh ar an gcaoi sin chuig gnáthchúirt a eisiamh ó chás a éisteacht. (74)

68.      Beidh sé faoi na cúirteanna a rinne an tarchur é seo a fhíorú ach dealraíonn sé go bhféadfaí, roimh theacht i bhfeidhm an Dlí Leasaithigh an 14 Feabhra 2020, agóid i gcoinne rúin KRS maidir le breithiúna a cheapadh chuig na gnáthchúirteanna a dhéanamh os comhair an Dlísheomra Urghnách de bhun Airteagal 44(1) den Dlí maidir le KRS agus Airteagal 26(1) den Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach.

69.      Mar atá léirithe i míreanna 93 go 111 de mo Thuairim i gCás C‑204/21, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna), i bprionsabal ní dhéantar an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt a shárú trí dhlínse eisiach a bhronnadh ar an Dlísheomra Urghnách chun rialú a thabhairt ar neamhspleáchas cúirte, foirmíochta nó breithimh de bhun Airteagal 26(2) den Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach, ach amháin má dhéantar an bonn a bhaint d’éifeachtacht iomlán na bhforálacha sin de dhlí an Aontais agus de thosaíocht dhlí an Aontais leis an bhfhoráil sin den dlí náisiúnta agus leis na nósanna imeachta agus na rialacha maidir le dlínse a leagtar síos inti. I mo thuairimse, tá an anailís sin infheidhme de réir analaí maidir lehAirteagal 44(1) den Dlí maidir le KRS agus maidir le hAirteagal 26(1) den Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach. Dá bhrí sin, measaim nach bhfuil sé contrártha le dlí an Aontais, i bprionsabal, dlínse eisiach a thabhairt don Dlísheomra Urghnách de bhun Airteagal 44(1) den Dlí maidir le KRS agus Airteagal 26(1) agus (2) den Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach.

70.      Cé gur cosúil go bhfuil feidhm fós ag Airteagal 44(1) den Dlí maidir le KRS agus Airteagal 26(1) den Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach, de réir an téacs, inter alia, in Airteagal 26(3) den Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach, tar éis theacht i bhfeidhm an Dlí Leasaithigh, cuirtear cosc go sainráite ar an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach), lena n‑áirítear a Dlísheomra Urghnách, dlíthiúlacht ceapacháin breithimh a shuíomh nó a mheasúnú. Chomh maith leis sin, cuirtear cosc ar an gcúirt sin an chumhacht faoin gceapachán sin, chun feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú, a shuíomh nó a mheasúnú. (75) Dá bhrí sin, tá téacs na forála sin chomh leathan sin nach bhfuil ann d’aon fhéidearthacht go ndéanfadh an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) scrúdú ar cheisteanna maidir le, inter alia, cúirt a bhunú roimh ré le dlí, de réir mar a cheanglaítear le breithiúnas Simpson (76).

71.      Is léir ó na hiarrataí ar réamhrialú agus ó na ceisteanna sna cásanna seo araon go measann na cúirteanna a rinne an tarchur nach féidir leis an Dlísheomra Urghnách scrúdú a dhéanamh ar aon agóidí dlíthiúla maidir le ceapachán breithimh a rinne Uachtarán na Poblachta nó i dtaobh an bhfuil cúirt bunaithe le dlí. (77) Dá bhrí sin, cé go bhfuil cumhacht fós ag an Dlísheomra Urghnách athbhreithniú a dhéanamh ar rúin KRS i ndáil le breithiúna a cheapadh chuig na gnáthchúirteanna, mar dhea,(78) tá raon feidhme an athbhreithnithe sin srianta go mór agus, dar liom, go neamhdhleathach. (79)

72.      Maidir le Cás C‑269/21,(80) ceapadh an Breitheamh A.T. chuig an Sąd Okręgowy w Krakowie (an Chúirt Réigiúnach, Kraków) de bhun rún KRS dar dáta an 7 Iúil 2020, agus, dá bhrí sin, tar éis theacht i bhfeidhm Airteagal 26(3) den Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach. Maidir leis an gceist sa chás sin i dtaobh an gcomhlíonann an Dlísheomra Urghnách ceanglais an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt, ní bhaineann sé le hábhar ós rud é nach raibh aon dlínse ag an gcúirt sin athbhreithniú a dhéanamh ar an rún ábhartha ó KRS faoin dlí náisiúnta chun dlíthiúlacht ceapacháin breithimh, nó dlíthiúlacht na cumhachta feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú mar gheall ar an gceapachán sin, a shuíomh.

73.      Dá bhrí sin, ní mór a mheas an mbeidh easpa an athbhreithnithe bhreithiúnaigh éifeachtaigh ar rúin KRS a raibh ceapachán breithiúna chuig na gnáthchúirteanna mar thoradh orthu, mar aon leis an ról cinntitheach atá ag KRS sa nós imeachta ceapacháin agus ról laghdaithe na dtionól breithiúna, ina chúis le hamhras réasúnach in aigne daoine faoi neamhthréscaoilteacht breithimh amhail A.T. ar thosca seachtracha agus faoina neodracht i leith na leasanna atá os a chomhair nó os a comhair.

74.      Leanann as an mbreithiúnas in A.B. (81), ós rud é nach dtugann KRS ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir le neamhspleáchas, nach mór go dtabharfaí do na hiarrthóirí nár éirigh leo poist bhreithiúnacha a fháil an deis agóid a dhéanamh maidir le rúin KRS i gcás ina mbeadh amhras sistéamach in aigne daoine maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna arna gceapadh faoin bpróiseas ceapacháin mar thoradh ar na tosca ábhartha uile a bhaineann leis an bpróiseas ceapacháin sin. (82)

75.      I gCás C‑269/21, níor chuir an chúirt a rinne an tarchur aon fhianaise shonrach ar aghaidh, ar fianaise í de chineál sistéamach, seachas na trí fhachtóir dá dtagraíonn sí, nó de chineál aonair, chun bunús a thabhairt leis an seasamh go bhfuil ann d’amhras dlisteanach tromchúiseach in aigne daoine maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna arna gceapadh chuig na gnáthchúirteanna faoin nós imeachta ceapacháin atá i gceist, lena n‑áirítear an Breitheamh A.T. (83)

76.      Beidh ar an chúirt a rinne an tarchur é seo a fhíorú ach ní dóigh liom féin gur leor iontu féin na trí fhachtóir dá dtagraíonn sí chun amhras a chaitheamh ar an nós imeachta a raibh ceapachán breithimh, amhail an Breitheamh A.T., chuig na gnáthchúirteanna mar thoradh air, i gcomhréir le ceanglais an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt. Seachas na heilimintí a raibh an Chúirt ag brath orthu i míreanna 128, 129 agus 136 de bhreithiúnas A.B , is é an t‑aon ghné nua i gCás C‑269/21 ná go bhfuil easpa comhlachtaí féinrialaitheacha breithiúnacha sa nós imeachta ceapacháin. I bhfianaise an róil chinntithigh atá, is fíor é, ag KRS sa nós imeachta ceapacháin, ní dóigh liom gur leor ann féin an toisc bhreise sin chun amhras a chaitheamh ar an nós imeachta a raibh ceapachán an Bhreithimh A.T. mar thoradh air. (84)

77.      I gCás C‑181/21, cheap Uachtarán na Poblachta an Breitheamh A.Z. an 26 Samhain 2020 de bhun rún KRS dar dáta an 7 Bealtaine 2019. Dealraíonn sé arís, dá bhrí sin, agus beidh ar an gcúirt a rinne an tarchur é seo a fhíorú, go bhféadfaí, i bprionsabal, agóid a dhéanamh maidir leis an rún ó KRS atá i gceist os comhair an Dlísheomra Urghnách (85) ós rud é go raibh ann don rún sin roimh theacht i bhfeidhm an Dlí Leasaithigh (86) agus rún an Dlísheomra Urghnách an 8 Eanáir 2020 araon. (87)

78.      Mar an gcéanna le Cás C‑269/21, níor chuir an chúirt a rinne an tarchur aon fhianaise shonrach ar aghaidh i gCás C-181/21, ar fianaise í de chineál sistéamach, seachas na trí fhachtóir a thuairiscítear sa chéad cheist, nó fianaise de chineál aonair chun bunús a thabhairt leis an seasamh go bhfuil ann d’amhras dlisteanach tromchúiseach in aigne daoine maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna arna ceapadh chuig na gnáthchúirteanna faoin nós imeachta ceapacháin atá i gceist, lena n‑áirítear an Breitheamh A.Z. Ós rud é, agus beidh ar an gcúirt a rinne an tarchur é seo a fhíorú, nach dóigh liom gur leor iontu féin na trí fhachtóir dá dtagraíonn sí chun amhras a chaitheamh ar an nós imeachta a raibh ceapachán an Bhreithimh A.Z. chuig na gnáthchúirteanna mar thoradh air, i gcomhréir le ceanglais an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh in éineacht le hAirteagal 47 den Chairt, nach mbaineann an cheist i dtaobh an gcomhlíonann an Dlísheomra Urghnách na ceanglais sin le hábhar.

VII. Conclúid

79.      I bhfianaise a bhfuil thuas, molaim go ndéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais na ceisteanna a chuir an Sąd Okręgowy w Katowicach (an Chúirt Réigiúnach, Katowice, an Pholainn) agus an Sąd Okręgowy w Krakowie (an Chúirt Réigiúnach, Kraków, an Pholainn) a fhreagairt mar seo a leanas:

Maidir leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas:

Ní hionann cúirt agus “binse arna bhunú le dlí” i gcás inar ceapadh breitheamh den fhoirmíocht faoi nós imeachta (a) i gcás nár éisteadh tuairim ó comhlacht féinrialaitheach breithiúnach; (b) i gcás inar ceapadh iarrthóirí de bhonn rúin ó chomhlacht amhail an Krajowa Rada Sądownictwa (Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna, an Pholainn); agus (c) i gcás nach raibh na rannpháirtithe in ann agóid a dhéanamh i leith an an nós imeachta ceapacháin os comhair cúirte a chomhlíonann ceanglais dhlí an Aontais agus ina mbeadh, mar thoradh ar na fachtóirí sin, in éineacht leis na fachtóirí ábhartha eile atá ina saintréithe den nós imeachta sin, amhras sistéamach in aigne daoine maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna arna gceapadh faoin bpróiseas sin.


1      Bunteanga: an Béarla.


2      Féach an ustawa o Krajowej Radzie Sądownictwa (Dlí maidir le Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna) an 12 Bealtaine 2011 (Dz. U. 2011, Uimh. 126, iontráil 714), arna leasú leis an ustawa o zmianie ustawy o Krajowej Radzie Sądownictwa oraz niektórych innych ustaw (an Dlí lena leasaítear an Dlí maidir le Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna agus dlíthe áirithe eile) an 8 Nollaig 2017, (Dz. U 2018, iontráil 3), a tháinig i bhfeidhm an 17 Eanáir 2018 agus leis an ustawa o zmianie ustawy – Prawo o ustroju sądów powszechnych oraz niektórych innych ustaw (an Dlí lena leasaítear an Dlí maidir le córas na ngnáthchúirteanna agus dlíthe áirithe eile) an 20 Iúil 2018 (Dz. U. 2018, iontráil 1443,) (“an Dlí maidir le KRS”).


3      Dz. U. 2018, iontráil 5. Tháinig an dlí sin i bhfeidhm an 3 Aibreán 2018.


4      Dz.U 2020, iontráil 190.


5      Dz. U. 2001, Uimh. 98, iontráil 1070.


6      Dz. U. 1964, Uimh. 43, iontráil 296.


7      IO 1993 L 95, lch. 29.


8      Féach Airteagal 58(4) den Dlí maidir le heagrú na ngnáthchúirteanna.


9      Breithiúnas an 3 Deireadh Fómhair 2019 (C-260/18, EU:C:2019:819).


10      I ndiaidh na teachtaireachta ón Aire Dlí agus Cirt an 6 Meitheamh 2019 maidir le folúntais do bhreithiúna, a foilsíodh in Monitor Polski (Iris Oifigiúil Phoblacht na Polainne).


11      12 vóta “i bhfabhar”, 6 vóta “in aghaidh” agus 2 staonadh.


12      Baineann an chuid seo den cheist le Cás C‑181/21.


13      Baineann an chuid seo den cheist le Cás C‑269/21.


14      Breithiúnas an 15 Iúil 2021 (C‑791/19, EU:C:2021:596)


15      Féach breithiúnais an 25 Iúil 2018, Minister for Justice and Equality (Easnaimh sa chóras breithiúnach) (C‑216/18 PPU, EU:C:2018:586); an 9 Iúil 2020, Land Hessen (C‑272/19, EU:C:2020:535); agus an 20 Aibreán 2021, Repubblika (C‑896/19, EU:C:2021:311).


16      Orduithe an 24 Márta 2009, Nationale Loterij (C‑525/06, EU:C:2009:179, míreanna 9 agus 10), agus an 23 Márta 2016, Overseas Financial and Oaktree Finance (C‑319/15, nár foilsíodh, EU:C:2016:268, mír 33).


17      Féach tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek i gCásanna Uamtha Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile (C‑748/19 go C‑754/19, EU:C:2021:403, míreanna 48 go 65).


18      Breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2016, Petruhhin (C‑182/15, EU:C:2016:630, mír 20).


19      Breithiúnais an 8 Meán Fómhair 2010, Winner Wetten (C‑409/06, EU:C:2010:503, mír 38), agus an 27 Feabhra 2014, Pohotovosť (C‑470/12, EU:C:2014:101, míreanna 28 agus 29).


20      Breithiúnas an 16 Samhain 2021, Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile (C‑748/19 go C‑754/19, EU:C:2021:931, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).


21      Breithiúnas an 26 Márta 2020, Review Simpson v an Comhairle agus HG v an Coimisiún (C‑542/18 RX‑II agus C‑543/18 RX‑II, EU:C:2020:232, mír 55) (“breithiúnas Simpson”).


22      Breithiúnas an 1 Iúil 2008, Chronopost v UFEX agus páirtithe eile (C‑341/06 P agus C‑342/06 P, EU:C:2008:375, mír 46).


23      Féach breithiúnas Simpson (mír 57), agus breithiúnas an 24 Márta 2022, Wagenknecht v an Coimisiún (C‑130/21 P, EU:C:2022:226, mír 15), i ndáil leis an gCúirt Breithiúnais agus leis an gCúirt Ghinearálta. Féach breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán) (C‑487/19, EU:C:2021:798, míreanna 126 go 131), i ndáil le cúirteanna agus binsí na mBallstát.


24      Breithiúnas an 1 Iúil 2008, Chronopost v UFEX agus páirtithe eile (C‑341/06 P agus C‑342/06 P, EU:C:2008:375, mír 46), agus breithiúnas Simpson (míreanna 55 agus 57).


25      Breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses (C‑64/16, EU:C:2018:117, míreanna 29, 36 agus 37).


26      Breithiúnas an 20 Aibreán 2021, Repubblika (C‑896/19, EU:C:2021:311, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).


27      Ní dhéanann Rialtas na Polainne díospóid gur “cúirt” nó “binse” de chuid an Bhallstáit sin chun críocha Airteagal 267 CFAE iad an Sąd Okręgowy w Katowicach (an Chúirt Réigiúnach, Katowice) agus an Sąd Okręgowy w Krakowie (an Chúirt Réigiúnach, Kraków). Tagann na cúirteanna a rinne an tarchur faoi chóras breithiúnach na Polainne sna “réimsí atá folaithe le dlí an Aontais” de bhun an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus, dá bhrí sin, ní mór dóibh na ceanglais maidir le cosaint éifeachtach bhreithiúnach a chomhlíonadh (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Z. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán) (C‑487/19, EU:C:2021:798, mír 106 agus an cásdlí dá dtagraítear).


28      Breithiúnas an 16 Samhain 2021, Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile (C‑748/19 go C‑754/19, EU:C:2021:931, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear).


29      Breithiúnas an 16 Samhain 2021, Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile (C‑748/19 go C‑754/19, EU:C:2021:931, mír 49 agus an cásdlí dá dtagraítear).


30      De réir na cúirte a rinne an tarchur, má tá na bearta eatramhacha bailí, ní mór don tomhaltóir leanúint ar aghaidh ag íoc thráthchodanna míosúla na hiasachta. Mura ndéantar amhlaidh, d’fhéadfadh iarmhairtí an-tromchúiseach a bheith ann don tomhaltóir, lena n‑áirítear a acmhainneacht creidmheasa, forchur úis phionósaigh nó foirceannadh na hiasachta. Chuir an chúirt a rinne an tarchur in iúl freisin go bhfuil tionchar díreach ag bailíocht an ordaithe beart eatramhach ar an méid a éilítear sa díospóid os a comhair.


31      Is ceanglais idirdhisciplíneacha iad na ceanglais a fhorchuirtear leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus tá feidhm acu beag beann ar chineál na n‑imeachtaí atá i gceist. Is leor go bhféadfadh go n‑iarrfaí ar an mbinse i gceist rialú a thabhairt ar chásanna i “réimsí atá folaithe le dlí an Aontais”.


32      De bhun Airteagal 258 CFAE:


33      IO 2021 C 252, lch. 9.


34      Níor cheart ró-bhéim a chur ar éifeachtaí éagsúla bhreithiúnais na Cúirte de bhun Airteagal 258 agus Airteagal 267 CFAE. Mar shampla, i mbreithiúnas dá cuid an 10 Márta 2022, Grossmania (C-177/20, EU:C:2022:175), rinne an Chúirt cur síos ar an gcaoi ina mbíonn éifeachtaí comhcheangailte ag a breithiúnais faoin dá nós imeachta.


35      Tagairt BSA 1-4110-1/20.


36      Féach mír 47 den rún.


37      Dar leis an Ombudsman, rinne an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) an t‑idirdhealú sin a shuíomh ar éagsúlacht na bhfeidhmeanna idir na gnáthchúirteanna agus é féin, ar an éagsúlacht mhór i scála na neamhrialtachtaí a bhaineann le nósanna imeachta iomaíochta do phoist sna gnáthchúirteanna i gcomparáid leis an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach), agus ar an bhféidearthacht athbhreithniú a dhéanamh ar chomhlíonadh bhreithiúna na ngnáthchúirteanna le prionsabail an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta. Measann an tOmbudsman go bhfuil an deis deireanach sin meabhlach mar gheall ar an Dlí Leasaitheach lena gcuirtear cosc ar an Seomra Urghnách athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh. Tugann sé faoi deara freisin go dtugtar aghaidh i rún an 23 Eanáir 2020 ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna seachas ar bhinse a bhunú roimh ré le dlí.


38      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Z. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán) (C‑487/19, EU:C:2021:798, mír 124 agus an cásdlí dá dtagraítear), maidir le hAirteagal 6(1) ECHR. Féach freisin breithiúnas an 29 Márta 2022, Getin Noble Bank (C‑132/20, EU:C:2022:235, míreanna 115 go 120).


39      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 21 Eanáir 2020, Banco de Santander (C‑274/14, EU:C:2020:17), maidir le coincheap cúirte nó binse neamhspleách de chuid Ballstáit faoi Airteagal 267 CFAE. I mo thuairimse, is coincheap aonair, aonfhoirmeach agus uathrialach de dhlí an Aontais é an coincheap sin agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt.


40      Féach, mar shampla, breithiúnais an 5 Feabhra 1963, van Gend & Loos (26/62, EU:C:1963:1) (Tarchur chun réamhrialú ón Tariefcommissie, an Ísiltír); an 15 Iúil 1964, Costa (6/64, EU:C:1964:66) (Tarchur chun réamhrialú ón Giudice Conciliatore di Milano, an Iodáil); agus an 9 Márta 1978, Simmenthal (106/77, EU:C:1978:49) (Tarchur chun réamhrialú ón Pretura di Susa, an Iodáil).


41      Measann an tOmbudsman go bhfuil creimeadh dáiríre den smachta reachta sa Pholainn i gceist leis na trí fhachtóir a ndéanann na cúirteanna a rinne an tarchur cur síos orthu ós rud é, mar thoradh air sin, nach gceaptar breithiúna a thuilleadh chuig na gnáthchúirteanna i gcomhréir le dlí na Polainne, Airteagal 19(1) CAE nó Airteagal 6(1) ECHR. Fágann sin go bhfuil an tuiscint ann nach bhfuil na cúirteanna neamhspleách ná neamhchlaonta. Dá bhrí sin, i bhfianaise éifeacht dhíreach Airteagal 19(1) CAE agus phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, féadfaidh cúirt breitheamh arna cheapadh faoi nós imeachta neamhrialta den sórt sin a eisiamh ó rialú ar chásanna i réimsí atá folaithe le dlí an Aontais.


42      Breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Binse arna bhunú le dlí sa Bhallstát eisiúna) (C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, míreanna 57 agus 74 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ina breithiúnas an 1 Nollaig 2020, Guðmundur Andri Ástráðsson v. an Íoslainn (CE:ECHR:2020:1201JUD002637418, §§ 231 agus 233), chinn ECtHR go bhfuil an ceart chun “binse arna bhunú le dlí” a ráthaítear in Airteagal 6(1) ECHR ina cheart neamhspleách a bhfuil dlúthbhaint aige leis na ráthaíochtaí maidir le “neamhspleáchas” agus “neamhchlaontacht” de réir bhrí na forála sin. Chinn an chúirt sin freisin gur gné riachtanach den choincheap “binse arna bhunú le dlí” de réir bhrí Airteagal 6(1) ECHR é próiseas ceapacháin breithiúna (breithiúnas an 1 Nollaig 2020, Guðmundur Andri Ástráðsson v. an Íoslainn, CE:ECHR:2020:1201JUD002637418, §§ 227 agus 232).


43      Breithiúnas an 29 Márta 2022 (C‑132/20, EU:C:2022:235, mír 123 agus an cásdlí dá dtagraítear).


44      Leis na ráthaíochtaí maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais, glactar leis go bhfuil rialacha ann, go háirithe maidir le comhdhéanamh an chomhlachta agus maidir le ceapachán, fad seirbhíse agus forais le staonadh, diúltú agus scor i leith a chomhaltaí, ar rialacha iad lena gcuirtear deireadh le haon amhras réasúnach in aigne daoine aonair maidir le neamhthréscaoilteacht an chomhlachta sin i ndáil le tosca seachtracha agus maidir lena neodracht i dtaobh na leasanna os a chomhair (breithiúnas an 20 Aibreán 2021, Repubblika, C‑896/19, EU:C:2021:311, mír 53).


45      Breithiúnas an 20 Aibreán 2021, Repubblika (C‑896/19, EU:C:2021:311, míreanna 55 agus 57). Féach breithiúnas Simpson freisin (míreanna 57 agus 71).


46      Tugann an Coimisiún faoi deara, ó 2018 i leith, gur ceapadh thart ar 1 360 de 10 000 breitheamh de ghnáthchúirteanna na Polainne ar bhonn rún ó KRS ina chomhdhéanamh modhnaithe nua.


47      Ach amháin b’fhéidir le haghaidh iompar Uachtarán an Sąd Apelacyjny w Katowicach (an Chúirt Achomhairc, Katowice), mar atá leagtha amach i mír 14 den Tuairim seo.


48      Féach breithiúnas an 9 Iúil 2020, Land Hessen (C‑272/19, EU:C:2020:535, mír 57).


49      Féach Airteagail 179 agus 186 de Bhunreacht Phoblacht na Polainne.


50      I mír 210 de mo Thuairim i gCás C‑204/21, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna), tá forléargas ar athstruchtúrú KRS.


51      Féach breithiúnas an 29 Márta 2022, Getin Noble Bank (C‑132/20, EU:C:2022:235, mír 127 agus, go háirithe, an cásdlí dá dtagraítear). Féach freisin breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (Córas araíonachta do bhreithiúna) (C‑791/19, EU:C:2021:596, míreanna 104 go 108).


52      Breithiúnas an 2 Márta 2021, A.B. agus páirtithe eile (Breithiúna a cheapadh chun na Cúirte Uachtaraí – Caingne) (C‑824/18, EU:C:2021:153, mír 126) (“breithiúnas A.B.”).


53      Atá, den chuid is mó, comhdhéanta de chomhaltaí arna roghnú ag an reachtas.


54      Breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Binse arna bhunú le dlí sa Bhallstát eisiúna) (C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, mír 75 agus an cásdlí dá dtagraítear).


55      Féach Airteagal 58(2) den Dlí maidir le heagrú na ngnáthchúirteanna.


56      Déanann an dá chúirt a rinne an tarchur cur síos ar thuairim thionól na mbreithiúna mar “sine qua non” de nós imeachta ceapacháin bailí faoin dlí náisiúnta.


57      Cuireann an chúirt a rinne an tarchur i bhfios go láidir gurb amhlaidh atá go háirithe ós rud é nach ndéanann KRS ionadaíocht ar an mbrainse breithiúnach a thuilleadh, de réir cheanglas Airteagal 179 agus Airteagal 186(1) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne.


58      Breithiúnais an 19 Samhain 2019, A.K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí) (C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982, míreanna 136 go 138 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż.(Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán) (C‑487/19, EU:C:2021:798, mír 149)


59      Breithiúnas an 29 Márta 2022 (C‑132/20, EU:C:2022:235, mír 121).


60      Breithiúnas A.B. (mír 126). Féach freisin breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Binse arna bhunú le dlí sa Bhallstát eisiúna) (C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, mír 75 agus an cásdlí dá dtagraítear).


61      Le héifeacht ón 14 Feabhra 2020, aisghaireadh leis an Dlí Leasaitheach mír 2 d’Airteagal 58 den Dlí maidir le heagrú na ngnáthchúirteanna. De réir Rialtas na Polainne, inter alia, bhí sé beartaithe leis an athchóiriú reachtach sin a áirithiú nach mbeadh tionól breithiúna in ann cosc a chur leis an nós imeachta ceapacháin.


62      Is é vóta Uachtarán an Sąd Okręgowy (an Chúirt Réigiúnach) a bheidh cinntitheach i gcás go bhfuil na vótaí cothrom.


63      Tugann an Coimisiún faoi deara nár cuireadh deireadh le ról na dtionól breithiúna ach go bhfuil laghdú mór tagtha ar an ról sin.


64      Breithiúnas an 9 Iúil 2020 (C‑272/19, EU:C:2020:535, míreanna 55 agus 56).


65      Tá sé ráite ag an gCúirt gur coinníoll é comhlíonadh na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE ag Ballstát chun na cearta uile a eascraíonn as na Conarthaí a chur i bhfeidhm ar an mBallstát sin a theachtadh. Ní féidir le Ballstát reachtaíocht dá chuid a leasú ar bhealach lena ndéanfaí an chosaint ata ag luach an smachta reachta a laghdú, luach a léirítear go nithiúil trí, inter alia, Airteagal 19 CAE. Dá bhrí sin, tá sé de cheangal ar na Ballstáit a áirithiú, i bhfianaise an luacha sin, go gcoiscfear aon chúlchéimniú ina gcuid dlíthe maidir le heagrú an cheartais trí staonadh ó rialacha a ghlacadh lena ndéanfaí an bonn a bhaint de neamhspleáchas na mbreithiúna (breithiúnas an 20 Aibreán 2021, Repubblika, C‑896/19, EU:C:2021:311, míreanna 63 agus 64).


66      Breithiúnas an 22 Feabhra 2022 (C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, mír 75 agus an cásdlí dá dtagraítear).


67      Is in éindí lena chéile a chaitheann an tOmbudsman leis na hábhair seo freisin. Measann sé gur ghlac reachtas na Polainne sraith beart lena n‑áirithítear nach mbeidh ceapacháin breithiúna chuig na gnáthchúirteanna faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach fiú i gcás ina ndearnadh sárú follasach ar an dlí. Tagraíonn an tOmbudsman do thrí fhachtóir: ar an gcéad dul síos, is é KRS a d’ainmnigh comhaltaí an Dlísheomra Urghnách agus ní raibh an nós imeachta lena ndearnadh iad a cheapadh faoi réir athbhreithniú breithiúnach; ar an dara dul síos, níl dlíthiúlacht ceapacháin breithimh nó dlíthiúlacht an údaráis atá aige nó aici chun feidhmeanna breithiúnacha a chomhlíonadh faoi réir athbhreithniú breithiúnach ónar glacadh an Dlí Leasaitheach; agus ar an tríú dul síos, tá dlínse eisiach ag an Dlísheomra Urghnách chun athbhreithniú a dhéanamh ar neamhspleáchas na mbreithiúna.


68      Féach breithiúnas A.B.


69      Breithiúnais an 19 Samhain 2019, A.K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí) (C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982).


70      Féach Tagairt I NOZP 3/19, a bhfuil feidhm mar “phrionsabal dlí” aige.


71      I mbreithiúnas an 29 Márta 2022, Getin Noble Bank (C‑132/20, EU:C:2022:235, mír 48), tugtar míniú breise ar an rún sin.


72      Luaitear i mír 84 den iarraidh ar réamhrialú i gCás C‑181/21 agus i mír 107 den iarraidh ar réamhrialú i gCás C‑269/21, i ndáil le hAirteagal 26(2) agus (3) den Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach go “[dtagann] na ceisteanna a bhaineann le hamhras na cúirte a rinne an tarchur a dhíbirt, a leagtar amach i bhforais na chéad cheiste, faoi [dhlínse an Dlísheomra Urghnách] nach gcomhlíonann, é fein, na ceanglais maidir le binse arna bhunú le dlí agus lena n‑ardaítear ábhair imní a bhfuil údar leo maidir lena neamhchlaontacht agus lena neamhspleáchas. Thairis sin, ní féidir leis an nós imeachta atá os comhair an chomhlachta sin deireadh a chur leis an amhras sin, ós rud é nach ndéantar iarratais ina n-ardaítear na ceisteanna sin a scrúdú”.


73      Féach, mar shampla, Airteagal 48 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta.


74      Maíonn rialtas na Polainne go bhfuil a leithéid de léiriú contra legem.


75      Mar atá léirithe i mo Thuairim i gCás C‑204/21, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna), i míreanna 140 agus 141, níl téacs na forála sin, ann féin, teoranta do chosc a chur ar dhlínse a bheith ag cúirt chun gníomh ceapacháin breithimh ag Uachtarán na Poblachta a chur ar ceal erga omnes.


76      Féach mír 55. Féach, de réir analaí, míreanna 138 go 147 de mo Thuairim i gCás C‑204/21, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna).


77      Ag an éisteacht, dheimhnigh Rialtas na Polainne nach féidir le cúirteanna, faoi dhlí na Polainne, scrúdú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil cúirt bunaithe le dlí nó dlíthiúlacht ceapacháin bhreithiúnaigh.


78      Beidh ar na cúirteanna a rinne an tarchur é seo a fhíorú. I mír 104 dá bharúlacha i scríbhinn, thagair Rialtas na Polainne do roinnt staidrimh i ndáil le hathbhreithniú ar rúin KRS maidir le breithiúna a cheapadh chuig na gnáthchúirteanna.


79      Fiú dá nglacfaí leis go gceadaítear don Seomra Urghnách athbhreithniú a dhéanamh ar rúin KRS faoi Airteagal 44(1) den Dlí maidir le KRS agus Airteagal 26(1) den Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach, cruthaítear an‑éiginnteacht dhlíthiúil agus na forálacha sin ann in éineacht le hAirteagal 26(3) den Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach tar éis theacht i bhfeidhm an Dlí Leasaithigh, go háirithe maidir le raon feidhme an athbhreithnithe sin. Dá bhrí sin, déantar an bonn a bhaint d’éifeachtúlacht iar‑fhorálacha an dlí náisiúnta le hAirteagal 26(3) den Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach, contrártha leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt. Féach míreanna 133 go 147 de mo Thuairim i gCás C‑204/21, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna).


80      Ar mhaithe leis an áisiúlacht, tabharfaidh mé aghaidh air seo ar dtús.


81      Féach míreanna 128 go 136.


82      De réir mhír 129 de bhreithiúnas A.B., “b’fhéidir nach fadhb í, i gcásanna áirithe, nach féidir leigheas breithiúnach a fheidhmiú i gcomhthéacs próisis ceapacháin chuig poist bhreithiúnacha i gcúirt uachtarach náisiúnta, i bhfianaise na gceanglas a eascraíonn as dlí an Aontais, go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE”. Is iomaí rialú a thug an Chúirt, áfach, go bhfuil gá le hathbhreithniú breithiúnach éifeachtach ar thograí KRS maidir le breithiúna a cheapadh – lena n‑áirítear, ar a laghad, scrúdú i dtaobh an raibh ann d’fheidhmiú míchuí nó ultra vires cumhachta, earráid dlí nó earráid follasach measúnaithe – i gcás ina bhfuil amhras sistéamach in aigne daoine maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna arna gceapadh faoi nós imeachta den sórt sin (breithiúnas A.B., míreanna 128 go 136 agus an cásdlí dá dtagraítear).


83      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 29 Márta 2022, Getin Noble Bank (C‑132/20, EU:C:2022:235, míreanna 129 go 131). Os a choinne sin, féach breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (Córas araíonachta do bhreithiúna) (C‑791/19, EU:C:2021:596, míreanna 89 go 94 agus 104 go 107), ina ndearna an Chúirt cur síos ar roinnt fachtóirí, lena n‑áirítear ní hamháin ról cinntitheach an Dlíshomra Araíonachta, lena gcruthófaí amhras in aigne daoine maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an chomhlachta sin. Rinne an chúirt tagairt don fhíoras, inter alia, go raibh comhtharlú idir cruthú an Dlísheomra Araíonachta ex nihilho le dlínse eisiach chun cásanna araíonachta áirithe a éisteacht agus glacadh reachtaíocht náisiúnta lena mbaineadh an bonn de neamhspleáchas bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí agus den seasamh nach bhféadfaí iad a chur as oifig. Thug sí faoi deara go raibh leibhéal fíormhór neamhspleáchais airgeadais, fheidhmiúil agus eagraíochta ag an Dlísheomra Araíonachta laistigh den Chúirt Uachtarach i gcomparáid le dlísheomraí eile sa chúirt sin. Bhí luach saothair bhreithiúna an Dlísheomra Araíonachta timpeall is 40% níos mó ná breithiúna a bhí sannta do dhlísheomraí eile den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) gan aon údar oibiachtúil arna chur ar fáil maidir leis an gcóir fhabhrach sin. Thairis sin, agus é bunaithe, bhí ceanglas ann go mbeadh an Dlísheomra Araíonachta comhdhéanta go heisiach de bhreithiúna nua arna gceapadh ag Uachtarán na Poblachta ar thogra ó KRS.


84      I mbreithiúnas A.B. (míreanna 133 go 135 agus an cásdlí dá dtagraítear), bhí an Chúirt ag brath ar fhachtóirí eile, lena n‑áirítear, inter alia, gur tharla na ceapacháin chuig an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) i gcomhthéacs aois scoir na mbreithiúna a islíú agus an t‑ionchas a bhí leis sin go mbeadh go leor post nua folamh, rud a bhain an bonn de neamhspleáchas bhreithiúna an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) agus den seasamh nach bhféadfaí iad a chur as oifig.


85      Chun dlíthiúlacht ceapacháin breithimh nó dlíthiúlacht na cumhachta chun feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú mar gheall ar an gceapachán sin a shuíomh agus, dá bhrí sin, chun a mheas an raibh an nós imeachta ceapacháin i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt.


86      Agus, dá bhrí sin, Airteagal 26(3) den Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach.


87      Níl aon fhaisnéis sa chomhad os comhair na Cúirte i dtaobh an raibh ann d’agóid den sórt sin. Sa mhéid sin, is ceisteanna hipitéiseacha a priori ceisteanna na cúirte a rinne an tarchur ina leith sin. Mar sin féin, i bprionsabal, bheadh gá le scrúdú i dtaobh an gcomhlíonann an Dlísheomra Urghnách é féin na ceanglais a fhorchuirtear leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt, mar, murach sin, ní bhféadfaí, i ndáiríre, an milleán a chur ar iarrthóirí gan athbhreithniú ar rúin KRS a lorg os a chomhair.