TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

COLLINS

arna tabhairt an 16 Feabhra 2023 ( 1 )

Cásanna Uamtha C‑38/21, C‑47/21 agus C‑232/21

VK

v

BMW Bank GmbH (C‑38/21)

agus

F. F.

v

C. Bank AG (C‑47/21)

agus

CR,

AY,

ML,

BQ

v

Volkswagen Bank GmbH,

Audi Bank (C‑232/21)

(Iarrataí ar réamhrialú ó Landgericht Ravensburg (an Chúirt Réigiúnach, Ravensburg, an Ghearmáin))

(Tarchur chun réamhrialú – Cosaint tomhaltóirí – Conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste le haghaidh mótarfheithicle – Conradh iasachta chun mótarfheithicil athláimhe a cheannach – Treoir 2002/65/CE – Treoir 2008/48/CE – Treoir 2011/83/AE – Coincheapa ‘conradh seacháitribh’ agus ‘cianchonradh’ – Rannpháirtíocht idirghabhálaí ag céim ullmhúcháin an chonartha – Eisceacht ón gceart chun tarraingt siar maidir le seirbhísí carranna ar cíos a sholáthar – Easpa éifeacht dhíreach chothrománach ag treoir – Ceanglais a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le háireamh i gconradh – Toimhde go gcomhlíontar an oibleagáid tuairiscithe agus teimpléad rialála á úsáid – An ceart chun tarraingt siar – Tús na tréimhse tarraingthe siar i gcás faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn – Mí-úsáid an chirt chun tarraingt siar – Ceanglas i leith tabhairt ar ais roimh ré)

Clár

 

I. Réamhrá

 

II. An dlí lena mbaineann

 

A. Dlí an Aontais Eorpaigh

 

1. Treoir 2002/65

 

2. Treoir 2008/48

 

3. Treoir 2011/83

 

B. Dlí na Gearmáine

 

1. Cód sibhialta

 

2. EGBGB

 

III. Na príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

 

A. Cás C‑38/21

 

B. Cás C‑47/21

 

C. Cás C‑232/21

 

IV. Nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

 

V. Anailís

 

A. Cás C‑38/21

 

1. An cúigiú ceist i gCás C‑38/21

 

2. An séú ceist i gCás C‑38/21

 

3. An seachtú ceist i gCás C‑38/21

 

4. An t‑ochtú ceist i gCás C‑38/21

 

5. Conclúid idirmheánach

 

B. Cásanna C‑47/21 agus C‑232/21

 

1. An chéad cheist i gCásanna C‑47/21 agus C‑232/21

 

2. An dara ceist i gCásanna C‑47/21 agus C‑232/21

 

3. An ceathrú ceist i gCásanna C‑47/21 agus C‑232/21

 

4. An cúigiú ceist i gCás C‑47/21 agus C‑232/21

 

VI. Conclúid

I. Réamhrá

1.

Tagann na hiarrataí ar réamhrialú seo ó Landgericht Ravensburg (an Chúirt Réigiúnach, Ravensburg, an Ghearmáin) chun cinn i gcomhthéacs roinnt díospóidí idir tomhaltóirí agus institiúidí airgeadais a bhfuil nasc acu le monaróirí mótarfheithiclí. Ardaítear ceisteanna sna cásanna os comhair na cúirte a rinne an tarchur maidir le cé acu an bhfuil tarraingt siar tomhaltóirí, i gcás amháin, ó chonradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste le haghaidh mótarfheithicle agus, sna cásanna eile, ó chonarthaí iasachtaí ceaptha chun ceannach mótarfheithicle athláimhe a mhaoiniú, bailí nó nach bhfuil.

2.

I gcomhréir le hiarraidh na Cúirte Breithiúnais, áireofar i measc na gceisteanna ar a dtabharfar aghaidh sa Tuairim seo, ar dtús, cineál conartha léasaithe bunaithe ar mhíleáiste i bhfianaise Threoir 2002/65/CE, ( 2 ) Threoir 2008/48/CE, ( 3 ) agus Threoir 2011/83/AE. ( 4 ) Sa chomhthéacs sin, iarrtar ar an gCúirt Bhreithiúnais freisin léiriú a dhéanamh ar na coincheapa ‘conradh seacháitribh’ agus ‘cianchonradh’ chun críocha Threoir 2011/83, agus rialú a thabhairt ar chur i bhfeidhm féideartha eisceachta ón gceart chun tarraingt siar dá bhforáiltear leis an Treoir dheireanach sin. Sa dara háit, iarrtar ar an gCúirt Bhreithiúnais rialú a thabhairt maidir le trí ghné den oibleagáid a fhorchuirtear ar chreidiúnaithe le Treoir 2008/48 chun faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí a bhaineann, inter alia, leis an gceart chun tarraingt siar. Is iad sin: comhoiriúnacht na reachtaíochta náisiúnta a chruthaíonn toimhde dhlíthiúil nach gcomhlíontar an oibleagáid faisnéis a sholáthar le dul i muinín teimpléad clásail arna leagan amach sa reachtaíocht náisiúnta (‘teimpléad rialála’) leis an Treoir sin; iarmhairtí faisnéis mhíchruinn nó neamhiomlán a sholáthar do thús na tréimhse tarraingthe siar; agus an fhéidearthacht do chreidiúnaí brath ar fheidhmiú mí-úsáideach an chirt chun tarraingt siar ag tomhaltóir. Sa tríú háit, fiafraítear ar an gCúirt Bhreithiúnais maidir le comhoiriúnacht iarmhairtí áirithe a chuireann an dlí náisiúnta ag gabháil le tarraingt siar ó chonradh creidmheasa atá nasctha le conradh díolacháin le prionsabal éifeachtacht dhlí an Aontais Eorpaigh.

II. An dlí lena mbaineann

A.   Dlí an Aontais Eorpaigh

1. Treoir 2002/65

3.

Cuirtear síos in Airteagal 1(1) de Threoir 2002/65 ar chuspóir na Treorach sin mar bheith ‘comhfhogasú a dhéanamh ar fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4.

Sainíonn Airteagal 2(a) de Threoir 2002/65 ‘cianchonradh’ mar ‘aon chonradh a bhaineann le seirbhísí airgeadais arna dtabhairt i gcrích idir soláthróir agus tomhaltóir, faoi chianscéim díolachán nó soláthair seirbhísí arna eagrú ag an soláthróir, ar conradh é nach n‑úsáideann ach modh cianchumarsáide amháin, nó níos mó, suas go dtí an t‑am a tugadh an conradh i gcrích, agus an t‑am a tugadh an conradh i gcrích san áireamh’. De bhun Airteagal 2(b) den Treoir, is é is ‘seirbhís airgeadais’ ná ‘aon seirbhísí a bhaineann le baincéireacht, creidmheas, árachas, pinsin phearsanta, infheistíochtaí agus íocaíochtaí’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5.

Foráiltear le hAirteagal 6(1) de Threoir 2002/65, inter alia, go ‘ndéanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh tréimhse 14 lá féilire ag an tomhaltóir chun tarraingt siar ón gconradh, gan phionós agus gan cúiseanna a thabhairt’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

2. Treoir 2008/48

6.

Foráiltear mar seo a leanas le haithrisí 9, 10, 12, 30 agus 31 de Threoir 2008/48:

‘(9)

Is gá comhchuibhiú iomlán a dhéanamh chun ardleibhéal coibhéiseach cosanta a áirithiú do gach tomhaltóir sa Chomhphobal agus chun fíormhargadh inmheánach a chruthú. Dá bhrí sin, níor cheart cead a bheith ag na Ballstáit forálacha náisiúnta a choinneáil ná a thabhairt isteach seachas na forálacha sin a leagtar síos sa Treoir seo. Níor cheart go mbeadh feidhm ag srian amhail ach i gcás go bhfuil forálacha comhchuibhithe sa Treoir seo. I gcás nach ann d’aon fhoráil chomhchuibhithe den sórt sin, áfach, ba cheart do na Ballstáit a bheith saor i gcónaí chun reachtaíocht náisiúnta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach. Dá réir sin, féadfaidh na Ballstáit, mar shampla, forálacha náisiúnta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach maidir le dliteanas comhpháirteach agus leithleach an díoltóra nó an tsoláthraí seirbhíse agus an chreidiúnaí. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh na Ballstáit, mar shampla, forálacha náisiúnta a choinneáil nó a thabhairt isteach maidir le cealú conartha chun earraí a dhíol nó seirbhísí a sholáthar i gcás ina bhfeidhmíonn an tomhaltóir a cheart chun tarraingt siar faoin gcomhaontú creidmheasa. […]

(10)

Cinntear raon feidhme an chomhchuibhithe leis na sainmhínithe atá sa Treoir seo. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáid na mBallstát forálacha na Treorach seo a chur chun feidhme a theorannú do raon feidhme na Treorach seo, mar a léirítear sna sainmhínithe sin. Mar sin féin, ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm fhorálacha na Treorach seo ag na Ballstáit, i gcomhréir le dlí an Chomhphobail, maidir le réimsí nach dtagann faoina raon feidhme. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh Ballstát forálacha náisiúnta a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach a chomhfhreagraíonn d’fhorálacha na Treorach seo nó do chuid dá forálacha maidir le comhaontuithe creidmheasa nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach seo […]

[…]

(12)

D’fhéadfadh difríocht shuntasach a bheith ann idir conarthaí le haghaidh soláthar seirbhísí ar bhonn leanúnach nó soláthar earraí den chineál céanna, i gcás ina n‑íocann an tomhaltóir astu ar feadh fhad a soláthair trí íocaíochtaí i dtráthchodanna, i dtéarmaí leasanna na bpáirtithe conarthacha atá páirteach, agus na módúlachtaí agus cur i gcrích na n‑idirbheart, agus conarthaí creidmheasa a chumhdaítear faoin Treoir seo. Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú nach dtuigtear conarthaí amhail mar chonarthaí creidmheasa chun críocha na Treorach seo. […]

[…]

(30)

Ní rialaítear ceisteanna de chuid dhlí na gconarthaí maidir le bailíocht conarthaí creidmheasa leis an Treoir seo. Dá bhrí sin, sa réimse sin, d’fhéadfadh na Ballstáit forálacha náisiúnta a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach atá i gcomhréir le dlí an Chomhphobail. […]

(31)

Chun go mbeidh an tomhaltóir in ann a chearta agus a oibleagáidí faoin gcomhaontú creidmheasa a bheith ar eolas aige, ba cheart an fhaisnéis uile is gá a bheith sa chomhaontú creidmheasa ar bhealach soiléir agus gonta.

[…]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7.

De bhun Airteagal 1 de Threoir 2008/48 is é cuspóir na Treorach ‘comhchuibhiú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe d’fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí’. Foráiltear in Airteagal 2(1) de Threoir 2008/48 go mbeidh feidhm aici maidir le comhaontuithe creidmheasa. Foráiltear in Airteagal 2(2)(d) nach mbeidh feidhm ag an Treoir maidir le ‘comhaontuithe fruilithe nó léasaithe i gcás nach leagtar síos oibleagáid chun cuspóir an chomhaontaithe a cheannach leis an gcomhaontú féin ná le haon chomhaontú ar leithligh; measfar gurb ann d’oibleagáid den sórt sin má chinneann an creidiúnaí amhlaidh go haontaobhach’. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

8.

Sainítear in Airteagal 3 de Threoir 2008/48 roinnt téarmaí a úsáidtear sa Treoir sin, lena n‑áirítear:

‘(c)

ciallaíonn “comhaontú creidmheasa” comhaontú trína ndeonaíonn creidiúnaí nó trína ngeallann creidiúnaí creidmheas a dheonú do thomhaltóir i bhfoirm íocaíocht iarchurtha, iasachta nó garaíocht airgeadais chomhchosúil eile seachas comhaontuithe maidir le soláthar seirbhísí ar bhonn leanúnach ná soláthar earraí den chineál céanna, i gcás ina n‑íocfaidh an tomhaltóir as na seirbhísí nó na hearraí sin ar feadh fhad a soláthair trí thráthchodanna;

[…]

(n)

ciallaíonn “comhaontuithe creidmheasa nasctha”: comhaontú creidmheasa faoina ndéantar an méid seo a leanas:

(i)

feidhmíonn an creidmheas atá i gceist go heisiach chun conradh a mhaoiniú chun earraí nó seirbhísí áirithe a sholáthar; agus

(ii)

is aonad tráchtála iad an dá chomhaontú sin, ó thaobh cuspóra de; measfar gurb ann d’aonad tráchtála i gcás ina maoiníonn an soláthróir nó an soláthraí seirbhíse féin an creidmheas don tomhaltóir nó, má mhaoiníonn tríú páirtí é, i gcás ina n‑úsáideann an creidiúnaí seirbhísí an tsoláthróra nó an tsoláthraí seirbhíse i dtaca leis an gcomhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích nó a ullmhú, nó i gcás ina sonraítear na hearraí sonracha nó soláthar seirbhíse sonraí go sainráite sa chomhaontú creidmheasa.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9.

Foráiltear, inter alia, in Airteagal 10(2) de Threoir 2008/48, dar teideal ‘Faisnéis le bheith san áireamh i gcomhaontuithe creidmheasa’:

‘Sonrófar an méid seo a leanas sa chomhaontú creidmheasa ar bhealach soiléir agus gonta:

[…]

(l)

an ráta úis is infheidhme i gcás íocaíochtaí déanacha de réir mar is infheidhme tráth a tugadh an comhaontú creidmheasa i gcrích agus na socruithe maidir lena choigeartú agus, i gcás inarb infheidhme, aon mhuirir is iníoctha i leith mainneachtana;

[…]

(p)

cibé acu is ann nó nach ann do cheart chun tarraingt siar, an tréimhse ar féidir an ceart sin a fheidhmiú lena linn agus coinníollacha eile lena rialaítear feidhmiú an chirt sin, lena n‑áirítear faisnéis faoi oibleagáid an tomhaltóra an caipiteal agus an t‑ús a íoc (draw down) i gcomhréir le hAirteagal 14(3)(b) agus méid an úis laethúil;

[…]

(r)

an ceart chun aisíocaíocht luath a fháil, an nós imeachta chun aisíocaíocht luath a fháil, chomh maith le, i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le ceart an chreidiúnaí chun cúiteamh a fháil agus an bealach a gcinnfear an cúiteamh sin;

[…]

(t)

cibé acu atá nó nach bhfuil sásra gearáin agus sásaimh lasmuigh den chúirt ann don tomhaltóir agus, má tá, na modhanna chun rochtain a fháil air;

[…]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10.

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 14 de Threoir 2008/48, dar teideal ‘Ceart chun tarraingt siar’:

‘1.   Beidh tréimhse 14 lá féilire ag an tomhaltóir chun tarraingt siar as an gcomhaontú creidmheasa gan aon chúis a thabhairt.

Tosóidh an tréimhse tarraingt siar sin:

(a)

an lá a thugtar an comhaontú creidmheasa i gcrích, nó

(b)

an lá a fhaigheann an tomhaltóir na téarmaí agus na coinníollacha conarthacha agus an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 10, más déanaí an dáta sin ná an dáta dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo.

[…]

3.   Má fheidhmíonn an tomhaltóir a cheart chun tarraingt siar, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

ionas go mbeidh éifeacht lena tharraingt siar roimh dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh sé fógra don chreidiúnaí, tar éis na faisnéise arna soláthar ag an gcreidiúnaí i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(p), agus ar bhealach gur féidir cruthúnas ar an bhfógra sin a riar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Measfar an spriocdháta a bheith comhlíonta má sheoltar an fógra sin, má tá sé ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile atá ar fáil agus inrochtana ag an gcreidiúnaí, sula dtéann an spriocdháta in éag; agus

(b)

íocfaidh sé leis an iasachtóir an phríomhshuim agus an t‑ús a d’fhabhraigh ar an gcaipiteal sin ón dáta a tarraingíodh an creidmheas go dtí an dáta a n‑íocfar an caipiteal, gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 30 lá féilire tar éis an fógra tarraingt siar a chur chuig an iasachtóir. Déanfar an t‑ús a ríomh ar bhonn an ráta iasachta a comhaontaíodh. Níl an t‑iasachtóir i dteideal aon chúiteamh eile a d’íoc an tomhaltóir i gcás tarraingt siar, seachas cúiteamh as costais neamh-inghnóthaithe a d’fhéadfadh a bheith íoctha ag an iasachtóir le húdarás poiblí.

[…]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11.

Faoi Airteagal 15 de Threoir 2008/48, dar teideal ‘Comhaontuithe creidmheasa nasctha’:

‘1.   I gcás a d’fheidhmigh an tomhaltóir ceart chun tarraingt siar, bunaithe ar dhlí an Chomhphobail, maidir le conradh le haghaidh soláthar earraí nó seirbhísí, ní bheidh sé faoi cheangal comhaontú creidmheasa nasctha a thuilleadh.

[…]

3.   Beidh an t‑Airteagal seo gan dochar d’aon rialacha náisiúnta lena gcinntear go bhfuil dliteanas comhpháirteach agus leithleach ar an gcreidiúnaí maidir le haon éileamh a bhféadfadh a bheith ag an tomhaltóir i gcoinne an tsoláthróra i gcás inar maoiníodh ceannach earraí nó seirbhísí ón soláthróir le comhaontú creidmheasa.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12.

Foráiltear in Airteagal 22(1) de Threoir 2008/48, dar teideal ‘Comhchuibhiú agus cineál éigeantach na Treorach seo’:

‘A mhéid atá forálacha comhchuibhithe sa Treoir seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit forálacha seachas na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

3. Treoir 2011/83

13.

Cuirtear an méid seo a leanas in iúl in aithrisí 2, 16, 20, 22 agus 49 de Threoir 2011/83:

‘(2)

[…] Ba cheart don Treoir seo dá bhrí sin rialacha caighdeánacha a leagadh síos le haghaidh na ngnéithe coiteanna idir cianchonarthaí agus conarthaí seacháitribh, ag imeacht ón gcur chuige íos-chomhchuibhithe sna Treoracha roimhe ach ag an am céanna ag ceadú do Bhallstáit rialacha naisiúnta a choimeád ar bun nó a ghlacadh maidir le gnéithe áirithe.

[…]

(16)

Níor cheart go n‑imreoidh an Treoir seo tionchar ar dhlíthe náisiúnta maidir le hionadaíocht dhlíthiúil amhail na rialacha maidir leis an duine a ghníomhaíonn in ainm an trádálaí nó thar a cheann (amhail gníomhaire nó iontaobhaí). Ba cheart go bhfanfaidh Ballstáit inniúil sa réimse seo. […]

[…]

(20)

Ba cheart go gcumhdófaí leis an sainmhíniú ar chianchonradh gach cás ina dtugtar conradh i gcrích idir an trádálaí agus an tomhaltóir faoi chianscéim eagraithe díolacháin nó soláthair seirbhíse, agus úsáid eisiach á baint as modh cianchumarsáide amháin nó níos mó (amhail ordú poist, an t‑idirlíon, an teileafón nó facs) go dtí tráth a dtugtar an conradh i gcrích agus an tráth sin san áireamh. Ba cheart go gcumhdófaí leis an sainmhíniú sin freisin cásanna ina dtugann an tomhaltóir cuairt ar an áitreabh gnó chun críche faisnéis a bhailiú faoi na hearraí nó faoi na seirbhísí agus chun na críche sin amháin, agus ina dhiaidh sin go ndéanann sé cianchonradh a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích. Os a choinne sin, níor cheart a mheas gur cianchonradh é conradh a dhéantar a chaibidliú ag áitreabh gnó an trádálaí agus a thugtar i gcrích ar deireadh trí bhíthin cianchumarsáide. Níor cheart ach oiread go measfaí gur cianchonradh é conradh a thionscnaítear trí bhíthin cianchumarsáide, ach a thugtar i gcrích ar deireadh ag áitreabh gnó an trádálaí. [...] Ba cheart córais arna dtairiscint ag tríú páirtí seachas an trádálaí ach atá in úsáid ag an trádálaí, amhail ardán ar líne, a bheith san áireamh i gcoincheap cianscéime eagraithe díolacháin nó soláthair seirbhísí. Níor cheart, áfach, go gcumhdódh sé cásanna nach dtugann suíomhanna gréasáin ach faisnéis faoin trádálaí, faoina earraí agus/nó faoina sheirbhísí agus faoina shonraí teagmhála.

[…]

(22)

Ba cheart go n‑áireofaí in áitreabh gnó áitreabh i gcibé foirm (amhail siopaí, stallaí nó leoraithe) a fheidhmíonn mar áit ghnó bhuan nó mar ghnátháit ghnó don trádálaí. [...] Ba cheart áitreabh gnó duine atá ag gníomhú in ainm nó thar ceann an trádálaí, mar a shainmhínítear sa Treoir seo, a mheas mar bhunaíocht ghairmiúil de réir bhrí na Treorach seo.

[…]

(49)

Ba cheart eisceachtaí áirithe ón gceart chun tarraingt siar a bheith ann, i gcás cianchonarthaí agus conarthaí seacháitribh araon. [...] D’fhéadfadh deonú cirt chun tarraingt siar don tomhaltóir a bheith míchuí freisin i gcás seirbhísí áirithe a mbaineann áirithint acmhainní ina leith le tabhairt i gcrích an chonartha, a bhféadfadh deacrachtaí a bheith ag an trádálaí iad a chomhlíonadh má fheidhmítear an ceart chun tarraingt siar. B’amhlaidh a bheadh, mar shampla, i gcás ina ndéanfaí áirithintí in óstáin agus tithe saoire nó le himeachtaí cultúrtha nó spóirt.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

14.

Leagtar síos in Airteagal 1 de Threoir 2011/83, dar teideal ‘Ábhar’ gurb é is cuspóir léi, ‘trí ardleibhéal cosanta tomhaltóra a bhaint amach, cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí chomhfhogasú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe d’fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le conarthaí arna dtabhairt i gcrích idir tomhaltóirí agus trádálaithe’. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

15.

Seo a leanas Airteagal 2 de Threoir 2011/83, dar teideal ‘Sainmhínithe’:

‘Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[…]

(2)

ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, beag beann ar é a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n‑áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú faoi ainm an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh sin nó thar a cheann, chun críocha a bhfuil baint acu lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm, i ndáil le conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo;

[…]

(6)

ciallaíonn “conradh seirbhíse” aon chonradh seachas conradh díolacháin faoina soláthraíonn an trádálaí seirbhís, nó faoina ngeallann sé seirbhís a sholáthar dó agus ina n‑íocann an tomhaltóir praghas na seirbhíse sin nó faoina ngeallann sé praghas na seirbhíse sin a íoc;

(7)

ciallaíonn “cianchonradh” aon chonradh arna thabhairt i gcrích idir an trádálaí agus an tomhaltóir, faoi chianscéim eagraithe díolacháin nó soláthair seirbhísí, gan láithreacht fhisiciúil chomhuaineach an trádálaí agus an tomhaltóra, trí úsáid eisiach a bhaint as modh cianchumarsáide amháin nó níos mó, suas go dtí an t‑am a tugadh an conradh i gcrích, agus an t‑am a tugadh an conradh i gcrích san áireamh;

(8)

ciallaíonn “conradh seacháitribh” aon chonradh idir an trádálaí agus an tomhaltóir:

(a)

a chur i gcrích i láthair fhisiciúil chomhuaineach an trádálaí agus an tomhaltóra, in áit nach áit ghnó an trádálaí é; nó

(b)

a bhí ina n‑ábhar do thairiscint ag an tomhaltóir sna himthosca céanna, mar a leagtar amach i bpointe (a); nó

(c)

arna thabhairt i gcrích in áit ghnó an trádálaí nó trí mhodh cianchumarsáide díreach tar éis don tomhaltóir a bheith luaite go pearsanta agus go leithleach in áit nach áit ghnó an trádálaí é, i láthair fhisiciúil chomhuaineach an trádálaí agus an tomhaltóra; nó

[…]

(9)

ciallaíonn “áitreabh gnó”:

(a)

aon áitreabh dochorraithe miondíola ina mbíonn an trádálaí i mbun gníomhaíochtaí ar bhonn buan, nó

(b)

aon áitreabh sochorraithe miondíola inar gnách le trádálaí a bheith i mbun gníomhaíochtaí;

[…]

(12)

ciallaíonn “seirbhís airgeadais” aon seirbhís a bhaineann le baincéireacht, creidmheas, árachas, pinsin aonair, infheistíochtaí nó íocaíochtaí;

[…]

(15)

ciallaíonn “conradh coimhdeach” conradh lena bhfaigheann an tomhaltóir earraí nó seirbhísí a bhaineann le cianchonradh nó conradh seacháitribh agus nuair a sholáthraíonn an trádálaí nó tríú páirtí ar bhonn socraithe idir an tríú páirtí sin agus an trádálaí na hearraí nó na seirbhísí sin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

16.

I gcomhréir le hAirteagal 3(1) de, bheidh feidhm ag Treoir 2011/83, faoi na coinníollacha agus a mhéid a leagtar síos inti, maidir le haon chonradh arna thabhairt i gcrích idir díoltóir nó soláthróir agus tomhaltóir. De bhun Airteagal 3(3)(d), níl feidhm aici i leith conarthaí le haghaidh seirbhísí airgeadais.

17.

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 6(1) de Threoir 2011/83, dar teideal ‘Ceanglais faisnéise maidir le cianchonarthaí agus conarthaí seacháitribh’:

‘Sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag cianchonradh nó conradh seacháitribh nó ag tairiscint den chineál céanna, cuirfidh an trádálaí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don tomhaltóir, i bhfoirm shoiléir shothuigthe:

[…]

(h)

i gcás inarb ann do cheart chun tarraingt siar, na coinníollacha, teorainn ama agus nós imeachta chun an ceart sin a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 11(1), chomh maith leis an bhfoirm teimpléid chun tarraingt siar arna leagan amach in Iarscríbhinn I(B);

[…]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

18.

Foráiltear le míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 9 de Threoir 2011/83, dar teideal ‘Ceart chun tarraingt siar’:

‘1.   Ach amháin i gcásanna ina bhfuil feidhm ag na heisceachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 16, tá tréimhse 14 lá ag an tomhaltóir chun tarraingt siar ó chianchonradh nó ó chonradh seacháitribh gan bheith air cúiseanna a thabhairt lena chinneadh agus gan costais a thabhú seachas na costais dá bhforáiltear in Airteagal 13(2) agus in Airteagal 14.

2.   Gan dochar d’Airteagal 10, rachaidh an tréimhse tarraingt siar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in éag tar éis thréimhse 14 lá ón méid seo a leanas:

(a)

i gcás conarthaí seirbhíse, ón dáta a dtabharfar an conradh i gcrích;

[…]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

19.

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 10(1) de Threoir 2011/83, dar teideal ‘Easnamh faisnéise maidir leis an gceart chun tarraingt siar’:

‘Murar sholáthair an trádálaí an tomhaltóir leis an bhfaisnéis maidir leis an gceart chun tarraingt siar mar a cheanglaítear le pointe (h) d’Airteagal 6(1), rachaidh an tréimhse tarraingthe siar in éag 12 mhí ó dheireadh na tréimhse tarraingthe siar tosaigh, mar a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 9(2).’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

20.

De réir Airteagal 13(3) de Threoir 2011/83, dar teideal ‘Oibleagáidí an trádálaí i gcás tarraingt siar’:

‘Murar ofráil an trádálaí na hearraí a bhailiú é féin, maidir le conarthaí díolacháin, féadfaidh an trádálaí an aisíocaíocht a choimeád siar go dtí go bhfaigheann sé na hearraí ar ais, nó go dtí go soláthraíonn an tomhaltóir fianaise gur sheol siad na hearraí ar ais, cé acu astu sin a tharlaíonn níos luaithe.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

21.

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 15 de Threoir 2011/83, dar teideal ‘Éifeachtaí fheidhmiú an chirt chun tarraingt siar ar chonarthaí coimhdeacha’:

‘1.   Gan dochar d’Airteagal 15 de Threoir [2008/48], má fheidhmíonn an tomhaltóir a cheart chun tarraingt siar i leith cianchonartha nó conradh seacháitribh i gcomhréir le hAirteagail 9 go 14 den Treoir seo, foirceannfar aon chonarthaí coimhdeacha go huathoibríoch, gan aon chostais don tomhaltóir, seachas dá bhforáiltear in Airteagal 13(2) agus in Airteagal 14 den Treoir seo.

2.   Leagfaidh na Ballstáit rialacha mionsonraithe síos maidir le foirceannadh conarthaí amhail.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

22.

Leagtar síos in Airteagal 16 de Threoir 2011/83, dar teideal ‘Eisceachtaí ar an gceart chun tarraingt siar’, inter alia, nach ndéanfaidh Ballstáit foráil maidir leis an gceart chun tarraingt siar arna leagan amach in Airteagail 9 go 15 i leith cianchonarthaí agus conarthaí seacháitribh maidir le ‘(l) soláthar seirbhísí cóiríochta seachas chun críocha cónaithe, iompar earraí, carr ar cíos, lónadóireacht nó seirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí fóillíochta má dhéantar foráil sa chonradh do dháta nó do thréimhse shonrach feidhmíochta’. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

B.   Dlí na Gearmáine

1. Cód sibhialta

23.

Faoi § 242 den Bürgerliches Gesetzbuch (Cód Sibhialta, ‘BGB’), dar teideal ‘Feidhmíocht de mheon macánta’, ‘beidh oibleagáid ar an bhféichiúnaí an tseirbhís a chomhlíonadh i gcomhréir le ceanglais an dea-chreidimh, ag féachaint don ghnás’.

24.

Foráiltear le § 273(1) de BGB, dar teideal ‘Lian’:

‘Má tá éileamh ag an bhféichiúnaí atá dlite don chreidiúnaí a eascraíonn as an gcaidreamh dlíthiúil céanna ar a bhfuil a oibleagáid bunaithe, féadfaidh sé, mura gcomhaontófar a mhalairt, an comhlíonadh atá dlite a dhiúltú go dtí go soláthrófar an sochar atá dlite dó (lian).’

25.

De bhun § 293 de BGB, dar teideal ‘Moill ar ghlacadh’, ‘tá an creidiúnaí déanach mura nglacann sé leis an sochar a thairgtear dó’.

26.

Faoi § 294 de BGB, dar teideal ‘Tairiscint iarbhír’, ‘ní mór an tseirbhís a thairiscint go héifeachtach don chreidiúnaí sa chaoi is go ndéanfar í’.

27.

Foráiltear mar seo a leanas in § 312b de BGB, dar teideal ‘Conarthaí seacháitribh’:

‘(1)   Is éard atá i gconarthaí seacháitribh ná conarthaí:

1.

á gcur i crích i láthair fhisiciúil chomhuaineach an tomhaltóra agus an trádálaí, in áit nach bunaíocht tráchtála de chuid an trádálaí í,

2.

a bhí ina ábhar do thairiscint ón tomhaltóir sna himthosca dá dtagraítear i bpointe 1,

3.

tugtha i gcrích in áit ghnó an trádálaí nó trí mhodh cianchumarsáide ach a ndearnadh an tomhaltóir a lua go pearsanta agus ina aonar, díreach roimh ré, in áit lasmuigh d’áitreabh gnó an trádálaí, i láthair fhisiciúil chomhuaineach an tomhaltóra agus an trádálaí, nó

[…]

Áirítear le trádálaí aon duine atá ag gníomhú ina ainm/ina hainm nó thar a cheann/thar a ceann.

(2)   Is suíomhanna tráchtála dochorraithe iad bunaíochtaí tráchtála de réir bhrí na chéad mhíre ina ndéanann an trádálaí a ghníomhaíocht ar bhonn buan agus ar shuíomhanna tráchtála sochorraithe ina ndéanann an trádálaí a ghníomhaíocht ar bhonn rialta. Caitear le láithreáin tráchtála ina ndéanann an duine atá ag gníomhú in ainm nó thar ceann an trádálaí a ghníomhaíocht nó a gníomhaíocht ar bhonn buan nó rialta mar bhunaíochtaí de chuid an trádálaí.’

28.

Foráiltear mar seo a leanas le § 312c de BGB, dar teideal ‘Cianchonarthaí’:

‘(1)   Ciallaíonn “cianchonarthaí” conarthaí ina n‑úsáideann an trádálaí, nó duine atá ag gníomhú ina ainm nó thar a cheann, agus nach n‑úsáideann an tomhaltóir ach modhanna cianchumarsáide chun an conradh a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích, ach amháin i gcás nach ndéantar an conradh a thabhairt i gcrích i gcomhthéacs córas díolacháin nó soláthair seirbhísí arna eagrú le haghaidh ciandíolacháin.

(2)   Is éard is modhanna cianchumarsáide ann de réir bhrí an Dlí seo ná gach modh cumarsáide is féidir a úsáid chun conradh a ullmhú nó a thabhairt i gcrích gan na páirtithe conarthacha a bheith i láthair go fisiciúil ag an am céanna, amhail litreacha, catalóga, glaonna teileafóin, facsanna, ríomhphoist, teachtaireachtaí a sheoltar trí sheirbhís teileafóin póca (SMS) chomh maith le craoladh agus teileamheáin.’

29.

Leagtar an méid seo a leanas síos in § 312 g de BGB, dar teideal ‘An ceart chun tarraingt siar’:

‘(1)   I gcás conarthaí seacháitribh nó cianchonarthaí, tá ceart chun tarraingt siar ag an tomhaltóir i gcomhréir le § 355.

(2)   Mura gcomhaontaíonn na páirtithe a mhalairt, níl aon cheart tarraingt siar ann do na conarthaí seo a leanas:

[…]

9.

conarthaí chun seirbhísí cóiríochta a sholáthar seachas chun críoch cónaithe, iompar earraí, carr ar cíos, lónadóireacht nó seirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí fóillíochta má dhéantar foráil sa chonradh do dháta nó do thréimhse shonrach feidhmíochta;

[…]’

30.

Faoi § 322(2) de BGB, dar teideal ‘Ordú forghníomhaithe chomhthráthaigh’, ‘más gá don pháirtí a bhfuil an chaingean á tionscnamh aige an comhlíonadh a dhéanamh ar dtús, féadfaidh sé, má bhíonn an páirtí eile déanach ag fáil na seirbhíse, feidhmíocht a iarraidh tar éis an chomaoin a fháil.’

31.

Foráiltear i bhfomhír 1 de § 346 de BGB, dar teideal ‘Éifeachtaí foirceanta’: ( 5 )

‘Más rud é gur choimeád páirtí conarthach amháin an ceart an conradh a fhoirceannadh go conarthach ag páirtí conarthach amháin nó má tá ceart reachtúil foirceanta aige, ansin, má tharlaíonn foirceannadh, tabharfar aon seirbhísí a fuarthas ar ais, agus tabharfar suas aon sochar a d’eascair as na seirbhísí sin.’

32.

De bhun § 348 de BGB, dar teideal ‘Feidhmiú comhthráthach’: ( 6 )

‘Feidhmeofar oibleagáidí na bpáirtithe a eascraíonn as foirceannadh go comhthráthach. Beidh feidhm ag forálacha §§ 320 agus 322 mutatis mutandis.’

33.

Seo a leanas § 355 de BGB, dar teideal ‘An ceart chun tarraingt siar i gconarthaí tomhaltóirí’:

‘(1)   I gcás ina dtugann an dlí ceart chun tarraingt siar don tomhaltóir i gcomhréir leis an bhforáil seo, scoirfidh an tomhaltóir agus an trádálaí de bheith faoi cheangal ag a ndearbhuithe go bhfuil sé ar intinn acu an conradh a thabhairt i gcrích má tharraing an tomhaltóir siar a dhearbhú chuige sin laistigh den tréimhse fhorordaithe. […]

(2)   14 lá a bheidh sa tréimhse tarraingthe siar. Mura bhforáiltear a mhalairt, tosóidh an tréimhse sin tráth a dtabharfar an conradh i gcrích.’

34.

Foráiltear i bhfomhír 2 de § 356b de BGB, dar teideal ‘An ceart chun tarraingt siar i gcomhaontuithe creidmheasa tomhaltóra’:

‘Más rud é, i gcomhthéacs comhaontú ginearálta creidmheasa do thomhaltóirí, nach bhfuil an fhaisnéis shainordaitheach dá bhforáiltear in § 492(2) sa doiciméad a sheachadtar ar an iasachtaí de bhun na chéad mhíre, ní thosóidh an tréimhse ag rith go dtí go leigheasfar an t‑easnamh sin i gcomhréir le § 492(6).

[…]’

35.

Foráiltear mar seo a leanas le § 357(1) agus (4) de BGB, dar teideal ‘Iarmhairtí dlíthiúla a bhaineann le conarthaí arna dtabhairt i gcrích lasmuigh de bhunaíochtaí tráchtála a tharraingt siar agus go cianda, cé is moite de chonarthaí a bhaineann le seirbhísí airgeadais’: ( 7 )

‘(1)   Ní mór na seirbhísí a fhaightear a thabhairt ar ais tar éis 14 lá ar a dhéanaí.

[…]

(4)   I gcás earraí tomhaltóra, féadfaidh an trádálaí an aisíocaíocht a dhiúltú go dtí go mbeidh na hearraí bailithe aige nó go mbeidh cruthúnas curtha ar fáil ag an tomhaltóir gur sheol sé iad. Níl feidhm aige seo nuair a thairg an trádálaí na hearraí a bhailiú.’

36.

Leagtar síos le § 357a(1) agus (3) de BGB, dar teideal ‘Iarmhairtí dlíthiúla a bhaineann le tarraingt siar ó chonarthaí a bhaineann le seirbhísí airgeadais’:

‘(1)   Ní mór na seirbhísí a fhaightear a thabhairt ar ais tar éis 30 lá ar a dhéanaí.

[…]

(3)   I gcás comhaontuithe iasachtaí do thomhaltóirí a tharraingt siar, ní mór don iasachtaí an t‑ús dochair chomhaontaithe a íoc don tréimhse ón íocaíocht go dtí aisíocaíocht na hiasachta. […]’

37.

Foráiltear le § 358 (2) go (4) de BGB, dar teideal ‘Conradh a bhaineann leis an gconradh a tarraingíodh siar’: ( 8 )

…’

‘(2)   Más rud é, ar bhonn § 495(1) nó na chéad abairte de § 514(2), gur tharraing an tomhaltóir siar go bailí a dhearbhú go bhfuil sé ar intinn aige comhaontú creidmheasa do thomhaltóirí a thabhairt i gcrích, níl sé faoi cheangal a thuilleadh ag an dearbhú go bhfuil sé ar intinn conradh a thabhairt i gcrích atá nasctha leis an gcomhaontú creidmheasa do na tomhaltóirí sin, chun earraí a sheachadadh nó chun seirbhísí eile a sholáthar.

(3)   Déanfar conradh chun earraí nó seirbhísí eile a sholáthar agus comhaontú creidmheasa de bhun mhíreanna 1 agus 2 a nascadh má fhónann an creidmheas chun an conradh eile a mhaoiniú go hiomlán nó go páirteach agus más aonad eacnamaíoch iad araon. Ní mór a mheas go bhfuil aonad eacnamaíoch ann, go háirithe, i gcás ina maoiníonn an díoltóir nó an soláthróir féin comaoin an tomhaltóra nó, i gcás maoiniú ó thríú páirtí, i gcás ina mbaineann an creidiúnaí leis an díoltóir nó leis an soláthróir agus an comhaontú creidmheasa á ullmhú nó á thabhairt i gcrích. […]

(4)   Beidh feidhm mutatis mutandis ag § 355(3) agus, ag brath ar an gcineál conartha atá ceangailte, ag §§ 357 go 357b, maidir le foirceannadh an chonartha nasctha, beag beann ar an modh margaíochta. [...] Glacann an t‑iasachtóir leis, agus é ag déileáil leis an tomhaltóir, cearta agus oibleagáidí an díoltóra nó an tsoláthróra a eascraíonn as an gconradh i ndáil le hiarmhairtí dlíthiúla na tarraingthe siar más rud é, tráth a dtiocfaidh sé i bhfeidhm, gur íocadh méid na hiasachta leis an trádálaí cheana féin.

[…]’

38.

Foráiltear mar seo a leanas le § 492(2) agus (6) de BGB, dar teideal ‘Foirm scríofa, ábhar an chonartha’:

‘(2)   Ní mór na sonraí a fhorordaítear d’aon chomhaontú iasachta do thomhaltóirí a bheith sa chonradh, i gcomhréir le hAirteagal 247 §§ (6) go (13) den Einführungsgesetz zum Bürgerlichen Gesetzbuch [(Dlí lena dtugtar isteach an Cód Sibhialta an 21 Meán Fómhair 1994, ( 9 )‘EGBGB’)].

[…]

(6)   Mura bhfuil na sonraí dá dtagraítear i mír 2 sa chonradh nó má tá siad neamhiomlán, féadfar iad a chur ar mheán marthanach tar éis an conradh a thabhairt i gcrích iarbhír nó, sna cásanna dá dtagraítear sa chéad abairt de § 494(2), a luaithe a bheidh an conradh tagtha i bhfeidhm. […]’

39.

Leagtar síos le § 495(1) de BGB, dar teideal ‘An ceart chun tarraingt siar; tréimhse mhachnaimh’:

‘I gcomhthéacs comhaontú creidmheasa arna thabhairt i gcrích le tomhaltóir, beidh ceart chun tarraingt siar ag an iasachtaí i gcomhréir le § 355.’

40.

Faoi § 506 de BGB, dar teideal ‘Iarchur íocaíochta, saoráid íocaíochta eile’:

‘(1)   Beidh feidhm ag forálacha §§ 358 go 360 agus 491a go 502 agus 505a go 505e lena rialaítear comhaontuithe ginearálta creidmheasa do thomhaltóirí, cé is moite de § 492(4) agus, faoi réir fhomhíreanna 3 agus 4, i leith conarthaí lena ndeonaíonn trádálaí iarchur íocaíochta nó saoráide íocaíochta eile do thomhaltóir lena gcomaoin. […]

(2)   Measfar comhaontuithe idir trádálaí agus tomhaltóir le haghaidh úsáid earra le comaoin a bheith ina saoráidí airgeadais le comaoin má chomhaontaítear:

1.

go bhfuil ar an tomhaltóir seilbh a fháil ar an earra,

2.

gur féidir leis an trádálaí a éileamh go bhfaigheann an tomhaltóir seilbh ar an earra, nó

3.

go mbeidh dliteanas ar an tomhaltóir le haghaidh luach áirithe an earra ar fhoirceannadh an chomhaontaithe.

Ní bheidh feidhm ag § 500(2) agus § 502 i leith comhaontuithe i gcomhréir le pointe 3 den chéad abairt.

[…]

(4)   A mhéid a leagtar síos sa dara habairt, pointí 1 go 5 de § 491(2), sa dara habairt de § 491(3) agus in § 491(4), ní bheidh feidhm ag forálacha an fhotheidil seo. A mhéid nach bhfuil glanmhéid iasachta de réir an chineáil comhaontaithe (dara habairt, pointe 1 de § 491(2)), cuirfear an praghas íocaíochta airgid thirim ina áit nó, má bhfuair an trádálaí seilbh ar an earra don tomhaltóir, an praghas ceannaigh.’

2. EGBGB

41.

Seo a leanas atá in Airteagal 247 de EGBGB, dar teideal ‘Ceanglais faisnéise maidir le comhaontuithe iasachta do thomhaltóirí, cúnamh airgeadais a fhaigheann luach saothair agus comhaontuithe idirghabhála creidmheasa’: ( 10 )

‘[…]

§6 Ábhar an chonartha

(1) Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a chur san áireamh go soiléir agus go hintuigthe sa chomhaontú creidmheasa do thomhaltóirí:

1.

An fhaisnéis a shonraítear i bpointí 1 go 14 den chéad fhomhír de mhíreanna 3 agus 4,

[…]

(2)

Má tá ceart chun tarraingt siar de réir bhrí § 495 de [BGB], ní mór an fhaisnéis maidir le tréimhse agus imthosca eile an dearbhaithe tarraingthe siar a lua sa chonradh, chomh maith leis an oibleagáid ar an iasachtaí méid na hiasachta a íocadh cheana a aisíoc, móide ús. Ní mór méid an úis laethúil atá le híoc a chur in iúl. Má tá clásal aibhsithe agus curtha i láthair go soiléir sa chomhaontú creidmheasa do thomhaltóirí a chomhfhreagraíonn don tsamhail in Iarscríbhinn 7 le haghaidh creidmheas ginearálta do thomhaltóirí […], measfar go gcomhlíonann sé ceanglais na chéad abairte agus an dara habairt.

[…]

Féadfaidh an t‑iasachtóir imeacht ón teimpléad maidir le formáid agus méid na gcarachtar, má chloíonn sé leis an tríú habairt.

§7 Faisnéis eile atá le cur san áireamh sa chonradh

(1) Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a leagan amach go soiléir agus go hintuigthe sa chomhaontú ginearálta creidmheasa do thomhaltóirí, a mhéid a bhaineann sí leis an gcomhaontú:

[…]

3.

an modh chun an pionós réamhíocaíochta a ríomh, ar choinníoll go bhfuil sé beartaithe ag an iasachtóir a cheart chun na slánaíochta sin a dhearbhú i gcás go n‑aisíocfaidh an t‑iasachtaí an iasacht go luath,

4.

rochtain an iasachtaí ar nós imeachta gearáin agus achomhairc lasmuigh den chúirt agus, i gcás inarb infheidhme, ar choinníollacha na rochtana sin.

[…]

§12 Conarthaí faoi cheangal agus saoráidí íocaíochta lena mbreithniú

(1) Beidh feidhm ag míreanna 1 go 11 de réir analaí maidir leis na conarthaí dá dtagraítear in § 506(1) de [BGB] a bhaineann le saoráidí íocaíochta le haghaidh comaoine. 2I gcás comhaontuithe den sórt sin nó comhaontuithe iasachta do thomhaltóirí atá nasctha le conradh eile i gcomhréir le § 358 de [BGB] nó ina léirítear earraí nó seirbhísí i gcomhréir le § 360(2) de [BGB]:

1.

ní mór an t‑ábhar agus an spotphraghas a bheith san fhaisnéis réamhchonarthach, fiú sna cásanna dá dtagraítear i mír 5,

2.

ní mór an méid seo a leanas a bheith sa chonradh

(a)

an t‑ábhar agus an praghas airgid thirim

(b)

faisnéis faoi na cearta a eascraíonn as §§ 358 agus 359 nó 360 de [BGB], agus na coinníollacha chun na cearta sin a fheidhmiú.

Má tá téarma atá aibhsithe agus curtha i láthair go soiléir sa chomhaontú creidmheasa do thomhaltóirí a chomhfhreagraíonn don tsamhail in Iarscríbhinn 7 […], i gcás comhaontuithe nó idirbhearta nasctha dá dtagraítear sa dara habairt de § 360(2), [BGB], comhlíonfaidh sé ceanglais phointe 2(b) den dara habairt. […]

[…]’

III. Na príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

A.   Cás C‑38/21

42.

An 10 Samhain 2018, thug VK, mar thomhaltóir, conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste i gcrích le haghaidh mhótarfheithicil BMW d’úsáid phríobháideach le BMW Bank GmbH. Chuir VK isteach ar an gconradh léasaithe sin, agus shínigh sé an t‑iarratas, ar áitreabh an déileálaí gluaisteán. Ríomh an déileálaí gluaisteán, a ghníomhaigh mar idirghabhálaí creidmheasa do BMW Bank gan an chumhacht a bheith aige an conradh a thabhairt i gcrích, gnéithe éagsúla an léasa (fad an léasa, an éarlais agus méid na dtráthchodanna míosúla) agus mhínigh sé do VK iad. Bhí an déileálaí gluaisteán údaraithe agus in ann faisnéis a sholáthar do VK maidir leis an gconradh agus aon cheisteanna a fhreagairt. Chuir an déileálaí gluaisteán an t‑iarratas léasaithe ar aghaidh chuig an mbanc, a ghlac leis.

43.

Chomhaontaigh na páirtithe go n‑íocfadh VK suim iomlán de EUR 12 486.80, comhdhéanta d’éarlais de EUR 4760 agus 24 thráthchuid léasa de EUR 321.95 an ceann ina dhiaidh sin. 3.49 % in aghaidh na bliana a bhí ar an ráta iasachta le haghaidh fhad iomlán an chonartha léasaithe agus 3.55 % a bhí ar an ráta úis céatadáin in aghaidh na bliana. Ba EUR 40 294.85 a bhí ar ghlanmhéid an chreidmheasa, a chomhfhreagair le praghas ceannaigh na feithicle. Comhaontaíodh thairis sin go gcuirfí teorainn le míleáiste na feithicle ag 10000 ciliméadar in aghaidh na bliana. Nuair a thabharfadh sé an fheithicil ar ais, íocfadh VK EUR 0.0737 in aghaidh an chiliméadair bhreise a taistealaíodh os cionn na teorann sin, ach aisíocfaí EUR 0.0492 in aghaidh an chiliméadair nár taistealaíodh suas go dtí na teorainneacha leis. Dá mba rud é, ar thabhairt ar ais na feithicle, nach raibh a bhail ag teacht lena haois agus leis an míleáiste arna chomhaontú, bheadh ar VK BMW Bank a chúiteamh don chaillteanas luacha breise sin. Ní raibh oibleagáid an fheithicil a cheannach sa chonradh léasaithe ná in aon chonradh eile ar leith.

44.

Tá an clásal seo a leanas sa chonradh léasaithe, dar teideal ‘Ceart chun tarraingt siar’: ( 11 )

‘D’fhéadfá do dhearbhú conarthach a tharraingt siar, gan aon chúiseanna a sholáthar, laistigh de 14 lá. Tosóidh an tréimhse i ndiaidh thabhairt i gcrích an chonartha, ach ní roimh don iasachtóir an fhaisnéis shainordaitheach go léir dá dtagraítear in § 492(2) de [BGB] a fháil (mar shampla faisnéis maidir le cineál na hiasachta, faisnéis maidir le glanmhéid na hiasachta, faisnéis maidir leis an tréimhse conarthach). […]’

45.

Ghlac VK le seachadadh na feithicle. Ó Eanáir 2019, d’íoc sé na tráthchodanna míosúla arna gcomhaontú go cuí. Le litir dár dáta an 25 Meitheamh 2020, tharraing sé siar ón gconradh. Dhiúltaigh BMW Bank don tarraingt siar sin.

46.

Lena chaingean i gcoinne BMW Bank os comhair na cúirte a rinne an tarchur, lorgaíonn VK dearbhú nach féidir leis an mbanc aon chearta a éileamh faoin gconradh léasaithe, go háirithe aon teideal chun na tráthchodanna léasaithe a fháil. Maíonn sé nár thosaigh an tréimhse tarraingthe siar de bheith ag rith ós rud é go bhfuil an fhaisnéis shainordaitheach sa chonradh léasaithe neamhleor agus dothuigthe. Ós rud é gur conradh seacháitribh agus/nó cianchonradh é an conradh léasaithe, maíonn sé freisin go dtugann § 312g(1) de BGB an ceart dó tarraingt siar uaidh. Dar le VK, ní féidir soiléiriú a lorg agus an fhaisnéis shainordaitheach a fháil ó BMW Bank mura bhfuil fostaí nó ionadaí den bhanc sin i láthair ag áitreabh an déileálaí ghluaisteán ag céim ullmhúcháin an chonartha.

47.

Maíonn BMW Bank gur cheart caingean VK a dhíbhe mar bheith gan bhunús. Deir sé nach bhfuil feidhm ag na rialacha maidir le tarraingt siar is infheidhme i leith conarthaí creidmheasa tomhaltóra i leith conarthaí léasaithe bunaithe ar mhíleáiste. In aon chás, cuireadh an fhaisnéis shainordaitheach go léir in iúl do VK leis an gconradh léasaithe go cuí, lena n‑áirítear a cheart chun tarraingt siar uaidh. Comhfhreagraíonn an fhaisnéis maidir leis an gceart chun tarraingt siar go díreach leis an teimpléad rialála, sa chaoi go meastar go gcomhlíonann sé ceanglais na chéad abairte agus an tríú habairt d’Airteagal 247 § (6)(2) de EGBGB, agus mar gheall air sin chuaigh an tréimhse tarraingthe siar 14 lá in éag i bhfad sular fheidhmigh VK a cheart chun tarraingt siar. Maíonn BMW Bank thairis sin ós rud é go raibh VK i dteagmháil go pearsanta le hidirghabhálaí a bhí in ann é a chur ar an eolas faoin tseirbhís a ofráladh, nach cianchonradh atá sa chonradh léasaithe. Ní conradh seacháitribh atá sa chonradh ach oiread, ós rud nach mór a mheas gur ghníomhaigh an t‑idirghabhálaí in ainm nó thar ceann an trádálaí de réir bhrí aithris 22 de Threoir 2011/83.

48.

Tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara, go dtí le déanaí, gur aithin cásdlí na Gearmáine gurbh ann do cheart chun tarraingt siar i gcás conarthaí léasaithe bunaithe ar mhíleáiste trí fhorálacha náisiúnta analógacha lena rialaítear conarthaí lena ndeonaíonn trádálaí iarchur íocaíochta le comaoin nó freastal airgeadais le comaoin eile do thomhaltóir a chur i bhfeidhm. ( 12 ) Le breithiúnas an 24 Feabhra 2021, ( 13 ) chinn an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme, an Ghearmáin) áfach, go raibh an analach sin neamh-inbhuanaithe. Mar sin, ní dheonaítear le §§ 495 agus 355 de BGB do léasaí feithicle an ceart chun tarraingt siar ón gcineál conartha léasaithe sin. Dar leis an gcúirt sin, tá an réiteach sin ceart ó thaobh dhlí an Aontais de ós rud é nach bhfuil feidhm ag Airteagal 2(2)(d) de Threoir 2008/48 i leith conarthaí cíosa nó léasaithe nuair nach leagtar síos leis an gconradh ann féin, ná le conradh ar leith, oibleagáid chun ábhar an chonartha a cheannach. Ós rud é nach bhfuil aon oibleagáid cheannaigh i gcás conarthaí léasaithe bunaithe ar mhíleáiste, ní féidir le cúirt Treoir 2008/48 a chur i bhfeidhm de réir analaí. Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur maidir le cirte na hanailíse sin.

49.

Lorgaíonn an chúirt a rinne an tarchur, ar dtús, a dhéanamh amach an dtagann conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste, amhail an conradh faoi cheist, faoi raon feidhme Threoir 2008/48, Threoir 2011/83 nó Threoir 2002/65. Samhlaíonn sí go bhféadfaí Treoir 2008/48 a chur i bhfeidhm de réir analaí, ( 14 ) a mhéid a cheaptar conarthaí léasaithe bunaithe ar mhíleáiste de ghnáth chun a áirithiú, i dtéarmaí ríomha agus sa chleachtas araon, sa chaoi go n‑eascróidh amúchadh iomlán úsáid na feithicle astu. Mar mhalairt air sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an seirbhís airgeadais é léasú mótarfheithiclí bunaithe ar mhíleáiste de réir bhrí Airteagal 2(b) de Threoir 2002/65 agus Airteagal 2(12) de Threoir 2011/83. ( 15 ) Mar thaca leis an gcur chuige sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, i gcás conarthaí léasaithe bunaithe ar mhíleáiste, nach bhfuil aon ghaireacht ábharach idir an léasóir agus an sócmhainn léasaithe ós rud é go roghnaíonn an léasaí an ní léasaithe de réir a riachtanas féin. Murab ionann agus léasaí stricto sensu, luíonn na rioscaí go léir ar an léasaí le linn théarma an léasa, ní mór dó an fheithicil a chur faoi árachas agus a chearta a éileamh i gcoinne tríú páirtithe i gcás lochtanna san fheithicil, cé nach ndéanann an léasóir ach úsáid na feithicle ag an léasaí a mhaoiniú.

50.

I gcás go dtagann conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste amhail an conradh faoi cheist sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme Threoir 2008/48, lorgaíonn an chúirt a rinne an tarchur ansin comhoiriúnacht na reachtaíochta náisiúnta le hAirteagal 10(2)(p) agus Airteagal 14(1) den Treoir sin a dhéanamh amach, reachtaíocht náisiúnta lena mbunaítear toimhde dhlíthiúlachta, gan beann ar aon neamhdhóthanacht san fhaisnéis arna soláthar, go gcomhlíontar an oibleagáid faisnéis maidir leis an gceart chun tarraingt siar a sholáthar don tomhaltóir nuair atá clásal sa chonradh a chomhfhreagraíonn le teimpléad rialála a ghabhann leis an reachtaíocht sin (‘toimhde dhlíthiúlachta’). Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur freisin an bhfuil uirthi an reachtaíocht sin a fhágáil gan feidhm nuair a mheasann sí a leithéid a bheith cuí.

51.

Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur an bhfuil an toimhde dhlíthiúlachta i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais in Kreissparkasse Saarlouis. ( 16 ) Sa bhreithiúnas sin chinn sí, inter alia, maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir 2008/48, nach mór Airteagal 10(2)(p) di a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar chonradh creidmheasa a thagair d’fhoráil den dlí náisiúnta, foráil a thagair, ina dhiaidh sin, d’fhorálacha reachtacha eile náisiúnta. ( 17 ) Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire gur mheas an 11ú Dlísheomra Sibhialta den Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme) nach bhféadfadh sé an cásdlí sin a leanúint ós rud é go gcoisctear le téacs, spiorad, cuspóir agus bunús an tríú habairt d’Airteagal 247 § (6)(2) de EGBGB léiriú a bheadh comhoiriúnach le Treoir 2008/48. ( 18 ) Ní fhéadfadh an Dlísheomra cur i bhfeidhm díreach na Treorach sin a shamhlú ach oiread, ós rud é gur chuir an Chúirt Bhreithiúnais, i réimse an chreidmheasa do thomhaltóirí, féidearthacht léiriú contra legem teorannach ar an dlí náisiúnta d’fhonn ceanglais dhlí an Aontais a chomhlíonadh as an áireamh. Measann an chúirt a rinne an tarchur, áfach, gur fhág an Chúirt Bhreithiúnais, go dtí seo, cur i bhfeidhm phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais oscailte maidir le Treoir 2008/48. ( 19 )

52.

Sa dara háit lorgaíonn an chúirt a rinne an tarchur soiléiriú maidir leis an bhfaisnéis nach mór a áireamh i gconarthaí creidmheasa tomhaltóirí de bhun Airteagal 10(2)(p), (l) agus (t) de Threoir 2008/48. Fiafraíonn sí an é nach féidir ach le heaspa faisnéis shainordaitheach cosc a chur ar an tréimhse tarraingthe siar de bheith ag rith i gcomhréir le hAirteagal 14(1) di nó an bhfuil an iarmhairt chéanna ag an gcúinse go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán nó míchruinn go hábharach.

53.

Sa tríú háit, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an féidir feidhmiú an chirt chun tarraingt siar ag tomhaltóir i gcás conradh creidmheasa tomhaltóirí dul in éag ó thaobh ama de mar gheall ar shárú ar phrionsabal an mheoin mhacánta a chumhdaítear in § 242 de BGB.

54.

Sa cheathrú háit, tá an chúirt a rinne an tarchur ag iarraidh a fháil amach an féidir feidhmiú an chirt chun tarraingt siar ag tomhaltóir a mheas mar bheith mí-úsáideach, agus na coinníollacha faoinar féidir sin a mheas. Tugann sí dá haire, i mbreithiúnas le déanaí, gur chinn an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme) go bhféadfadh feidhmiú an chirt chun tarraingt siar a bheith mí-úsáideach, agus dá bhrí sin a bheith ina shárú ar § 242 de BGB, i gcás ina ndéanann an tomhaltóir iarracht, trí easpa toimhde dhlíthiúlachta i leith an teimpléid rialála a mhaoímh, saothrú a dhéanamh ar staid dhlíthiúil fhoirmiúil. Dar leis an gcúirt sin, d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach roinnt gnéithe a chur san áireamh sa chomhthéacs sin, nach bhfuil srianta dóibh siúd a leanas: d’fhéadfadh gur mheas an tomhaltóir an fhaisnéis nár chomhlíon an teimpléad rialála a bheith neamhábhartha i leith a chúinsí; d’fhéadfadh gur ardaigh sé ceist an neamhchomhlíonta i leith an teimpléid rialála den chéad uair le linn achomhairc ar phointe dlí; nó d’fhéadfadh ‘gur fheidhmigh’ an tomhaltóir ‘a cheart chun tarraingt siar d’fhonn a bheith in ann an fheithicil a thabhairt ar ais, tar éis í a úsáid i gcomhréir lena cuspóir beartaithe, le haghaidh tréimhse réasúnta fhada, ag ceapadh – go mícheart – go mbeadh sé díolmhaithe ón oibleagáid cúiteamh a íoc’.

55.

Dá mba rud é, mar mhalairt air sin, gurb ionann conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste amhail an conradh faoi cheist agus soláthar seirbhíse airgeadais chun críocha Threoracha 2002/65 agus 2011/83, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ar dtús, an féidir conradh amhail a cháiliú mar ‘chonradh seacháitribh’ de réir bhrí Airteagal 2(8) de Threoir 2011/83. ( 20 ) Tá amhras uirthi an ionann áitreabh gnó duine atá páirteach in ullmhú an chonartha go lom, sa chás seo an déileálaí gluaisteán, nach bhfuil de chumhacht aige ionadaíocht a dhéanamh ar an trádálaí d’fhonn an conradh a thabhairt i gcrích, agus áitreabh gnó an trádálaí chun críocha Airteagal 2(9) de Threoir 2011/83. Tagann an cheist shonrach chun cinn an ionann rannpháirtíocht duine amhail agus gníomhú ‘in ainm nó thar ceann an trádálaí’ de réir bhrí Airteagal 2(2) de Threoir 2011/83 agus, dá bhrí sin, an dara habairt de § 312b(1) agus § 312b(2) de BGB.

56.

Sa dara háit, ní léir don chúirt a rinne an tarchur an dtagann an conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste faoi cheist faoi raon feidhme na heisceachta ón gceart chun tarraingt siar arna leagan amach in Airteagal 16(l) de Threoir 2011/83 agus in § 312g(2)(9) de BGB maidir le seirbhísí cíosa gluaisteán. Chuige sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, inter alia, de réir breithiúnas ó Oberlandesgericht München (an Ard-Chúirt Réigiúnach, München, an Ghearmáin) an 18 Meitheamh 2020, ( 21 ) go gcumhdaítear faoi ‘chíos gluaisteán’ cíos gluaisteán gearrthéarmach agus ní conarthaí léasaithe bunaithe ar mhíleáiste.

57.

Sa tríú háit, iarrann an chúirt a rinne an tarchur an bhféadfadh conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste, amhail an conradh faoi cheist, a bheith ina ‘chianchonradh’ de réir bhrí Airteagal 2(a) de Threoir 2002/65 agus Airteagal 2(7) de Threoir 2011/83 nuair nach bhfuil an tomhaltóir i dteagmháil go pearsanta ach le hidirghabhálaí a bhfuil páirteach go lom in ullmhú an chonartha agus nach bhfuil sé de chumhacht aige ionadaíocht a dhéanamh ar an trádálaí d’fhonn é a thabhairt i gcrích. ( 22 ) Tugann sí dá haire, inter alia, nach gcomhlíontar, dar leis an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme), an coinníoll i leith ‘úsáid eisiach a bhaint as modh cianchumarsáide amháin nó níos mó’ sna forálacha sin nuair atá teagmháil phearsanta ag an tomhaltóir, le linn céim ullmhúcháin cur i gcrích conartha, le tríú páirtí a sholáthraíonn faisnéis dó maidir leis an gconradh sin, thar ceann an trádálaí.

58.

Sna cúinsí sin chinn Landgericht Ravensburg (an Chúirt Réigiúnach, Ravensburg) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)

Maidir le toimhde na dlíthiúlachta a eascraíonn as an tríú habairt de§ 247 (6)(2) agus as an tríú habairt de § 247 (12)(1) de [EGBGB]:

(a)

Sa mhéid go sonraítear leo go gcomhlíonann téarmaí conartha atá ar neamhréir le ceanglais § 10(2)(p) de Threoir [2008/48] ceanglais § 247(6)(2), an chéad abairt agus an dara habairt, de EGBGB, agus na ceanglais a leagtar síos in § 247(12)(1), an dara habairt, pointe 2(b), de EGBGB, an bhfuil § 247(6)(2), an tríú habairt, agus § 247(12)(1), an tríú habairt, de EGBGB ar neamhréir le hAirteagal 10(2)(p) agus Airteagal 14(1) de Threoir [2008/48]?

Má thugtar freagra dearfach ar an gceist sin:

(b)

An leanann sé ó dhlí an Aontais, go háirithe ó Airteagal 10(2)(p) agus ó Airteagal 14(1) de Threoir [2008/48], a mhéid a dhearbhaíonn siad go gcomhlíonann téarmaí conartha atá ar neamhréir le ceanglais Airteagal 10(2)(p) de Threoir [2008/48] ceanglais § 247(6)(2), an chéad abairt agus an dara habairt, de EGBGB, agus nach mór na ceanglais a leagtar síos in § 247(12)(1), an dara habairt, pointe 2(b), de EGBGB, § 247(6)(2), an tríú habairt, agus § 247(12)(1), an tríú habairt, de EGBGB a dhífheidhmiú?

Más freagra diúltach a thugtar ar Cheist 1 (b):

(2)

Maidir leis na sonraí sainordaitheacha i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Threoir [2008/48]:

(a)

An bhfuil Airteagal 10(2)(p) de Threoir 2008/48 le léiriú mar ní a chiallaíonn nach mór méid an úis laethúil atá le léiriú sa chomhaontú creidmheasa a chinneadh go huimhríochtúil leis an ráta iasachta conarthach a léirítear sa chomhaontú?

(b)

An bhfuil Airteagal 10(2)(l) de Threoir [2008/48] le léiriú mar go gciallaíonn sé go bhfuil an ráta úis mainneachtana is infheidhme tráth a thugtar an comhaontú creidmheasa i gcrích nó, ar a laghad ar bith, an ráta úis tagartha (sa chás seo an bunráta úis i gcomhréir le § 247 de BGB) óna bhfuil an ráta úis mainneachtana is infheidhme trí bhreisiú (sa chás seo, 5 phointe céatadáin i gcomhréir leis an dara habairt de § 288(1) de BGB) le sonrú i bhfoirm absalóideach, agus nach mór an tomhaltóir a chur ar an eolas faoin ráta úis tagartha (bunráta úis) agus a athraitheacht?

(c)

An bhfuil Airteagal 10(2)(t) de Threoir [2008/48] le léiriú mar rud a chiallaíonn nach mór na ceanglais fhoirmiúla riachtanacha maidir le rochtain ar nósanna imeachta gearáin agus sásaimh lasmuigh den chúirt a leagan amach i dtéacs an chomhaontaithe creidmheasa?

Má fhreagraítear ceann amháin nó níos mó Cheisteanna 2(a) go (c) go dearfach:

(d)

An bhfuil pointe (b) den dara habairt d’Airteagal 14(1) de Threoir [2008/48] le léiriú mar rud a chiallaíonn nach dtosaíonn an tréimhse tarraingthe siar ag rith ach amháin nuair a bheidh an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 10(2) de Threoir [2008/48] curtha ar fáil ar bhealach iomlán agus cruinn ó thaobh na bhfíricí de?

Má thugtar freagra diúltach ar an gceist sin:

(e)

Cad iad na critéir ábhartha don tréimhse tarraingthe siar atá le tosú ag rith cé go bhfuil an fhaisnéis neamhiomlán nó míchruinn?

Má fhreagraítear ar Cheist 1(a) agus/nó ar Cheist amháin ar a laghad de Cheisteanna 2(a) go (c)dearfach:

(3)

Maidir leis an gceart chun tarraingt siar dá bhforáiltear sa chéad abairt d’Airteagal 14(1) de Threoir [2008/48] a theorannú:

(a)

An bhfuil an ceart chun tarraingt siar dá bhforáiltear sa chéad abairt d’Airteagal 14(1) de Threoir [2008/48] faoi urchosc ama?

Má thugtar freagra dearfach ar an gceist sin:

(b)

An ionann an teorainn ama agus teorainn ama ar an gceart chun tarraingt siar nach mór a rialú le dlí arna rith ag an bParlaimint?

Má thugtar freagra diúltach ar an gceist sin:

(c)

An nglactar leis an bpléadáil teorann, ó thaobh na suibiachtúlachta de, go raibh an tomhaltóir ar an eolas go leanfadh sé dá cheart tarraingthe siar nó, ar a laghad, go raibh sé faoi dhliteanas as a aineolas ina leith sin mar gheall ar mhórfhaillí?

Má thugtar freagra diúltach ar an gceist sin:

(d)

An gcuireann saoráid an chreidiúnaí chun an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 14(1), an dara habairt, pointe (b) de Threoir [2008/48] a chur ar fáil don tomhaltóir ina dhiaidh sin an gcuireann sé sin bac ar chur i bhfeidhm na rialacha forghéillte de mheon macánta?

Má thugtar freagra diúltach ar an gceist sin:

(e)

An bhfuil sé seo ag teacht leis na prionsabail sheanbhunaithe a cheanglaíonn cúirt na Gearmáine faoin Grundgesetz (Dlí Bunúsach na Gearmáine)?

Má thugtar freagra dearfach ar an gceist sin:

(f)

Conas ba cheart do chleachtóir dhlí na Gearmáine coimhlint a réiteach idir ceanglais cheangailteacha an dlí idirnáisiúnta agus ceanglais na Cúirte?

(4)

Toimhde go mbainfear mí-úsáid as ceart chun tarraingt siar an tomhaltóra faoi Airteagal 14(1), an chéad abairt, de Threoir [2008/48]:

(a)

An féidir mí-úsáid a bhaint as an gceart chun tarraingt siar faoi Airteagal 14(1), an chéad abairt, de Threoir [2008/48]?

Má thugtar freagra dearfach ar an gceist sin:

(b)

An ionann feidhmiú an chirt tarraingt siar a aicmiú mar mhí-úsáid agus teorainn ar an gceart chun tarraingt siar nach mór a rialú le dlí arna ghlacadh ag an bParlaimint?

Má thugtar freagra diúltach ar an gceist sin:

(c)

An bhfuil an fhéidearthacht ann feidhmiú an chirt tarraingt siar a aicmiú mar mhí-úsáid, ó thaobh na suibiachtúlachta de, go raibh an tomhaltóir ar an eolas gur coinníodh a cheart chun tarraingt siar nó, ar a laghad, go raibh sé faoi dhliteanas as a aineolas ina leith sin mar gheall ar mhórfhaillí?

Má thugtar freagra diúltach ar an gceist sin:

(d)

An bhfuil an fhéidearthacht ag an gcreidiúnaí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) den dara habairt d’Airteagal 14(1) de Threoir [2008/48] a sholáthar don iasachtaí agus, dá bhrí sin, tús a chur leis an tréimhse tarraingthe siar ó rith cosc a chur ar fheidhmiú an chirt tarraingt siar a aicmiú mar mhí-úsáid ar bhonn meon macánta?

Má thugtar freagra diúltach ar an gceist sin:

(e)

An bhfuil sé seo ag teacht leis na prionsabail sheanbhunaithe den dlí idirnáisiúnta a cheanglaíonn cúirt na Gearmáine faoin mBundlí?

Má thugtar freagra dearfach ar an gceist sin:

(f)

Conas ba cheart do chleachtóir dhlí na Gearmáine coimhlint a réiteach idir ceanglais cheangailteacha an dlí idirnáisiúnta agus ceanglais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh?

(5)

Conarthaí léasaithe mótarfheithiclí le liúntais mhíleáiste, a mhaireann thart ar 2 bhliain go 3 bliana, ina bhfuil clásal caighdeánach seachas an gnáthcheart foirceanta, lena bhforáiltear go bhfuil sé de fhreagracht ar an tomhaltóir árachas cuimsitheach a thógáil amach don fheithicil, a bhfuil sé freagrach freisin as dearbhú i gcoinne tríú páirtithe (go háirithe i gcoinne an déileálaí agus mhonaróir na feithicle) go dtagann na cearta a bhaineann le lochtanna a ráthú agus nach mór dó an riosca caillteanais, damáiste agus dímheasa eile a sheasamh freisin, faoi raon feidhme Threoir [2011/83] agus/nó Threoir 2008/48 [...] agus/nó Threoir [2002/65]? An comhaontuithe creidmheasa iad de réir bhrí Airteagal 3(c) de Threoir 2008/48 [...] agus/nó comhaontuithe seirbhísí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(12) de Threoir 2011/83 [...] agus Airteagal 2(b) de Threoir 2002/65 [...]?

(6)

Más conarthaí seirbhísí airgeadais iad conarthaí léasaithe mótarfheithiclí atá bunaithe ar mhíleáiste – mar a thuairiscítear (i gceist 5):

(a)

An iomchuí freisin féachaint air mar bhunaíocht ghnó dhochorraithe de réir bhrí Airteagal 2(9) de Threoir [2011/83] [...] áit ghnó duine a ullmhaíonn idirbhearta a thugtar i gcrích le tomhaltóirí thar ceann an díoltóra nó an tsoláthróra ach nach bhfuil aon chumhacht ionadaíochta aige féin chun na conarthaí atá i gceist a thabhairt i gcrích?

Má thugtar freagra dearfach ar an gceist sin:

(b)

An bhfuil feidhm ag an gcéanna i gcás inar trádálaí in earnáil eile gníomhaíochta an duine atá páirteach sa chéim ullmhúcháin sin chun an conradh a thabhairt i gcrích agus/nó nach bhfuil sé nó sí údaraithe, faoi fhorálacha an dlí stuamachta agus/nó an dlí shibhialta, conarthaí seirbhísí airgeadais a thabhairt i gcrích?

(7)

Má fhreagraítear ar Cheist 6(a) nó ar Cheist 6(b)go diúltach:

An bhfuil Airteagal 16(l) de Threoir [2011/83] [...] le léiriú mar ní a chiallaíonn go dtagann conarthaí léasaithe do mhótarfheithiclí le liúntais mhíleáiste (mar a thuairiscítear thuas i bpointe II.5) faoi raon feidhme na heisceachta sin?

(8)

Más conarthaí seirbhísí airgeadais iad conarthaí léasaithe mótarfheithiclí le liúntais mhíleáiste – mar a thuairiscítear (i gCeist 5):

(a)

An féidir aicmiú mar chianchonradh de réir bhrí Airteagal 2(a) de Threoir 2002/65 [...] agus Airteagal 2(7) de Threoir 2011/83 [...] a mheas freisin mar chianchonradh i gcás nach ndearnadh, le linn caibidlíocht chonarthach, ach teagmhálacha pearsanta le duine a ullmhaíonn idirbhearta le tomhaltóirí don trádálaí ach nach bhfuil aon chumhacht ionadaíochta aige féin chun na conarthaí atá i gceist a thabhairt i gcrích?

Má thugtar freagra dearfach ar an gceist sin:

(b)

An bhfuil feidhm ag an gcéanna i gcás inar trádálaí in earnáil eile gníomhaíochta an duine atá páirteach sa chéim ullmhúcháin sin chun an conradh a thabhairt i gcrích agus/nó nach bhfuil sé nó sí údaraithe, faoi fhorálacha an dlí stuamachta agus/nó an dlí shibhialta, conarthaí seirbhísí airgeadais a thabhairt i gcrích?’

B.   Cás C‑47/21

59.

An 12 Aibreán 2017, thug F. F., mar thomhaltóir, conradh iasachta i gcrích le C. Bank AG le haghaidh suim EUR 15 111.70 chun mótarfheithicil athláimhe a cheannach d’úsáid phríobháideach.

60.

Ghníomhaigh an déileálaí gluaisteán ónar cheannaigh F. F. an fheithicil mar idirghabhálaí creidmheasa le haghaidh C. Bank in ullmhú agus tabhairt i gcrích an chonartha iasachta agus d’úsáid sé an fhoirm chaighdeánach chonartha arna soláthar ag an mbanc. EUR 14880 a bhí ar an bpraghas ceannaigh. I ndiaidh éarlais de EUR 2000 a bhaint, bhí an t‑iarmhéid le maoiniú le hiasacht. Rinne an conradh iasachta foráil d’aisíoc i 60 tráthchuid mhíosúil, in éineacht le híocaíocht deiridh de mhéid sonraithe.

61.

Tá an clásal seo a leanas ann: ( 23 )

‘Ceart chun tarraingt siar

Féadfaidh an t‑iasachtóir tarraingt siar ón gconradh, gan gá aon chúiseanna a sholáthar, laistigh de 14 lá. Tosóidh an tréimhse i ndiaidh thabhairt i gcrích an chonartha, ach ní roimh don iasachtóir an fhaisnéis shainordaitheach go léir dá dtagraítear in § 492(2) de [BGB] a fháil (mar shampla faisnéis maidir le cineál na hiasachta, faisnéis maidir le glanmhéid na hiasachta, faisnéis maidir le téarma an chonartha). […]’

62.

Aistríodh úinéireacht na feithicle chuig C. Bank trí ráthaíocht an iasacht a aisíoc. I ndiaidh íocaíocht amach na hiasachta, d’íoc F. F. na tráthchodanna míosúla arna gcomhaontú go cuí. An 1 Aibreán 2020, tharraing sé siar ón gconradh iasachta. Dhiúltaigh C. Bank lena tharraingt siar.

63.

Ina chaingean os comhair na cúirte a rinne an tarchur, lorgaíonn F. F., ar thabhairt ar ais na feithicle chuig C. Bank, aisíoc na dtráthchodanna míosúla a d’íoc sé agus aisíoc na héarlaise a d’íoc sé leis an déileálaí gluaisteán, is é sin le rá EUR 10 110.11. Lorgaíonn sé freisin dearbhú go raibh C. Bank déanach ag tógáil na feithicle ar ais. Maíonn F. F. go bhfuil a tharraingt siar bailí ós rud é nár thosaigh an tréimhse tarraingthe siar de bheith ag rith go fóill mar gheall ar easpa shoiléireacht na faisnéise arna soláthar maidir leis an gceart chun tarraingt siar agus an fhaisnéis shainordaitheach mhíchruinn arna soláthar dó.

64.

Maíonn C. Bank gur cheart an chaingean a dhíbhe toisc í a bheith gan bhunús. Maíonn sé gur sholáthar sé an fhaisnéis shainordaitheach go léir do F. F. tríd an teimpléad rialála, sa chaoi nach mór an fhaisnéis sin a mheas a bheith cruinn i gcomhréir leis an gcéad agus an tríú habairt d’Airteagal 247 § (6)(2) de EGBGB. Dá bhrí sin, tá tarraingt siar F. F. as am. Mar mhalairt air sin, maíonn C. Bank gurb ionann iompar F. F. agus mí-úsáid ar chearta.

65.

Ar dtús, lorgaíonn an chúirt a rinne an tarchur le déanamh amach an bhfuil an reachtaíocht náisiúnta lenar bunaíodh an toimhde dhlíthiúlachta ag teacht le Treoir 2008/48 agus an gcaithfidh sí an reachtaíocht sin a fhágáil gan feidhm nuair a mheasann sí é a bheith cuí a leithéid a dhéanamh. Cé gur úsáid C. Bank an teimpléad rialála, d’úsáid sé go mícheart é a mhéid a sholáthar sé faisnéis ar chonarthaí nasctha freisin a raibh neamhábhartha do F. F. ós rud é nár thug sé aon chonradh amhail i gcrích. Ó rud é go gcomhlíontar na critéir arna leagan síos ag an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme) chun mí-úsáid ceart a aithint sa chás seo, ní féidir le F. F. a éileamh nach bhfuil feidhm ag an toimhde dhlíthiúlachta. Cuireann an chúirt a rinne an tarchur na breithnithe céanna in iúl leis na breithnithe arna leagan amach i míreanna 50 agus 51 den Tuairim seo freisin.

66.

Sa dara háit, lorgaíonn an chúirt a rinne an tarchur soiléiriú, maidir leis an bhfaisnéis le háireamh i gconarthaí creidmheasa tomhaltóirí de bhun Airteagal 10(2)(l), (r) agus (t) de Threoir 2008/48. Tá amhras uirthi an bhféadfadh an fíoras go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán go lom nó míchruinn go substainteach bac a chur ar an tréimhse tarraingthe siar de bheith ag rith.

67.

Sa tríú háit, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an féidir feidhmiú an chirt chun tarraingt siar ag tomhaltóir a chur faoi urchosc ama mar gheall ar shárú ar phrionsabal an mheoin mhacánta a chumhdaítear in § 242 de BGB.

68.

Sa cheathrú háit, tá an chúirt a rinne an tarchur ag iarraidh a fháil amach an bhféadfadh feidhmiú an chirt chun tarraingt siar ag tomhaltóir a bheith mí-úsáideach, agus na coinníollacha faoinar féidir leis a bheith mí-úsáideach. Leagtar amach breithnithe na cúirte a rinne an tarchur chuige sin i mír 54 den Tuairim seo.

69.

Sa chúigiú háit, lorgaíonn an chúirt a rinne an tarchur soiléiriú maidir le ceart an tomhaltóra chun aisíoc na dtráthchodanna míosúla arna n‑íoc i gcúinsí ina bhfuil conradh creidmheasa as ar tharraing sé siar nasctha le conradh le haghaidh díol earraí. Dar leis an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme), foráiltear leis an dlí náisiúnta ( 24 ) nuair a tharraingíonn tomhaltóir siar ó chonradh creidmheasa atá nasctha le conradh le haghaidh ceannach mótarfheithicle, féadfaidh an creidiúnaí ( 25 ) diúltú na dtráthchodanna míosúla a aisíoc agus, más iomchuí, an éarlais, go dtí gur tugadh an fheithicil sin ar ais chuige nó go dtí gur sholáthar an tomhaltóir fianaise go ndearna sé a leithéid. I dtéarmaí nós imeachta sibhialta, measann an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme), agus § 322(2) de BGB á chur i bhfeidhm aige de réir analaí, mar thoradh ar an gceanglas i leith tabhairt ar ais roimh ré, i ndiaidh do thomhaltóir a cheart chun tarraingt siar a fheidhmiú, nach bhfuil bunús maith le caingean le haghaidh íocaíocht i gcoinne an chreidiúnaí ach amháin i gcás inar ofráil an tomhaltóir don chreidiúnaí an mhótarfheithicil a thógáil ar ais, agus leis sin ‘ofráil éifeachtach’ a dhéanamh chuig an gcreidiúnaí de réir bhrí § 294 de BGB, nó i gcás ina soláthraíonn an tomhaltóir fianaise gur thug sé an fheithicil ar ais chuig an gcreidiúnaí.

70.

Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur maidir le comhoiriúnacht an cheanglais i leith tabhairt ar ais roimh ré agus a iarmhairtí nós imeachta le héifeachtacht an chirt chun tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 14(1) de Threoir 2008/48. Bheadh feidhmiú an chirt chun tarraingt siar teoranta go suntasach sa chleachtas dá mba rud é go raibh ar an tomhaltóir an fheithicil a thabhairt ar ais roimh dó a bheith i dteideal imeachtaí a thionscnamh le haghaidh aisíoc na dtráthchodanna iasachta. Ina theannta sin, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur an bhfuil éifeacht dhíreach ag Airteagal 14(1) de Threoir 2008/48, sa chaoi gur cheart di na forálacha náisiúnta thuasluaite a fhágáil gan feidhm.

71.

Sa séú háit, maíonn an chúirt a rinne an tarchur, atá comhdhéanta de bhreitheamh aonair, gur léir ó chásdlí an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme) faoi rialacha nós imeachta náisiúnta, nach bhfuil breitheamh aonair in ann tarchur chun réamhrialú a dhéanamh chuig an gCúirt Bhreithiúnais faoi Airteagal 267 CFAE agus nach mór dó, i gcás amhail, an cás a tharchuir chuig cúirt atá comhdhéanta de roinnt breithiúna. Fiafraíonn sí an bhfuil na rialacha sin ag teacht le hAirteagal 267 CFAE agus, mura bhfuil, ar cheart iad a fhágáil gan feidhm.

72.

Sna cúinsí sin, chinn Landgericht Ravensburg (an Chúirt Réigiúnach, Ravensburg) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú, agus tá téacs Cheisteanna 1, 3 agus 4 comhionann leo siúd dá dtagraítear i gCás C‑38/21:

‘(1)

[…]

Beag beann ar na freagraí ar Cheisteanna 1 (a) go (b):

(2)

Maidir leis na sonraí sainordaitheacha i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Threoir 2008/48:

(a)

(Tarraingíodh siar ceist 2(a))

(b)

Maidir le hAirteagal 10(2)(r) den Treoir [2008/48]:

(aa)

An bhfuil an fhoráil sin le léiriú mar fhoráil a chiallaíonn nach mór an fhaisnéis atá sa chomhaontú creidmheasa a bhaineann leis an gcúiteamh is iníoctha i gcás aisíocaíocht luath na hiasachta a bheith sách beacht ionas go mbeidh an tomhaltóir in ann méid an chúitimh atá dlite a ríomh, thart ar a laghad?

(Más rud é go dtugtar freagra dearfach ar an gceist roimhe seo)

(bb)

An gcuireann Airteagal 10(2)(r) agus an dara habairt d’Airteagal 14(1) de Threoir [2008/48] cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, i gcás faisnéis neamhiomlán de réir bhrí Airteagal 10(2)(r) de Threoir [2008/48], go dtosaíonn an tréimhse tarraingthe siar mar sin féin nuair a thugtar an conradh i gcrích agus nach múchtar ach ceart an chreidiúnaí chun slánaíocht luath-aisíocaíochta?

(c)

An bhfuil Airteagal 10(2)(l) de Threoir [2008/48] le léiriú mar rud a chiallaíonn go bhfuil an ráta úis mainneachtana is infheidhme tráth a thugtar an comhaontú creidmheasa i gcrích nó, ar a laghad, an ráta úis tagartha (sa chás seo an bunráta úis i gcomhréir le § 247 de [BGB]) óna bhfuil an ráta úis mainneachtana is infheidhme trí bhreisiú (sa chás seo, cúig phointe céatadáin i gcomhréir leis an dara habairt de § 288(1) de BGB) le sonrú i bhfoirm absalóideach, agus nach mór an tomhaltóir a chur ar an eolas faoin ráta úis tagartha (bunráta úis) agus a athraitheacht?

(d)

An bhfuil Airteagal 10(2)(t) de Threoir [2008/4]8 le léiriú mar rud a chiallaíonn nach mór na ceanglais fhoirmiúla riachtanacha maidir le rochtain ar nósanna imeachta gearáin agus sásaimh lasmuigh den chúirt a leagan amach i dtéacs an chomhaontaithe creidmheasa?

Má thugtar freagra dearfach ar cheann amháin Cheisteanna 2(a) go 2(d) thuas ar a laghad:

(e)

An bhfuil pointe (b) den dara habairt d’Airteagal 14(1) de Threoir [2008/48] le léiriú mar rud a chiallaíonn nach dtosaíonn an tréimhse tarraingthe siar ag rith ach amháin nuair a bheidh an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 10(2) de Threoir [2008/48] curtha ar fáil ar bhealach iomlán agus cruinn ó thaobh na bhfíricí de?

Má thugtar freagra diúltach ar an gceist sin:

(f)

Cad iad na critéir ábhartha don tréimhse tarraingthe siar atá le cur i ngníomh cé go bhfuil an fhaisnéis neamhiomlán nó míchruinn?

Sa chás go bhfuil freagra dearfach ar Cheist 1(a) agus/nó ar cheann amháin ar a laghad de Cheisteanna 2(a) go 2(d):

(3)

[…]

(4)

[…]

(5)

Beag beann ar na freagraí a thugtar ar an gcéad cheist go dtí an ceathrú ceist thuas:

(a)

An bhfuil sé ag luí le dlí an Aontais go háirithe leis an gceart chun tarraingt siar dá bhforáiltear sa chéad abairt d’Airteagal 14(1) de Threoir [2008/48], go bhfuil, faoin dlí náisiúnta, i gcás ina bhfuil baint ag comhaontú creidmheasa le conradh díolacháin, tar éis don tomhaltóir a cheart tarraingt siar a fheidhmiú iarbhír i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir [2008/48],

(aa)

Ní thiocfaidh an ceart atá ag tomhaltóir aisíocaíocht a fháil ón gcreidiúnaí ar na híocaíochtaí a rinneadh chun bheith dlite ach amháin nuair a bheidh cuspóir an díola tugtha ar láimh ag an tomhaltóir sin don chreidiúnaí nó nuair a bheidh cruthúnas curtha ar fáil aige gur sheol an creidiúnaí chuig an gcreidiúnaí é?

(bb)

Ní mór diúltú do chaingean a rinne an tomhaltóir chun aisíocaíocht a dhéanamh ar na haisíocaíochtaí míosúla a íocadh tar éis chuspóir an cheannaigh a sheachadadh mar ghníomhaíocht atá gan bhunús faoi láthair mura bhfuil sárú déanta ag an gcreidiúnaí ar a oibleagáid glacadh le cuspóir an díola?

Má thugtar freagra diúltach ar an gceist sin:

(b)

An leanann sé ó dhlí an Aontais go bhfuil na rialacha náisiúnta a bhfuil cur síos orthu i bhfocheist (a), (aa) agus/nó (bb) neamh-infheidhme?

Beag beann ar na freagraí ar an gcéad cheist go dtí an cúigiú ceist thuas:

(6)

An bhfuil § 348a(2)(1) den Zivilprozessordnung (Cód Nós Imeachta Shibhialta na Gearmáine), a mhéid a bhaineann an fhoráil sin le glacadh orduithe tagartha faoin dara fomhír d’Airteagal 267 CFAE, ar neamhréir le cumhacht na gcúirteanna náisiúnta tagairtí a dhéanamh do réamhrialú faoin dara fomhír d’Airteagal 267 CFAE? Dá bhrí sin, nach bhfuil sé infheidhme maidir le horduithe tagartha a ghlacadh?’

C.   Cás C‑232/21

73.

Luíonn na fíorais atá mar chúlra leis an tarchur chun réamhrialú seo isteach go suntasach ar na fíorais i gCás C‑47/21. I ndiaidh iarratais ar iasachtaí dar dáta an 30 Meitheamh 2017, an 28 Márta 2017, an 26 Eanáir 2019 agus an 31 Eanáir 2012, thug CR, AY, ML agus BQ faoi seach, conarthaí iasachta i gcrích, mar thomhaltóirí, le Volkswagen Bank GmbH (i gcás CR) nó lena bhrainse Audi Bank, de ghlanshuimeanna EUR 21 418.66, EUR 28 671.25, EUR 18 972.74 agus EUR 30 208.10. Bhí gach ceann de na conarthaí iasachta sin ceaptha le ceannach mótarfheithicle athláimhe d’úsáid phríobháideach a mhaoiniú. EUR 30490, EUR 31920, EUR 28030 agus EUR 27750 faoi seach a bhí ar phraghsanna ceannaigh na bhfeithiclí arna gceannach ag CR, AY, ML agus BQ. D’íoc CR, AY agus ML éarlaisí lena ndéileálaithe gluaisteán agus mhaoinigh siad iarmhéid an phraghais ceannaigh, in éineacht le costas árachais saoil agus míchumais, lena n‑iasachtaí faoi seach. Níor íoc BQ aon éarlais agus d’íoc sé praghas ceannaigh na feithicle ina iomláine, in éineacht leis an árachas saoil agus míchumais, leis an iasacht.

74.

Áirítear clásal sna conarthaí iasachta atá comhionann nó an‑chosúil leis an gclásal a leagtar amach i mír 61 den Tuairim seo.

75.

Ghníomhaigh na déileálaithe gluaisteán ónar ceannaíodh na feithiclí mar idirghabhálaithe creidmheasa do na bainc maidir le hullmhú agus tabhairt i gcrích na gconarthaí iasachta agus d’úsáid siad an fhoirm chaighdeánach chonartha arna soláthar ag na bainc sin. Bhí na haisíocaíochtaí iasachta le déanamh in 48 (i gcás CR agus AY), 36 (i gcás ML) agus 60 (i gcás BQ) tráthchuid mhíosúil. Ceanglaíodh ar CR, AY, ML agus BQ íocaíocht deiridh de mhéid sonraithe a dhéanamh freisin.

76.

I ndiaidh íocaíocht amach na hiasachta, d’íoc CR, AY, ML agus BQ na tráthchodanna míosúla arna gcomhaontú go cuí. An 31 Márta 2019, an 13 Meitheamh 2019, an 16 Meán Fómhair 2019 agus an 20 Meán Fómhair 2020 faoi seach, áfach, tharraing siad go léir siar óna gconarthaí iasachta. D’ofráil CR, ML agus BQ an fheithicil a thabhairt ar ais chuig oifig chláraithe an bhainc mar mhalairt ar aisíoc na n‑íocaíochtaí arna ndéanamh acu ag an am céanna. D’aisíoc BQ an iasacht ina hiomláine. Dhiúltaigh Volkswagen Bank agus Audi Bank do na hiarrachtaí sin uile chun tarraingt siar ó na conarthaí.

77.

Thionscain CR, AY, ML agus BQ caingne os comhair na cúirte a rinne an tarchur i gcoinne Volkswagen Bank agus Audi Bank. Ós rud é nár cuireadh an fhaisnéis maidir leis an gceart chun tarraingt siar agus an fhaisnéis shainordaitheach eile in iúl dóibh go cuí, maíonn siad nár thosaigh an tréimhse tarraingthe siar de bheith ag rith ar na dátaí a tharraing siad siar óna gconarthaí iasachta faoi seach. Lorgaíonn CR, inter alia, aisíoc na dtráthchodanna míosúla arna n‑íoc aige, in éineacht leis an éarlais arna híoc chuig an déileálaí, ag an am céanna, nó mar mhalairt air sin, i ndiaidh dó an fheithicil a thabhairt ar ais. Lorgaíonn sé dearbhú freisin ar dá réir nach bhfuil dliteanas air i leith ús ar an mbunairgead, nó tráthchodanna i leith an bhunairgid ó dháta na tarraingthe siar agus go raibh an banc déanach ag tógáil na feithicle ar ais. Tá éilimh ML mar an gcéanna go bunúsach le héilimh CR. Lorgaíonn AY go príomhúil dearbhú, ó dháta na tarraingthe siar ar aghaidh, nach bhfuil dliteanas air a thuilleadh i leith úis nó caipitil ar a iasacht. Lorgaíonn BQ go príomhúil aisíoc na dtráthchodanna míosúla arna n‑íoc aige agus dearbhú go raibh an banc déanach ag tógáil na feithicle ar ais.

78.

Maíonn Volkswagen Bank agus Audi Bank go príomhúil gur cheart na caingne a dhíbhe mar bheith gan bhunús. Maíonn siad, tríd an teimpléad rialála a úsáid, gur sholáthar siad an fhaisnéis shainordaitheach go léir do CR, AY, ML agus BQ agus dá bhrí sin go ndeachaigh an tréimhse tarraingthe siar in éag. I gcás CR agus AY, maíonn siad, mar mhalairt air sin, go bhfuil an tarraingt siar faoi urchosc ama agus gur bhraith siad go dlisteanach ar an bhfíoras nach bhfeidhmeodh na tomhaltóirí sin a gceart chun tarraingt siar a thuilleadh i ndiaidh na feithiclí a úsáid agus a dtráthchodanna míosúla a íoc go rialta. I gcás ML agus BQ, maíonn siad freisin nach bhfuil siad déanach ag tógáil na bhfeithiclí ar ais ós rud é nach ndearna na tomhaltóirí sin ofráil iarbhír chucu chun críocha § 294 de BGB.

79.

Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, dar leis an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme), go bhfuil ceisteanna maidir le forghéilleadh agus mí-úsáid ar an gceart chun tarraingt siar le cinneadh go príomhúil i leith conarthaí arna bhfeidhmiú ina n‑iomláine ag na páirtithe cheana féin.

80.

Sna cúinsí sin, agus í ag brath ar bhreithnithe atá cosúil go bunúsach leis na breithnithe arna leagan amach i míreanna 65 go 71 den Tuairim seo, chinn Landgericht Ravensburg (an Chúirt Réigiúnach, Ravensburg) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur le haghaidh réamhrialú chuig an gCúirt Bhreithiúnais, agus tá téacs Cheisteanna 1, 3 agus 4 go 6 nach mór comhionann le téacs iad siúd a cuireadh i gCás C‑47/21:

‘(1)

[…]

(2)

Maidir leis na sonraí sainordaitheacha i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Threoir [2008/48]:

(a)

An bhfuil Airteagal 10(2)(p) de Threoir [2008/48] le léiriú mar ní a chiallaíonn nach mór méid an úis laethúil atá le léiriú sa chomhaontú creidmheasa a chinneadh go huimhríochtúil leis an ráta iasachta conarthach a léirítear sa chomhaontú?

(b)

[…]

Sa chás go dtugtar freagra dearfach ar cheann amháin ar a laghad de Cheisteanna 2 (a) nó (b) thuas:

(c)

An bhfuil pointe (b) den dara habairt d’Airteagal 14(1) de Threoir [2008/48] le léiriú mar rud a chiallaíonn nach dtosaíonn an tréimhse tarraingthe siar ag rith ach amháin nuair a bheidh an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 10(2) de Threoir [2008/48] curtha ar fáil ar bhealach iomlán agus cruinn ó thaobh na bhfíricí de?

Má thugtar freagra diúltach ar an gceist sin:

(d)

Cad iad na critéir ábhartha don tréimhse tarraingthe siar atá le cur i ngníomh cé go bhfuil an fhaisnéis neamhiomlán nó míchruinn?

Má tá an freagra ar Cheist 1(a) agus/nó ar Cheist amháin ar a laghad de Cheisteanna 2(a) agus 2(b) dearfach:

(3)

Maidir leis an gceart chun tarraingt siar dá bhforáiltear sa chéad abairt d’Airteagal 14(1) de Threoir [2008/48] a theorannú:

(a)

[…]

(b)

[…]

(c)

[…] An mbaineann sé seo freisin le conarthaí a bhfuil deireadh tagtha leo?

(d)

[…] An mbaineann sé seo freisin le conarthaí a bhfuil deireadh tagtha leo?

(e)

[…]

(f)

[…]

(4)

Maidir le cineál mí-úsáideach fheidhmiú an tomhaltóra ar an gceart chun tarraingt siar dá bhforáiltear sa chéad abairt d’Airteagal 14(1) de Threoir [2008/48]:

(a)

[…]

(b)

[…]

(c)

[…] An mbaineann sé seo freisin le conarthaí a bhfuil deireadh tagtha leo?

(d)

[…] An mbaineann sé seo freisin le conarthaí a bhfuil deireadh tagtha leo?

(e)

[…]

(f)

[…]

(5)

[…]

(6)

[…]’

IV. Nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

81.

Le cinneadh an 22 Aibreán 2021, d’uaim Uachtarán na Cúirte Breithiúnais Cásanna C‑38/21 agus C‑47/21 chun críocha an nós imeachta i scríbhinn agus ó bhéal agus chun críocha an bhreithiúnais.

82.

Le cinneadh an 3 Lúnasa 2021, tharraing an chúirt a rinne an tarchur Ceist 2(a) i gCás C‑47/21 siar, ós rud é gur réitíodh an díospóid i gceann amháin den dá chás sna príomhimeachtaí go cairdiúil.

83.

I gCás C‑38/21, le hordú tarchuir an 24 Lúnasa 2021, chinn an chúirt a rinne an tarchur aguisín a chur lena hiarraidh thosaigh agus ceisteanna breise a tharchur le haghaidh réamhrialú.

84.

Le cinneadh an 31 Bealtaine 2022, d’uaim an Chúirt Bhreithiúnais Cás C‑232/21 agus Cásanna Uamtha C‑38/21 agus C‑47/21 chun críocha an nós imeachta ó bhéal agus chun críocha an bhreithiúnais.

85.

Chuir BMW Bank, C. Bank, Volkswagen Bank agus Audi Bank, Rialtas na Gearmáine agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn isteach. D’fhreagair na páirtithe céanna agus CR i scríbhinn ceist arna cur ag an gCúirt Bhreithiúnais an 31 Bealtaine 2022.

86.

Ag an éisteacht an 7 Meán Fómhair 2022, chuir CR, BMW Bank, C. Bank, Volkswagen Bank agus Audi Bank, Rialtas na Gearmáine agus an Coimisiún argóintí ó bhéal in iúl agus d’fhreagair siad ceisteanna na Cúirte Breithiúnais.

V. Anailís

87.

Iarrann an Chúirt Bhreithiúnais go ndéanfaí scrúdú leis an Tuairim seo ar na ceisteanna seo a leanas:

an chéad cheist i gCásanna C‑38/21, C‑47/21 agus C‑232/21;

an dara ceist i gCásanna C‑38/21, C‑47/21 agus C‑232/21, a mhéid a bhaineann sí le cur ag rith na tréimhse tarraingthe siar i gcás go soláthraítear tomhaltóir le faisnéis neamhiomlán nó míchruinn go substainteach;

an ceathrú ceist i gCásanna C‑38/21, C‑47/21 agus C‑232/21, a mhéid a shamhlaítear léi, trí thagairt d’iompar an tomhaltóra i ndiaidh dó tarraingt siar ón gconradh, go mbraithfear ar an bprionsabal i leith mí-úsáid ceart d’fhonn fheidhmiú an chirt chun tarraingt siar a theorannú; agus ábharthacht an fhíorais, sa chomhthéacs sin, gur fheidhmigh na páirtithe an conradh ina iomláine;

an cúigiú ceist i gCásanna C‑47/21 agus C‑232/21;

an cúigiú, séú agus seachtú ceist i gCás C‑38/21.

88.

D’fhonn freagra úsáideach a chur ar fáil don chúirt a rinne an tarchur, molfaidh mé freagra ar an ochtú ceist i gCás C‑38/21 freisin.

89.

Tá m’anailís ar na ceisteanna sin roinnte in dhá pháirt. Ar dtús, tabharfaidh mé aghaidh ar an iarraidh ar réamhrialú i gCás C‑38/21, ag tosú le Ceist 5, a bhaineann le cineál an chonartha léasaithe bunaithe ar mhíleáiste. Cinnfear le freagra na ceiste sin cé acu i measc na gceisteanna eile a bhfuil freagra ag teastáil leo. Ina dhiaidh sin tabharfaidh mé aghaidh ar na ceisteanna ón gcúirt a rinne an tarchur i gCásanna C‑47/21 agus C‑232/21.

A.   Cás C‑38/21

1. An cúigiú ceist i gCás C‑38/21

90.

Leis an gceist sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an dtagann conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste le haghaidh mótarfheithicle, amhail an conradh faoi cheist sa chaingean os a comhair, faoi raon feidhme Threoir 2002/65, Threoir 2008/48 nó Threoir 2011/83.

91.

De réir an chur síos arna sholáthar ag an gcúirt a rinne an tarchur, BMW Bank agus Rialtas na Gearmáine, is é is cuspóir conartha amhail, mar chomaoin ar íocaíocht tráthchoda míosúla, mótarfheithicil a chur ar fáil don léasaí ar feadh tréimhse de 2 go 3 bliana le teorainn ar mhéid na gciliméadar ar féidir í a thiomáint. Ag deireadh na tréimhse sin, má tá méid na gciliméadar arna dtiomáint níos airde ná an méid arna chomhaontú, íocfaidh an léasaí cúiteamh leis an léasóir. Go contrártha, má tá méid na gciliméadar arna dtiomáint níos ísle ná mar a comhaontaíodh, gheobhaidh an léasaí aisíoc ón léasóir. Luíonn an riosca i leith caillteanais, damáiste nó lagú eile na feithicle le linn fhad an chonartha ar an léasaí agus ní mór dó mar sin árachas iomlán cuimsitheach a fháil. Thairis sin, tá ar an léasaí cearta a bhaineann le lochtanna a éileamh i gcoinne tríú páirtithe, go háirithe an déileálaí gluaisteán agus an monaróir. Ní fhorchuirtear leis an gconradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste, ná le haon chonradh ar leith, aon oibleagáid ar an léasaí an fheithicil a cheannach. Ar deireadh, ní thugann an léasaí aon ráthaíocht i leith luach iarmharach ar dhul in éag an chonartha; ní cheanglaítear air caillteanas luacha a chúiteamh ach amháin, ar thabhairt ar ais na feithicle, go gcinntear nach dtagann a bail lena haois nó gur sáraíodh uasmhéid na gciliméadar sa chonradh.

92.

Tá sé ar intinn agam aghaidh a thabhairt ar an gcúigiú ceist i gCás C‑38/21 i dtrí pháirt. Ar dtús, is léir, i mo thuairim, nach dtagann conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste le haghaidh mótarfheithicle, mar a cuireadh síos air thuas, faoi raon feidhme Threoir 2008/48. ( 26 ) Cumhdaítear le hAirteagal 2(1) de Threoir 2008/48 ‘conarthaí creidmheasa’ mar a shainítear le hAirteagal 3(c) di. Is léir ó Airteagal 2(2)(d) nach bhfuil feidhm ag Treoir 2008/48 i leith conarthaí léasaithe ach amháin nuair a fhoráiltear d’oibleagáid don léasaí ábhar an chonartha a cheannach leo, iontu féin nó i gconradh ar leith. ( 27 ) Dá bhrí sin, is sna cúinsí dea-shainithe sin amháin gur féidir conarthaí léasaithe a mheas mar chonarthaí creidmheasa chun críocha Threoir 2008/48. Is léir ón ordú tarchuir i gCás C‑38/21 nach bhfuil oibleagáid an mhótarfheithicil faoi cheist a cheannach sa chonradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste ná in aon chonradh ar leith.

93.

Ní ghlacaim le hargóint na cúirte a rinne an tarchur gur féidir forálacha Threoir 2008/48 a chur i bhfeidhm de réir análaí ós rud é go ndeartar conarthaí léasaithe bunaithe ar mhíleáiste go ginearálta chun go n‑eascróidh amúchadh iomlán úsáid na feithicle le linn fhad an léasa astu. Tagaim ar an gconclúid sin ar an gcúis shimplí go gcuireann Treoir 2008/48 conarthaí léasaithe gan oibleagáid cheannaigh as an áireamh óna raon feidhme gan athbhrí. ( 28 ) In aon chás, mar a chuireann BMW Bank agus Rialtas na Gearmáine in iúl agus ceart acu, sa chás seo, níl aon fholús dlíthiúil lena dtabharfaí bonn cirt le cur i bhfeidhm rialacha difriúla de réir analaí.

94.

Sa dara háit, maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2002/65, cuireann Airteagal 1(1) di síos ar a cuspóir mar chomhfhogasú a dhéanamh ar fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí. ( 29 ) Sainíonn Airteagal 2(b) de Threoir 2002/65 ‘seirbhísí airgeadais’ mar ‘aon seirbhísí a bhaineann le baincéireacht, creidmheas, árachas, pinsin phearsanta, infheistíochtaí agus íocaíochtaí’. ( 30 )

95.

Aontaím le Rialtas na Gearmáine nach bhfuil conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste, amhail an conradh faoi cheist, ina chonradh le haghaidh ‘seirbhísí a bhaineann le baincéireacht’ de réir bhrí Airteagal 2(b) de Threoir 2002/65. Ofrálann bainc atá faoi úinéireacht monaróirí mótarfheithiclí an cineál conartha atá faoi cheist nach mór go heisiach, amhail sa chás seo, nó ofrálann gnóthais atá speisialtóireacht acu i léasadh mótarfheithiclí iad, amhail cuideachtaí cíosa gluaisteán. Cé gur ceist í don chúirt a rinne an tarchur a fhíorú, níl conarthaí léasaithe bunaithe ar mhíleáiste gnáthghnó bhainc ‘na mórshráide’, mar a bhféadfaí a chur orthu. Ní leor an fíoras go bhfuil banc mar pháirtí i gconradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste ann féin chun sin a mheas mar ‘sheirbhís a bhaineann le baincéireacht’. Mar a mhínítear thíos, chun a leithéid a mheas ní mór go gcomhlíonfaidh an conradh faoi cheist feidhm mhaoinithe.

96.

Is í an cheist ná an bhféadfadh conradh léasaithe amhail a bheith ina chonradh le haghaidh ‘seirbhísí a bhaineann le... creidmheas’ de réir bhrí Airteagal 2(b) de Threoir 2002/65. Ós rud é nach sainítear an coincheap ‘creidmheas’ leis an Treoir sin, d’fhéadfá tagairt do shainmhíniú ‘conradh creidmheasa’ in Airteagal 3(c) de Threoir 2008/48 a shamhlú d’fhonn é a léiriú. Agus an cur chuige sin á ghlacadh, ní bhaineann conarthaí léasaithe nach bhforálann d’oibleagáid cheannaigh le ‘seirbhís a bhaineann le creidmheas’ ós rud é, mar a mhínítear i mír 92 den Tuairim seo, nach conarthaí creidmheasa iad chun críocha Threoir 2008/48. Is cosúil domsa go bhfuil an réiteach sin beagán saorga ós rud é nach bhféadfá a chur as an áireamh, nuair a ghlac an reachtas le Treoir 2002/65, gur ghlac sé le léiriú níos leithne ar an gcoincheap de chreidmheas ná mar a ghlac sé leis níos déanaí i dTreoir 2008/48.

97.

Aontaím leis an tuairim arna cur in iúl ag na páirtithe a chuir barúlacha isteach i gCás C‑38/21 go mbraitheann freagra na ceiste sin ar phríomhchuspóir conartha léasaithe bunaithe ar mhíleáiste le haghaidh mótarfheithicle nach bhfuil oibleagáid ann an mhótarfheithicil sin a cheannach a shainaithint. I mo thuairim, ní féidir an conradh sin a mheas mar bheith bainteach le seirbhís airgeadais agus, dá bhrí sin, teacht faoi raon feidhme Threoir 2002/65, ach amháin má chomhlíonann an conradh sin feidhm mhaoinithe go príomhúil.

98.

Aontaím le hanailís BMW Bank agus Rialtas na Gearmáine gurb é is príomhchuspóir conartha amhail a cheadú don tomhaltóir feithicil dá rogha a úsáid le linn tréimhse shonraithe ama mar mhalairt ar íocaíocht táille míosúla.

99.

Is fíor é, mar a mhaíonn an Coimisiún, go bhfaigheann tomhaltóir cúnamh airgeadais chun úsáid earraí nó maoine a éascú faoi chonradh léasaithe. Tagann conradh léasaithe in áit mhaoiniú an socraithe sin nach mór don tomhaltóir a sholáthar murach sin. Mar a mhaíonn an Coimisiún freisin, ar bhealach beagán débhríoch, is ionann conradh amhail agus modh chun ‘úsáid feithicle a mhaoiniú’.

100.

I mo thuairim, ní chomhlíonann conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste amhail an conradh faoi cheist sna príomhimeachtaí, go docht, feidhm mhaoinithe don tomhaltóir, sa chaoi go gceadaítear leis dó feithicil a cheannach trí íocaíocht iarchurtha. Ní sholáthraíonn an léasóir caipiteal don tomhaltóir chuige sin. Ceannaíonn an léasóir an fheithicil agus tá úinéireacht aige uirthi le linn agus i ndiaidh dhul in éag an chonartha léasaithe bunaithe ar mhíleáiste, cé gur roghnaigh an tomhaltóir an fheithicil. Níl dliteanas ar an tomhaltóir i leith amúchadh iomlán na gcostas arna dtabhú ag an léasóir chun seilbh a fháil ar an bhfeithicil agus ní chúitítear leis na híocaíochtaí a dhéantar faoin amúchadh na costais sin go riachtanach. Luíonn na rioscaí maidir le luach iarmharach na feithicle ar dhul in éag an chonartha ar an léasóir freisin. Mar a thugann Rialtas na Gearmáine dá aire, agus an ceart aige, ní ráthaítear go bhfaighidh an léasóir luach iarmharach sonrach nó amúchadh iomlán úsáid na feithicle sin leis an gcúiteamh sa chonradh léasaithe maidir le ró-úsáid agus tearcúsáid na feithicle.

101.

Cuireann an Coimisiún in iúl freisin go nglacann an tomhaltóir, faoi chonradh amhail, cearta agus oibleagáid air féin a thiteann de ghnáth chuig úinéir feithicle, lena n‑áirítear freagracht as préimheanna árachais, costais chothabhála agus cáin agus riosca i leith caillteanais nó damáiste. Ní mór don tomhaltóir freisin aon chearta a bhaineann le lochtanna a éileamh i gcoinne tríú páirtithe. Leanann na cearta agus oibleagáidí sin de bheith ann mar sin féin le linn thréimhse úsáid na feithicle mar a leagtar síos sa chonradh léasaithe agus tá siad teoranta do na rioscaí a eascraíonn as an úsáid sin, atá ar deireadh, ina ábhar don tomhaltóir.

102.

Táim den tuairim dá bhrí sin nach dtagann conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste le haghaidh mótarfheithicle nach bhforálann d’oibleagáid cheannaigh faoi raon feidhme Threoir 2002/65. ( 31 )

103.

Sa tríú háit, measaim go bhfuil conradh amhail de chineál conradh seirbhíse de réir bhrí Threoir 2011/83, a bhfuil feidhm aici i leith ‘aon chonradh a thugtar i gcrích idir trádálaí agus tomhaltóir’. ( 32 ) Sainíonn Treoir 2011/83 ‘conradh seirbhíse’ mar aon chonradh seachas conradh díolacháin, de réir bhrí Airteagal 2(5) di, ( 33 ) faoina soláthraíonn an trádálaí seirbhís, nó faoina ngeallann sé seirbhís a sholáthar dó agus ina n‑íocann an tomhaltóir praghas na seirbhíse sin nó faoina ngeallann sé praghas na seirbhíse sin a íoc. ( 34 ) Is léir go n‑áirítear sa chineál conartha sin conarthaí, amhail an conradh faoi cheist i gCás C‑38/21, lena n‑aistríonn trádálaí, mar mhalairt ar íocaíocht, an ceart chun mótarfheithicil a úsáid le haghaidh tréimhse shonraithe ama chuig tomhaltóir. ( 35 )

104.

Ar mhaithe leis an iomláine, chuirfinn leis sin go dtagaim ar an gconclúid, mar gheall ar m’anailís, nach saothraíonn an conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste faoi cheist an cuspóir an fheithicil a mhaoiniú agus ceart úsáide na feithicle a aistriú ag an am céanna. Is léir mar sin nach n‑aontaím le cur chuige an Choimisiúin ar dá réir go bhfuil feidhm ag Treoir 2002/65 agus Treoir 2011/83 go comhthreomhar. Ní thagann an cur chuige sin le dá fhíoras. Sainítear raon feidhme gach Treorach go beacht. Tá conradh amháin doroinnte faoina n‑úsáideann an tomhaltóir feithicil mar mhalairt ar tháille a íoc. Bhainfí an bonn mar sin den deimhneacht dhlíthiúil agus den chuspóir ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a chur ar fáil le cur i bhfeidhm roinnt Treoracha i leith an chonartha sin ag an am céanna.

105.

Sna cúinsí sin, molaim go bhfreagródh an Chúirt Bhreithiúnais Ceist 5 i gCás C‑38/21 sa chaoi go dtagann conarthaí léasaithe bunaithe ar mhíleáiste le haghaidh mótarfheithiclí de théarmaí de thart ar 2 nó 3 bliana a thugtar i gcrích le foirm chaighdeánach lena n‑eisiatar an ceart gnáthfhoirceannadh a dhéanamh, nach bhforálann, iontu féin nó i gconradh ar leith, d’oibleagáid don tomhaltóir ábhar an chonartha a cheannach, cé go meastar oibleagáid amhail a bheith ann má chinneann an léasóir amhlaidh go haontaobhach, agus faoina gceanglaítear ar an tomhaltóir an fheithicil a chur faoi árachas iomlán cuimsitheach, cearta a bhaineann le lochtanna a éileamh i gcoinne tríú páirtithe (go háirithe an déileálaí gluaisteán agus an monaróir) agus faoina luíonn an riosca i leith caillteanais, damáiste nó lagú eile ar an tomhaltóir, faoi raon feidhme Threoir 2011/83. Ní chonarthaí creidmheasa iad de réir bhrí Airteagal 3(c) de Threoir 2008/48, ná conarthaí a bhaineann le seirbhísí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(12) de Threoir 2011/83 agus Airteagal 2(b) de Threoir 2002/65.

2. An séú ceist i gCás C‑38/21

106.

Leis an gceist seo, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, ag féachaint do na cúinsí inar tugadh an conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste i gcrích, mar a chuirtear síos orthu i mír 42 den Tuairim seo, an gcaithfear an conradh sin a mheas mar ‘chonradh seacháitribh’ chun críocha Airteagal 2(8) de Threoir 2011/83. Go sonrach, tá sí ag iarraidh a fháil amach an bhfuil áitreach an déileálaí gluaisteán, áit a chuireann an tomhaltóir iarratas isteach chun feithicil a léasú, le meas mar ‘áitreabh gnó’ an trádálaí chun críocha Airteagal 2(9) den Treoir sin, i gcás ina bhfuil an déileálaí páirteach go lom in ullmhú an chonartha, gan bheith de chumhacht aige é a thabhairt i gcrích.

107.

Sainíonn Airteagal 2(8)(a) de Threoir 2011/83 ‘conradh seacháitribh’ mar aon chonradh idir an trádálaí agus an tomhaltóir ‘a chur i gcrích i láthair fhisiciúil chomhuaineach an trádálaí agus an tomhaltóra, in áit nach áit ghnó an trádálaí é’. Faoi Airteagal 2(9)(a) den Treoir sin is é is ‘áitreabh gnó’‘aon áitreabh dochorraithe miondíola ina mbíonn an trádálaí i mbun gníomhaíochtaí ar bhonn buan’.

108.

Is léir ó aithris 22 de Threoir 2011/83 go bhfuil an coincheap ‘áitreabh gnó’ le tuiscint go leathan agus gur cheart áitreabh duine a ghníomhaíonn in ainm nó thar ceann an trádálaí mar a shainítear sa Treoir sin a mheas amhlaidh. Sainíonn Airteagal 2(2) de Threoir 2011/83 ‘trádálaí’ mar aon dhuine nádúrtha nó dlítheanach a ghníomhaíonn, ‘lena n‑áirítear trí dhuine eile atá ag gníomhú ina ainm nó thar a cheann, chun críocha a bhaineann lena thrádáil, ghnó, cheardaíocht nó ghairm’ maidir le conarthaí a chumhdaítear faoin Treoir sin.

109.

D’fhéadfaí an tátal a bhaint as an méid roimhe sin gurb é an critéar cinntitheach maidir le cinneadh an bhféadfaí áitreabh gnó duine a ghníomhaíonn mar idirghabhálaí, sa chás seo an déileálaí gluaisteán, a rangú mar ‘áitreabh gnó’ an trádálaí, ná an ngníomhaíonn an duine sin in ainm nó thar ceann an trádálaí sin.

110.

Faoi aithris 16 di, níl Treoir 2011/83 in ainm is tionchar a imirt ar dhlíthe náisiúnta ar ionadaíocht dhlíthiúil amhail aon rialacha lena gcinntear an duine a ghníomhaíonn in ainm nó thar ceann an trádálaí. Eascraíonn sé as sin, d’fhonn an cheist seo a fhreagairt, gur don chúirt a rinne an tarchur atá sé, i bhfianaise an dlí náisiúnta, an caidreamh dlíthiúil idir an déileálaí gluaisteán agus an banc a mheas i gcúinsí an cháis seo, agus a shuí an féidir an tátal a bhaint as an gcaidreamh sin gur ghníomhaigh an déileálaí gluaisteán in ainm nó thar ceann an bhainc.

111.

Cé gur ceist í a bhaineann leis an dlí náisiúnta, tugann Treoir 2011/83 roinnt comharthaí maidir le conas aghaidh a thabhairt ar an gceist seo. Chuige sin, cé go dtagraíonn Airteagal 2(8)(a) de Threoir 2011/83 do chonradh ‘a chur i gcrích’, is cosúil domsa, chun áitreabh an idirghabhálaí a mheas mar bheith ‘áitreabh gnó’ an trádálaí, nach gá go mbeidh treoir tugtha don idirghabhálaí go sonrach chun críocha an conradh a thabhairt i gcrích leis an tomhaltóir.

112.

Eascraíonn sé as sin gur leor rannpháirtíocht an idirghabhálaí ag céim chaibidlíocht an chonartha chun go gcaithfí lena áitreabh mar áitreabh gnó an trádálaí, chomh fada is go bhfuil rannpháirtíocht amhail suntasach go leor agus go n‑áirítear inti dualgas don idirghabhálaí an fhaisnéis dá dtagraíonn Airteagal 5 de Threoir 2011/83 a sholáthar don tomhaltóir.

113.

Ar deireadh, is cosúil go leagtar amach le haithris 21 de Threoir 2011/83 cuspóir na bhforálacha lena rialaítear ‘conarthaí seacháitribh’, ar dá réir, nuair nach bhfuil sé in áitreabh gnó an trádálaí, go bhféadfadh go mbeadh an tomhaltóir faoi bhrú síceolaíoch nó go mbeadh gné iontais os a chomhair, is cuma cé acu ar iarr an tomhaltóir cuairt an trádálaí nó nár iarr. ( 36 ) Is léir nach bhfuil na forálacha sin ceaptha le tomhaltóirí a thugann cuairt go spontáineach ar áitreabh ina bhféadfadh siad a bheith ag coinne leis go ndéanfaidh trádálaí iad a ghríosadh d’fhonn conarthaí a thabhairt i gcrích a chosaint. Mar gheall air sin níl sé curtha i luí orm go mbeadh iontas ar thomhaltóir atá ag iarraidh feithicil a cheannach, nuair a thugann sé cuairt ar áitreabh déileálaí gluaisteán atá nasctha le banc a ofrálann conarthaí léasaithe, go ndéantar ofrálacha dó conradh den sórt sin a thabhairt i gcrích.

114.

San cúinsí sin, molaim don Chúirt Bhreithiúnais an séú ceist i gCás C‑38/21 a fhreagairt sa chaoi nach mór Airteagal 2(9) de Threoir 2011/83 a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé go bhfuil áitreabh gnó duine a ghníomhaíonn in ainm nó thar ceann an trádálaí mar a shainítear in Airteagal 2(2) di le meas mar ‘áitreabh gnó’ an trádálaí sin. Is don chúirt a rinne an tarchur atá sé le meas, i gcúinsí sonracha an cháis os a comhair agus de bhun an dlí náisiúnta, ar ghníomhaigh an t‑idirghabhálaí in ainm nó thar ceann an trádálaí chun an conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste a chaibidliú nó a thabhairt i gcrích.

3. An seachtú ceist i gCás C‑38/21

115.

Leis an gceist seo, tá an chúirt a rinne an tarchur ag iarraidh a fháil amach an bhfuil feidhm ag an eisceacht ón gceart chun tarraingt siar i bpointe (l) d’Airteagal 16 de Threoir 2011/83 i leith conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste amhail an conradh faoi cheist sna príomhimeachtaí.

116.

Deonaítear le hAirteagail 9 go 15 de Threoir 2011/83 ceart chun tarraingt siar don tomhaltóir i ndiaidh cianchonartha nó conradh seacháitribh a thabhairt i gcrích mar a shainítear le hAirteagal 2(7) agus (8) di faoi seach agus cuirtear síos iontu ar na coinníollacha agus socruithe chun an ceart sin a fheidhmiú. In Airteagal 16 de Threoir 2011/83 tá eisceachtaí ón gceart chun tarraingt siar, go háirithe ó chonarthaí le haghaidh seirbhísí cíosa gluaisteán a bhfuil dáta sonrach nó tréimhse shonrach feidhmithe iontu. Ní mór léiriú docht a dhéanamh ar an bhforáil sin ós rud é go maolaíonn sé ar rialacha an Aontais i leith cosaint tomhaltóirí. ( 37 )

117.

Ar dtús, maidir leis an gceist cé acu an ionann conarthaí léasaithe bunaithe ar mhíleáiste agus conarthaí chun seirbhísí cíosa gluaisteán a chur ar fáil, de réir an chásdlí tagraíonn an coincheap ‘seirbhísí cíosa gluaisteán’ do ‘mhodh iompair a chur ar fáil do thomhaltóir’. ( 38 ) Chinn an Chúirt Bhreithiúnais freisin go ndíríonn conradh cíosa gluaisteán ar iompar paisinéirí a cheadú. ( 39 ) I bhfianaise na ngnéithe sin, d’fhéadfadh gur chosúil ar an gcéad amharc go dtagann conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste, a bhfuil sé mar chuspóir leis úsáid mótarfheithicle a chur ar fáil do thomhaltóir, faoi chumhdach an choincheapa ‘soláthar seirbhísí cíosa gluaisteán’.

118.

Is léir, áfach, ó aithris 49 de Threoir 2011/83 go saothraítear le hAirteagal 16(l) di an cuspóir de thrádálaithe a chosaint i gcoinne an riosca a bhaineann le hacmhainn a chur ar leataobh a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu a líonadh dá mba rud é go raibh ceart chun tarraingt siar ar fáil. ( 40 ) Go cosúil, eascraíonn sé as cásdlí na Cúirte Breithiúnais go bhfuil Airteagal 16(l) ceaptha, go háirithe, chun soláthróirí seirbhíse ar leith a chosaint ó na hiarmhairtí díréireacha a bhaineann le cealuithe gearrfhógra a éascú, gan aon chostais don tomhaltóir, nó aon mhíniú uaidh. ( 41 ) Murab ionann agus an Coimisiún, níor cuireadh ina luí orm gurb ann do riosca amhail nó iarmhairtí díréireacha i gcomhthéacs conradh léasaithe le haghaidh mótarfheithicle. Tá sé de rogha ag an léasóir, a fhanann ina úinéir ar an bhfeithicil sin, úsáid eile a bhaint aisti, amhail í a chur ar cíos nó í a athdhíol, i gcás go bhfeidhmítear ceart chun tarraingt siar. Mar thoradh air sin, measaim nach bhfuil feidhm ag an eisceacht ón gceart chun tarraingt siar in Airteagal 16(l) de Threoir 2011/83 i gcás amhail an cás ar feitheamh os comhair na cúirte a rinne an tarchur. Sa chomhthéacs sin, tugaim faoi deara freisin go leanann sé as an bhfíoras go bhfuil feidhm ag an eisceacht nuair a fhorálann an conradh ‘do dháta sonrach nó tréimhse shonrach feidhmithe’, nach raibh sé de rún ag an reachtas ach cíos gluaisteán gearrthéarmach a chur san áireamh, agus é sin amháin.

119.

Sna cúinsí sin, molaim go bhfreagródh an Chúirt Bhreithiúnais an seachtú ceist i gCás C‑38/21 sa chaoi nach mór Airteagal 16(l) de Threoir 2011/83 a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé nach bhfuil feidhm ag an eisceacht dá bhforáiltear ann i leith conarthaí léasaithe bunaithe ar mhíleáiste le haghaidh mótarfheithiclí.

4. An t‑ochtú ceist i gCás C‑38/21

120.

Leis an gceist seo, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an féidir conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste amhail an conradh faoi cheist a rangú mar ‘chianchonradh’ de réir bhrí Airteagal 2(a) de Threoir 2002/65 agus Airteagal 2(7) de Threoir 2011/83 nuair nach bhfuil teagmháil phearsanta ag an tomhaltóir ach le hidirghabhálaí, a ullmhaíonn an conradh agus a bhfuil in ann eolas a thabhairt dó faoin tseirbhís a ofráiltear, ach nach bhfuil de chumhacht aige ionadaíocht a dhéanamh ar an trádálaí d’fhonn an conradh sin a thabhairt i gcrích.

121.

Sainíonn Airteagal 2(7) de Threoir 2011/83 ‘cianchonradh’ mar aon chonradh arna thabhairt i gcrích idir an trádálaí agus an tomhaltóir, faoi chianscéim eagraithe díolacháin nó soláthair seirbhísí, gan láithreacht fhisiciúil chomhuaineach an trádálaí agus an tomhaltóra, trí úsáid eisiach a bhaint as modh cianchumarsáide amháin nó níos mó, suas go dtí an t‑am a tugadh an conradh i gcrích, agus an t‑am a tugadh an conradh i gcrích san áireamh. Leagtar síos sainmhíniú an‑chosúil in Airteagal 2(a) de Threoir 2002/65. ( 42 )

122.

I mo thuairim, ní thugtar conradh i gcrích le húsáid ‘eisiach’ modha cianchumarsáide amháin nó níos mó ‘suas go dtí an t‑am’ a tugadh i gcrích é i gcás ina raibh idirghabhálaí páirteach, in ainm nó thar ceann an trádálaí, i gcaibidlíocht an chonartha sin trí fhaisnéis mhionsonraithe a thabhairt don tomhaltóir, agus an tomhaltóir i láthair, maidir le hábhar an chonartha agus tríd a cheisteanna a fhreagairt.

123.

Sainíonn Airteagal 2(2) de Threoir 2011/83 mar thrádálaí aon duine a ghníomhaíonn ina ainm nó thar a cheann. Ní chosúil dom go bhfuil sé cinntitheach nach bhfuil sé de chumhacht ag an duine sin gníomhú in ainm nó thar ceann an trádálaí chun críocha an conradh a thabhairt i gcrích, ós rud é gur leor rannpháirtíocht sa cháil sin ag céim na caibidlíochta. Chuige sin, is cosúil ó aithris 20 de Threoir 2011/83, cé go gcumhdaítear faoin sainmhíniú ar chianchonradh cásanna ina dtugann tomhaltóir cuairt ar áitreabh gnó d’fhonn faisnéis a bhailiú maidir le hearraí nó seirbhísí agus ina dhiaidh sin go ndéanann sé conradh a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích ó chian, nach measfar conradh arna chaibidliú agus arna thabhairt i gcrích trí chianchumarsáid a bheith ina chianchonradh.

124.

Sa chás seo, is léir ó na fíorais arna gcur in iúl ag an gcúirt a rinne an tarchur gur ríomh an déileálaí gluaisteán, agus VK i láthair, na gnéithe éagsúla den chonradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste (téarma an léasa, éarlais agus méid na dtráthchodanna míosúla), gur phléigh sé le VK iad agus go raibh sé údaraithe agus in ann ceisteanna go léir VK a fhreagairt. Sna cúinsí sin, d’fhéadfaí a mheas nach raibh VK ag bailiú faisnéise faoi chonradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste go lom, ach go raibh sé páirteach ‘go fisiciúil’ leis an déileálaí gluaisteán i gcaibidlíocht an chonartha sin, nach féidir a mheas mar chianchonradh dá bhrí sin. Is don chúirt a rinne an tarchur atá sé a shuí, i bhfianaise an dlí náisiúnta agus chúinsí sonracha an cháis, an raibh an déileálaí údaraithe chun gníomhú in ainm nó thar ceann an bhainc, ar a laghad chun críocha an conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste faoi cheist a chaibidliú, agus cé acu an bhféadfadh sé gurb ionann méid rannpháirtíocht an déileálaí agus caibidliú, nó nach bhféadfadh.

125.

Ar mhaithe leis an iomláine, tugaim faoi deara nach gcuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl ar tugadh an conradh i gcrích faoi ‘chianscéim eagraithe díolacháin nó soláthair seirbhísí’. ( 43 ) Arís is don chúirt sin atá sé a chinneadh an ann don ghné sin.

126.

Molaim dá bhrí sin, go bhfreagróidh an Chúirt Bhreithiúnais an t‑ochtú ceist i gCás C‑38/21 sa chaoi nach mór Airteagal 2(7) de Threoir 2011/83 a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé nach féidir conradh a rangú mar chianchonradh nuair atá duine, a ghníomhaíonn in ainm nó thar ceann an trádálaí, rannpháirteach i gcaibidlíocht an chonartha sin agus an tomhaltóir i láthair go fisiciúil. Is don chúirt a rinne an tarchur atá sé a mheas, i gcúinsí sonracha an cháis agus de bhun an dlí náisiúnta, ar ghníomhaigh an t‑idirghabhálaí in ainm nó thar ceann an trádálaí chun críocha an conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste a thabhairt i gcrích.

5. Conclúid idirmheánach

127.

Dá mba rud é, i bhfianaise na bhfreagraí a fhaigheann sí ón gCúirt Bhreithiúnais, go gcinnfeadh an chúirt a rinne an tarchur gurb ionann an conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste faoi cheist agus conradh seacháitribh nó cianchonradh agus nach bhfuil feidhm ag an eisceacht ón gceart chun tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 16(l) de Threoir 2011/83 i leith an chonartha sin, ba cheart di, i bprionsabal, teacht ar an gconclúid go raibh an ceart sin ag VK ar bhonn Airteagal 9(1) di. ( 44 )

128.

Sna cúinsí sin bheadh gá don chúirt a rinne an tarchur a dhéanamh amach go fóill ar fheidhmigh VK an ceart sin le linn na tréimhse forordaithe arna cinneadh le hAirteagal 9(2) de Threoir 2011/83, a bhféadfaí a léamh i gcomhar le hAirteagal 10 di. Ós rud é nach féidir a chur as an áireamh go raibh ceart chun tarraingt siar amhail ag VK, tá an tríú agus ceathrú ceist arna dtarchur ag an gcúirt a rinne an tarchur i gCás C‑38/21 ábhartha d’fhonn an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach. ( 45 ) Maidir leis an bhfreagra ar an gceathrú ceist i gCás C‑38/21, a d’iarr an Chúirt Bhreithiúnais orm a mheas, tagraím do mo mheasúnú ar an gceist chomhfhreagrach i gCásanna C‑47/21 agus C‑232/21, arna leagan amach i míreanna 149 go 158 den Tuairim seo.

B.   Cásanna C‑47/21 agus C‑232/21

1. An chéad cheist i gCásanna C‑47/21 agus C‑232/21

129.

Fiafraítear leis an gcéad cheist i gCásanna C‑47/21 agus C‑232/21, go bunúsach, an gcuirtear cosc le Treoir 2008/48 ar reachtaíocht náisiúnta lena mbunaítear toimhde dhlíthiúil go gcomhlíonann an trádálaí a oibleagáid an tomhaltóir a chur ar an eolas faoin gceart chun tarraingt siar trí chlásal a chomhfhreagraíonn le teimpléad rialála nach gcomhlíonann ceanglais na Treorach sin a áireamh sa chonradh. Sa chás sin, an bhfuil ar an gcúirt a rinne an tarchur an reachtaíocht náisiúnta sin a fhágáil gan feidhm?

130.

Maidir leis an gcéad chuid den cheist, tá clásal i ngach ceann de na conarthaí iasachta faoi cheist i gCásanna C‑47/21 agus C‑232/21 ar dá réir go dtosaíonn an tréimhse tarraingthe siar i ndiaidh an conradh a thabhairt i gcrích ach ní roimh don iasachtaí an fhaisnéis shainordaitheach go léir dá dtagraítear in § 492(2) de BGB a fháil. Tagraíonn an fhoráil sin inti féin de § 247 (6) go (13) de EGBGB, a thagraíonn ina dhiaidh sin d’fhorálacha eile de BGB. Tá clásal den chineál sin, le haghaidh gach críoch sa chleachtas, comhionann leis an gclásal ar chinn an Chúirt Bhreithiúnais é a bheith ar neamhréir le hAirteagal 10(2)(p) de Threoir 2008/48 sa bhreithiúnas in Kreissparkasse Saarlouis. ( 46 )

131.

Comhfhreagraíonn an clásal sna conarthaí iasachta thuasluaite freisin leis an teimpléad arna leagan amach sa leagan a bhí infheidhme an tráth sin d’Iarscríbhinn 7 a ghabhann le EGBGB. ( 47 ) Bunaítear leis an tríú habairt de § 247(6)(2) agus an tríú habairt de § 247(12)(1) de EGBGB toimhde dhlíthiúlachta ar dá réir, nuair atá clásal a chomhfhreagraíonn leis an teimpléad sin sa chonradh, go gcomhlíonann sé na ceanglais reachtacha le haghaidh soláthar faisnéise ar an gceart chun tarraingt siar.

132.

Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraíonn Airteagal 10 de Threoir 2008/48, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go gcuirtear cosc le hAirteagal 10(2)(p) di ar chonradh creidmheasa a thagraíonn d’fhoráil náisiúnta a thagraíonn í féin d’fhorálacha náisiúnta eile. Leanann sé go bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena mbunaítear toimhde dhlíthiúlachta, mar a chuirtear síos uirthi i mír 131 den Tuairim seo, ar neamhréir leis an Treoir sin freisin. Is cosúil go n‑aontaíonn formhór na bpáirtithe os comhair na Cúirte Breithiúnais leis an tuairim sin. Chuir Rialtas na Gearmáine in iúl fiú, ina bharúlacha i scríbhinn agus ag an éisteacht, gur leasaíodh an teimpléad rialála arna leagan amach in Iarscríbhinn 7 a ghabhann le EGBGB le héifeacht ón 15 Meitheamh 2021 chun go luífeadh sé leis an léiriú arna ghlac an Chúirt Bhreithiúnais sa bhreithiúnas in Kreissparkasse Saarlouis. ( 48 )

133.

Baineann an dara cuid den cheist sin le hiarmhairtí dlíthiúla cinnidh go bhfuil an toimhde dhlíthiúlachta arna suí leis an tríú habairt de § 247(6)(2) agus leis an tríú habairt de § 247(12)(1) de EGBGB ar neamhréir le Treoir 2008/48.

134.

I gcomhréir le cásdlí socair, leis an léiriú a thugann an Chúirt Bhreithiúnais ar riail de dhlí an Aontais soiléirítear agus sainítear ciall agus raon feidhme na rialach sin sa chaoi nach mór nó nárbh mhór í a thuiscint agus a chur i bhfeidhm ó thráth a teacht i bhfeidhm. Ní mór do na cúirteanna an riail a chur i bhfeidhm mar a léiríodh í, fiú i leith caidrimh dhlíthiúla arna mbunú i ndiaidh don riail sin teacht i bhfeidhm agus roimh an mbreithiúnas lena dtugtar rialú ar an iarraidh ar léiriú, chomh fada is a chomhlíontar na coinníollacha chun díospóid maidir le cur i bhfeidhm na rialach sin a thionscnamh os comhair na gcúirteanna a bhfuil dlínse acu ar bhealaí eile. ( 49 ) Is cásdlí socair é freisin gur freagracht na gcúirteanna náisiúnta é a ndlí náisiúnta a léiriú, a mhéid is mó is féidir, i gcomhréir le dlí an Aontais agus an deis a thabhairt do dhaoine aonair sásamh a fháil i gcás inar srianadh a gcearta mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais inchurtha i leith Ballstáit. ( 50 ) Chuige sin, ní féidir le cúirt náisiúnta a mheas go bailí go bhfuil sé dodhéanta di foráil den dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais ós rud é gur léiríodh an fhoráil sin go leanúnach ar bhealach a bhí ar neamhréir le dlí an Aontais go lom. ( 51 )

135.

Tá an oibleagáid atá ar chúirt náisiúnta chun tagairt a dhéanamh d’ábhar Treorach nuair a dhéanann sí léiriú ar na rialacha ábhartha den dlí náisiúnta agus nuair a chuireann sí i bhfeidhm iad teoranta, áfach, le prionsabail ghinearálta dlí. Ní fhéadfadh an oibleagáid, thairis sin, a bheith mar bhunús le léiriú contra legem a dhéanamh ar an dlí náisiúnta. ( 52 ) Sna cásanna seo, deir an chúirt a rinne an tarchur gur chinn an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme) nach bhfuil léiriú ar na forálacha náisiúnta faoi cheist i gcomhréir le Treoir 2008/48 indéanta agus go mbeadh sé dá bhrí sin contra legem. Tacaíonn C. Bank, Volkswagen Bank, Audi Bank agus Rialtas na Gearmáine leis an tuairim sin.

136.

Nuair nach bhfuil cúirt náisiúnta a ghlaoitear uirthi mar chuid d’fheidhmiú a dlínse forálacha de dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm in ann an dlí náisiúnta a léiriú ar bhealach atá i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais, tá dualgas uirthi, i bhfianaise phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, lánéifeacht a thabhairt do na forálacha sin, más gá ag diúltú uaithi féin aon fhoráil den dlí náisiúnta a thagann salach orthu a chur i bhfeidhm, fiú dá nglacadh ina dhiaidh í. Níl gá don chúirt sin a iarraidh go gcuirfí foráil amhail ar leataobh roimhe, nó fanacht go ndéanfaí a leithéid, trí mhodh reachtach nó bunreachtúil eile. ( 53 ) Ní féidir brath ar fhoráil de dhlí an Aontais nach bhfuil éifeacht dhíreach aici áfach, i ndíospóid faoi dhlí an Aontais d’fhonn foráil den dlí náisiúnta a thagann salach uirthi a fhágáil gan feidhm. ( 54 )

137.

Sna cásanna seo níl gá a chinneadh an bhfuil éifeacht dhíreach ag na forálacha de Threoir 2008/48 atá faoi cheist. Mar a chuir an Chúirt Bhreithiúnais in iúl arís ina breithiúnas in Thelen Technopark Berlin ( 55 ) agus mar a thugann C. Bank, Volkswagen Bank, Audi Bank, Rialtas na Gearmáine agus an Coimisiún faoi deara ina mbarúlacha i scríbhinn faoi seach, is cásdlí socair é nach féidir le Treoir inti féin oibleagáidí a chur ar dhuine aonair agus nach féidir brath uirthi mar sin i gcoinne duine aonair os comhair na gcúirteanna náisiúnta. Ós rud é go bhfuil na díospóidí sna príomhimeachtaí idir tomhaltóirí agus bainc faoi úinéireacht phríobháideach, ní féidir an chúirt a rinne an tarchur a cheangal na forálacha náisiúnta faoi cheist a fhágáil gan feidhm trí thagairt a dhéanamh do Threoir 2008/48 amháin.

138.

Mar a mhaíonn an Coimisiún ina bharúlacha i scríbhinn, d’fhéadfadh dliteanas neamhchonarthach titim ar Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine mar sin féin ar an bhforas go raibh a reachtaíocht náisiúnta ar neamhréir le Treoir 2008/48. Mar a thug an Chúirt Bhreithiúnais chun cuimhne ina breithiúnas in Thelen Technopark Berlin, ( 56 ) d’fhéadfadh páirtí ar rinneadh dochar dó mar gheall ar dhlí naisiúnta a bheith ar neamhréir le dlí an Aontais brath ar an gcásdlí a d’eascair as an mbreithiúnas in Francovich agus páirtithe eile ( 57 ) d’fhonn cúiteamh cuí a fháil i leith aon chaillteanais nó dochar a rinneadh dó mar thoradh air sin.

139.

I bhfianaise an mhéid roimhe seo, molaim go bhfreagródh an Chúirt Bhreithiúnais an chéad cheist i gCásanna C‑47/21 agus C‑232/21 sa chaoi nach mór Airteagal 10(2)(p) de Threoir 2008/48, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(1) di, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar rialacha náisiúnta, amhail na rialacha faoi cheist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear do thoimhde dhlíthiúlachta faoina gcinntear, nuair atá clásal a chomhfhreagraíonn le teimpléad rialála i gconradh creidmheasa, go gcomhlíonann an clásal sin na ceanglais reachtacha náisiúnta maidir le faisnéis ar an gceart chun tarraingt siar, cé nach gcomhlíonann sé na ceanglais in Airteagal 10(2)(p) den Treoir sin. Ní cheanglaítear ar chúirt náisiúnta atá ag éisteacht díospóid idir daoine aonair príobháideacha, ar bhonn dhlí an Aontais amháin, rialacha náisiúnta amhail a fhágáil gan feidhm, fiú má tá siad ar neamhréir le hAirteagal 10(2)(p) de Threoir 2008/48, gan dochar do cheart páirtí ar rinneadh dochar dó mar thoradh ar an dlí náisiúnta a bheith ag teacht salach ar dhlí an Aontais cúiteamh a éileamh le haghaidh caillteanas nó dochar a d’eascair as sin.

140.

I bhfianaise an fhreagra arna mholadh ar an gceist seo, níl aon ghá, i mo thuairim, rialú a thabhairt ar iarraidh Rialtas na Gearmáine éifeachtaí bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais a theorannú chuig an dáta a thugtar é. D’fhéadfaí a thabhairt faoi deara go ndéantar an iarraidh sin i gcás go measfadh an Chúirt Bhreithiúnais ‘go bhfuil an coincheap de thoimhde dhlíthiúlachta inti féin, is é sin le rá, gan beann ar cé acu an bhfuil feidhm ag an toimhde sin i gcoinníollacha comhsheasmhach le hAirteagail 10 agus 14 de Threoir [2008/48] nó nach bhfuil, ar neamhréir le dlí an Aontais’ nó nár cheart an toimhde a chur i bhfeidhm ós rud é go bhfuil sí ar neamhréir le hAirteagal 10(2)(p) de Threoir 2008/48 agus go gcuirtear an fhoráil dheireanach sin i bhfeidhm go díreach. Ní thagann ceachtar den dá chás sin chun cinn anseo.

2. An dara ceist i gCásanna C‑47/21 agus C‑232/21

141.

Baineann an dara ceist, atá roinnte i roinnt focheisteanna, leis an bhfaisnéis a cheanglaíonn Airteagal 10(2) de Threoir 2008/48 a chur san áireamh i gconradh creidmheasa tomhaltóirí. Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, inter alia, an é nach dtosaíonn an tréimhse tarraingthe siar de bheith ag rith, i gcomhréir le hAirteagal 14(1) den Treoir sin, ach nuair atá an fhaisnéis a sholáthraítear iomlán agus cruinn. Murar amhlaidh an cás, fiafraíonn sí maidir leis na critéir le cinneadh an pointe san am a measfar go dtosóidh an tréimhse tarraingthe siar.

142.

Is é is cuspóir an cheanglais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Threoir 2008/48 a áireamh sa chonradh creidmheasa ar bhealach soiléir agus gonta a cheadú do thomhaltóirí a bheith feasach faoina gcearta agus a n‑oibleagáidí faoin gconradh. ( 58 ) Tá eolas agus tuiscint mhaith ar an bhfaisnéis sin ag tomhaltóirí riachtanach le haghaidh fheidhmiú cuí an chonartha agus, go háirithe, feidhmiú chearta an tomhaltóra, lena n‑áirítear an ceart chun tarraingt siar uaidh. ( 59 ) Mar a thug an Chúirt Bhreithiúnais faoi deara sa bhreithiúnas in Kreissparkasse Saarlouis, cuireann an ceanglas sin le baint amach chuspóir Threoir 2008/48, maidir le creidmheas tomhaltóirí, chun comhchuibhiú iomlán agus sainordaitheach a chur ar fáil i roinnt eochair-réimsí, a mheastar a bheith riachtanach chun a chinntiú go mbainfidh gach tomhaltóir san Aontas Eorpach leas as cosaint dá leasanna de leibhéal ard agus comhionann agus chun teacht chun cinn margadh inmheánach a fheidhmíonn go cuí i gcreidmheas tomhaltóirí a éascú. ( 60 )

143.

Mar a chuireann an Coimisiún in iúl agus an ceart aige ina bharúlacha i scríbhinn, is léiriú é Airteagal 10(2) de Threoir 2008/48 ar an gcóras cosanta atá mar bhonn leis an Treoir sin, atá bunaithe ar an mbarúil go bhfuil an tomhaltóir i staid lag vis-à-vis an creidiúnaí maidir lena chumhacht mhargála agus a leibhéal eolais, a fhágann go n‑aontaíonn an tomhaltóir le téarmaí arna dtarraingt suas roimh ré ag an gcreidiúnaí gan cumas a bheith aige tionchar a imirt ar a n‑ábhar. ( 61 )

144.

Is cosúil ó Airteagal 10(2) a léamh i gcomhar le pointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 14(1) de Threoir 2008/48 go dtosaíonn an tréimhse tarraingthe siar 14 lá de bheith ag rith ón lá a thugtar an conradh creidmheasa i gcrích má áirítear sa chonradh an fhaisnéis shainordaitheach go léir. Mura dtugtar aon chuid den fhaisnéis shainordaitheach don tomhaltóir an lá sin, tosaíonn an tréimhse tarraingthe siar 14 lá ón lá a bhfaigheann sé an fhaisnéis a raibh in easnamh.

145.

I bhfianaise chuspóir Airteagal 10(2) de Threoir 2008/48, mar a leagtar amach é i mír 142 den Tuairim seo, agus an fíoras nach mór an fhaisnéis dá dtagraíonn an fhoráil sin a shonrú ‘ar bhealach soiléir agus gonta’, measaim, amhail an Coimisiún, nach mór a mheas nár áiríodh an fhaisnéis shainordaitheach de réir bhrí na Treorach sin má tá sí chomh neamhiomlán nó míchruinn go substainteach go gcuirtear an tomhaltóir ar strae maidir lena chearta agus oibleagáidí lena hábhar. ( 62 ) Is don chúirt a rinne an tarchur atá sé a chinneadh an amhlaidh an cás anseo i ndáiríre.

146.

Ní chuirtear ina luí orm leis an argóint a dhéanann C. Bank, Volkswagen Bank, Audi Bank, agus Rialtas na Gearmáine iarracht a bhaint ón bhfíoras go bhforálann an dlí náisiúnta do phionóis cheana féin i gcás go n‑áirítear faisnéis shainordaitheach mhíchruinn i gconradh creidmheasa, leis an iarmhairt go mbeadh sé díréireach a cheangal nach dtosaíonn an tréimhse tarraingthe siar de bheith ag rith i gcomhréir le pointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 14(1) de Threoir 2008/48. Tá neamhthosú na tréimhse tarraingthe siar sin mar iarmhairt dhíreach ar an bhfíoras gur theip ar an gcreidiúnaí an fhaisnéis shainordaitheach dá dtagraíonn Airteagal 10(2) den Treoir sin a chur in iúl don tomhaltóir. Ós rud é go bhforálann sé do chomhchuibhiú iomlán, ní féidir le Ballstáit neamhaird a dhéanamh ar Airteagal 14(1) de Threoir 2008/48, nó é a chur ar leataobh. Faoi réir an cháilithe arna chur in iúl i mír 145 den Tuairim seo, ní fhéadfaí dá bhrí sin an ceanglas sin a mheas mar dhíréireach.

147.

Chuirfinn leis sin, mar mhalairt ar an méid a mhaíonn na bainc is cosantóirí, níl aon fhéidearthacht go dtiocfadh ‘ceart chun tarraingthe siar suthain’ ar an bhfód. Mar a mhíneoidh mé i mír 150 den Tuairim seo, a luaithe a fheidhmíonn na páirtithe an conradh ina iomláine, ní féidir an ceart chun tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 14 de Threoir 2008/48 a fheidhmiú a thuilleadh.

148.

I bhfianaise an mhéid thuas, molaim go bhfreagródh an Chúirt an dara ceist i gCásanna C‑47/21 agus C‑232/21 sa chaoi nach mór pointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 14(1) de Threoir 2008/48 a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé nach dtosaíonn an tréimhse tarraingthe siar de bheith ag rith go dtí go soláthraítear an fhaisnéis shainordaitheach go léir a cheanglaítear faoi Airteagal 10(2) den Treoir sin don tomhaltóir ar bhealach iomlán agus cruinn go substainteach, mura bhfuil cineál neamhiomlán nó míchruinn na faisnéise a sholáthraítear de shórt chun tionchar a imirt ar chumas an tomhaltóra méid a chearta agus oibleagáidí a mheas, ar ceist í sin don chúirt náisiúnta a chinneadh.

3. An ceathrú ceist i gCásanna C‑47/21 agus C‑232/21

149.

Lena ceathrú ceist i gCásanna C‑47/21 agus C‑232/21, ( 63 ) fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an féidir feidhmiú an chirt chun tarraingt siar ag tomhaltóir a mheas mar mhí-úsáideach, agus na coinníollacha faoinar féidir a leithéid a mheas. Iarrann an Chúirt Bhreithiúnais orm m’anailís a dhíriú ar dhá ghné: ar dtús, an fhéidearthacht bonn cirt a thabhairt le teorainn ar fheidhmiú an chirt chun tarraingt siar trí thagairt a dhéanamh d’iompar an tomhaltóra i ndiaidh dó tarraingt siar agus, sa dara háit, an bhféadfadh an tomhaltóir a cheart chun tarraingt siar a fheidhmiú i gcás inar fheidhmigh na páirtithe an conradh creidmheasa ina iomláine. ( 64 )

150.

Maidir leis an dara gné den cheist seo, molaim cur chuige an Abhcóide Ghinearálta Hogan ina Thuairim in Volkswagen Bank agus páirtithe eile. ( 65 ) Tar éis dó a bhreithniú go mbunaítear ceart chun tarraingt siar agus ní ceart chun cealú le hAirteagal 14(1) de Threoir 2008/48 agus gurb é feidhmiú conartha an sásra nádúrtha chun oibleagáidí conarthacha a fhoirceannadh, tháinig sé ar an gconclúid nárbh mhór an fhoráil sin a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sí nach féidir an ceart chun tarraingt siar atá inti a fheidhmiú a thuilleadh i ndiaidh don dá pháirtí an conradh creidmheasa a fheidhmiú ina iomláine. Cinntíodh a chonclúid le haithris 34 de Threoir 2008/48. Sonraítear inti gur bunaíodh ceart chun tarraingt siar le Treoir 2008/48 faoi choinníollacha cosúil leo siúd dá bhforáiltear le Treoir 2002/65, cé nach bhfuil feidhm ag an gceart chun tarraingt siar faoi Airteagal 6(2)(c) den Treoir dheireanach sin, i leith ‘conarthaí arna bhfeidhmiú ina n‑iomláine ag na páirtithe arna iarraidh sin go sainráite ag an tomhaltóir sula bhfeidhmíonn an tomhaltóir a cheart chun tarraingt siar’. Thug an tAbhcóide Ginearálta Hogan faoi deara thairis sin gurb é cuspóir na n‑oibleagáidí faisnéise in Airteagal 10 de Threoir 2008/48 a cheadú do thomhaltóirí a bheith feasach faoi mhéid a gcearta agus a n‑oibleagáidí le linn fheidhmiú an chonartha. Ní shaothraítear aon chuspóir eile leis na hoibleagáidí sin a luaithe a feidhmíodh an conradh ina iomláine.

151.

Maidir leis an gcéad ghné, i ndiaidh di a bhreithniú nach bhfuil forálacha lena rialaítear mí-úsáid ceart arna ndeonú le Treoir 2008/48 ag tomhaltóir sa Treoir sin, ina breithiúnas in Volkswagen Bank agus páirtithe eile, chinntigh an Chúirt Bhreithiúnais an prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais ar dá réir nach féidir foráil de dhlí an Aontais a úsáid ar mhaithe le críocha mí-úsáideacha nó calaoiseacha. ( 66 ) Scrúdaigh sí mar sin an raibh feidhmiú a chirt chun tarraingt siar ag tomhaltóir de bhun Airteagal 14(1) den Treoir sin teoranta mar thoradh ar chur i bhfeidhm an phrionsabail ghinearálta sin i gcomhthéacs an cháis. ( 67 )

152.

Molaim an anailís sin don Chúirt Bhreithiúnais. Deonaítear go sainráite le hAirteagal 14 de Threoir 2008/48 an ceart chun tarraingt siar ó chonradh creidmheasa don tomhaltóir. Ní mór go luífidh feidhmiú an chirt sin le dlí an Aontais, a bhfuil an cosc ginearálta ar mhí-úsáid ceart mar chuid ríthábhachtach de. Aontaím arís leis an mbarúil arna cur in iúl ag an Abhcóide Ginearálta Hogan ina Thuairim in Volkswagen Bank agus páirtithe eile ar dá réir, sna réimsí a rialaítear le dlí an Aontais, nach mór an fhéidearthacht cineál mí-úsáideach feidhmiú cirt a eascraíonn as an dlí sin a mheas ag féachaint don phrionsabal sin go heisiach agus ní i leith aon cheanglais den dlí náisiúnta. ( 68 )

153.

Sa bhreithiúnas in Cussens agus páirtithe eile, a bhain le hagóid i gcoinne diúltú díolacháin maoine dochorraithe a eisiamh ó cháin bhreisluacha, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais gur féidir an cosc ar dhul i muinín cleachtais mí-úsáideacha, gan beann ar aon bheart náisiúnta lena dtugtar éifeacht dó, a chur i bhfeidhm go díreach sa dlíchóras náisiúnta mar fhoras leis an diúltú sin, agus nach gcoisctear an toradh sin le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus cosaint an ionchais dhlisteanaigh. ( 69 ) D’fhéadfá an tátal a bhaint as an gcásdlí sin agus ón méid a deirtear i mír 152 den Tuairim seo nach bhfuil gá do reachtas na Gearmáine dlí a ghlacadh chun an chumhacht a thabhairt don chúirt náisiúnta feidhmiú an chirt chun tarraingt siar a shrianadh i gcás ina bhféadfaí an feidhmiú sin a mheas mar mhí-úsáideach. ( 70 )

154.

Is cásdlí socair é go gceanglaítear le haghaidh cruthúnas ar chleachtas mí-úsáideach, ar dtús, meascán cúinsí oibiachtúla lena léirítear, in ainneoin chomhlíonadh foirmiúil na gcoinníollacha arna leagan síos leis na rialacha de dhlí an Aontais is infheidhme, nár baineadh amach cuspóir na rialacha sin agus, sa dara háit, gné shuibiachtúil arb ionann í agus an rún buntáiste a bhaint ó na rialacha de chuid an Aontais sin trí na coinníollacha arna leagan síos chun é a fháil a chruthú go saorga. ( 71 ) Cé go bhféadfadh an Chúirt Bhreithiúnais soiléiriú a thabhairt, nuair is iomchuí, nuair a dhéanann sí réamhrialú, chun cabhrú don chúirt a rinne an tarchur an léiriú sin a chur i bhfeidhm, is don chúirt a rinne an tarchur atá sé i gcónaí a shuí an ann do na gnéithe arb ionann iad agus mí-úsáid sa chás os a comhair ag féachaint do na fíorais agus cúinsí ábhartha uile. ( 72 )

155.

Ina breithiúnas in Volkswagen Bank agus páirtithe eile, theorannaigh an Chúirt Bhreithiúnais a breithniú don ghné oibiachtúil, agus chinn sí i gcás a theipeann ar thrádálaí an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 10 de Theoir 2008/48 a sholáthar do thomhaltóir agus go gcinneann an tomhaltóir tarraingt siar ón gconradh creidmheasa i ndiaidh na tréimhse 14 lá a leanann a thabhairt i gcrích, ní féidir leis an trádálaí gearán a dhéanamh go ndearna an tomhaltóir mí-úsáid ar a cheart chun tarraingt siar, fiú i gcás ina bhfuil tréimhse shuntasach ama imithe thart ó thabhairt i gcrích an chonartha agus tarraingt siar an tomhaltóra. Tháinig an Chúirt Bhreithiúnais ar an gconclúid sin i ndiaidh di a chinneadh go saothraíonn Airteagal 14 de Threoir 2008/48 an cuspóir chun ceadú do thomhaltóir an conradh is fearr in oiriúint dá riachtanais a roghnú. D’fhéadfadh tomhaltóir mar sin tarraingt siar ó chonradh a thug sé i gcrích a thagann chun bheith mí-oiriúnach dá riachtanais le linn na tréimhse marana. Is é is cuspóir phointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 14(1) de Threoir 2008/48 ná, thairis sin, a chinntiú go bhfaigheann tomhaltóirí an fhaisnéis go léir is gá chun méid a n‑oibleagáidí conarthacha a mheas agus chun pionós a ghearradh ar thrádálaithe a theipeann orthu an fhaisnéis sin a chur ar fáil dóibh. ( 73 )

156.

Aontaím leis na tuairimí arna gcur in iúl ag na bainc is cosantóirí sna príomhimeachtaí agus ag Rialtas na Gearmáine ar dá réir, trí chinneadh amhlaidh, nár chuir an Chúirt Bhreithiúnais an fhéidearthacht, i gcás sonrach ina bhfuil cúinsí speisialta a théann níos faide ná himeacht lom ama, go bhféadfaí feidhmiú an chirt chun tarraingt siar ag tomhaltóir a mheas mí-úsáideach as an áireamh. ( 74 ) Go sonrach, measaim, i bprionsabal, go bhféadfaí an tátal a bhaint as iompar an tomhaltóra i ndiaidh tarraingt siar gur fheidhmigh sé an ceart a eascraíonn as Airteagal 14(1) de Threoir 2008/48 go mí-úsáideach. Ós rud é go gceanglaítear le mí-úsáid ceart ar chúirteanna náisiúnta na fíorais agus cúinsí ábhartha uile a chur san áireamh, d’fhéadfadh siad fíorais a thagann chun cinn i ndiaidh tarraingt siar ó chonradh a chur san áireamh freisin. ( 75 )

157.

D’fhéadfadh iompar an tomhaltóra i ndiaidh dó tarraingt siar ón gconradh a thabhairt le tuiscint nár baineadh amach i ndáiríre na cuspóirí a shaothraítear le hAirteagal 14 de Threoir 2008/48, mar a leagtar amach iad i mír 155 den Tuairim seo nó, is é sin le rá, go bhfuil toradh fheidhmiú an chirt chun tarraingt siar ag teacht salach ar na cuspóirí sin. Nuair a chuirtear an t‑iompar sin san áireamh is féidir conclúidí a tharraingt maidir leis an ngné shuibiachtúil a bheith ann agus, go sonrach, a shuí gur fheidhmigh an tomhaltóir a cheart chun tarraingt siar leis an gcuspóir aonair buntáiste eacnamaíoch nach bhforáiltear dó le dlí an Aontais a fháil go saorga.

158.

I bhfianaise an mhéid roimhe seo, molaim go léireodh an Chúirt Bhreithiúnais Airteagal 14(1) de Threoir 2008/48 sa chaoi go gciallaíonn sé nach féidir an ceart chun tarraingt siar dá bhforáiltear ann a fheidhmiú a thuilleadh i ndiaidh do na páirtithe sa chonradh creidmheasa an conradh a fheidhmiú ina iomláine. Ní choisctear leis an bhforáil sin ar chúirteanna náisiúnta, i gcás sonrach ina bhfuil cúinsí ar leith a théann níos faide ná himeacht lom ama, a mheas an bhfuil feidhmiú a chirt chun tarraingt siar ag tomhaltóir mí-úsáideach. D’fhonn a shuí gurb ann do mhí-úsáid amhail i gcás sonrach, ní mór don chúirt náisiúnta na fíorais agus cúinsí ábhartha uile a chur san áireamh, lena n‑áirítear, más iomchuí, teagmhais a tharla i ndiaidh an tarraingt siar sin.

4. An cúigiú ceist i gCás C‑47/21 agus C‑232/21

159.

Lena cúigiú ceist i gCás C‑47/21 agus C‑232/21, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gcoisctear le hAirteagal 14(1) de Threoir 2008/48 rialacha náisiúnta lena bhforáiltear, i gcás ina bhfuil conradh creidmheasa ónar tharraing an tomhaltóir siar nasctha le conradh díolacháin, nach bhféadfadh an tomhaltóir sin aisíoc na dtráthchodanna iasachta a iarraidh ach i ndiaidh dó an t‑earra a ceannaíodh a thabhairt ar ais don chreidiúnaí nó fianaise a sholáthar gur thug sé ar ais é. Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur freisin maidir le comhoiriúnacht na gconclúidí arna dtarraingt ag an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme) ón gceanglas i leith tabhairt ar ais roimh ré i dtéarmaí nós imeachta sibhialta le dlí an Aontais.

160.

Mar a chuireann an Coimisiún in iúl agus ceart aige, níl aon fhoráil i dTreoir 2008/48 lena ndéileáiltear le hiarmhairtí tarraingt siar ó chonradh creidmheasa le haghaidh conradh díolacháin atá nasctha leis an gconradh creidmheasa sin. ( 76 )

161.

Aontaím leis an seasamh arna ghlacadh ag Rialtas na Gearmáine agus an Coimisiún ar dá réir, sna cúinsí sin, gur do na Ballstáit atá sé na hiarmhairtí sin a shainiú ina ndlíthe náisiúnta. Cinntítear an cur chuige sin le haithris 35 de Threoir 2008/48 ós rud é go bhforáiltear inti, i gcás a dtarraingíonn tomhaltóir siar ó chonradh creidmheasa faoinar bhfuair sé earraí, go mbeidh an Treoir sin ‘gan dochar d’aon rialú arna dhéanamh ag Ballstáit ar cheisteanna maidir le tabhairt ar ais na n‑earraí nó aon cheisteanna gaolmhara’. ( 77 )

162.

Sna cásanna seo, is léir ó bharúlacha i scríbhinn Rialtas na Gearmáine go bhfuil na rialacha náisiúnta faoi cheist bunaithe ar Airteagal 13(3) de Threoir 2011/83. Ní féidir an cur chuige sin ann féin a cháineadh, chomh fada is nach bhfuil na rialacha sin níos mífhabhraí ná iad siúd lena rialaítear caingne náisiúnta cosúla (prionsabal an chomhionannais) agus nach ndéantar dodhéanta nó ró-dheacair é sa chleachtas leo cearta a dheonaítear do thomhaltóirí le dlí an Aontais a fheidhmiú (prionsabal na héifeachtachta). ( 78 )

163.

Ní iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt Bhreithiúnais cabhrú léi rialú a thabhairt ar an gceist an luíonn na rialacha náisiúnta faoi cheist le prionsabal an chomhionannais, agus níl aon ábhair os comhair na Cúirte Breithiúnais a bhféadfadh amhras a chaitheamh ar a gcomhréireacht leis an bprionsabal sin.

164.

Maidir le prionsabal na héifeachtachta, ní chuirtear ina luí orm, i bhfianaise na faisnéise os comhair na Cúirte Breithiúnais, agus faoi réir aon fhíorú a bhféadfadh an chúirt a rinne an tarchur a dhéanamh, go bhféadfadh an ceanglas i leith tabhairt ar ais roimh ré, go ginearálta, é a dhéanamh dodhéanta go praiticiúil nó ró-dheacair do thomhaltóir a cheart chun tarraingt siar faoi Airteagal 14(1) de Threoir 2008/48 a fheidhmiú. Tá na buarthaí arna gcur in iúl ag an gcúirt a rinne an tarchur bunaithe, go bunúsach, ar an mbonn go ndéanfaidh an creidiúnaí agóid i gcoinne bhailíocht an tarraingt siar agus go mbeidh ar an tomhaltóir caingean dhlíthiúil a thionscnamh chun aisíoc na dtráthchodanna míosúla arna n‑íoc cheana a fháil. Más rud é, i gcomhthéacs na caingne sin, go dtarlódh sé nach raibh bonn cirt le tabhairt ar ais na feithicle roimh ré, bheadh ar an tomhaltóir iarracht a dhéanamh í a fháil ar ais, agus leis sin é féin a nochtadh don riosca go mbeidh dlíthíocht sa bhreis ann. Dá mba rud é go raibh bonn cirt le tabhairt ar ais roimh ré, bheadh ar an tomhaltóir éileamh ar aisíoc a dhéanamh gan bheith in ann an fheithicil a choimeád. Tagraíonn an chúirt a rinne an tarchur freisin don fhíoras go bhfuil mótarfheithiclí riachtanach go minic d’fhonn gníomhaíochtaí gairmiúla a dhéanamh agus go mbaineann méid suntasach caipitil leo. Dá mba rud é go bhfuil ar thomhaltóirí mótarfheithiclí a thabhairt ar ais chuig creidiúnaithe gan bheith a fhios acu an bhfuil an tarraingt siar éifeachtach, agus dá bhrí sin gan bheith feasach freisin faoin tréimhse ina bhfaighidh siad aisíoc na dtráthchodanna arna n‑íoc chun a cheadú dóibh feithiclí in ionad a cheannach, déanfar díspreagadh orthu an ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú.

165.

Is cosúil go bhfuil na breithnithe éagsúla a mhíníonn an chúirt a rinne an tarchur de chineál tuairimeach. Ní leor iad le suí go gcruthaítear leis an gceanglas i leith tabhairt ar ais roimh ré constaic shuntasach ar dhóchúil go ndíspreagfadh sí tomhaltóirí ón gceart chun tarraingt siar a fheidhmiú. Mar a mhínigh na bainc is cosantóirí agus Rialtas na Gearmáine ina mbarúlacha i scríbhinn agus ag an éisteacht, gan é a bheith bréagnaithe ó thaobh na substainte de, is cleachtas sách coitianta é nach dtugann an tomhaltóir an fheithicil ar ais, i ndiaidh an ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú, ach go leanann sé á húsáid gan an creidiúnaí a chúiteamh as a dímheas thar an tréimhse ama sin.

166.

Cuirtear ina luí níos lú arís orm gurb ann do shárú ar phrionsabal na héifeachtachta sna cásanna seo ós rud é go bhforáiltear le hAirteagal 13(3) de Threoir 2011/83, i gcás go dtarraingíonn tomhaltóir siar ó chonradh díolacháin a chumhdaítear faoin Treoir sin, go bhféadfadh an trádálaí aisíoc an phraghais arna íoc a choimeád siar go dtí go dtugtar na hearraí ar ais nó go soláthraíonn an tomhaltóir fianaise gur thug sé ar ais iad.

167.

Ba cheart, i mo thuairim, an freagra céanna a thabhairt ar an dara cuid den chúigiú ceist is a thugtar ar an gcéad chuid. Mar a mhíníonn Rialtas na Gearmáine ina bharúlacha i scríbhinn, níl i gcur i bhfeidhm de réir análaí Airteagal 322(2) de BGB ag an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme) ach iarmhairt nós imeachta an cheanglais i leith tabhairt ar ais roimh ré.

168.

Sna cúinsí sin, molaim go bhfreagródh an Chúirt Bhreithiúnais an cúigiú ceist i gCásanna C‑47/21 agus C‑232/21 sa chaoi nach mór Airteagal 14(1) de Threoir 2008/48 a léiriú sa chaoi nach gcoisctear rialacha náisiúnta leis, ar dá réir, i gcás conradh creidmheasa nasctha le conradh díolacháin, i ndiaidh feidhmiú éifeachtach cheart chun tarraingt siar an tomhaltóra, nach dtagann éileamh tomhaltóra i gcoinne an chreidiúnaí le haghaidh aisíoc na dtráthchodanna iasachta chun cinn go dtí go dtugann sé an t‑earra a ceannaíodh ar ais chuig an gcreidiúnaí nó go soláthraíonn sé fianaise gur thug sé ar ais chuige é, agus nach mór caingean arna tionscnamh ag an tomhaltóir le haghaidh aisíoc na dtráthchodanna iasachta arna n‑íoc, i ndiaidh an t‑earra a ceannaíodh a thabhairt ar ais, a dhíbhe mar bheith gan bhunús mura raibh moill ar an gcreidiúnaí glacadh leis an earra sin.

VI. Conclúid

169.

I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, molaim go bhfreagródh an Chúirt Bhreithiúnais na ceisteanna arna dtarchur ag Landgericht Ravensburg (an Chúirt Réigiúnach, Ravensburg, an Ghearmáin) mar seo a leanas:

(1)

Tagann conarthaí léasaithe bunaithe ar mhíleáiste le haghaidh mótarfheithiclí de théarma de thart ar 2 nó 3 bliana a thugtar i gcrích le foirm chaighdeánach lena n‑eisiatar an ceart gnáthfhoirceannadh a dhéanamh, nach bhforálann, iontu féin nó i gconradh ar leith, d’oibleagáid don tomhaltóir ábhar an chonartha a cheannach, cé go meastar oibleagáid amhail a bheith ann má chinneann an léasóir amhlaidh go haontaobhach, agus faoina gceanglaítear ar an tomhaltóir an fheithicil a chur faoi árachas iomlán cuimsitheach, cearta a bhaineann le lochtanna a éileamh i gcoinne tríú páirtithe (go háirithe an déileálaí gluaisteán agus an monaróir) agus faoina luíonn an riosca i leith caillteanais, damáiste nó lagú eile ar an tomhaltóir, faoi raon feidhme Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ní chonarthaí creidmheasa iad de réir bhrí Airteagal 3(c) de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle, ná conarthaí a bhaineann le seirbhísí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(12) de Threoir 2011/83 agus Airteagal 2(b) de Threoir 2002/65/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE agus 98/27/CE.

(2)

Ní mór Airteagal 2(9) de Threoir 2011/83 a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé go bhfuil áitreabh gnó duine a ghníomhaíonn in ainm nó thar ceann an trádálaí mar a shainítear in Airteagal 2(2) di le meas mar ‘áitreabh gnó’ an trádálaí sin. Is don chúirt a rinne an tarchur atá sé le meas, i gcúinsí sonracha an cháis os a comhair agus de bhun an dlí náisiúnta, ar ghníomhaigh an t‑idirghabhálaí in ainm nó thar ceann an trádálaí chun an conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste a chaibidliú nó a thabhairt i gcrích.

(3)

Ní mór Airteagal 16(l) de Threoir 2011/83 a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé nach bhfuil feidhm ag an eisceacht dá bhforáiltear ann i leith conarthaí léasaithe bunaithe ar mhíleáiste le haghaidh mótarfheithiclí.

(4)

Ní mór Airteagal 2(7) de Threoir 2011/83 a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé nach féidir conradh a rangú mar chianchonradh i gcás ina bhfuil an duine a ghníomhaíonn in ainm nó thar cheann an trádálaí páirteach i gcaibidliú an chonartha sin agus an tomhaltóir i láthair go fisiciúil. Is don chúirt a rinne an tarchur atá sé le meas, i gcúinsí sonracha an cháis os a comhair agus de bhun an dlí náisiúnta, ar ghníomhaigh an t‑idirghabhálaí in ainm nó thar ceann an trádálaí chun an conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste a chaibidliú nó a thabhairt i gcrích.

(5)

Ní mór Airteagal 10(2)(p) de Threoir 2008/48, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(1) di, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar rialacha náisiúnta, amhail na rialacha faoi cheist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear do thoimhde dhlíthiúlachta faoina gcinntear, nuair atá clásal a chomhfhreagraíonn le teimpléad rialála i gconradh creidmheasa, go gcomhlíonann an clásal sin na ceanglais reachtacha náisiúnta maidir le faisnéis ar an gceart chun tarraingt siar, cé nach gcomhlíonann sé na ceanglais in Airteagal 10(2)(p) den Treoir sin. Ní cheanglaítear ar chúirt náisiúnta atá ag éisteacht díospóid idir daoine aonair príobháideacha, ar bhonn dhlí an Aontais amháin, rialacha náisiúnta amhail a fhágáil gan feidhm, fiú má tá siad ar neamhréir le hAirteagal 10(2)(p) de Threoir 2008/48, gan dochar do cheart páirtí ar rinneadh dochar dó mar thoradh ar an dlí náisiúnta a bheith ag teacht salach ar dhlí an Aontais cúiteamh a éileamh le haghaidh caillteanas nó dochar a d’eascair as sin.

(6)

Ní mór pointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 14(1) de Threoir 2008/48 a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé nach dtosaíonn an tréimhse tarraingthe siar de bheith ag rith go dtí go soláthraítear an fhaisnéis shainordaitheach go léir a cheanglaítear faoi Airteagal 10(2) den Treoir sin don tomhaltóir ar bhealach iomlán agus cruinn go substainteach, mura bhfuil cineál neamhiomlán nó míchruinn na faisnéise a sholáthraítear de shórt chun tionchar a imirt ar chumas an tomhaltóra méid a chearta agus oibleagáidí a mheas, ar ceist í sin don chúirt náisiúnta a chinneadh.

(7)

Ní mór Airteagal 14(1) de Threoir 2008/48 a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé nach féidir an ceart chun tarraingt siar dá bhforáiltear ann a fheidhmiú a thuilleadh i ndiaidh do na páirtithe sa chonradh creidmheasa an conradh a fheidhmiú ina iomláine. Ní choisctear leis an bhforáil sin ar chúirteanna náisiúnta, i gcás sonrach ina bhfuil cúinsí ar leith a théann níos faide ná imeacht lom ama, a mheas an bhfuil feidhmiú a chirt chun tarraingt siar ag tomhaltóir mí-úsáideach. D’fhonn a shuí gurb ann do mhí-úsáid amhail i gcás sonrach, ní mór don chúirt náisiúnta na fíorais agus cúinsí ábhartha uile a chur san áireamh, lena n‑áirítear, más iomchuí, teagmhais a tharla i ndiaidh an tarraingt siar sin.

(8)

Ní mór Airteagal 14(1) de Threoir 2008/48 a léiriú sa chaoi nach gcoisctear rialacha náisiúnta leis, ar dá réir, i gcás conradh creidmheasa nasctha le conradh díolacháin, i ndiaidh feidhmiú éifeachtach cheart chun tarraingt siar an tomhaltóra, nach dtagann éileamh tomhaltóra i gcoinne an chreidiúnaí le haghaidh aisíoc na dtráthchodanna iasachta chun cinn go dtí go dtugann sé an t‑earra a ceannaíodh ar ais chuig an gcreidiúnaí nó gur soláthraíonn sé fianaise gur thug sé ar ais chuige é, agus nach mór caingean arna tionscnamh ag an tomhaltóir le haghaidh aisíoc na dtráthchodanna iasachta arna n‑íoc, i ndiaidh an t‑earra a ceannaíodh a thabhairt ar ais, a dhíbhe mar bheith gan bhunús mura raibh moill ar an gcreidiúnaí glacadh leis an earra sin.


( 1 ) Bunteanga: an Béarla.

( 2 ) Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE agus Treoir 98/27/CE (IO 2002 L 271, lch. 16).

( 3 ) Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO 2008 L 133, lch. 66).

( 4 ) Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2011 L 304, lch. 64).

( 5 ) Tá feidhm ag an bhforáil sin, sa leagan a bhí i bhfeidhm an 31 Eanáir 2012, sa cheathrú cás sna príomhimeachtaí i gCás C‑232/21.

( 6 ) Idem.

( 7 ) Tá feidhm ag an bhforáil sin, sa leagan a bhí i bhfeidhm an 31 Eanáir 2012, sa cheathrú cás sna príomhimeachtaí i gCás C‑232/21 agus seo a leanas a foclaíocht:

‘(1) Mura sonraítear a mhalairt, tá feidhm mutatis mutandis ag na rialacha maidir le tarscaoileadh reachtúil maidir leis an gceart chun tarraingt siar agus filleadh.

…’

( 8 ) Tá feidhm ag an bhforáil sin sa leagan a bhí i bhfeidhm an 31 Eanáir 2012 sa cheathrú cás sna príomhimeachtaí i gCás C‑232/21 agus seo a leanas a foclaíocht:

‘(2) Más rud é go bhfuil an tomhaltóir, ar bhonn § 495(1), tar éis a dhearbhú go bhfuil sé ar intinn aige comhaontú creidmheasa do thomhaltóirí a thabhairt i gcrích a tharraingt siar go bailí, níl sé faoi cheangal a thuilleadh ag an dearbhú go bhfuil sé ar intinn conradh a thabhairt i gcrích a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa do na tomhaltóirí sin, arb é is cuspóir dó earraí a sheachadadh nó seirbhís eile a sholáthar.

(4) Beidh feidhm ag § 357 de réir analaí maidir leis an gconradh nasctha. …

( 9 ) BGBl. 1994 I, lch. 2494, agus ceartúchán BGBl. 1997 I, lch. 1061.

( 10 ) Tá na difríochtaí seo a leanas san fhoráil sin, a bhfuil feidhm aici sa leagan a bhí i bhfeidhm an 31 Eanáir 2012 sa cheathrú cás sna príomhimeachtaí i gCás C‑232/21:

– § 6, fomhír 2, tríú habairt, agus § 12, fomhír 1, tríú habairt, ba cheart go mbeadh na tagairtí do ‘Iarscríbhinn 7’ a bheith ‘Iarscríbhinn 6’;

– § 12, fomhír 1, céad agus tríú habairtí, ba cheart go mbeadh na tagairtí do ‘§ 360(2) de [BGB]’ a bheith ‘§ 359a(1) de [BGB]’; agus

– § 12, fomhír 1, dara habairt, ba cheart go mbeadh an tagairt do ‘§§358 agus 359 nó § 360 de [BGB]’ a bheith ‘§§ 358 agus 359 de [BGB]’.

( 11 ) Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, comhfhreagraíonn an clásal sin leis an teimpléad rialála arna shonrú in Iarscríbhinn 7 a ghabhann le EGBGB, dá dtagraíonn an tríú habairt d’Airteagal 247 § (6)(2) de EGBGB.

( 12 ) Féach pointe 3 den chéad abairt de § 506(2) agus § 495(1) de BGB. Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, bhí an cásdlí sin bunaithe ar an bhfíoras, faoi chonradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste, go ríomhtar na tráthchodanna léasaithe agus an ráta luacha tosaigh d’fhonn a chinntiú go n‑íocfaidh an léasaí luach iomlán amúchta na feithicle. Murab ionann agus conarthaí caighdeánacha le haghaidh aistriú úsáide, cuirtear dímheas a bhaineann le méid na gciliméadar a thiomáintear san áireamh i ríomh an luacha iarmharaigh agus an dímheas sin amháin, agus ní chuirtear gnéithe eile san áireamh amhail caitheamh agus cuimilt ó ghnáthúsáid. Is é, mar sin, maoiniú úsáid na feithicle gné bhunúsach an chonartha, agus ní aistriú na húsáide sin.

( 13 ) Cás Uimh VIII ZR 36/20, DE:BGH:2021:240221, juris UVIIIZR36.20.0.

( 14 ) De bhun Airteagal 2(2)(d) di, níl feidhm ag Treoir 2008/48 i leith conarthaí cíosa ná léasaithe nuair nach leagtar síos leis an gconradh ann féin, ná le haon chonradh ar leith, oibleagáid chun ábhar an chonartha a cheannach. Níl oibleagáid amhail sa chonradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste faoi cheist.

( 15 ) Faoi Airteagal 3(3)(d) de, níl feidhm ag Treoir 2011/83 i leith conarthaí le haghaidh seirbhísí airgeadais.

( 16 ) Breithiúnas an 26 Márta 2020, Kreissparkasse Saarlouis (C‑66/19, EU:C:2020:242; ‘an breithiúnas in Kreissparkasse Saarlouis’).

( 17 ) Mar is léir ó phointe 44 den Tuairim seo, áirítear sa chonradh léasaithe faoi cheist sna príomhimeachtaí tagairt amhail. Lorgaíonn an chúirt a rinne an tarchur le déanamh amach, mar iarmhairt ar an mbreithiúnas in Kreissparkasse Saarlouis, an gcaithfear an fhaisnéis ar an gceart chun tarraingt siar a áiríodh sa chonradh sin a mheas mar bheith neamhleor, sa chaoi, i gcomhréir le § 356b(2) de BGB, arna léamh i gcomhar le § 492(2) de in éineacht leis an gcéad abairt de § 247 (6)(2) agus an dara habairt de § 247 (12)(1) de EGBGB, nár thosaigh an tréimhse tarraingt siar de bheith ag rith.

( 18 ) San ordú tarchuir, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl go measann roinnt tráchtairí dlíthiúla, sa Ghearmáin, gur féidir an toimhde dhlíthiúlachta a léiriú sa chaoi nach mbaineann sí ach le comhlíonadh na gceanglas a fhorchuirtear leis an dlí náisiúnta amháin, agus ní leis na ceanglais a fhorchuirtear le dlí an Aontais.

( 19 ) Tagraíonn an chúirt a rinne an tarchur do bhreithiúnas an 21 Aibreán 2016, Radlinger agus Radlingerová (C‑377/14, EU:C:2016:283, míreanna 76 go 79).

( 20 ) Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, dá mba rud é go rangaítear an conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste mar chonradh seacháitribh, beidh ceart chun tarraingt siar ag an léasaí faoi § 312g(1) de BGB. Tugann sí dá haire, cé nach dtugann Treoir 2011/83 ceart chun tarraingt siar do thomhaltóirí maidir le conarthaí le haghaidh seirbhísí airgeadais, braitheann léiriú an dara habairt de § 312b(1) de BGB, a bhaineann le conarthaí seacháitribh, ar an léiriú a leagtar síos i dTreoir 2011/83. Tagraíonn sí do bhreithiúnas an 19 Deireadh Fómhair 2017, Solar Electric Martinique (C‑303/16, EU:C:2017:773, mír 26), agus don bhreithiúnas in Kreissparkasse Saarlouis (mír 29), inar chinn an Chúirt Bhreithiúnais ‘i gcás ina nglacann reachtaíocht náisiúnta, agus í ag rialú cásanna lasmuigh de raon feidhme bheart an Aontais lena mbaineann, leis na réitigh chéanna a ghlactar leo sa bheart sin, is léir go bhfuil sé chun tairbhe an Aontais Eorpaigh, d’fhonn difríochtaí léirithe amach anseo a sheachaint, go ndéanfar léiriú aonfhoirmeach ar fhorálacha a thagann as an mbeart sin’.

( 21 ) Cás 32 U 7119/19, DE:OLGMUEN:2020:0618.32U7119.19.0A, BeckRS2020,13248, mír 39.

( 22 ) Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, má rangaítear an conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste mar chianchonradh tá ceart chun tarraingt siar ag an léasaí faoi § 312g(1) de BGB.

( 23 ) Comhfhreagraíonn an clásal sin don teimpléad rialála a shainítear in Iarscríbhinn 7 a ghabhann le EGBGB, dá dtagraítear sa tríú habairt d’Airteagal 247§ (6)(2) de EGBGB.

( 24 ) An chéad abairt de § 358(4) de BGB arna léamh i gcomhar leis an gcéad abairt de § 357(4) de.

( 25 ) Féach an cúigiú habairt de § 358(4) de BGB.

( 26 ) Roinneann na páirtithe go léir a chuir barúlacha isteach i gCás C‑38/21 an tuairim sin, chomh maith leis an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme).

( 27 ) Meastar oibleagáid amhail a bheith ann má chinneann an creidiúnaí amhail go haontaobhach. I gCás C‑38/21 deir BMW Bank nach bhféadfadh sé cinneadh aontaobhach amhail a ghlacadh. Is don chúirt a rinne an tarchur atá sé an cheist sin a chinneadh.

( 28 ) Féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 18 Meán Fómhair 2019, Riel (C‑47/18, EU:C:2019:754, mír 43).

( 29 ) Deir sé freisin in aithris 14 de Threoir 2002/65 ‘go gcumhdaítear gach seirbhís airgeadais a bhféadfaí a sholáthar ó chian’ faoin Treoir.

( 30 ) Tá an sainmhíniú sin comhionann leis an sainmhíniú arna leagan amach in Airteagal 2(12) de Threoir 2011/83, agus foráiltear le hAirteagal 3(3)(d) di nach bhfuil feidhm ag an Treoir sin i leith conarthaí le haghaidh seirbhísí airgeadais.

( 31 ) Ag an éisteacht ó bhéal, ghlac an Coimisiún leis go héideimhin go dtagann an conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste faoi cheist faoi raon feidhme na Treorach sin.

( 32 ) Airteagal 3(1) de Threoir 2011/83. Faoi Airteagal 3(3)(d) di, níl feidhm ag an Treoir sin i leith conarthaí le haghaidh seirbhísí airgeadais.

( 33 ) Sainíonn Airteagal 2(5) de Threoir 2011/83 ‘conradh díolacháin’ mar ‘aon chonradh faoina n‑aistríonn an trádálaí úinéireacht na n‑earraí chuig an tomhaltóir nó faoina ngeallann sé úinéireacht na n‑earraí a aistriú chuig an tomhaltóir agus ina n‑íocann an tomhaltóir praghas na n‑earraí nó faoina ngeallann sé praghas na n‑earraí a íoc, lena n‑áirítear conarthaí a bhaineann le hearraí agus seirbhísí araon’.

( 34 ) Breithiúnas an 31 Márta 2022, CTS Eventim (C‑96/21, EU:C:2022:238, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear). Leanann sé ó Airteagal 2(6) de Threoir 2011/83 nach mór an téarma ‘conradh seirbhíse’ a thuiscint sa chaoi go gcumhdaítear leis gach conradh nach dtagann faoi raon feidhme an téarma ‘conradh díolacháin’ (breithiúnas an 12 Márta 2020, Verbraucherzentrale Berlin, C‑583/18, EU:C:2020:199, mír 22).

( 35 ) Mar a chuirtear in iúl i mír 100 den Tuairim seo, ní aistríonn an conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste faoi cheist úinéireacht earraí. Coimeádann an banc úinéireacht ar an bhfeithicil le linn agus i ndiaidh dheireadh an chonartha.

( 36 ) Breithiúnas an 7 Lúnasa 2018, Verbraucherzentrale Berlin (C‑485/17, EU:C:2018:642, míreanna 33 agus 34).

( 37 ) Breithiúnas an 14 Bealtaine 2020, NK (Dearadh tí le haghaidh teaghlach aonair) (C‑208/19, EU:C:2020:382, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 38 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Márta 2005, easyCar (C‑336/03, EU:C:2005:150, míreanna 23, 26 agus 27), agus an 12 Márta 2020, Verbraucherzentrale Berlin (C‑583/18, EU:C:2020:199, mír 30).

( 39 ) Breithiúnas an 12 Márta 2020, Verbraucherzentrale Berlin (C‑583/18, EU:C:2020:199, mír 34).

( 40 ) Breithiúnas an 31 Márta 2022, CTS Eventim (C‑96/21, EU:C:2022:238, mír 44).

( 41 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 10 Márta 2005, easyCar (C‑336/03, EU:C:2005:150, mír 28).

( 42 ) Teorannaím m’anailís d’Airteagal 2(7) de Threoir 2011/83 ós rud é, i mo thuairim, nach bhfuil feidhm ag Treoir 2002/65 i leith an chonartha léasaithe bunaithe ar mhíleáiste faoi cheist.

( 43 ) Féach Airteagal 2(7) de Threoir 2011/83.

( 44 ) Go cómhalartach, dá mba rud é gur chinn an chúirt a rinne an tarchur nach ionann an conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste faoi cheist agus conradh seacháitribh nó cianchonradh, nó gurb ionann é agus iad siúd ach go bhfuil feidhm ag an eisceacht ón gceart chun tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 16(l) de Threoir 2011/83 i leith an chonartha sin, ba cheart di, i bprionsabal, teacht ar an gconclúid nach raibh an ceart sin ag VK.

( 45 ) Ina haguisín lena hiarraidh thosaigh, deir an chúirt a rinne an tarchur, dá gcinnfeadh an Chúirt Bhreithiúnais nach dtagann an conradh léasaithe bunaithe ar mhíleáiste faoi cheist faoi raon feidhme Threoir 2008/48, nach mbeadh an chéad agus an dara ceist arna dtarchur i gCás C‑38/21 ábhartha a thuilleadh.

( 46 ) Féach fonóta 16 leis an Tuairim seo.

( 47 ) An tráth ábhartha, níor sonraíodh leis an teimpléad arna leagan amach in Iarscríbhinn 7 a ghabhann le EGBGB an fhaisnéis go léir nárbh mhór a chur ar fáil don iasachtaí, ach thagair sé go lom de § 492(2) de BGB.

( 48 ) Féach fonóta 16 leis an Tuairim seo.

( 49 ) Breithiúnas an 5 Meán Fómhair 2019, Pohotovosť (C‑331/18, EU:C:2019:665, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 50 ) Breithiúnas an 18 Eanáir 2022, Thelen Technopark Berlin (C‑261/20, EU:C:2022:33, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 51 ) Breithiúnas an 5 Meán Fómhair 2019, Pohotovosť (C‑331/18, EU:C:2019:665, mír 55).

( 52 ) Breithiúnas an 18 Eanáir 2022, Thelen Technopark Berlin (C‑261/20, EU:C:2022:33, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 53 ) Breithiúnas an 24 Meitheamh 2019, Popławski (C‑573/17, EU:C:2019:530, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 54 ) Ibid., mír 62.

( 55 ) Breithiúnas an 18 Eanáir 2022, Thelen Technopark Berlin (C‑261/20, EU:C:2022:33, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 56 ) Ibid., mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear.

( 57 ) Breithiúnas an 19 Samhain 1991, Francovich agus páirtithe eile (C‑6/90 agus C‑9/90, EU:C:1991:428).

( 58 ) Féach aithris 31 de Threoir 2008/48 agus an breithiúnas in Kreissparkasse Saarlouis (mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear). Féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Hogan i gCásanna Uamtha Volkswagen Bank agus páirtithe eile (C‑33/20, C‑155/20 agus C‑187/20, EU:C:2021:629, mír 46).

( 59 ) An breithiúnas in Kreissparkasse Saarlouis (mír 45).

( 60 ) Ibid, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear. Féach freisin aithris 9 de Threoir 2008/48.

( 61 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 1 Deireadh Fómhair 2015, ERSTE Bank Hungary (C‑32/14, EU:C:2015:637, mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 62 ) Ar an bpointe deireanach sin, d’fhéadfaí a thabhairt faoi deara sa bhreithiúnas in Home Credit Slovakia, gur rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais, de réir a gcineáil, nach bhféadfadh roinnt de na gnéithe faisnéise dá dtagraíonn Airteagal 10(2) de Threoir 2008/48 tionchar a imirt ar chumas an tomhaltóra méid a dhliteanais a mheas. Is é sin an cás, mar shampla, i leith ainm agus sheoladh an údaráis maoirseachta inniúil dá dtagraíonn Airteagal 10(2)(v) den Treoir sin (breithiúnas an 9 Samhain 2016, C‑42/15, EU:C:2016:842, mír 72).

( 63 ) Mar a chuirtear in iúl i bpointe 128 den Tuairim seo, tá feidhm ag na breithnithe arna leagan amach thíos sa chaoi chéanna i leith an cheathrú ceist i gCás C‑38/21.

( 64 ) Tá an dara gné den cheist sin ábhartha i leith Chás C‑232/21, inar aisíoc BQ an iasacht iomlán.

( 65 ) Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Hogan i gCásanna Uamtha Volkswagen Bank agus páirtithe eile (C‑33/20, C‑155/20 agus C‑187/20, EU:C:2021:629, míreanna 106 go 108).

( 66 ) Ní chumhdaítear le cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais idirbhearta arna dtabhairt i gcrích d’fhonn buntáistí dá bhforálann dlí an Aontais a fháil go calaoiseach nó go héagórach (breithiúnas an 6 Feabhra 2018, Altun agus páirtithe eile, C‑359/16, EU:C:2018:63, mír 49 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 67 ) Breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2021, Volkswagen Bank agus páirtithe eile (C‑33/20, C‑155/20 agus C‑187/20, EU:C:2021:736, míreanna 120 agus 121).

( 68 ) Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Hogan i gCásanna Uamtha Volkswagen Bank agus páirtithe eile (C‑33/20, C‑155/20 agus C‑187/20, EU:C:2021:629, mír 112).

( 69 ) Breithiúnas an 22 Samhain 2017, Cussens agus páirtithe eile (C‑251/16, EU:C:2017:881, mír 44).

( 70 ) Féach, chuige sin, pointe (b) den cheathrú ceist ón gcúirt a rinne an tarchur.

( 71 ) Breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2021, Volkswagen Bank agus páirtithe eile (C‑33/20, C‑155/20 agus C‑187/20, EU:C:2021:736, mír 122 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 72 ) Breithiúnas an 14 Aibreán 2016, Cervati agus Malvi (C‑131/14, EU:C:2016:255, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 73 ) Breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2021, Volkswagen Bank agus páirtithe eile (C‑33/20, C‑155/20 agus C‑187/20, EU:C:2021:736, míreanna 123 go 126).

( 74 ) Glacann an Coimisiún leis freisin, nuair a thugtar le tuiscint le cúinsí oibiachtúla agus suibiachtúla araon mí-úsáid arna déanamh ag an tomhaltóir, ar ceist í nach mór don chúirt a rinne an tarchur a mheas, d’fhéadfadh an tomhaltóir sin, go heisceachtúil, a chosc ó a cheart chun tarraingt siar a fheidhmiú.

( 75 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Márta 2014, SICES agus páirtithe eile (C‑155/13, EU:C:2014:145, mír 34).

( 76 ) Is féidir conradh creidmheasa amhail a rangú mar ‘chonradh creidmheasa nasctha’ má chomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 3(n) de Threoir 2008/48.

( 77 ) Féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Hogan i gCásanna Uamtha Volkswagen Bank agus páirtithe eile (C‑33/20, C‑155/20 agus C‑187/20, EU:C:2021:629, míreanna 126 go 128).

( 78 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2020, Caixabank agus Banco Bilbao Vizcaya Argentaria (C-224/19 agus C-259/19, EU:C:2020:578, mír 83).