TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

RANTOS,

arna tabhairt an 22 Feabhra 2022 (1)

Cásanna uamtha C-14/21 agus C-15/21

Sea Watch eV

v

Ministero delle Infrastrutture e dei Trasporti,

Capitaneria di Porto di Palermo (C-14/21)

Ministero delle Infrastrutture e dei Trasporti,

Capitaneria di Porto di Empedocle (C-15/21)

[iarrataí ar réamhrialú a thionscain an Tribunale amministrativo regionale per la Sicilia (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, an tSicil, an Iodáil)]

(Tarchur chun réamhrialú – Iompar muirí – Gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir – Rialacha is infheidhme ar longa – Treoir 2009/16/CE – Cumhachtaí rialaithe Stát an chalafoirt – Airteagal 3 – Raon feidhme – Airteagal 11 – Coinníollacha le haghaidh cigireacht bhreise – Airteagal 13 – Cigireacht níos mionsonraithe – Raon cumhachtaí rialaithe – Airteagal 19 – Longa a choinneáil)






I.      Réamhrá

1.        Thaisc an Tribunale amministrativo regionale per la Sicilia (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, an tSicil, an Iodáil) na hiarrataí ar réamhrialú idir lámha i gcomhthéacs dhá dhíospóid idir Sea Watch eV agus an Ministero delle Infrastrutture e dei Trasporti (An Aireacht Bonneagair agus Iompair, an Iodáil) chomh maith leis an Capitaneria di Porto di Palermo (Oifig Mháistir Chalafort Palermo, an Iodáil), sa chéad chás, agus an Capitaneria di Porto di Porto Empedocle (Oifig Mháistir Chalafort Porto Empedocle, an Iodáil), sa dara cás, maidir le dhá ordú eisithe ag Oifigí Mháistir na gcalafort sin chun na longa, faoi seach, ar a dtugtar Sea Watch 4 agus Sea Watch 3 (na “longa lena mbaineann”) a choinneáil.

2.        Go bunúsach, baineann na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú le raon feidhme cumhachtaí maidir le rialú Stát an chalafoirt de bhun Threoir 2009/16/CE (2) agus le raon feidhme na gcaighdeán idirnáisiúnta eile is infheidhme ar longa príobháideacha a théann i mbun gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála, go córasach agus go heisiach, do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir (“gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir”). Iarrtar ar an gCúirt, go sonrach, soiléiriú a dhéanamh ar raon feidhme Threoir 2009/16, ar mhinicíocht agus déine na cigireachta, chomh maith le bunús na mbeart coinneála.

3.        Baineann an deacracht is mó a ardaítear sna cásanna seo leis an easpa reachtaíochta idirnáisiúnta nó Eorpaí maidir le gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir arna ndéanamh go córasach ag eintitis phríobháideacha, (3) gníomhaíocht a bhfuil méadú suntasach tagtha uirthi le blianta beaga anuas, ag féachaint d’easnaimh na n-eagraíochtaí Stáit agus idirnáisiúnta agus iad ag tabhairt aghaidh ar staid cúrsaí atá ag éirí níos criticiúla i gcónaí maidir le sábháilteacht daoine a thrasnaíonn an Mheánmhuir ar shoithí neamhúdaraithe.

4.        Go dtí an lá inniu, tá na reachtóirí idirnáisiúnta agus Eorpacha tar éis staonadh ón mbearna sin sa dlí a líonadh, agus ó sheasamh díreach a ghlacadh, dá réir sin, i leith an fheiniméin sin, (4) a bhfuil a thábhacht faoi láthair léirithe ag an tslí a n-oibríonn longa príobháideacha atá i mbun gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir ar bhonn córasach i gcomhar, i ndáiríre, leis na córais Stáit maidir le cuardach agus tarrtháil ar muir. (5) Tá an easpa rialacha sainiúla maidir leis an gcleachtas sin fabhrach, áfach, do theacht chun cinn cásanna débhríocha, cásanna ina bhféadfadh sé a bheith mar thoradh ar láithreacht na long príobháideach a théann i mbun gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir go rialta go mbeifí ag dul timpeall ar na rialacha maidir le teacht isteach i gcríoch an Aontais, agus gníomhaíochtaí den chineál sin a spreagadh fiú. Mar sin féin, ba mhaith liom a chur in iúl, ar dtús, áfach, nach mbaineann na cásanna idir lámha leis an ngníomhaíocht cuardaigh agus tarrthála í féin, ach le céim ar leith a thagann ina dhiaidh sin, is é sin an chigireacht a dhéantar ar longa tar éis tuirlingt na ndaoine “longbhriste.”

II.    An dlí lena mbaineann

A.      Dlí an Aontais

5.        Baineann Treoir 2009/16 (6) le rialú Stát an chalafoirt. Is mar seo a leanas atá friotal aithris 6 den Treoir sin [aistriúchán neamhoifigiúil]:

“Is ar an mBratstát atá an phríomhfhreagracht chun faireachán a dhéanamh go bhfuil caighdeáin idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge á gcomhlíonadh ag longa. Agus é ag brath, de réir mar is gá, ar chomhlachtaí ceadaithe, ráthaíonn an Bratstát iomláine agus éifeachtúlacht na cigireachta agus na suirbhéanna a dhéantar d’fhonn na deimhnithe ábhartha a eisiúint. Beidh an chuideachta loinge freagrach as riocht na loinge agus a trealamh a chothabháil tar éis na suirbhéireachta, d’fhonn ceanglais na gcoinbhinsiún is infheidhme maidir leis an long a chomhlíonadh. Mar sin féin, tá roinnt Bratstát ag teipeadh níos mó agus níos mó na caighdeáin idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus chun feidhme. As seo amach, chun an dara líne cosanta i gcoinne loingseoireacht atá faoi bhun na gcaighdeán a áirithiú, ní mór do Stát an chalafoirt faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord freisin, agus é intuigthe nach suirbhé í an chigireacht de bhun rialú Stát an chalafoirt agus nach deimhnithe muiracmhainneachta iad na foirmeacha cigireachta ábhartha.”

6.        In Airteagal 3 den Treoir sin, dar teideal “Raon feidhme,” sonraítear an méid seo a leanas [aistriúchán neamhoifigiúil]:

“1.      Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon long agus lena criú a thagann isteach i gcalafort nó ancaireacht de chuid Ballstáit chun dul i mbun gníomhaíochtaí comhéadain loinge agus calafoirt.

[...]

Ní dhéanfaidh aon ní san Airteagal seo dochar do na cearta idirghabhála atá ag Ballstát de bhun na gCoinbhinsiún ábhartha.

[...]

4.      Eisiafar ó raon feidhme na Treorach seo báid iascaireachta, longa cogaidh, soithí cúntacha cabhlaigh, soithí adhmaid de thógáil bhunúsach, longa na n-údarás poiblí a úsáidtear chun críoch neamhthráchtála agus árthaí áineasa a úsáidtear chun críoch neamhthrádála.

[...]”

7.        Foráiltear le hAirteagal 11 den Treoir sin, dar teideal “Minicíocht na cigireachta,” mar seo a leanas [aistriúchán neamhoifigiúil]:

“Beidh longa a thagann isteach i gcalafoirt nó ancaireachtaí san [Aontas] faoi réir cigireacht thréimhsiúil nó cigireacht bhreise faoi na coinníollacha seo a leanas:

a)      beidh longa faoi réir cigireacht thréimhsiúil ag eatraimh a chinnfear roimh ré de réir a bpróifíl riosca [...];

b)      déanfar cigireachtaí breise ar longa, gan beann ar an méid ama atá imithe thart ón gcigireacht thréimhsiúil dheireanach a rinneadh orthu, faoi na coinníollacha seo a leanas:

–      áiritheoidh an t-údarás inniúil go ndéanfar cigireacht ar longa a bhfuil feidhm ag na tosca príomhúla a liostaítear i bpointe 2A de Chuid II d’Iarscríbhinn I ina leith,

–        féadfar cigireacht a dhéanamh ar longa a bhfuil feidhm ag na tosca gan choinne a liostaítear i bpointe 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I ina leith. Fágfar faoi bhreithiúnas gairmiúil an údaráis inniúil é an cinneadh chun tabhairt faoi chigireacht bhreise den sórt sin.”

8.        De bhun Airteagal 13 de Threoir 2009/16, dar teideal “Cigireacht tosaigh agus níos mionsonraithe” [aistriúchán neamhoifigiúil]:

“Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le longa a roghnaítear le haghaidh cigireacht i gcomhréir le hAirteagal 12 nó le hAirteagal 14a, go gcuirfear faoi réir cigireacht tosaigh nó cigireacht níos mionsonraithe iad faoi na coinníollacha seo a leanas:

1)      Le linn gach cigireacht tosaigh ar long, áiritheoidh an t-údarás inniúil go ndéanfaidh an cigire na hoibríochtaí seo a leanas ar a laghad:

a)      seiceáil a dhéanamh ar dheimhnithe [...] atá le hiompar ar bord i gcomhréir le dlí [an Aontais] i leith gnóthaí muirí, agus na gcoinbhinsiún a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht;

[...]

c)      riocht ginearálta na loinge a áirithiú, lena n-áirítear sláinteachas, agus go háirithe an seomra innill agus cóiríocht an chriú.

[...]

3)      Déanfar cigireacht níos mionsonraithe, lena n-áirítear seiceáil dhomhain ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le nósanna imeachta oibríochtúla ar bord na loinge, aon uair a mbeidh forais fhollasacha ann lena chreidiúint, tar éis na cigireachta dá dtagraítear i bpointe 1, nach bhfuil riocht na loinge nó a trealamh nó a criú, go bunúsach, i gcomhréir le ceanglais ábhartha Coinbhinsiúin chuige sin.

Tá ‘forais fhollasacha’ ann nuair a thugann an cigire fíorais faoi deara a thugann údar, ar bhonn a bhreithiúnais ghairmiúil, do chigireacht níos mionsonraithe a dhéanamh ar an long, ar a trealamh nó ar a criú.

Tugtar samplaí de ‘fhorais fhollasacha’ in Iarscríbhinn V.”

9.        Foráiltear le hAirteagal 19 den Treoir sin, dar teideal “Ceartú easnamh agus coinneáil na loinge” [aistriúchán neamhoifigiúil]:

“1.      Áiritheoidh an t-údarás inniúil go ndéantar, nó go ndéanfar, aon easnamh a dearbhaíodh nó a nochtadh le linn na cigireachta a cheartú i gcomhréir leis na Coinbhinsiúin.

2.      I gcás go gcruthaíonn na heasnaimh baol soiléir don tsábháilteacht, don tsláinte nó don chomhshaol, áiritheoidh údarás inniúil Stát an chalafoirt ina bhfuil an long faoi chigireacht go gcoinneofar an long nó go gcuirfear stop leis an oibríocht ar nochtadh na heasnaimh lena linn. Ní chuirfear deireadh leis an gcoinneáil nó leis an gcosc ar oibríochtaí go dtí go ndéanfar gach contúirt a dhíothú nó go dtí go gcinnfidh an t-údarás gur féidir leis an long, faoi réir aon choinníollacha a mheasann sé go bhfuil a gcur i bhfeidhm riachtanach, an calafort a fhágáil nó gur féidir tosú arís ar oibríochtaí gan riosca a bheith ann do shlándáil nó do shláinte na bpaisinéirí nó an chriú, nó riosca do longa eile, nó gan a bheith mar bhaol míréasúnta don mhuirthimpeallacht.

[...]

6.      I gcás coinneáil, déanfaidh an t-údarás inniúil na himthosca go léir inar measadh idirghabháil a bheith riachtanach a chur in iúl láithreach i scríbhinn, lena n-áirítear tuairisc na cigireachta, d’údarás riaracháin an Bhratstáit nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, don Chonsal nó, má tá sé as láthair, don ionadaí taidhleoireachta is gaire den Stát sin. Ina theannta sin, cuirfear ar an eolas freisin na cigirí ainmnithe nó na comhlachtaí ceadaithe atá freagrach as deimhnithe aicmiúcháin nó deimhnithe reachtúla a eisiúint de réir na gCoinbhinsiún, más iomchuí. [...]

[...]”

10.      In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, dar teideal “Eilimintí de Chóras an Chomhphobail maidir le cigireacht a dhéanann Stát an chalafoirt,” tá Cuid II lena n-áirítear rannán 2, dar teideal “Cigireacht bhreise,” ina bhfuil pointe 2B, dar teideal “Tosca gan choinne,” atá mar a leanas [aistriúchán neamhoifigiúil]:

“Féadfar cigireacht a dhéanamh ar longa a bhfuil feidhm ag na tosca gan choinne seo a leanas ina leith, gan beann ar an méid ama atá imithe thart ó rinneadh an chigireacht thréimhsiúil dheireanach orthu. Fágfar faoi bhreithiúnas gairmiúil an údaráis inniúil é an cinneadh chun tabhairt faoi chigireacht bhreise den sórt sin.

[...]

–        Longa a oibríodh ar shlí a chuirtear daoine, maoin nó an comhshaol i gcontúirt.

–        [...] ”

11.      In Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin, dar teideal “Samplaí ‘d’fhorais fhollasacha’,” luaitear sa liosta “[d’]f[h]orais fhollasacha le cigireacht níos mionsonraithe,” (Cuid A) na samplaí seo a leanas [aistriúchán neamhoifigiúil]:

“1.      Na longa a liostaítear i bpointí 2A agus 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I.

[…]

3.       Aimsíodh pointí míchruinnis agus na deimhnithe agus doiciméid eile ar bord á scrúdú.

[…]”

B.      Dlí na hIodáile

12.      Trasuíodh Treoir 2009/16 i ndlí na hIodáile leis an decreto legislativo no 53 – Attuazione della direttiva [2009/16] recante le norme internazionali per la sicurezza delle navi, la prevenzione dell’inquinamento e le condizione di vita e di lavoro a bordo per le navi che approdano nei porti comunitari e che navigano nelle acque sotto la giurisdizione degli Stati membri (Foraithne Reachtach Uimh. 53 – Cur chun feidhme Threoir [2009/16] lena leagtar síos rialacha idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht long, cosc ar thruailliú agus na dálaí maireachtála agus oibre ar bord long a thagann isteach i gcalafoirt an Aontais agus atá ag loingseoireacht in uiscí atá faoi dhlínse na mBallstát) an 24 Márta 2011. (7)

III. Na díospóidí sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh

13.      Is eagraíocht dhaonnúil neamhbhrabúsach é Sea Watch a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBeirlín (an Ghearmáin), agus a bhfuil sé mar chuspóir aige, go háirithe, de réir a reachtanna, gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála a dhéanamh ar muir, agus a dhéanann na gníomhaíochtaí sin in uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara, ag baint úsáid as longa ar leis iad agus atá á n-oibriú aige chomh maith. Áirítear i measc na long sin, go sonrach, na longa lena mbaineann, a bhfuil bratach na Gearmáine ar foluain acu agus ar dheimhnigh comhlacht ceadaithe aicmiúcháin agus deimhniúcháin a bunaíodh sa Ghearmáin (“an comhlacht deimhniúcháin”) mar “lastlonga ginearálta – ilchuspóireacha” iad. (8)

14.      Le linn shamhradh 2020, i ndiaidh oibríochtaí tarrthála a dhéanamh in uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara agus na daoine tarrtháilte ar muir a chur i dtír i gcalafoirt Palermo (an Iodáil) agus Porto Empedocle (an Iodáil), i gcomhréir le húdarú agus treoracha údaráis na hIodáile, cuireadh na longa lena mbaineann faoi réir nósanna imeachta glantacháin agus díghalraithe agus, ina dhiaidh sin, cuireadh faoi chigireacht ar bord ag Oifigí Mháistir chalafoirt an dá chathair sin, agus go háirithe faoi chigireacht níos mionsonraithe de réir bhrí Airteagal 13 de Threoir 2009/16. (9)

15.      Bunaíodh an chigireacht níos mionsonraithe sin ar “toisc sháraitheach” a bheith ann, de réir bhrí Airteagal 11 de Threoir 2009/16, (10) a bhain leis an bhfíoras go raibh na longa lena mbaineann i mbun gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir ach nach raibh siad deimhnithe le haghaidh na seirbhíse sin agus gur thug siad líon i bhfad níos mó daoine ar bord ná mar a ceadaíodh le deimhnithe sábháilteachta na long sin.

16.      Dar le húdaráis na hIodáile, sainaithníodh sa chigireacht níos mionsonraithe sin roinnt easnamh teicniúil agus oibríochtúil i ndáil le forálacha reachtaíocht an Aontais agus na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta is infheidhme, (11) arbh éigean a mheas, astu féin nó le chéile, go gcruthaítear le cuid acu baol soiléir don tsábháilteacht, don tsláinte nó don chomhshaol agus a bhí chomh tromchúiseach sin go mbeadh údar leis na longa sin a choinneáil, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2009/16. (12) Dá bharr sin, d’ordaigh Oifigí an dá Mháistir Calafoirt lena mbaineann go gcoinneofaí na longa sin. Ó shin i leith, tá roinnt de na neamhrialtachtaí sin curtha i gceart ag Seawatch, agus ag an am céanna tá sé den tuairim nár cruthaíodh na neamhrialtachtaí atá fágtha (“na neamhrialtachtaí lena mbaineann” (13)).

17.      Tar éis na longa lena mbaineann a choinneáil, thaisc Sea Watch dhá chaingean os comhair an Tribunale amministrativo regionale per la Sicilia (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, an tSicil), an chúirt a rinne an tarchur, ag iarraidh go ndéanfaí fógraí coinneála na long sin, na tuarascálacha cigireachta roimh na fógraí coinneála sin agus “aon réamhghníomh eile, aon ghníomh gaolmhar nó aon ghníomh ina dhiaidh sin” (“na bearta lena mbaineann”) a neamhniú. I dtacaíocht lena chaingne, mhaígh sé, go bunúsach, go ndeachaigh na hOifigí Máistir a d’eisigh na bearta sin thar na cumhachtaí a tugadh do Stát an chalafoirt faoi Threoir 2009/16, agus í á léirmhíniú i bhfianaise dhlí idirnáisiúnta an ghnáis agus an dlí idirnáisiúnta choinbhinsiúnaigh is infheidhme.

18.      Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, go ginearálta, go bhfuil easaontú maidir le heiseadh na neamhrialtachtaí lena mbaineann, ní hamháin idir na páirtithe sna príomhimeachtaí, ach freisin idir na húdaráis ábhartha de Stát an chalafoirt (An Iodáil) agus den Bratstát (an Ghearmáin), (14) agus go n-ardaíonn na díospóidí sna príomhimeachtaí ceisteanna casta, nuálacha dlí a bhfuil tábhacht ar leith leo, agus a bhaineann go háirithe, leis an gcreat dlíthiúil agus leis an gcóras dlíthiúil is infheidhme maidir le longa arna n-oibriú ag eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil aidhm dhaonnúil acu d’fhonn tabhairt faoi ghníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir ar bhealach beartaithe agus ní hamháin de thaisme. Mar sin féin, fiafraíonn an chúirt sin, go bunúsach, ar an gcéad dul síos, an bhfuil feidhm ag Treoir 2009/16 maidir leis na longa lena mbaineann agus, ar an dara dul síos, cad iad na coinníollacha a bhaineann le cumhachtaí rialaithe agus coinneála Stát an chalafoirt agus cad iad na bunúis atá leo.

19.      Sna himthosca sin, chinn an Tribunale amministrativo regionale per la Sicilia (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, an tSicil), i ngach ceann den dá dhíospóid sna príomhimeachtaí, bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chun na Cúirte le haghaidh réamhrialú, a bhfuil an fhoclaíocht chéanna orthu sa dá chás:

“1)      a)      An gclúdaítear le raon feidhme Threoir [2009/16] long atá aicmithe mar lastlong ag eagraíocht aicmiúcháin an Bhratstáit, ach i ndairíre a théann i mbun gníomhaíochtaí neamhthráchtála go heisiach agus go córasach, amhail gníomhaíochtaí ‘search and rescue’ mar a thugtar orthu [‘SAR’ nó ‘cuardach agus tarrtháil’] (mar a dhéanann [Sea Watch] ag baint úsáid as [na longa lena mbaineann] ar bhonn a reachtanna) agus, dá réir sin, an féidir cigireacht PSC [‘Port State Control’ nó ‘Rialú Stát an Chalafoirt’] a dhéanamh ar long den chineál sin?

b)      [M]á chinneann an Chúirt go dtagann na longa lena mbaineann faoi raon feidhme Threoir [2009/16] freisin, an bhfuil rialacha náisiúnta amhail Airteagal 3 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 53/2011 mar sin, lenar trasuíodh Airteagal 3 den Treoir sin, ach, os a choinne sin, ina sainmhínítear go sainráite ina mír 1 raon feidhme chigireacht PSC trína theorannú do longa a úsáidtear chun críoch tráchtála amháin, lena ndéantar ní hamháin árthaí áineasa a eisiamh ach lastlonga freisin nach mbíonn, i ndáiríre, i mbun gníomhaíochtaí tráchtála (agus nach n‑úsáidtear chun críocha na ngníomhaíochtaí sin), ar neamhréir leis an Treoir thuasluaite, agus í á léirmhíniú sa tslí sin?

c)      Ar deireadh, an féidir a mheas, go bailí, go dtagann faoi raon feidhme Threoir [2009/16], a mhéid a chlúdaítear léi freisin longa paisinéirí, mar thoradh ar na leasuithe a rinneadh in 2017, lastlonga a théann go córasach i mbun gníomhaíochtaí [cuardaigh agus tarrthála], agus sa tslí sin iompar daoine a tharrtháiltear ar muir toisc go bhfuil siad i mbaol báis a chomhshamhlú le hiompar paisinéirí?

2)      An féidir a mheas, go bailí, gur toisc sháraitheach de réir bhrí phointe 2A de Chuid II d’Iarscríbhinn I, nó gur toisc gan choinne de réir bhrí phointe 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I, dá dtagraítear in Airteagal 11 de [Threoir 2009/16], é gur iompraíodh i bhfad níos mó daoine ar an long ná an líon daoine a luaitear ar an deimhniú trealaimh sábháilteachta, cé go bhfuil sin de thoradh ar ghníomhaíochtaí [cuardaigh agus tarrthála], nó, in aon chás, go bhfuil deimhniú trealaimh sábháilteachta aici ar a luaitear líon i bhfad níos lú daoine ná na daoine a iompraíodh i ndáiríre?

3)      Maidir leis an gcumhacht chun cigireacht níos mionsonraithe PSC a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir [2009/16], ar longa atá faoi bhratacha na mBallstát, an féidir nó an gcaithfear a áireamh sa chumhacht sin freisin an chumhacht chun fíorú nithiúil a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an long i ndáiríre, gan beann ar na gníomhaíochtaí ar eisigh an Bratstát agus eagraíocht aicmiúcháin an Bhratstáit an deimhniú aicmiúcháin agus na deimhnithe sábháilteachta ina leith, agus, mar sin, an chumhacht chun fíorú go bhfuil na deimhnithe ag an long agus, i gcoitinne, go bhfuil na riachtanais nó na ceanglais a leagtar síos leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord á gcomhlíonadh aici? Más amhlaidh atá, an féidir an chumhacht sin a fheidhmiú freisin i gcás long atá i mbun gníomhaíochtaí [cuardaigh agus tarrthála], ar bhonn córasach i ndáiríre?

4)      a)      Conas is cóir [Airteagal I](b) den Choinbhinsiún [um Shábháilteacht Anama ar Muir] – dá dtagraítear go sainráite in Airteagal 2 de Threoir [2009/16], agus a bhfuil gá, dá bhrí sin, léiriú comhionann [san Aontas] a áirithiú chun críocha chigireacht PSC agus mar chuid di – a léirmhíniú, a mhéid a fhoráiltear leis go [aistriúchán neamhoifigiúil] ‘[d]tugann na rialtais chonarthacha gealltanas chun gach dlí, foraithne, ordú agus rialachán a achtú agus aon bheart eile atá riachtanach a chur i bhfeidhm chun éifeacht iomlán a thabhairt don Choinbhinsiún, chun a áirithiú, maidir le sábháilteacht anama, go bhfuil long cáilithe don tseirbhís dá bhfuil sí beartaithe’? Go háirithe, maidir leis an gcinneadh i dtaobh an bhfuil an long cáilithe don tseirbhís dá bhfuil sí beartaithe[,] cinneadh a bhfuil iallach ar Stát an chalafoirt a dhéanamh trí chigireacht PSC, an gcaithfear é sin a theorannú agus an t-aon chritéar measúnaithe a bheith ann ná na ceanglais is infheidhme ar bhonn an aicmiúcháin agus na ndeimhnithe sábháilteachta comhfhreagracha atá aici, a fuarthas ar bhonn gníomhaíochtaí a dearbhaíodh go teoiriciúil, nó an féidir, ina ionad sin, an tseirbhís atá ar bun i ndáiríre ag an long a chur san áireamh freisin?

b)      Dá bhrí sin, fiú i ndáil leis an gcritéar idirnáisiúnta sin, an bhfuil sé de chumhacht ag údaráis riaracháin Stát an chalafoirt a fhíorú, ní hamháin go bhfuil an trealamh ar bord i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sna deimhnithe a d’eisigh an Bratstát agus atá mar thoradh ar aicmiú teoiriciúil na loinge, ach freisin chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na ndeimhnithe agus na dtrealamh comhfhreagrach ar bord na loinge de réir na ngníomhaíochtaí a dhéantar i ndáiríre, atá éagsúil ó na gníomhaíochtaí a luaitear sa deimhniú aicmiúcháin agus nach bhfuil bainteach leo?

c)      Is gá na breithnithe céanna a chur in iúl maidir le pointe 1.3.1. [den Iarscríbhinn] den Rún [ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta maidir le Rialú Stát an Chalafoirt], a mhéid a fhoráiltear leis [aistriúchán neamhoifigiúil], ‘[d]e bhun fhorálacha na gCoinbhinsiún lena mbaineann a luaitear thuas i roinn 1.2, tá freagracht ar an rialtas (is é sin le rá rialtas an Bhratstáit) chun na dlíthe agus na rialacháin a achtú agus chun aon bhearta eile riachtanach a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun éifeacht iomlán a thabhairt do na Coinbhinsiúin sin a chur i bhfeidhm, chun a áirithiú, maidir le sábháilteacht anama ar muir agus cosc ar thruailliú, go bhfuil long cáilithe don tseirbhís dá bhfuil sí beartaithe agus go bhfuil na maraithe oilte agus cáilithe chun a dtascanna a chur i gcrích’?

5)      a)      [M]á chinneann an Chúirt go bhfuil sé de chumhacht ag Stát an chalafoirt a fhíorú go bhfuil na deimhnithe i seilbh agus go bhfuil na riachtanais nó ceanglais á gcomhlíonadh ar bhonn na ngníomhaíochtaí dá bhfuil an long beartaithe i ndáiríre, an féidir le Stát an chalafoirt a rinne cigireacht PSC a éileamh go bhfuil deimhnithe i seilbh agus go bhfuil riachtanais nó ceanglais á gcomhlíonadh maidir le sábháilteacht agus cosc ar thruailliú muirí – sa bhreis ar na deimhnithe atá ag an long cheana féin agus na riachtanais nó ceanglais a chomhlíonann sí cheana féin – maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéantar i ndáiríre, go sonrach sa chás seo, gníomhaíochtaí [cuardaigh agus tarrthála], chun coinneáil na loinge a sheachaint?

b)      Má thugtar freagra dearfach ar phointe [a)], ar chóir a mheas gur féidir seilbh ar dheimhnithe agus comhlíonadh na riachtanas nó na gceanglas a éileamh – sa bhreis ar na deimhnithe atá ag an long cheana féin agus na riachtanais nó na ceanglais a chomhlíonann sí cheana – maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéantar i ndáiríre, sa chás seo gníomhaíochtaí [cuardaigh agus tarrthála], chun coinneáil na loinge a sheachaint, má tá creat dlí idirnáisiúnta nó [den Aontas] ann atá soiléir agus iontaofa maidir le haicmiú ghníomhaíochtaí [cuardaigh agus tarrthála], agus na deimhnnithe agus na riachtanais nó na ceanglais maidir le sábháilteacht agus cosc ar thuailliú lena mbaineann, agus sa chás sin amháin?

c)      Má thugtar freagra diúltach ar phointe [b)], ar chóir seilbh ar dheimhnithe agus comhlíonadh na riachtanas nó na gceanglas – sa bhreis ar na deimhnithe atá ag an long cheana féin agus na riachtanais nó ceanglais a chomhlíonann sí cheana – maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéantar i ndáiríre, sa chás seo gníomhaíochtaí [cuardaigh agus tarrthála], a éileamh, ar bhonn dlí náisiúnta an Bhratstáit nó Stát an chalafoirt agus, chun na gcríoch sin, an bhfuil reachtaíocht phríomhúil riachtanach nó an mbeadh reachtaíocht thánaisteach, nó fiú amháin rialachán riaracháin ghinearálta iomchuí freisin?

d)      Má thugtar freagra dearfach ar phointe [c)], an bhfuil sé d’fhreagracht ar Stát an chalafoirt a chur in iúl go beacht agus go sonrach, le linn chigireacht PSC, cad iad na rialacha naisiúnta (arna gcinneadh i gcomhréir le pointe [c)], bíodh siad reachtach, rialaitheach nó mar thoradh ar ghníomh ginearálta riaracháin, nach mór na riachtanais nó na ceanglais theicniúla maidir le sábháilteacht agus cosc ar thruailliú muirí a shainaithint dá mbun, arb iad na rialacha nach mór don long atá faoi réir chigireacht PSC a chomhlíonadh chun na gníomhaíochtaí [cuardaigh agus tarrthála] a dhéanamh, agus cé go díreach na bearta ceartúcháin nó coigeartaithe a theastaíonn chun comhlíonadh na rialacha sin a áirithiú?

e)      I gcás nach bhfuil rialacha ag Stát an chalafoirt nó ag an mBratstát, bíodh siad reachtach, rialaitheach nó mar thoradh ar ghníomh ginearálta riaracháin, an féidir le húdarás Stát an chalafoirt a chur in iúl, de réir an cháis, na riachtanais nó na ceanglais theicniúla maidir le sábháilteacht, cosc ar thruailliú muirí agus cosaint saoil agus oibre ar bord loinge nach mór don long atá faoi réir chigireacht PSC a chomhlíonadh chun dul i mbun gníomhaíochtaí [cuardaigh agus tarrthála]?

f)      Má thugtar freagra diúltach ar phointí [d)] agus [e)], an féidir a mheas, in éagmais aon treoir shonrach ón mBratstát ina leith sin, gur údaraíodh na gníomhaíochtaí [cuardaigh agus tarrthála], idir an dá linn agus, dá bhrí sin, nach féidir cosc a chur orthu trí bheart coinneála a ghlacadh, i gcás ina gcomhlíonann an long atá faoi réir chigireacht PSC na riachtanais nó na ceanglais thuasluaite de chuid catagóir eile (go sonrach, iad siúd a bhaineann le lastlonga), ar dhearbhaigh an Bratstát go bhfuil sí á gcomhlíonadh go héifeachtach freisin?”

IV.    An nós imeachta os comhair na Cúirte

20.      Ina orduithe tarchuir, d’iarr an Tribunale amministrativo regionale per la Sicilia (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, an tSicil) ar an gCúirt déileáil leis na cásanna seo de réir an nós imeachta brostaithe dá bhforáiltear in Airteagal 105 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.

21.      Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 2 Feabhra 2021, rinneadh na cásanna sin a uamadh le haghaidh na gcéimeanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta agus dhiúltaigh Uachtarán na Cúirte le hordú an 25 Feabhra 2021 leis an iarratas ar nós imeachta brostaithe, ach d’aithin sé gur tugadh údar don Chúirt tosaíocht a thabhairt dóibh, de bhun Airteagal 53(3) de na Rialacha Nós Imeachta, de bharr imthosca speisialta na gcásanna sin.

22.      Thaisc Sea Watch, Rialtas na hIodáile, Rialtas na Spáinne, Rialtas na hIorua agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn. Chuir na páirtithe sin barúlacha ó bhéal i láthair freisin ag an éisteacht a reáchtáladh an 30 Samhain 2021.

V.      Anailís

23.      Baineann na ceisteanna le haghaidh réamhrialú a chuir an chúirt a rinne an tarchur leis an méid seo a leanas: (A) raon feidhme Threoir 2009/16, (B) raon feidhme chumhachtaí rialaithe Stát an chalafoirt a bhaineann, ar an gcéad dul síos, leis na coinníollacha riachtanacha le haghaidh cigireacht bhreise níos mionsonraithe de bhun Airteagal 11 den Treoir sin, agus ansin, (C) raon feidhme na gcumhachtaí cigireachta, de bhun Airteagal 13 den Treoir sin agus an Choinbhinsiúin um Shábháilteacht Anama ar Muir agus an Rúin ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta maidir le Rialú Stát an Chalafoirt, agus, ar deireadh, (D) na coinníollacha chun long a choinneáil de bhun Airteagal 19 den Treoir chéanna.

A.      Maidir leis an gcéad cheist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú (raon feidhme Threoir 2009/16)

24.      Lena céad cheist, féachann an chúirt a rinne an tarchur lena fháil amach, go bunúsach, an bhfuil feidhm ag Treoir 2009/16 maidir le longa a oibrítear go heisiach agus go córasach chun críoch gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir, cé gur aicmíodh agus gur deimhníodh na longa sin mar lastlonga [a], agus, i gcás inarb iomchuí, an féidir le gníomhaíochtaí na long sin teacht faoi raon feidhme na Treorach sin mar ghníomhaíochtaí atá comhshamhlaithe le hiompar paisinéirí [c]. Más amhlaidh atá, fiafraíonn an chúirt sin an bhfuil Airteagal 3 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 53/2011, lena dtrasuítear Airteagal 3 den Treoir sin, agus lena dteorannaítear a raon feidhme do longa a oibrítear chun críoch tráchtála amháin, i gcomhréir leis an Treoir sin [b].

25.      Measann an chúirt sin gur chóir Treoir 2009/16 a thuiscint sa tslí nach bhfuil feidhm aici maidir le longa amhail na longa lena mbaineann, sa chaoi nach féidir iad a chur faoi réir cigireacht a dhéantar ar bhonn na Treorach sin.

26.      Sa chéad áit, murab ionann agus an chúirt a rinne an tarchur, measaim go bhfuil feidhm ag Treoir 2009/16 maidir le longa amhail na longa lena mbaineann, ar longa iad a théann i mbun gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir, cé gur cláraíodh iad mar “lastlonga ilchuspóireacha”.

27.      Sa chéad áit, foráiltear le hAirteagal 3(1) de Threoir 2099/16 go mbeidh feidhm aici maidir le haon long chomh maith lena criú a thagann isteach i gcalafort nó ancaireacht de chuid Ballstáit chun dul i mbun gníomhaíochtaí comhéadain loinge agus calafoirt [aistriúchán neamhoifigiúil]. Tá na longa lena mbaineann cláraithe mar “longa”. (15) Thairis sin, is léir, i mo thuairim, go ndéanann na longa sin gníomhaíochtaí a bhaineann, go háirithe, le hiompar daoine ón long go dtí an calafort agus, dá bhrí sin, go ndéanann siad “gníomhaíocht chomhéadain loinge agus calafoirt”, (16) ní dhéanann sé difear don sainmhíniú sin nach ndéantar an ghníomhaíocht sin ar rithim rialta nó intuartha.

28.      Sa dara háit, foráiltear le hAirteagal 3(4) de Threoir 2009/16 go n-eisiatar ó raon feidhme na Treorach sin, go háirithe, longa na n-údarás poiblí a úsáidtear chun críoch neamhthráchtála agus árthaí áineasa a úsáidtear chun críoch neamhthráchtála [aistriúchán neamhoifigiúil]. Cé gur fíor go n-úsáidtear na longa lena mbaineann chun críoch neamhthráchtála, amhail an dá chatagóir long dá dtagraítear thuas, ní féidir iad a chomhshamhlú, ar an gcúis sin amháin, le “longa na n-údarás poiblí” ná le “hárthaí áineasa”.

29.      Maidir leis sin, áirím, i dtús báire, cé go gcuireann na longa sin, de facto, le misin chuardaigh agus tarrthála ar muir a áirithiú agus iad freagrach, i bprionsabal, d’údaráis phoiblí an Stáit cósta agus go bhfuil, go pointe áirithe, iallach orthu dul i gcomhar le córas comhordaithe na ngníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir, (17) ní longa “na n-údarás poiblí” iad, de réir bhrí Airteagal 3(4) de Threoir 2009/16. Thairis sin, dealraíonn sé dom go mbaineann an maolú sin ní le nádúr leasa phoiblí na gníomhaíochta atá ar bun, ach le díolúine iomlán ó dhlínse i dtaca le haon Stát seachas an Bratstát, a áirithítear go háirithe in Airteagal 96 den Choinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige (18) do “longa ar le Stát iad nó atá á n-oibriú ag Stát agus a úsáidtear, go heisiach, le haghaidh seirbhís phoiblí, neamhthráchtála” [aistriúchán neamhoifigiúil].

30.      Thairis sin, ní “árthaí áineasa” iad na longa lena mbaineann, toisc go bhfuil siad cláraithe mar lastlonga ilchuspóireacha agus go bhfuil siad sannta do ghníomhaíocht atá inmholta, cinnte, ach nach bhfuil bainteach le háineas, le spórt ná le gníomhaíocht de shaghas comhchosúil.

31.      Ar deireadh, measaim nach ionann eisiamh sainráite den dá chatagóir long sin atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí neamhthráchtála agus léiriú breise go raibh fonn ar reachtóir an Aontais catagóir iomlán na long nach mbíonn i mbun gníomhaíochtaí tráchtála a eisiamh ó raon feidhme Threoir 2009/16. A mhalairt sin, dealraíonn sé dom go ndearbhaítear leis an tagairt do dhá mhaolú shonracha maidir le longa a úsáidtear chun críoch neamhthráchtála (eadhon, longa na n-údarás poiblí agus árthaí áineasa) go raibh an reachtóir sin ag iarraidh an eisceacht lena mbaineann a theorannú don dá chatagóir sin.

32.      Dá bhrí sin, ag féachaint d’fhriotal Airteagal 3(1) agus (4) den Treoir sin, ní mór a mheas go dtagann longa a úsáidtear chun críoch neamhthráchtála faoi raon feidhme ábhartha na Treorach sin, cé is moite den dá chatagóir dá dtagraítear thuas.

33.      Deimhnítear an ráiteas sin, i mo thuairim, leis an léirmhíniú teileolaíoch ar Threoir 2009/16, a bhfuil mar aidhm aici, de réir Airteagal 1 agus aithris 4 den Airteagal sin, cur le laghdú radacach ar mhuiriompar a dhéantar le longa nach bhfuil i gcomhréir leis na caighdeáin agus atá ag loingseoireacht in uiscí atá faoi dhlínse na mBallstát, d’fhonn, go háirithe, sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge a fheabhsú. Cé go dtéann na longa lena mbaineann i mbun gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir go córasach, chun críoch neamhthráchtála, ní féidir na longa sin a dhíolmhú, ar an mbonn sin amháin, ó chumhachtaí Stát an chalafoirt, go háirithe maidir le cigireacht ar chomhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta a bhaineann le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge. Ní féidir é a chur as an áireamh i bprionsabal, mar shampla, go bhféadfadh fadhbanna a eascairt as na longa lena mbaineann maidir le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge, ag féachaint don tslí ina n-úsáidtear iad. (19) Thairis sin, bheadh maolú mar sin ar neamhréir le haidhm dhearbhaithe na Treorach sin, nuair a chuirtear san áireamh go mbeadh longa a théann i mbun gníomhaíocht den chineál céanna nó comhchosúil, chun brabús a ghnóthú, agus a bhfuil, de réir nádúir, na contúirtí céanna maidir le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge ag baint leo, faoi réir na n-oibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir sin.

34.      Ina theannta sin, murab ionann agus dearbhuithe Sea Watch, ní fheictear dom nach féidir gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir, mar ghníomhaíochtaí neamhthráchtála, a bheith clúdaithe ag gníomh reachtach den Aontas, amhail Treoir 2009/16, arna glacadh ar bhonn Airteagal 80(2), CE (Airteagal 100(2) CFAE anois). Leagtar síos leis an bhforáil sin, go bunúsach, go bhféadfaidh reachtóir an Aontais forálacha iomchuí a leagan síos le haghaidh muiriompair agus aeriompair, agus ní dhéantar idirdhealú inti idir na gníomhaíochtaí tráchtála agus na gníomhaíochtaí neamhthráchtála. Thairis sin, baineann Treoir 2009/16, a glacadh ar bhonn na forála sin, ní go díreach le gníomhaíocht na long a bhfuil feidhm aici maidir leo, ach leis na dálaí loingseoireachta agus, go sonrach, le cumhachtaí rialaithe Stát an chalafoirt ina leith sin.

35.      Ar deireadh, maidir leis an bhféidearthacht, ar thagair an chúirt a rinne an tarchur di, chun Treoir 2009/16 a chur i bhfeidhm ar na longa lena mbaineann ar an bhforas gur féidir a ngníomhaíocht a chomhshamhlú le hiompar paisinéirí, measaim, toisc go mbaineann an Treoir sin leis na longa sin gan beann ar a n-aicmiú faoi dhlí an Bhratstáit, nach bhfuil sé riachtanach ná ábhartha an ghníomhaíocht sin a chomhshamhlú le hiompar paisinéirí chun an Treoir sin a chur i bhfeidhm ar na longa lena mbaineann. (20)

36.      Sa dara háit, maidir le comhréireacht Airteagal 3 d‘Fhoraithne Reachtach Uimh. 53/2011 le dlí an Aontais, sa mhéid is cosúil go gcuireann an fhoráil sin teorainn le cur i bhfeidhm Threoir 2009/16 do longa atá i mbun gníomhaíochtaí tráchtála, agus na longa sin amháin, áirím go nglactar cur chuige aonfhoirmeach sa Treoir chun a áirithiú go gcomhlíonfar go héifeachtach na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge do longa atá á n-oibriú in uiscí atá faoi dhlínse na mBallstát agus a thagann isteach ina gcalafoirt, (21) d’fhonn cur le laghdú radacach ar mhuiriompar a dhéantar le longa nach bhfuil i gcomhréir leis na caighdeáin agus atá ag loingseoireacht sna huiscí sin. (22) Feictear dom, dá bhrí sin, nach bhfágann an Treoir sin aon chorrlach breithmheasa do na Ballstáit chun a raon feidhme a theorannú do longa atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí tráchtála amháin.

37.      Agus an méid sin soiléirithe, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fhiorú an gcuirtear srian le hAirteagal 3 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 53/2011, i bprionsabal, ar raon feidhme Threoir 2009/16 agus, más amhlaidh atá, a mheas an féidir léirmhíniú a chur ar an bhforáil sin atá i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir sin, nó, mura féidir, na hiarmhairtí iomchuí a bhaint as neamhréireacht pháirteach na forála sin le dlí an Aontais, agus, más iomchuí, gan an fhoráil sin a chur i bhfeidhm. (23)

38.      Molaim, dá bhrí sin, mar fhreagra ar an gcéad cheist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú go bhfuil feidhm ag Treoir 2009/16 maidir le longa atá i mbun gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir go heisiach agus go córasach, cé go bhfuil siad aicmithe agus deimhnithe mar “lastlonga ilchuspóireacha” ag an mBratstát, agus gur faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé na hiarmhairtí iomchuí uile maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na reachtaíochta náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir sin a chinneadh.

B.      Maidir leis an dara ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú (coinníollacha maidir le cigireacht bhreise de bhun Airteagal 11 de Threoir 2009/16)

39.      Lena dara ceist, féachann an chúirt a rinne an tarchur lena fháil amach, go bunúsach, an “toisc sháraitheach” nó “toisc gan choinne” é, de réir bhrí phointí 2A agus 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/16, gur iompraíodh, le linn na n-oibríochtaí tarrthála atá mar bhunús leis na bearta lena mbaineann, líon níos mó daoine ná an t-uaslíon daoine is féidir a iompar ar na longa lena mbaineann de réir a ndeimhnithe sábháilteachta, agus go sonrach, an toisc gan choinne é “[gur oibríodh] na longa [lena mbaineann] ar shlí ina gcuirtear daoine, maoin nó an comhshaol i mbaol”, (24) [aistriúchán neamhoifigiúil] lena dtabharfaí údar chun cigireacht bhreise a dhéanamh ar na longa sin de bhun Airteagal 11 den Treoir sin.

40.      Measann an chúirt sin, mura féidir le tarrtháil daoine ar muir agus neamhdhóthanacht fhéideartha na ndeimhnithe sábháilteachta arna n-eisiúint ag an mBratstát maidir le líon na ndaoine a iompraítear ar bord i ndáiríre a bheith mar “thoisc sháraitheach” ná “toisc gan choinne” de réir bhrí na bhforálacha thuasluaite, go bhféadfadh an difear agus an neamhréireacht fhollasach idir na daoine is féidir a iompar ar bhonn na ndeimhnithe agus na daoine a iompraíodh i ndáiríre in oibríochtaí tarrthála, áfach, a bheith, ar an lámh eile, ina “thoisc gan choinne”.

41.      Maidir leis sin, áirím gur léir ó aithris 6 a ghabhann le Treoir 2009/16, cé gur ar an mBratstát go príomhúil atá an phríomhfhreagracht maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge, is ceart do Stát an chalafoirt faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán sin freisin, d’fhonn an dara líne cosanta i gcoinne muiriompar nach bhfuil i gcomhréir leis na caighdeáin sin a ráthú, agus é intuigthe nach cuairt í an chigireacht a dhéantar i gcomhthéacs chigireacht Stáit an chalafoirt (d’fhonn eisiúint na ndeimhnithe) agus nach deimhnithe muiracmhainneachta iad na foirmeacha cigireachta comhfhreagracha. (25)

42.      De bhun Airteagal 11 den Treoir sin, ní dhéanann Stát an chalafoirt cigireacht bhreise ar longa seachas nuair atá “tosca príomhúla” nó “tosca gan choinne” ann, a leagtar amach faoi seach agus go cuimsitheach i bpointí 2A agus 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I , leis an Treoir sin. (26) I measc na dtosca gan choinne, tá an toisc ar thagair an chúirt a rinne an tarchur di, “longa a oibríodh ar shlí ina gcuirtear daoine, maoin nó an comhshaol i mbaol,” [aistriúchán neamhoifigiúil] a bhfuil fadhbanna léirmhínithe ag an gcúirt sin ina leith.

43.      Maidir leis sin, is léir dom go bhféadfadh long a iompraíonn, go córasach, líon níos mó daoine ná an t-uaslíon daoine is féidir a iompar de réir a deimhnithe a bheith ina contúirt, i gcúinsí áirithe, do dhaoine, do mhaoin nó don chomhshaol. Is féidir le himthoisc den sórt sin, i bprionsabal, a bheith ina “toisc gan choinne” de réir bhrí phointe 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/16 agus bonn cirt a thabhairt do “chigireacht bhreise” de réir bhrí Airteagal 11 den Treoir sin.

44.      Mar sin féin, is iomchuí fíorú bunaithe ar fhíricí a dhéanamh, de réir an cháis, rud atá de fhreagracht ar an gcúirt náisiúnta, fíorú nach féidir a theorannú d’aitheantas foirmiúil maidir leis an difríocht idir líon na ndaoine a iompraítear agus líon na ndaoine a údaraítear a iompar de réir na ndeimhnithe, (27) seachas sin, caitear measúnú nithiúil a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le hiompar den chineál sin. (28)

45.      Thairis sin, ní mór a aithint gur féidir uaireanta, mar atá sa chás idir lámha, na dálaí sin a bheith mar thoradh díreach agus riachtanach d’iompar a dhéantar d’fhonn an oibleagáid um tharrtháil ar muir a chomhlíonadh, atá ar mháistir na loinge de bhun dhlí idirnáisiúnta an ghnáis agus a leagtar síos, go háirithe, in Airteagal 98 den Choinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige (29) (an “oibleagáid um tharrtháil ar muir”). Faoi dhlí farraige an ghnáis, díolmhaítear longa ó na ceanglais a chuirtear orthu de bhonn aicmiú na loinge má chomhlíonann siad an oibleagáid sin. (30) Sna himthosca sin, ní leor ann féin an fíoras lom gur iompraíodh líon níos mó daoine ná an uasacmhainn, agus an méid sin amháin, chun a mheas gur “toisc gan choinne” é, de réir bhrí Airteagal 11 de Threoir 2009/16 agus phointe 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. (31)

46.      Bíodh sin mar atá, ní féidir a chur as an áireamh, i bprionsabal, go bhféadfaí longa a bheith á n-oibriú, i gcás sonrach, ar shlí ina gcuirtear daoine, maoin nó an comhshaol i mbaol, rud a d’fhéadfadh a bheith ina “thoisc gan choinne,” de réir bhrí Airteagal 11 phointe 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/16, fiú agus iad ag comhlíonadh na hoibleagáide um tharrtháil ar muir. D’fhéadfadh sin a bheith i gceist go háirithe sa chás go dtaispeántar go bhfuil long ag sárú go córasach, trína príomhghníomhaíochtaí, na rialacha maidir le sábháilteacht long, gan beann ar na caighdeáin maidir lena n-aicmiú. (32) Is faoi na húdaráis náisiúnta inniúla atá sé a léiriú, sa chás idir lámha, go raibh na longa lena mbaineann á n-oibriú ar shlí inar cuireadh daoine, maoin nó an comhshaol i mbaol, agus sin taobh amuigh de na gníomhaíochtaí a bhí fíor-riachtanach maidir le comhlíonadh na hoibleagáide um tharrtháil ar muir.

47.      Molaim, dá bhrí sin, mar fhreagra ar an dara ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú nach mór Airteagal 11 de Threoir 2009/16 agus pointí 2A agus 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/16, arna léamh i bhfianaise na hoibleagáide um tharrtháil ar muir a leagtar síos go háirithe in Airteagal 98 den Choinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige, a léirmhíniú sa tslí nach féidir a bheith ina “thoisc sháraitheach” ná ina “thoisc gan choinne,” a éilíonn nó a thugann údar, faoi seach, do chigireacht bhreise de réir bhrí na bhforálacha sin, an fíoras lom gur iompraíodh, i ndiaidh oibríochtaí tarrthála ar muir, líon níos mó daoine ná an uasacmhainn, mar a shonraítear ar an deimhniú trealaimh sábháilteachta. Ní féidir a chur as an áireamh, áfach, i bprionsabal, go bhféadfadh an t-iompar córasach de líon daoine i bhfad os cionn uasacmhainn na loinge tionchar a bheith aige ar an long, sa chaoi go bhféadfaí baol a chruthú do dhaoine, do mhaoin nó don chomhshaol, a bheadh mar “thoisc gan choinne” de réir bhrí na bhforálacha thuasluaite, a bhfuil sé de fhreagracht ar an gcúirt a rinne an tarchur a dheimhniú.

C.      Maidir leis an tríú agus an ceathrú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú (raon feidhme na gcumhachtaí cigireachta de bhun Airteagal 13 de Threoir 2009/16, Airteagal I(b) den Choinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir, agus phointe 1.3.1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rún ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta maidir le Rialú Stát an Chalafoirt)

48.      Lena tríú ceist agus lena ceathrú ceist, arb iomchuí aghaidh a thabhairt orthu le chéile, féachann an chúirt a rinne an tarchur lena fháil amach, go bunúsach, an gceadaítear le hAirteagal 13 de Threoir 2009/16, ar thaobh amháin, nó le hAirteagal I(b) den Choinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir agus pointe 1.3.1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rún ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta maidir le Rialú Stát an Chalafoirt, ar an taobh eile, do Stát an chalafoirt fíorú go bhfuil na deimhnithe riachtanacha i seilbh ag long agus go gcomhlíonann sí na rialacha idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge a bhaineann leis na gníomhaíochtaí atá ar bun ag an long i ndáiríre, sa chás seo, gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir, gan beann ar an ngníomhaíocht dá bhfuil sí aicmithe. (33)

49.      Measann an chúirt sin nach féidir le rialú Stát an chalafoirt amhras a tharraingt ar an rialú a rinneadh agus ar na cinntí a glacadh sa Bhratstát agus tugann sí dá haire, ar an gcéad dul síos, nach leagtar síos sna coinbhinsiúin idirnáisiúnta ná i ndlí an Aontais, ná i ndlí na hIodáile, ná i ndlí na Gearmáine, coinníollacha beachta do longa príobháideacha a théann i mbun cuardach agus tarrtháil ar muir ar bhonn córasach (34) agus, ar an dara dul síos, go ndéanann na coinbhinsiúin idirnáisiúnta maolú go sainráite ar na ceanglais a fhorchuirtear, i gcás inarb iomchuí, de réir aicmiú na loinge, i bhfianaise an chuspóra tarrthála ar muir. (35)

50.      De bhun Airteagal 13(3) de Threoir 2009/16, áirítear i gcigireacht níos mionsonraithe, amhail na cinn atá i gceist sna príomhimeachtaí, “iniúchadh domhain ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le nósanna imeachta oibríochtúla ar bord na loinge” [aistriúchán neamhoifigiúil] agus go ndéanfar í sa chás, tar éis cigireacht tosaigh a dhéanamh, go bhfuil “forais fhollasacha” ann chun a chreidiúint nach bhfuil riocht na loinge nó a trealamh, nó a criú, go bunúsach, i gcomhréir le ceanglais coinbhinsiúin ábhartha. (36) Tugtar samplaí de “fhorais fhollasacha” in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin. (37)

51.      Maidir leis sin atá ábhartha don chás seo, bunaíodh an chigireacht níos mionsonraithe de bhun Airteagal 13(3) de Threoir 2009/16, de réir an ordaithe tarchuir, ar an “bhforas follasach” dá dtagraítear i gCuid A, pointe 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin, is é sin gur thángthas ar “neamhrialtachtaí le linn scrúdú na ndeimhnithe agus doiciméid eile ar bord” [aistriúchán neamhoifigiúil], sa chás seo, le linn scrúdú an deimhnithe sábháilteachta dá bhforáiltear i Riail 9 de Chaibidil XI-2 den Choinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir. (38) Thairis sin, chuir Rialtas na hIodáile in iúl ina bharúlacha i scríbhinn, sna príomhimeachtaí, gurb é bunús na cumhachta chun cigireacht níos mionsonraithe a dhéanamh ná go háirithe Riail 19 de Chaibidil I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin. (39)

52.      Cé go leagtar síos in Airteagal 13(3) de Threoir 2009/16 an creat ina gceadaítear cigireacht níos mionsonraithe, ní shonraítear go soiléir teorainneacha na cigireachta sin. Dá bhrí sin, is í an cheist atá le freagairt ná an bhfuil an “chigireacht níos mionsonraithe maidir le comhlíonadh na gceanglas a bhaineann le nósanna imeachta oibríochtúla ar bord na loinge” [aistriúchán neamhoifigiúil] teoranta do na ceanglais is infheidhme ar bhonn aicmiú na loinge, agus do na ceanglais sin amháin, nó an mbaineann sé freisin leis na ceanglais is infheidhme maidir le gníomhaíocht na loinge i ndáiríre.

53.      D’fhonn raon feidhme rialú Stát an chalafoirt de réir bhrí na forála sin a chinneadh, ba cheart a chur in iúl, i mo thuairim, go dtugtar cumhacht rialaithe faoin bhforáil sin a théann níos faide ná cumhacht na “cigireachta tosaigh” dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) den Treoir sin, ar cumhacht í a bhaineann, go bunúsach, le deimhnithe agus riocht ginearálta na loinge agus, ar an dara dul síos, go bhfuil sé de chuspóir ag an rialú sin, comhlíonadh na “gceanglas sna coinbhinsiúin ábhartha” a fhíorú [aistriúchán neamhoifigiúil]. Dá bhrí sin, ní féidir an rialú sin a theorannú do na ceanglais fhoirmiúla a leagtar síos sna deimhnithe a bhaineann le haicmiú na loinge ag an eagraíocht deimhniúcháin, ach baineann sé níos mó le comhlíonadh na rialacha uile is infheidhme a eascraíonn as na coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge, agus ag cur san áireamh riocht iarbhír na loinge agus a trealamh agus na gníomhaíochtaí a dhéanann sí i ndáiríre, go háirithe má tá siad éagsúil ó na gníomhaíochtaí sin a bhaineann lena haicmiú. (40)

54.      Dá bhrí sin, is féidir teacht ar an gconclúid, i bprionsabal, mar a chuireann Rialtas na hIodáile chun suntais, go bhféadfadh sé a bheith mar shárú ar na ceanglais maidir le nósanna imeachta oibríochta ar bord na loinge sin nach n-oibrítear long i gcomhréir lena deimhnithe agus go bhféadfadh sin a bheith mar bhaol, go háirithe, do dhaoine, maoin nó don chomhshaol, agus gur faoin údarás inniúil atá sé, é sin a léiriú ar bhonn na rialacha is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí dá bhfuil an long sannta i ndáiríre.

55.      Agus an méid sin bunaithe, caitear a shoiléiriú áfach, mar a áitíonn an chúirt a rinne an tarchur, nach bhfuil, i ndlí an Aontais ná sa dlí idirnáisiúnta, aicmiú le haghaidh longa a théann i mbun gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir (41). Dá bhrí sin, ní féidir teacht ar an gconclúid, de bharr easnaimh aicmithe mar sin, gur “foras follasach” é aicmiú bunúsach na long lena mbaineann mar “lastlonga ginearálta – ilchuspóireacha” chun a creidiúint nach bhfreagraíonn riocht na long nó a dtrealamh nó a gcriú, go bunúsach, le “ceanglais coinbhinsiúin ábhartha,” i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Threoir 2009/16, mura sáraíonn oibriú córasach na long na rialacha maidir lena n-aicmiú. (42)

56.      Molaim, dá bhrí sin, mar fhreagra ar an tríú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú go n-áirítear leis an gcumhacht atá ag Stát an chalafoirt cigireacht níos mionsonraithe a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2009/16, ar long a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain aici, an chumhacht chun a fhíorú go gcomhlíonann an long na ceanglais a bhaineann le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge arb iad na ceanglais is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí dá bhfuil an long sannta i ndáiríre, agus na gníomhaíochtaí sin dá bhfuil sí aicmithe á gcur san áireamh freisin.

D.      Maidir leis an gcúigiú ceist (féidearthacht chun long a choinneáil de bhun Airteagal 19 de Threoir 2009/16 de bharr gníomhaíocht a dhéanamh seachas an ghníomhaíocht a fhreagraíonn don deimhniúchán)

57.      Lena cúigiú ceist, féachann an chúirt a rinne an tarchur lena fháil amach, ar an gcéad dul síos, go bunúsach, an bhfuil údaráis Stát an chalafoirt i dteideal seilbh ar dheimhnithe agus comhlíonadh na riachtanas nó na gceanglas maidir le sábháilteacht agus cosc ar thruailliú muirí a éileamh, maidir leis na gníomhaíochtaí atá ar bun ag an long i ndáiríre, sa chás seo, gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir, chun coinneáil na loinge sin a sheachaint, [a], agus, más amhlaidh atá, an féidir na deimhnithe agus na riachtanais nó ceanglais sin a éileamh má tá creat dlí idirnáisiúnta nó creat dlí an Aontais ann atá soiléir agus iontaofa maidir le haicmiú gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir chomh maith leis na deimhnithe, riachtanais nó ceanglais lena mbaineann, agus sa chás sin amháin [b], nó, mar mhalairt air sin, an féidir iad sin a éileamh ar bhonn dhlí náisiúnta an Bhratstáit nó Stát an chalafoirt, agus, chun na gcríoch sin, an bhfuil reachtaíocht phríomhúil nó thánaisteach ag teastáil, más leor é rialachán riaracháin ghinearálta [c].

58.      Ansin, ardaíonn an chúirt sin an cheist an bhfuil sé d’fhreagracht ar Stát an chalafoirt a chur in iúl, tráth na cigireachta, cad iad na rialacha náisiúnta (reachtach, rialaitheach nó riaracháin), nach mór na riachtanais nó na ceanglais a fhorchuirtear a chinneadh dá mbun, agus cad iad na ceartúcháin nó coigeartaithe atá ag teastáil chun comhlíonadh na rialacha sin a áirithiú [d] agus, in éagmais aon riail mar sin, an féidir le húdaráis riaracháin Stát an chalafoirt a chur in iúl, de réir an cháis, na ceanglais nach mór don long atá faoi réir na cigireachta a chomhlíonadh [e].

59.      Ar deireadh, féachann an chúirt sin lena fháil amach an féidir a mheas, in éagmais aon riail mar sin agus in éagmais aon treoir shonrach ón mBratstát, gur údaraíodh na gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála (agus nach féidir, dá bhrí sin, iad a chosc trí bheart coinneála a ghlacadh) i gcás ina gcomhlíonann an long na riachtanais nó na ceanglais i gcatagóir eile, agus gur dhearbhaigh an Bratstát a gcomhlíonadh iarbhír [f].

60.      Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil ar an údarás inniúil, de bhun Airteagal 19(1) de Threoir 2009/16, a áirithiú gur baineadh, nó go mbainfear, i gcomhréir leis na Coinbhinsiúin, aon easnamh arna ndearbhú nó arna nochtadh leis an gcigireacht, agus, de bhun Airteagal 19(2) den Treoir sin, i gcás go bhfuil na heasnaimh a dearbhaíodh nó a nochtadh ag an gcigireacht ina mbaol soiléir, go háirithe, don tsábháilteacht, ní mór d’údarás inniúil Stát an chalafoirt a áirithiú go gcoinneofar an long.

61.      Mar is léir ó na freagraí a mholtar ar na ceisteanna thuasluaite a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú, féadfaidh Stát an chalafoirt, i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Threoir 2009/16, a áirithiú go gcomhlíonfar na coinbhinsiúin idirnáisiúnta agus reachtaíocht an Aontais ábhartha maidir le sábháilteacht mhuirí, slándáil mhuirí, cosaint na muirthimpeallachta agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge, agus na gníomhaíochtaí a dhéanann an long i ndáiríre á gcur san áireamh, ar choinníoll nach gcuireann rialú den sórt sin isteach ar inniúlacht an Bhratstáit maidir le haicmiú na loinge, ná ar chomhlíonadh na hoibleagáide um tharrtháil ar muir.

62.      Dá bhrí sin, ní fhágann an fíoras lom go mbíonn long i mbun gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir go córasach go ndéanfar an long sin a dhíolmhú ó na ceanglais is infheidhme ina leith de bhun an dlí idirnáisiúnta nó de bhun dhlí an Aontais a chomhlíonadh agus ní chuirtear bac leis sin ar an long sin a bheith faoi réir bearta coinneála de bhun Airteagal 19 den Treoir sin i gcás ina sáraíonn sí na rialacha sin. Is é sin le rá, más rud é, mar a chuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, go ndéantar longa a eisiamh ó chur i bhfeidhm na rialacha idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht loingseoireachta agus cosaint na muirthimpeallachta sa mhéid go ndéanann siad misin tarrthála ad hoc ar muir, ní dhéantar iad a dhíolmhú ó gach riail eile is infheidhme maidir le longa ar bhonn cheanglais an dlí idirnáisiúnta, ag féachaint don ghníomhaíocht a dhéantar i ndáiríre.

63.      Molaim, dá bhrí sin, mar fhreagra ar an gcúigiú ceist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú, sa chéad áit, nach mór Treoir 2009/16 a léirmhíniú sa tslí go bhfuil údaráis Stát an chalafoirt i dteideal seilbh a éileamh ar dheimhnithe agus comhlíonadh na riachtanas nó na gceanglas maidir le sábháilteacht agus cosc ar thruailliú muirí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá bhfuil long aicmithe, chomh maith le haon deimhniú nó riachtanas nó ceanglas eile atá bunaithe ar an gcreat dlíthiúil idirnáisiúnta nó ar chreat dlíthiúil an Aontais. (43)

64.      Sa dara háit, measaim nach mór an Treoir a léirmhíniú sa tslí go bhfuil sé d’fhreagracht ar Stát an chalafoirt a chur in iúl, le linn na cigireachta, cad iad na rialacha nach mór na riachtanais nó na ceanglais ar dearbhaíodh sárú ina leith a chinneadh dá mbun agus cad iad na ceartúcháin nó na coigeartaithe atá ag teastáil chun comhlíonadh na rialacha sin a áirithiú.

65.      Ar deireadh, feictear dom nach mór an Treoir sin a léirmhíniú sa tslí nach féidir a mheas go bhfuil long a dhéanann cuardach agus tarrtháil ar muir go córasach, díolmhaithe, sa cháil sin, ó bheith faoi réir bearta coinneála i gcás ina sáraíonn sí na ceanglais is infheidhme ina leith de bhun an dlí idirnáisiúnta nó de bhun dhlí an Aontais, gan dochar don oibleagáid um tharrtháil ar muir. (44)

VI.    Conclúid

66.      I bhfianaise an mhéid thuasluaite, molaim don Chúirt na ceisteanna a tharchuir an Tribunale amministrativo regionale per la Sicilia (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, an tSicil, an Iodáil) i gcomhair réamhrialú a fhreagairt mar seo a leanas:

1)      Maidir le Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009, maidir le Rialú Stát an Chalafoirt, arna leasú le Treoir 2013/38/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013, le Rialacháin (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 agus 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015, chomh maith le Treoir (AE) 2017/2110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017, tá feidhm aici maidir le longa a théann i mbun gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir go heisiach, cé go bhfuil siad aicmithe agus deimhnithe mar “lastlonga ilchuspóireacha” ag an mBratstát. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé na hiarmhairtí uile maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir sin a chinneadh.

2)      Ní mór Airteagal 11 agus pointí 2A agus 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/16, arna léamh i bhfianaise na hoibleagáide um tharrtháil ar muir atá ar mháistir na loinge de bhun dhlí idirnáisiúnta an ghnáis agus a leagtar amach go háirithe in Airteagal 98 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, arna dhéanamh i mBá Montego an 10 Nollaig 1982, a léirmhíniú sa tslí nach féidir a thuiscint mar “thoisc sháraitheach” ná mar “thoisc gan choinne” a éilíonn nó a thugann údar, faoi seach, do chigireacht bhreise de réir bhrí na bhforálacha sin, an fíoras gur iompraíodh ar long, i ndiaidh oibríochtaí tarrthála ar muir, líon níos mó daoine ná a huasacmhainn, mar a shonraítear ar an deimhniú trealaimh sábháilteachta. Ní féidir a chur as an áireamh, áfach, i bprionsabal, go bhféadfadh an t-iompar córasach de líon daoine i bhfad os cionn uasacmhainn na loinge tionchar a bheith aige ar an long, sa chaoi go gcruthaítear baol do dhaoine, do mhaoin nó don chomhshaol, a bheadh mar “thoisc gan choinne” de réir bhrí na bhforálacha thuasluaite, a bhfuil sé de fhreagracht ar an gcúirt a rinne an tarchur a dheimhniú.

3)      Áirítear leis an gcumhacht atá ag Stát an chalafoirt cigireacht níos mionsonraithe a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2009/16, ar long a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain aici, an chumhacht chun a fhíorú go gcomhlíonann an long na ceanglais a bhaineann le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge arb iad na ceanglais is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí dá bhfuil an long sannta i ndáiríre, agus na gníomhaíochtaí sin dá bhfuil sí aicmithe á gcur san áireamh freisin.

4)      a)      Ní mór Treoir 2009/16, arna leasú ag Treoir 2013/38, ag Rialacháin Uimh. 1257/2013 agus Uimh. 2015/757 agus Treoir 2017/2110, a léirmhíniú sa chaoi is go bhfuil údaráis Stát an chalafoirt i dteideal seilbh a éileamh ar dheimhnithe agus comhlíonadh na riachtanas nó na gceanglas maidir le sábháilteacht agus cosc ar thruailliú a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá bhfuil long aicmithe, chomh maith le haon deimhniú, riachtanas nó ceanglas eile atá bunaithe ar an gcreat dlíthiúil idirnáisiúnta nó ar chreat dlíthiúil an Aontais.

b)      Ní mór an Treoir sin a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil sé d’fhreagracht ar Stát an chalafoirt a chur in iúl, le linn na cigireachta, cad iad na rialacha nach mór na riachtanais nó na ceanglais ar dearbhaíodh sárú ina leith a chinneadh dá mbun agus cad iad na ceartúcháin nó na coigeartaithe atá ag teastáil chun comhlíonadh na rialacha sin a áirithiú.

c)      Ní mór an Treoir sin a léirmhíniú sa tslí nach féidir a mheas go bhfuil long a dhéanann cuardach agus tarrtháil ar muir go córasach, sa cháil sin, díolmhaithe ó bheith faoi réir bearta coinneála i gcás ina sáraíonn sí na ceanglais is infheidhme ina leith de bhun an dlí idirnáisiúnta nó de bhun dhlí an Aontais, gan dochar don oibleagáid um tharrtháil ar muir.


1      Bunteanga : an Fhraincis.


2      Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stát an chalafoirt (IO 2009 L 131, lch. 57, agus Ceartúchán IO 2013 L 32, lch. 23), arna leasú le Treoir 2013/38/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 (IO 2013 L 218, lch. 1, agus Ceartúchán IO 2014 L 360, lch. 111), le Rialacháin (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 (IO 2013 L 330, lch. 1) agus 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 (IO 2015 L 23, lch. 55), chomh maith le Treoir (AE) 2017/2110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 (IO 2017 L 315, lch. 61) (“Treoir 2009/16”).


3      Is í Treoir 2002/90/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2002 lena sainmhínítear éascú ar theacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe (IO 2002 L 328, lch. 17) an t-aon reachtaíocht maidir le longa príobháideacha agus, dá bhrí sin, a n-oibreoirí (féach, maidir leis sin, Dumas, P., “L’obligation de prêter assistance aux personnes en détresse en mer au prisme du droit de l’Union”, (Dualgas chun cúnamh a sholáthar do dhaoine atá in anacair ar muir i bhfianaise dhlí an Aontais) Revue des affaires européennes, 12/2019, lch. 305 go 327). I gcodarsnacht leis sin, leagtar síos na rialacha maidir le gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir i gcomhthéacs oibríochtaí faireachais teorann arna ndéanamh ag Ballstáit ag a dteorainneacha seachtracha farraige i Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear rialacha i gcomhair faireachais ar na teorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs comhair oibríochtúil a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO 2014 L 189, lch. 93). Thairis sin, is do tharrtháil ar muir i gcásanna a bhaineann eilimintí riachtanacha leis, eadhon, tarrtháil de chineál “taismeach” agus “eisceachtúil,” a thagraíonn na téacsanna coinbhinsiúnacha atá ann cheana. Ní mór, áfach, léirmhíniú a thabhairt ar na forálacha sin atá chomh leathan agus is féidir de réir a bhfriotal agus a gcomhthéacs dlíthiúil, ach gan, áfach, dul tharstu.


4      Is é an t-aon “reachtaíocht” de chuid an Aontais Eorpaigh a dhéileálann go sainráite leis an gceist sin, go bhfios dom, ná Moladh (AE) 2020/1365 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 maidir le comhar idir na Ballstáit i ndáil le hoibríochtaí arna ndéanamh ag longa ar le heintitis phríobháideacha iad nó atá á n-oibriú acu chun críoch gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála (IO 2020 L 317, lch. 23), nach bhfuil ceangailteach, de réir a nádúir, agus nach leagtar síos leis mar sin ach oibleagáid maidir le comhoibriú idir údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann.


5      Mar shampla, ní mór do na heagraíochtaí a bhainistíonn longa den sórt sin comhoibriú leis na lárionaid chomhordaithe tarrthála ar muir de chuid na mBallstát cósta, a thugann treoracha dóibh maidir le tuirlingt agus trasloingsiú daoine tarrtháilte sa Bhallstát sin.


6      Glacadh Treoir 2009/16 ar bhonn Airteagal 80(2) CE [Airteagal 100(2) CFAE anois], d’fhonn tabhairt faoi Threoir 95/21/CE ón gComhairle an 19 Meitheamh 1995 maidir le Rialú Stát an Chalafoirt a athmhúnlú (IO 1995 L 157, lch. 1), a bhí ina hábhar do roinnt leasuithe ó glacadh í, agus chun na sásraí a cuireadh i bhfeidhm leis an Treoir sin a neartú. Tá Treoir 2009/16 mar chuid de chorpas reachtaíochta tánaistí AE a glacadh ar an lá céanna, lena n-áirítear freisin Treoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le comhlíonadh cheanglas na mBratstát (IO 2009 L 131, lch. 132); Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha córas riaracháin muirí (IO 2009 L 131, lch. 47), agus Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009, maidir le rialacha agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO 2009 L 131, lch. 11).


7      GURI Uimh. 96 an 27 Aibreán 2011, lch. 1; “Foraithne Reachtach Uimh. 53/2011.”


8      Mar a dearbhaíodh ag an éisteacht, bhí bratach na hÍsiltíre ar foluain ag na longa lena mbaineann go dtí deireadh 2019 agus, ós rud é gur bheartaigh údaráis inniúla na hÍsiltíre a n-aicmiú a leasú ar iarratas ó údaráis na hIodáile, cláraíodh sa Ghearmáin iad ina dhiaidh sin.


9      Mar a trasuíodh le hAirteagal 16 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 53/2011.


10      Mar a trasuíodh le hAirteagal 8 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 53/2011.


11      Tagraíonn an chúirt a rinne an tarchur go háirithe d’Airteagal I(b) den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, arna dhéanamh i Londain an 1 Samhain 1974 (Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, iml. 1185, Uimh. 18961, lch. 3, an “Coinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir”) agus do phointe 1.3.1 den Iarscríbhinn le Rún A.1138(31), dar teideal “Nósanna Imeachta um Rialú Stát an Chalafoirt,” ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta ( an “Rún ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta maidir le Rialú Stát an Chalafoirt”).


12      Mar a trasuíodh ag Airteagal 22 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 53/2011.


13      Baineann na neamhrialtachtaí líomhainte sin, go bunúsach, leis an bhfíric raibh na longa lena mbaineann deimhnithe, ar an gcéad dul síos, chun na céadta daoine a thógáil ar bord agus a iompar, mar a rinneadh go córasach i rith shamhradh 2020; ina dhiaidh sin, ní raibh an trealamh teicniúil iomchuí ag na longa sin chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh, cé go bhfuil siad ceaptha i ndáiríre do na gníomhaíochtaí sin, agus go n-úsáidtear iad chuige sin go heisiach (go háirithe, tá gléasraí cóireála dramhuisce na long, faoi seach, ar mhéid a oireann do 22 nó 30 duine agus ní do na céadta daoine, agus bhí leithris agus cithfholcadáin bhreise a sceitheann fuíolluisce go díreach isteach san fharraige curtha isteach ar na deiceanna); ar deireadh, níor cuireadh na hoibríochtaí tarrthála a dhéanann na baill foirne san áireamh ina n-uaireanta oibre.


14      Ag an éisteacht, áfach, shonraigh Rialtas na hIodáile gur éiligh údaráis na hIodáile agus na Gearmáine ar Sea Watch, tar éis a thuilleadh teagmhálacha idir na húdaráis sin, mar longúinéir, na deisiúcháin riachtanacha a dhéanamh chun na neamhrialtachtaí thuasluaite a leigheas. Dúirt Sea Watch go raibh na hathruithe curtha i bhfeidhm aige chun na treoracha sin a chomhlíonadh, cé gur tugadh na treoracha sin lasmuigh d’aon chreat rialála, chun an baol go ndéanfaí coinneáil ar na longa ina dhiaidh sin a sheachaint.


15      Maidir leis sin, luaitear in Airteagal 2(5) de Threoir 2009/16 go gcuimsítear sa choincheap “long” chun críocha na Treorach sin “aon long farraige atá faoi réir Coinbhinsiún amháin nó níos mó agus a bhfuil bratach difriúil ó bhratach Stát an chalafoirt ar foluain aici” [aistriúchán neamhoifigiúil].


16      Maidir leis sin, luaitear in Airteagal 2(5) agus (6) de Threoir 2009/16 gurb é a chlúdaítear leis an gcoincheap “gníomhaíocht chomhéadan loinge agus calafoirt” ná “idirghníomhaíochtaí a tharlaíonn nuair a bhíonn tionchar díreach agus láithreach ar long ag gníomhaíochtaí bainte le hiompar daoine nó earraí nó bainte le soláthar seirbhísí calafoirt go dtí an long nó ón long” [aistriúchán neamhoifigiúil].


17      Ba mhaith liom a lua, i gcomhréir le cleachtas atá bunaithe le blianta beaga anuas, go bhfuil tabhairt i dtír daoine tar éis oibríochtaí tarrthála sna príomhimeachtaí údaraithe ag an Ministero degli Interni (An Aireacht um Ghnóthaí Inmheánacha, an Iodáil) agus arna gcomhordú ag an Italian Maritime Rescue Coordination Centre (Ionad Comhordaithe Tarrthála Mara na hIodáile).


18      Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, a tugadh i gcrích i mBá Montego an 10 Nollaig 1982 (Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, iml. 1833, 1834 agus 1835, lch. 3, an “Coinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige”). Tháinig an Coinbhinsiún sin i bhfeidhm an 16 Samhain 1994. Rinneadh a thabhairt i gcrích a fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 (IO 1998 L 179, lch. 1).


19      Ina theannta sin, mar a chuir Rialtas na hIodáile in iúl ina bharúlacha i scríbhinn, maidir leis na catagóirí a eisiatar ó raon feidhme Threoir 2009/16 ní hé go n-eisiatar iad de bharr go bhfuil rioscaí níos lú ag baint leo ná na longa a bhfuil feidhm ag an Treoir sin maidir leo. Tá cúiseanna ar leith nach gcuirtear na rialacha lena mbaineann i bhfeidhm maidir le gach ceann de na catagóirí díolmhaithe le fáil i bhfoinsí sonracha de dhlíchóras an Aontais agus den dlíchóras idirnáisiúnta.


20      In aon chás, áirím go bhfuil gach ceist maidir le haicmiú na long sin, mar a rinne an comhlacht deimhniúcháin é, faoi dhlínse an Bhratstáit agus nach bhfuil sé ábhartha maidir le cumhachtaí Stát an chalafoirt de bhun Threoir 2009/16. Ina theannta sin, mar a chuir Rialtas na Spáinne in iúl, táim amhrasach go bhféadfaí gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir a chomhshamhlú le hiompar paisinéirí, i bhfianaise na dtréithe éagsúla atá aige sin amhail, go háirithe, intuarthacht iomlán na seirbhíse (a chuirtear ar fáil do líon daoine sainaitheanta de réir cúrsaí taistil agus coinníollacha réamhbhunaithe) agus a nádúr conarthach.


21      Féach, go háirithe, aithris 7 de Threoir 2009/16, agus pointe 12 de Mholadh 2020/1365, ina dtagraítear do shoithí “atá feistithe go cuí” [aistriúchán neamh-oifigiúil].


22      Féach, go háirithe, Airteagal 1 de Threoir 2009/16.


23      Breithiúnas an 29 Iúil 2019, Torubarov (C-556/17, EU:C:2019:626, mír 77 agus an cásdlí a luaitear).


24      Dearbhaíonn an chúirt sin, cé go ndearna údaráis na hIodáile, sna foirmeacha a bhaineann le tuarascálacha cigireachta, an cúinse sin a aicmiú mar “thoisc sháraitheach” de réir bhrí phointe 2A de Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/16 agus ní “toisc gan choinne” de réir bhrí phointe 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I den Treoir sin, is é is cúis leis sin ná nach bhfuil cuid shonrach ar na foirmeacha sin chun tagairt a dhéanamh do na tosca gan choinne agus gur chóir mar sin a mheas go ndéanann an chuid de na foirmeacha a thagraíonn do “thoisc sháraitheach” tagairt chineálach do na coinníollacha riachtanacha chun cigireacht bhreise a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 11 de Threoir 2009/16.


25      I ndáil leis sin, chuir reachtóir an Aontais san áireamh Meabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú Stát an chalafoirt, a síníodh i bPáras an 26 Eanáir 1982, ina luaitear, ina aithrisí 4 agus 5, gur ar údaráis an Bhratstáit go príomhúil atá an fhreagracht chun na caighdeáin a leagtar síos sna hionstraimí idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus go gcaithfidh Stáit an chalafoirt bearta éifeachtacha a ghlacadh chun oibriú long nach gcomhlíonann na caighdeáin idirnáisiúnta a chosc.


26      Maidir leis an difríocht idir an dá fhachtóir, ní bhíonn na “tosca gan choinne” chomh cinniúnach nó baineann tromchúis leo nach bhfuil chomh follasach sin go ginearálta, baineann siad le fadhbanna den chineál céanna, amhail sáruithe ar na rialacha atá i bhfeidhm, aimhrialtachtaí, gearáin agus coinneálacha a rinneadh roimhe sin (féach, Pimm M., “VIII. Commentary on Directive 2009/16/EC of the European Parliament and of the Council of 23 April 2009 on Port State Control ” (Tráchtaireacht ar Threoir 2009/16/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le Rialú Stát an Chalafoirt), EU Maritime Transport Law, 03/2016, lch. 872). Ina theannta sin, is léir ó Airteagal 11(b) de Threoir 2009/16 go ndealraíonn sé go bhfuil an chigireacht bhreise éigeantach nuair atá toisc sháraitheach ann, cé, gur i gcás tosca gan choinne, go dtagann an cinneadh chun an chigireacht sin a dhéanamh faoi chumhacht lánroghnach an údaráis inniúil.


27      Tagann comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i ndeimhnithe sábháilteachta loinge, agus go háirithe an coinníoll a bhaineann le líon na ndaoine a iompraítear ar bord, faoi inniúlacht an Bhratstáit. Is amhlaidh atá freisin maidir le hoiriúnacht, in abstracto, an deimhnithe a eisítear le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá bhfuil na longa beartaithe, ar ábhar é atá faoi inniúlacht an Bhratstáit.


28      Feictear dom go bhfuil sé an-deacair a léiriú go bhféadfadh long atá údaraithe chun céad duine a iompar, mar shampla. a bheith ina contúirt do dhaoine, do mhaoin nó don chomhshaol nuair a iompraíonn sí cúpla duine sa bhreis. Ní hamhlaidh atá i gcás nach long í, i bprionsabal, atá beartaithe le daoine a iompar agus go bhforáiltear, de réir a deimhnithe sábháilteachta, gur féidir 30 duine ar a mhéid a iompar agus iad mar bhaill dá foireann, amhail sa chás seo, agus go dtógann sí ar bord, abraimis, tuairim is 400 duine.


29      Sonraítear an méid seo a leanas i mír 1 den fhoráil sin, dar teideal “Oibleagáid chun cúnamh a thabhairt” [aistriúchán neamhoifigiúil]: “Éilíonn gach Stát ar mháistir loinge ar a bhfuil a bhrat ar foluain, a mhéid is féidir leis gan rioscaí tromchúiseacha a chruthú don long, dá criú nó dá paisinéirí: a) cúnamh a sholáthar d'aon duine atá i mbaol ar farraige; (b) dul chomh tapa agus is féidir chun cúnamh a thabhairt do dhaoine in anacair má chuirtear in iúl dó go bhfuil cúnamh ag teastáil uathu, a mhéid is féidir a bheith ag súil leis, go réasúnta, go ndéanfaidh sé amhlaidh; [...]. ».


30      Maidir leis sin, ba mhaith liom a chur in iúl, i dtús báire, go bhforáiltear le hAirteagal IV(b) den Choinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir, dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(b) de Threoir 2009/16, nach gcuirfear san áireamh daoine atá ar bord loinge mar thoradh, go háirithe, ar oibleagáid an mháistir loinge chun daoine longbhriste a iompar agus fíorú á dhéanamh ceanglas éigin den Choinbhinsiún sin a bheith á chur i bhfeidhm ag an long, agus ina dhiaidh sin, go bhforáiltear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, a síníodh i Londain an 2 Samhain 1973, arna fhorlíonadh le Prótacal an 17 Feabhra 1978, dá dtagraítear freisin in Airteagal 2(1)(c) den Treoir sin, eisceachtaí ón gcóras maidir le doirtí san fharraige i gcásanna go bhfuil sé sin riachtanach le haghaidh sábháilteacht anama ar muir, agus, ar deireadh, go bhforáiltear sa Choinbhinsiún Oibreachais Mhuirí, 2016, dá dtagraítear freisin in Airteagal 2(1)(i) den Treoir sin, go bhfuil sé de cheart ag an máistir loinge síneadh ar am oibre na maraithe a éileamh thar na gnáth-theorainneacha nuair atá sé sin riachtanach chun cúnamh a thabhairt do longa eile nó do dhaoine in anacair ar muir.


31      Chuir an chúirt a rinne an tarchur as an áireamh é, go cóir, go bhféadfadh na cúiseanna a chuir na húdaráis náisiúnta inniúla chun cinn a bheith mar “thosca príomhúla,” de réir bhrí Airteagal 11 agus de réir bhrí phointe 2A de Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/16. Mar atá an scéal, níor fhreagair aon fhoras a chuir na húdaráis sin chun cinn leis na gcásanna sainiúla a sonraítear go cuimsitheach faoi na “tosca príomhúla.”


32      Maidir leis na neamhrialtachtaí lena mbaineann, d’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás sáruithe a bhaineann le gléasraí breise a sceitheann fuíolluisce go díreach isteach san fharraige.


33      Go sonrach, feictear dom go bhfuil an ceathrú ceist i gcomhair réamhrialú, maidir le cur i bhfeidhm na n-ionstraimí coinbhinsiúnacha thuasluaite, coimhdeach leis an tríú ceist, maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 13(3) de Threoir 2009/16, sa tslí go bhféachann an chúirt a rinne an tarchur, lena ceathrú ceist, lena fháil amach, go bunúsach, dá mba rud é nach féidir le Stát an chalafoirt faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéanann an long sin i ndáiríre de réir bhrí na Treorach sin, an bhféadfaí an chumhacht sin a bhunú ar cheann de na hionstraimí coinbhinsiúnacha a luaitear.


34      Dar leis an gcúirt náisiúnta, dearbhaítear nach bhfuil aon choinníollacha den sórt sin faoin dlí idirnáisiúnta nó faoi dhlí an Aontais le Moladh 2020/1365, nuair a shonraítear ann, in aithris 12, go bhfuil sé bunriachtanach, ar mhaithe le cúrsaí “ord poiblí” agus, go háirithe, cúrsaí sábháilteachta, go mbeadh na longa sin cláraithe agus feistithe mar is ceart chun na ceanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin a chomhlíonadh, ionas nach gcuirfear an criú ná na daoine tarrtháilte i mbaol. Mura ndéantar sin, dar leis an gcúirt sin, ní bheadh aon fhoras ann chun ord poiblí a ardú chun na críche sin.


35      Ina theannta sin, dar leis an gcúirt sin, i gcás ina bhforáiltear leis na hionstraimí coinbhinsiúnacha dá dtagraítear go ngabhfaidh na rialtais chonarthacha de láimh, go bunúsach, gach beart is gá a ghlacadh chun a áirithiú, ó thaobh sábháilteacht anam de, go mbeidh long “oiriúnach don tseirbhís dá bhfuil sí beartaithe,” nach mór oiriúnacht don tseirbhís a bhfuil an long beartaithe di a thuiscint go teibí, agus cineál na loinge de réir a aicmiúcháin á chur san áireamh, agus ní sa chiall nithiúil, i bhfianaise an chineáil shonraigh gníomhaíochtaí a dhéantar i ndáiríre, os rud é, ina mhalairt de chás, go mbeadh focal ar nós “úsáidte” nó focal cosúil ann. Aithníonn sí, áfach, go bhféadfaí an téarma “beartaithe” féin a léirmhíniú sa chaoi lena bhféadfadh an cuspóir beartaithe tagairt a dhéanamh, ní do shaintréithe na loinge nó don úsáid a bhfuil na saintréithe sin beartaithe di ach freisin don chuspóir a bhfuil an long beartaithe dó i ndáiríre ag an longúinéir.


36      Deirtear san fhoráil sin go bhfuil na “forais fhollasacha” sin ann i gcás ina measann an cigire é ar bhonn a bhreithiúnais ghairmiúil.


37      Thairis sin, feictear dom toisc go dtagraítear in Airteagal 13(3) de Threoir 2009/16 do cheanglais choinbhinsiúin ábhartha, lena n-áirítear an Coinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir, dá dtagraítear in Airteagal 2 den Treoir sin, ní mór é a léirmhíniú, go háirithe, i bhfianaise Airteagal I(b) den choinbhinsiún sin. Fiú mura bhfuil an tAontas Eorpach ina pháirtí conarthach den choinbhinsiún sin (i gcodarsnacht leis sin, is sínitheoirí iad na Ballstáit uile), féadfaidh an Chúirt forálacha an choinbhinsiúin sin a chur san áireamh agus ionstraim dlí den dlí tánaisteach á léirmhíniú aici [féach, maidir leis sin, breithiúnas an 3 Meitheamh 2008, Intertanko e.a. (C-308/06, EU:C:2008:312, míreanna 47 go 52)].


38      Foráiltear le Riail 9 de Chaibidil XI-2 den Choinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir do sheiceáil theoranta ar bhailíocht na ndeimhnithe dá dtagraítear i bpointe 1.1 den Riail sin agus, go háirithe, ar an Deimhniú Idirnáisúnta um Shlándáil Long. Sa chás idir lámha, is léir ón ordú tarchuir gur ordaíodh an chigireacht níos mionsonraithe ar an bhforas go raibh na foirmeacha maidir le tarchur faisnéise slándála sular tháinig na longa isteach sa chalafort líonta amach go mícheart, go háirithe ós rud é go raibh uimhir na cuideachta, suíomhanna na long tráth a dréachtaíodh na dearbhuithe, an riarachán a d’eisigh na Deimhnithe Idirnáisiúnta um Shlándáil Long agus dáta éaga na ndeimhnithe sin in easnamh. Thairis sin, sonraíodh gur formheasadh torthaí phleananna slándála na long, cé nárbh amhlaidh a bhí an cás go fóill.


39      I Riail 19 de Chaibidil I den Choinbhinsiún maidir le Sábháilteacht Anama ar Muir, a bhaineann le rialú deimhnithe loinge, sonraítear in (b), go nglacfar le deimhnithe den sórt sin, más bailí iad, mura bhfuil cúiseanna maithe ann lena cheapadh nach bhfuil riocht na loinge nó a trealamh ag freagairt, go substaintiúil, le sonraí de cheann de na deimhnithe nó nach bhfuil an long agus a trealamh i gcomhréir le forálacha Riail 11(a) agus (b) den Chaibidil sin. Faoi Riail 11(a) den Chaibidil chéanna, ní mór riocht na loinge agus a trealamh a choimeád i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin ionas go mbeidh an long in ann dul chun na farraige gan aon chontúirt a bheith ann don long ná na daoine ar bord. Mar sin féin, níl Riail 11(b) de Chaibidil I den Choinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir ábhartha sa chás seo, ós rud é go mbaineann sí leis an gcosc ar athruithe a dhéanamh tar éis cigireacht arna déanamh i gcomhréir le Rialacha 7 go 10 den Chaibidil sin.


40      Thairis sin, feictear dom nach gcaitear amhras ar an gconclúid sin le léirmhíniú Airteagal 13(1) de Threoir 2009/16 arna léamh i bhfianaise Airteagal I(b) den Choinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir agus phointe 1.3.1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rún ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta maidir le Rialú Stát an Chalafoirt. Maidir leis na forálacha sin, nuair a dhéanann siad foráil maidir leis an gcigireacht chun a sheiceáil go bhfuil an long “oiriúnach don tseirbhís dá bhfuil sí beartaithe” [aistriúchán neamhoifigiúil], is féidir iad a léirmhíniú sa tslí go gciallaíonn siad nach mór a chur in áireamh in aon mheasúnú ar oiriúnacht na loinge, an tseirbhís a dhéanann sí i ndáiríre agus na rialacháin ábhartha.


41      Ina theannta sin, dealraíonn sé nach ann don aicmiú sin i ndlí na Gearmáine ná i ndlí na hIodáile ach oiread.


42      Admhaím go bhfuil sé deacair orm glacadh leis gur féidir iompar daoine in anacair a chomhshamhlú, go pointe áirithe, le “hualaí” a iompar, cé go dtuigim an gá gan amhras a chaitheamh ar aicmiú na long lena mbaineann, aicmiú arna dhéanamh ag comhlacht deimhniúcháin an Bhratstáit. Ina theannta sin, i gcás ina n-easaontaíonn Stát an chalafoirt le haicmiú loinge, foráiltear leis an gCoinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige, nós imeachta foláirimh trína bhféadfaidh aon Stát a bhfuil forais thromchúiseacha aige a chreidiúint nár feidhmíodh an dlínse agus rialú iomchuí ar long na fíorais sin a thuairisciú don Bhratstát, a bhfuil sé d’oibleagáid air an t-ábhar a imscrúdú agus na bearta is gá a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, chun an cás a leigheas (féach Airteagal 94(6) den Choinbhinsiún sin). Tá an cur chuige sin i gcomhréir leis an gcur chuige a glacadh i bpointe 1.3.3 d’Iarscríbhinn den Rún ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta maidir le Rialú Stát an Chalafoirt.


43      Ar an taobh eile, mura bhfuil long i gcomhréir leis na coinníollacha riachtanacha faoi reachtaíocht an Bhratstáit nó Stát an chalafoirt nó nach n-aontaíonn Stát an chalafoirt le haicmiú long ar leith, is féidir leis (fiú caithfidh sé) sin a chur in iúl don Bhratstát agus comhoibriú leis chun teacht ar réiteach ar na heasnaimh a nochtadh.


44      Ba mhaith liom focal scoir a chur isteach ag an bpointe seo. Is é saol an duine, agus tarrtháil shaol an duine, ar ndóigh, an rud is tábhachtaí os cionn aon ní eile. Níl “dualgas an tSamáraigh Mhaith” díolmhaithe ó oibleagáidí, áfach. Mar shampla, sa mhéid go bhféadfadh sin a bheith ábhartha, shábháil Samárach Maith an Tiomna, cinnte, an duine a bhí i gcontúirt gan leisce. Mar sin féin, d’iompair sé é go dtí áit shábháilte, óstán, ar a chostas féin, leis an modh iompair is sábháilte, a asal, ghlac sé cúram an duine sin gan an t-ualach a chur ar dhaoine eile agus thug sé a chuid airgid féin don óstach chun aire a thabhairt dó idir an dá linn, ag gealladh dó, “Déan cúram de, agus cibé méid a chaithfidh tú thairis sin, íocfaidh mé leat é ag filleadh dom.”. Tá sé deacair comparáidí a dhéanamh uaireanta...