4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/14


Ordú ón gCúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 17 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo – an Phortaingéil) – Estaleiros Navais de Peniche SA v Município de Aveiro, Navaltagus – Reparação e Construção Naval SA, Navalrocha – Sociedade de Construção e Reparações Navais SA

(Cás C-787/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí - Treoir 89/665/CEE - Airteagal 1(3) - Leas chun imeachtaí a thionscnamh - Rochtain ar na nósanna imeachta athbhreithnithe - Tairgeoir curtha as an áireamh le cinneadh cinntitheach ón údarás conarthach, toisc nár chuir sé i gcoinne na forais go léir lenar diúltaíodh dá thairiscint - Easnamh leasa chun imeachtaí a thionscnamh)

(2022/C 257/19)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Supremo Tribunal Administrativo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Estaleiros Navais de Peniche SA

Cosantóirí: Município de Aveiro, Navaltagus – Reparação e Construção Naval SA, Navalrocha – Sociedade de Construção e Reparações Navais SA

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 1(3) de Threoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí, arna leasú le Treoir 2007/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear bac léi, ar thairgeoir, a cuireadh as an áireamh i nós imeachta soláthair phoiblí le cinneadh cinntitheach ón údarás conarthach, agóid a dhéanamh in aghaidh an chinnidh lena bhronntar an conradh sin. Chuige sin, is cuma má mhaíonn an tairgeoir nár éirigh leis go bhféadfaí an conradh a bhronnadh air ar deireadh, i gcás, i ndiaidh an chinnte sin a chur ar neamhní, go gcinneann an t-údarás conarthach nós imeachta nua bronnta a thionscnamh.


(1)  Dáta taiscthe: 16.12.2021