|
26.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 368/10 |
Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 2 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Alba Iulia – an Rómáin) – S.H. v Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Sibiu, Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Braşov
(Cás C-627/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnas - Comhchuibhiú na ndlíthe cánach - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Asbhaint na cánach ionchuir a íocadh i ndáil le maoin dhochorraithe a cheannach, a thógáil agus a athrú - Cúlghairm ex officio aitheantais duine inchánaigh chun críocha CBL - Coigeartú na hasbhainte tosaigh - Freagra ar an gceist arna tarchur chun réamhrialú a d’fhéadfaí a bhaint go soiléir ó chásdlí atá ann cheana)
(2022/C 368/14)
Teanga an cháis: an Rómainis
An chúirt a rinne an tarchur
Curtea de Apel Alba Iulia
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: S.H.
Cosantóirí: Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Sibiu, Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Braşov
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagail 16, 184, 186 go 188 agus 192 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, a léirmhíniú sa chiall go gcuirtear cosc leo ar rialacha agus cleachtais náisiúnta lena gceanglaítear ar dhuine inchánach, a ndearnadh a aitheantas chun críoch cánach breisluacha (CBL) a chúlghairm ar feadh tréimhse áirithe toisc nach bhfuil aon idirbhearta inchánacha léirithe i dtuairisceáin CBL an duine sin a comhdaíodh ar feadh sé mhí as a chéile, coigeartú a dhéanamh ar an CBL ionchuir a asbhaineadh i ndáil le hearraí caipitiúla a fháil gan cead a bheith ag an duine inchánach sin a chruthú go bhfuil na coinníollacha substainteacha maidir leis an gceart asbhainte á gcomhlíonadh ar an bhforas go bhfuil toimhde dobhréagnaithe ann gur úsáid an duine inchánach na hearraí sin chun críoch eile seachas gníomhaíochtaí eacnamaíocha.