21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 441/2


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 30 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón l’Administratīvā rajona tiesa – an Laitvia) – “ĒDIENS & KM.LV” PS v Ieslodzījuma vietu pārvalde, Iepirkumu uzraudzības birojs

(Cás C-592/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Soláthar poiblí - Treoir 2014/24/AE - Stiúradh an imeachta - Roghnú na rannpháirtithe - Critéir roghnúcháin - Cumais theicniúla agus ghairmiúla - Airteagal 58(4) - Modhanna cruthúnais - Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar - Airteagal 59 - Dul i muinín acmhainní eintiteas eile - Airteagal 63(1) - Grúpa oibreoirí eacnamaíocha - Coinníoll a bhaineann leis an taithí gairmiúil atá le comhlíonadh ag comhalta an ghrúpa atá freagrach, i gcás an conradh a dhámhachtain, as gníomhaíochtaí a chomhlíonadh lena gceanglaítear an taithí sin - Coinníoll nach bhforáiltear sna doiciméid soláthair - Gan éifeacht ar bith ag comhréimeas an dliteanais chompháirtigh agus leithligh i gcomhthéacs stádas na comhpháirtíochta ginearálta)

(2022/C 441/02)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Administratīvā rajona tiesa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir:“ĒDIENS & KM.LV” PS

Cosantóirí: Ieslodzījuma vietu pārvalde, Iepirkumu uzraudzības birojs

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 63(1) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE, arna léamh in éineacht le hAirteagal 59 de,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

áit ina suífear, sa chás go ndéantar conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain ar ghrúpa oibreoirí eacnamaíocha, go gcuirfear feidhmíocht na ngníomhaíochtaí a bhfuil taithí ag teastáil ina leith faoi chúram comhalta amháin den ghrúpa, féadfaidh an grúpa tairisceana brath go huile is go hiomlán ar thaithí an bhaill den ghrúpa sin chun a léiriú go gcomhlíonann sé coinníoll a bhaineann leis an taithí a fhorchuireann an t-údarás conarthach de réir Airteagal 58(4) den Treoir sin, fiú mura bhforáiltear go sainráite sna doiciméid soláthair go gcaithfidh baill ghrúpa oibreoirí eacnamaíocha an coinníoll sin a chomhlíonadh ina n-aonar


(1)  Dáta an taiscthe: 22.09.2021