|
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/7 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 29 Meitheamh 2023 (iarrataí ar réamhrialú ón Hessischer Verwaltungsgerichtshof (C-829/21) agus ón Verwaltungsgericht Darmstadt (C-129/22) – an Ghearmáin) – TE, RU, arna ionadú chun críocha dlíthiúla ag TE (C-829/21), EF (C-129/22) v Stadt Frankfurt am Main (C-829/21), Stadt Offenbach am Main (C-129/22)
(Cásanna uamtha C-829/21 agus C-129/22 (1), Stadt Frankfurt am Main (Athnuachan ceada cónaithe sa dara Ballstát) agus páirtithe eile)
(Tarchur chun réamhrialú - Beartas inimirce - Stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad - Treoir 2003/109/CE - Airteagal 9(4), an dara fomhír, Airteagal 14(1), Airteagal 15(4), an dara fomhír, Airteagal 19(2), agus Airteagal 22 - Ceart náisiúnach tríú tír chun stádas cónaitheach fadtéarmach i mBallstát - Deonú ‘cead cónaithe fadtéarma – AE’ ar feadh tréimhse neamhtheoranta ag an gcéad Bhallstát - Náisiúnach tríú tír as láthair ó chríoch an chéad Bhallstáit ar feadh tréimhse níos faide ná sé bliana - Caillteanas comhleanúnach ar an gceart chun stádas cónaitheach fadtéarmach - Iarratas ar athnuachan ar chead cónaithe arna eisiúint ag an dara Ballstát faoi fhorálacha Chaibidil III de Threoir 2003/109/CE - Diúltú don iarraidh mar gheall ar chaillteanas an chirt sin ag an dara Ballstát - Coinníollacha)
(2023/C 286/07)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Na cúirteanna a rinne na tarchuir
Hessischer Verwaltungsgerichtshof, Verwaltungsgericht Darmstadt
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: TE, RU, arna ionadú chun críocha dlíthiúla ag TE (C-829/21), EF (C-129/22)
Cosantóirí: Stadt Frankfurt am Main (C-829/21), Stadt Offenbach am Main (C-129/22)
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Maidir le Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003, maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad, arna leasú ag Treoir 2011/51/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011, agus go háirithe Airteagal 22(1)(b) de, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: féadfaidh Ballstát diúltú cead cónaithe a dheonaigh sé do náisiúnach tríú tír faoi fhorálacha Chaibidil III den treoir sin, arna leasú, ar an bhforas dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 9(4) den treoir sin, arna leasú, i gcás ina raibh sé as láthair ó chríoch an Bhallstáit a dheonaigh stádas cónaitheora fhadtéarmaigh dó ar feadh tréimhse níos faide ná sé bliana agus nár bhain an Ballstát sin úsáid as an rogha dá bhforáiltear sa tríú fomhír d’Airteagal 9(4), arna leasú, gur chaill an náisiúnach sin an ceart chun an stádais sin sa Bhallstát sin, ar choinníoll gur sroicheadh an tréimhse sé bliana ar a dhéanaí an dáta a tíolacadh an t-iarratas ar athnuachan an cheadúnais sin agus gur iarradh ar an náisiúnach sin ar dtús cruthúnas a thabhairt go raibh sé i láthair ar an gcríoch sin le linn na tréimhse sin. |
|
2) |
Maidir leis an dara fomhír d’Airteagal 9(4), agus le hAirteagal 22(1)(b) de Threoir 2003/109, arna leasú ag Treoir 2011/51, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: déanann an dara Ballstát a chuireann na forálacha sin chun feidhme iad a thrasuí go cuí sa dlí náisiúnta trí bhíthin dhá fhoráil ar leith i gcás ina leagtar amach sa chéad fhoráil an foras as a dtagann cailleadh an chirt chun stádas cónaitheora fhadtéarmaigh dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 9(4) den treoir sin, arna leasú, agus ina bhforáiltear leis an dara foráil nach mór cead cónaithe faoi fhorálacha Chaibidil III den treoir sin, arna leasú, a chúlghairm más rud é gur chaill an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a cheart chun stádas mar chónaitheoir fadtéarmach sa Bhallstát a d’eisigh é, gan tagairt nithiúil a bheith san fhoráil sin do cheann de na forais chun an ceart sin a chailleadh dá dtagraítear in Airteagal 9 den treoir sin, arna leasú. |
|
3) |
Maidir leis an dara fomhír d’Airteagal 15(4) de Threoir 2003/109, arna leasú ag Treoir 2011/51, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní fhéadfaidh an Ballstát ina bhfuil iarratas ar chead cónaithe déanta ag an náisiúnach tríú tír faoi fhorálacha Chaibidil III den treoir sin, arna leasú, nó ar athnuachan ceada den sórt sin, an t-iarratas sin a dhiúltú ar an bhforas nach bhfuil doiciméid tacaíochta curtha ag an náisiúnach sin lena iarratas chun a shuíomh go bhfuil cóiríocht iomchuí aige, i gcás nach bhfuil an fhoráil sin curtha chun feidhme ag an mBallstát sin. |