|
11.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 321/6 |
Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 13 Iúil 2023 – Nichicon Corporation v an Coimisiún Eorpach
(Cás C-757/21 P) (1)
(Achomharc - Fíordheimhniú breithiúnais de chuid na Cúirte Ginearálta - Airteagal 118 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta - Cóip den bhreithiúnas atá le seirbheáil - Síniú na mbreithiúna - Comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe - Airteagal 101 CFAE - Margadh le haghaidh toilleoirí leictrealaíocha tantalaim agus alúmanaim - Comhaontuithe agus cleachtais chomhbheartaithe maidir le roinnt eilimintí praghais - Coincheap an tsáraithe ‘de réir cuspóra’ - Ualach cruthúnais ar an gCoimisiún Eorpach - Ráitis gnóthas - Iontaofacht - Raon feidhme geografach iompair fhrithiomaíoch - Sárú aonair agus leanúnach - Fíneáil - Ríomh an bhunmhéid - Díolacháin atá le cur san áireamh - Imthosca maoilaitheacha - Dlínse neamhtheoranta)
(2023/C 321/06)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Nichicon Corporation (ionadaithe: Ablasser-Neuhuber, G. Fussenegger, H. Kühnert agus F. Neumayr, Rechtsanwälte)
Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Ernst, T. Franchoo, C. Sjödin agus F. van Schaik, Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Nichicon Corporation a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc |