30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/2


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 18 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Corte costituzionale – an Iodáil) – Forghníomhú barántais gabhála Eorpaigh arna eisiúint i gcoinne E. D. L.

(Cás (1) C-699/21, E.D.L. (Foras diúltaithe ar bhonn tinnis))

(Tarchur le haghaidh réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Barántas gabhála Eorpach - Cinneadh Réime 2002/584/CGB - Airteagal 1(3) - Airteagal 23(4) - Nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit - Forais le haghaidh neamhfhorghníomhaithe - Airteagal 4(3) CAE - Oibleagáid maidir le comhar dílis - Forghníomhú an bharántais ghabhála Eorpaigh a chur ar fionraí - Airteagal 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Toirmeasc ar phionós atá mídhaonna nó táireach - Tinneas tromchúiseach, ainsealach agus a d’fhéadfadh a bheith gan leigheas - Baol damáiste tromchúiseach do shláinte a dhéanann difear don duine lena mbaineann an barántas gabhála Eorpach)

(2023/C 189/02)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte costituzionale

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: E. D. L.

Idiragraí: Presidente del Consiglio dei Ministri

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagail 1(3) agus 23(4) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009, arna léamh i bhfianaise Airteagal 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”),

ní mór a léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina bhfuil forais bhailí ann lena mheas gur dóigh go gcuirfeadh tabhairt suas duine iarrtha, de bhun forghníomhú barántais gabhála Eorpaigh, a shláinte i mbaol, féadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach, ar bhonn eisceachtúil, an tabhairt suas sin a chur ar fionraí go sealadach;

i gcás ina measfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach cinneadh a dhéanamh ar thabhairt suas duine iarrtha, a bhfuil tinneas tromchúiseach air, a iarrtar de bhun forghníomhú barántas gabhála Eorpach, go bhfuil forais shuntasacha agus chruthaithe ann chun a chreidiúint go gcuirfeadh tabhairt suas an duine sin atá i mbaol iarbhír go dtiocfaidh laghdú suntasach ar a ionchas saoil nó go dtiocfadh meath tapa, suntasach agus gan leigheas ar staid a shláinte, ní mór dó an tabhairt suas sin a chur ar fionraí agus iarraidh ar an údarás breithiúnach eisiúna aon fhaisnéis a sholáthar a bhaineann leis na coinníollacha faoina mbeartaítear an duine sin a ionchúiseamh nó a choinneáil mar aon leis na féidearthachtaí atá ann na coinníollacha sin a chur in oiriúint do staid a shláinte chun baol dá leithéid a sheachaint;

más rud é, i bhfianaise na faisnéise arna soláthar ag an údarás breithiúnach eisiúna agus na faisnéise eile go léir atá ar fáil don údarás breithiúnach forghníomhaitheach, go ndealraíonn sé nach féidir an baol sin a sheachaint laistigh de thréimhse réasúnta, ní mór don údarás sin diúltú an barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú. Ar an taobh eile, más féidir an baol sin a sheachaint laistigh de thréimhse dá leithéid, ní mór dáta tabhairt suas nua a chomhaontú leis an údarás breithiúnach eisiúna.


(1)  IO C 73, 14.2.2022