|
19.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 216/16 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 27 Aibreán 2023 – Brunswick Bowling Products LLC, Brunswick Bowling & Billiards Corporation roimhe seo v an Coimisiún Eorpach, Ríocht na Sualainne
(Cás C-694/21 P) (1)
(Achomharc - Cosaint tomhaltóirí - Treoir Uimh. 2006/42/CE - Sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí agus oibreoirí a chosaint ar na rioscaí a eascraíonn as innealra a úsáid - Bearta arna nglacadh ag Ríocht na Sualainne - Toirmeasc ar chineál meaisín socraithe pionnaí agus fearas breise a chur ar an margadh - Innealra a cuireadh ar an margadh cheana féin a bhaint den mhargadh - Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach lena ndearbhaítear go bhfuil údar maith leis na bearta)
(2023/C 216/21)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Brunswick Bowling Products LLC, Brunswick Bowling& Billiards Corporation roimhe seo (ionadaí: R. Martens, avocat)
Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Huttunen agus P. Ondrůšek, i gcáil Gníomhairí), Ríocht na Sualainne (ionadaithe: H. Eklinder, J. Lundberg, C. Meyer-Seitz, A. Runeskjöld, M. Salborn Hodgson, R. Shahsavan Eriksson, H. Shev agus O. Simonsson ar dtús, ina dhiaidh sin ag H. Eklinder, C. Meyer-Seitz, A. Runeskjöld, M. Salborn Hodgson, R. Shahsavan Eriksson, H. Shev agus O. Simonsson, i gcáil Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
|
(1) |
Diúltaítear don achomharc. |
|
(2) |
Ordaítear do Brunswick Bowling Products LLC na costais a íoc. |