19.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 216/15


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 27 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof – an Ostair) – Versicherungsanstalt öffentlich Bediensteter, Eisenbahnen und Bergbau (BVAEB) v BB

(Cás C-681/21 (1), BVAEB (Méid an phinsin scoir))

(Tarchur chun réanmhrialú - Beartas sóisialta - Cóir chomhionann san fhostaíocht agus sa tslí bheatha - Treoir 2000/78/CE - Toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais aoise - Pinsean scoir - Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, le héifeacht chúlghabhálach, do chomhshamhlú catagóire státseirbhíseach a raibh reachtaíocht náisiúnta i bhfabhar roimhe sin maidir le cearta pinsin scoir do chatagóir státseirbhíseach a bhí faoi mhíbhuntáiste roimhe sin ag an reachtaíocht sin)

(2023/C 216/19)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Versicherungsanstalt öffentlich Bediensteter, Eisenbahnen und Bergbau (BVAEB)

Cosantóir: BB

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 2(1) agus (2)(a) agus Airteagal 6(1) de Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cosc a chuir, in éagmais riachtanas ar mhaithe le leas an phobail, ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, d'fhonn deireadh a chur le hidirdhealú ar fhorais aoise, go gcaithfear go cúlghabhálach leis an scéim pinsin scoir ar an gcaoi chéanna leis an gcatagóir státseirbhíseach a raibh reachtaíocht náisiúnta i bhfabhar roimhe sin maidir le cearta pinsin scoir i leith chatagóir na státseirbhíseach a bhí faoi mhíbhuntáiste roimhe sin sa reachtaíocht sin.


(1)  IO C 84, 21.2.2022.