11.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 127/12 |
Breithiúnas na Cúirte (An Seachtú Dlísheomra) an 16 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal de Justiça — an Phortaingéil) — Strong Charon, Soluções de Segurança, S.A. v 2045-Empresa de Segurança, S.A., FL
(Cás C-675/21 (1), Strong Charon)
(Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Aistriú gnóthais - Cearta oibrithe a choimirciú - Treoir 2001/23/CE - Raon feidhme - Diúltú an aistrí aitheantas a thabhairt d’aistriú an chonartha fostaíochta - An coincheap “aistriú” - An coincheap “eintiteas eacnamaíoch” - Easpa nasc conarthach idir an t-aistreoir agus an t-aistrí)
(2023/C 127/13)
Teanga an cháis:an Phortaingéilis
An chúirt a rinne an tarchur
Supremo Tribunal de Justiça
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Strong Charon, Soluções de Segurança, S.A.
Cosantóir: 2045-Empresa de Segurança, S.A., FL
An chuid oibríochtúil
1) |
Maidir le Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cearta fostaithe a choimirciú i gcás aistriú gnóthas nó gnólachta nó codanna de ghnóthais nó de ghnólachtaí, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní bhaineann easpa nasc conarthach idir an t-aistreoir agus aistrí gnóthais nó gnólacht nó cuid de ghnóthas nó de ghnólacht lena shuí gurb ann d’aistriú de réir bhrí na Treorach sin. |
2) |
Maidir le hAirteagal 1(1) de Threoir 2001/23 ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: maidir le cás ina ndearna gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí, chun freastal ar riachtanais duine dá chustaiméirí, foireann de líon áirithe oibrithe a shannadh don chustaiméir sin, agus ina gcuireann an custaiméir sin soláthraí seirbhíse nua ina áit chun na seirbhísí céanna a sholáthar, agus, ar an gcéad dul síos, ní ghlacann an soláthraí seirbhíse nua ach líon an-teoranta de na hoibrithe ón bhfoireann sin chuige féin, gan na scileanna agus an t-eolas sonrach atá riachtanach chun na seirbhísí a sholáthar don chustaiméir sin a bheith ag na hoibrithe, agus, ar an dara dul síos, ní ghlacann an soláthraí seirbhíse nua leis an maoin inláimhsithe ná doláimhsithe sin mar a bheadh riachtanach do leanúnachas na seirbhísí sin, ní féidir leis teacht faoi raon feidhme na Treorach sin. |