22.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 179/6


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 30 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski rayonen sad – an Bhulgáir) – Imeachtaí arna dtionscnamh ag M. Ya. M.

(Cás C-651/21, (1) M. Ya. M. (Tarscaoileadh comharbais an chomh-oidhre))

(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Bearta dhlí comharbais - Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 - Airteagal 13 - Dearbhú maidir le comharbas a tharscaoileadh arna dhéanamh ag oidhre os comhair chúirt an Bhallstáit ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi - An dearbhú sin a chlárú ina dhiaidh sin, arna iarraidh sin d’oidhre eile, i gclár Ballstáit eile)

(2023/C 179/08)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski rayonen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: M. Ya. M.

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú,

a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis, tar éis d’oidhre clárú cheana féin le cúirt de chuid an Bhallstáit ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi a dhearbhú glactha nó a tarscaoileadh comharbais de dhuine éagtha a raibh gnáthchónaí air nó uirthi, tráth a bháis nó a báis, i mBallstát eile, oidhre eile as iarratas a dhéanamh ar an dearbhú sin a chlárú ina dhiaidh sin le cúirt an Bhallstáit deiridh sin a bhfuil dlínse aici.


(1)  IO C 37, 24.1.2022.