30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 35/17


Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 8 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof – an Ostair) –VB v GUPFINGER Einrichtungsstudio GmbH

(Cás C-625/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 93/13/CEE - Téarmaí éagóracha i gconarthaí le tomhaltóirí - Séanadh neamhdhlisteanach conartha arna dhéanamh ag tomhaltóir - Téarma a dearbhaíodh a bheith éagórach lena gcinntear ceart cúitimh an trádálaí don damáiste a d’fhulaing sé - Cur i bhfeidhm an dlí náisiúnta fhorlíontaigh)

(2023/C 35/18)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberster Gerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: VB

Cosantóir: GUPFINGER Einrichtungsstudio GmbH

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: i gcás inar dearbhaíodh go raibh téarma cúitimh i gconradh díolacháin éagórach agus, dá dhroim sin, go bhfuil sé ar neamhní, ós rud é go bhféadfaidh an conradh sin leanúint ar aghaidh d’ainneoin sin in éagmais an téarma sin, cuirtear cosc leo ar an díoltóir gairmiúil a d’fhorchuir an téarma sin éileamh a dhéanamh, i gcomhthéacs caingean le haghaidh damáistí atá bunaithe go heisiach ar fhoráil fhorlíontach i ndlí náisiúnta na gconarthaí, ar chúiteamh dá bhforáiltear leis an bhforáil sin, a bheadh infheidhme in éagmais an téarma sin, as an damáiste a d’fhulaing sé.


(1)  IO C 37, 24.01.2022